tag:blogger.com,1999:blog-91527214491275977542024-03-18T23:08:05.666+00:00Cúrsaí StaireAistí ócáideacha ar an stair, ar staraithe, agus ar scríobh na staire.Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comBlogger109125tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-85273479501741834132024-03-13T01:39:00.002+00:002024-03-13T01:48:55.163+00:00Comhdháil lae ar ‘The Hidden Ireland’Beidh comhdháil lae ar siúl i gCorcaigh ar an Satharn, an 20 Aibreán 2024, ina bpléifear mórshaothar Dhónaill Uí Chorcora, The Hidden Ireland, céad bliain tar éis a fhoilsithe.
Cé gur léirmheastóir liteartha é an Corcorach go príomha, bhí – agus tá – tátail stairiúla le baint as a leabhar. Tabharfaidh mé caint dar teideal ‘The Hidden Ireland and the historians’ ina Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-45492932054745196852023-11-27T19:47:00.024+00:002023-12-20T23:48:49.567+00:00Aois an mhíréasúinDuibhe Éireann - guth an mhíréasúin.
Mar is eol do léitheoirí rialta ‘Chúrsaí Staire’, tá céim dhochtúireachta agam sa stair. Ach bhí céim san eolaíocht (maille le dioplómaí iarchéime san innealtóireacht cheimiceach agus sa staitistic) agam sular thugas faoin mbunchéim sa stair. Thairis sin, chaitheas formhór mo shaol oibre i réimse na heolaíochta agus bhíos cláraithe mar shaineolaí cógaisíochtaVincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-52856765804596964692023-07-18T16:24:00.005+01:002023-07-19T15:28:32.632+01:00An cultúr Gaelach sa 13ú céadTá an ceathrú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.
An chéad teach de chuid na gCistéirseach in Éirinn: an Mhainistir Mhór a bunaíodh in 1142Cé gur lean filí orthu ag móradh ríthe Gaelacha tar éis ionradh na Sasanach, ba thréimhse athraithe é deireadh an 12ú céad agus tús an 13ú céad don aos dána. Chomh déanach leis an mbliain 1173, tuairiscíodh gur éag Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-3312870518505124012023-04-11T13:41:00.007+01:002023-06-09T01:16:20.562+01:00Bailte na MeánaoiseTá an tríú sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.Caisleán Rí John i LuimneachD’fhás bailte go gasta ar fud iarthar na hEorpa sa 13ú céad. Thart ar caoga míle duine a bhí i bPáras sa bhliain 1200 ach mhéadaigh an líon sin sin faoina ceathair i gcaitheamh an chéid. Ba iad Páras agus Milano na cathracha ba mhó san Eoraip faoin mbliain 1300 nuair a bhí tuairim is Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-90702122045620924992023-02-24T13:31:00.009+00:002023-02-27T14:55:12.778+00:00D’athraigh gach rud an lá údMacron i láthair an tsáir
An 14 Feabhra anuraidh bhuaileas le seanchara liom sa tigh tábhairne is gaire dom, an Tolka House, i gcomhair cúpla pionta. Fear is ea Frank nach gcastar orm ach uair nó dhó sa bhliain agus bhí ár ndóthain le plé againn. Tá cuimhne ar leith agam ar cheann amháin de na hábhair a bhí faoi chaibidil an oíche úd. Le roinnt seachtainí roimhe sin bhí seirbhísí faisnéise na Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-60295918224870339852022-11-10T13:28:00.001+00:002022-11-30T23:12:36.187+00:00Na mapaí i gcaibidil 5Na mapaí a ghabhann le caibidil 5
Tá na mapaí a ghabhann le caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam ar stair na hÉireann réidh anois agus is féidir iad a íoslódáil ó na naisc anseo thíos.
Caibidil 5 (1171-1318)
Mapa 12. Éire ag tús na bliana 1171.
Mapa 13: Éire ar bhás Rí John in 1216.
Mapa 14: Bailte tábhachtacha ag deireadh an 13ú céad.
Foilsíodh na mapaí a ghabhann le caibidlíVincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-16127681789703861562022-08-22T16:15:00.048+01:002022-08-23T15:50:31.540+01:00Rí John agus ÉireTá an dara sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.
Ríthe Shasana agus na Fraince i mbun trodaThosaigh coimhlint inmheánach eile i ríshliocht Plantagenêt nuair a d’éag Richard I de bharr gortaithe a bhain dó agus é ag iarraidh reibiliún in Aquitaine a chloí sa bhliain 1199. Cé gur ghlac maithe Shasana agus Aquitaine le John mar chomharba ar a dheartháir (ó ba éVincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-9508882979272765312022-05-03T21:49:00.006+01:002022-10-01T10:54:34.607+01:00An téarmeolaíocht agus scríobh na staireIs é seo téacs na cainte a thugas ag siompóisiam dar theideal 'An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht' a bhí ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an 6 Aibreán 2022. Is féidir breathnú ar thaifeadadh a rinneadh den chaint anseo. (Tá caighdeán na fuaime go dona ag tús na cainte ach téann sé i bhfeabhas.)
Nuair a iarradh orm caint 15 nóiméad a thabhairt ar théarmaíocht na staire, Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-26392172065517871222022-04-05T14:58:00.001+01:002022-04-05T14:58:30.068+01:00Mar a chum Seán Ó Conaill stair na hÉireannIs é seo téacs na cainte a thugas in Ionad na Dromoda, an 11 Márta 2022, mar chuid d’Éigse na Brídeoige.
Dá ndéanfaí pobalbhreith i measc scoláirí Gaeilge an lae inniu chun an t-údar ba thábhachtaí ón 17ú céad a roghnú, táim cinnte go mbeadh Seathrún Céitinn go hard ar an liosta. Ní hamháin gurbh fhile den scoth é, ach shaothraigh sé an stair agus an diagacht freisin. Tá seans maith go Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-2842865102481079202022-02-27T23:53:00.007+00:002022-04-10T14:31:40.533+01:00Críocha Henry IITá sliocht as Caibidil 5 (1171-1318) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.
Tuamaí Henry II agus Éléonore, a bhean, in Fontevraud na Fraince
Shín na críocha a raibh flaitheas ag Henry II orthu ó thuaisceart na Breataine go sléibhte na bPiréiní. Tháinig Sasana anuas chuige óna shin-seanathair, William ‘Concaire’, diúc na Normainne a rinne concas ar an ríocht sa bhliain 1066. Ba Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-92068541091214561532021-12-19T13:18:00.011+00:002022-07-19T17:36:29.444+01:00Athspléachadh ar ‘dhíchoilíniú’ na staire
Bhí ceist an ‘díchoilínithe’ faoi chaibidil san aiste dheireanach liom a foilsíodh anseo. Má tá an aiste sin léite agat tuigfidh tú gur ar éigean a luadh an Ghaeilge ag comhlabhairt dar theideal ‘Decolonising Irish History’ a eagraíodh faoi scáth Ollscoil Oxford i mí na Samhna anuraidh. Is díol suime é mar sin gur eagraíodh seisiún ar leith faoin teanga ag comhlabhairt eile dar theideal ‘The Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-20713327662988975162021-11-01T12:41:00.007+00:002023-02-22T16:01:37.095+00:00Díchoilíniú nó athchoilíniú na staire?Saothair ealaíne a ghoid na Francaigh ón Afraic
Le bliain nó dhó anuas tá ‘decolonisation’ go mór faoi chaibidil sna meáin chumarsáide agus san acadamh ar aon. Dá gcloisfinn an téarma dhá bhliain ó shin, táim cinnte go smaoineoinn ar an bpróiseas a chuir deireadh leis na himpireachtaí Eorpacha sa ghlúin tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Próiseas ba ea é a dhein ‘Guyana’ de ‘British Guiana’, ‘MaliVincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-64414316341070226662021-10-02T14:04:00.006+01:002021-10-16T13:36:05.666+01:00‘Blue people’ agus ‘daoine de dhath’‘Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach’. Mar chruthúnas ar fhírinne an tseanfhocail sin, d’fhoilsigh nuachtán Sasanach, The Guardian, alt ar théarmaíocht na Gaeilge i mí Iúil i mbliana. Tá téacs an ailt le fáil ar shuíomh an nuachtáin anseo. Níl sé de nós agam The Guardian a léamh, ach chonaic mé tagairt don alt ar Twitter agus chaitheas súil air le teann fiosrachta. Ar an drochuair, níl anVincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-28658548471554605062021-07-10T19:45:00.003+01:002022-02-04T23:49:13.230+00:00An daonra san 11ú céad agus sa 12ú céadTá sliocht eile as Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.
Seisreach dhamh sa MheánaoisCuireadh dlús le forbairt na sochaí ar fud iarthar na hEorpa san
11ú céad agus sa 12ú céad. Bhí trealamh agus modhanna oibre nua
in úsáid ag feirmeoirí a chuir le táirgiúlacht na talmhaíochta.
D’fhás an daonra agus tháinig borradh ar an trádáil nuair a
mhéadaigh an Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-23911051096142638322021-06-30T14:19:00.006+01:002022-02-04T23:50:00.472+00:00Trí mhapa eile
Na mapaí a ghabhann le Caibidil 3
Mar is eol do léitheoirí an tsuímh seo, tá leabhar faoi stair na hÉireann á scríobh agam. Foilsíodh na mapaí a ghabhann le caibidlí 1-3 den saothar anseo ar Chúrsaí Staire i mí na Nollag 2019, ach seo daoibh na naisc in athuair:
Caibidil 1 (roimh AD 400) Mapa 1. Láithreacha seandálaíocha atá luaite sa téacs. Mapa 2. Dúnta cnoic sa Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-48941492754082272952021-03-05T12:38:00.003+00:002022-02-04T23:51:10.209+00:00Cath Chluain TarbhTá sliocht eile as Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos. Sliocht as Caibidil 4Mar a shamhlaigh Hugh Frazer an cath in 1826Ní féidir an t-athrú tobann a tháinig ar iompar na Lochlannach in 1013 a thuiscint gan an comhthéacs Eorpach a chur san áireamh. Ceithre bliana ní ba luaithe tháinig arm mór ón nDanmhairg i dtír i Sasana. Theip ar na Danair Londain a Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-9979484987419500142021-02-02T21:47:00.005+00:002022-02-04T23:52:12.984+00:00‘English print or Irish verse?’ B’fhéidir go mbeadh suim ag léitheoirí dílse Chúrsaí Staire san ócáid seo: beidh mé ag labhairt ag seimineár de chuid Institiúid Mhichíl Uí Chléirigh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar an Aoine, an 19 Feabhra 2021, ag 4.00 p.m. Is féidir le duine ar bith freastal ar an ócáid trí Zoom, ach ní foláir dóibh clárú roimh ré ag an seoladh seo a leanas:https://www.eventbrite.ie/eVincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-32853836094500388072020-12-16T12:13:00.004+00:002021-02-14T16:33:07.414+00:00Cogaí na LochlannachIs é atá sa sliocht thíos an brollach a ghabhann le Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam faoi láthair. Foilseofar sliocht eile as an gcaibidil seo san athbhliain.
Sliocht as Caibidil 4Chuir cogaí na Lochlannach cruth nua ar mhapa iarthar na hEorpa.
Ba iad na Cruithnigh an cine ceannasach i dtuaisceart na Breataine ag tús an 9ú céad ach chuir Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-40826763923861890362020-10-27T17:24:00.009+00:002023-06-01T22:30:28.246+01:00Ríthe na TeamhrachCnoc na TeamhrachTá sé i gceist agam roinnt liostaí a fhoilsiú mar aguisín leis an leabhar atá á scríobh agam faoi láthair. Ina measc seo beidh liostaí de na hardríthe 'go bhfreasúra' a bhí ann san 11ú céad agus sa 12ú céad, d'fhir ionaid rí Shasana anuas go dtí Acht an Aontais, de phríomhrúnaithe na hÉireann faoin Aontas, agus de chinn rialtais ón gcéad Dáil i leith.
&Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-30990094716876164172020-08-09T13:50:00.002+01:002020-12-15T21:14:38.278+00:00Athruithe sa chultúrTá sliocht eile as Caibidil 3 (795-1002) den leabhar atá ar na bacáin agam le léamh anseo thíos.
Sliocht as Caibidil 3
'Laochra lonna ó Lochlainn'
Chuir ionsaithe na Lochlannach isteach go mór ar scoileanna na mainistreacha, scoileanna a raibh áit lárnach acu i saothrú an léinn agus na litríochta. Ba bheag nár tugadh buille an bháis do mhainistir Í, annóid na mainistreacha go léir i Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-49550347604673150342020-07-16T09:32:00.003+01:002020-11-21T12:40:37.540+00:00Teacht na Lochlannach
Tá Caibidil 3 den leabhar atá á scríobh agam réidh anois: an tréimhse idir 795 agus 1002 atá i gceist. Is féidir tús na caibidle a léamh anseo thíos. Foilseofar sliocht eile aisti amach anseo.
Sliocht as Caibidil 3
Éire i dtreo na bliana 800.
Faoi dheireadh an 8ú céad ba iad Cinéal nEoghain agus Clann Cholmáin na ríshleachta ba threise in Éirinn agus, le himeacht aimsire, thángthas ar Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com2tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-61607051282110316902020-06-06T12:28:00.000+01:002020-06-06T14:03:57.748+01:00Croinic na hÉireann go dtí 795
'Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann'
An Réamhstair
c. 23000 R.Ch. An chuid ab fhuaire den oighearaois; Éire uile faoi bhrat oighir.
c. 14000 R.Ch. Téamh na haeráide agus cúlú an oighir.
c. 10700 R.Ch. Sealgairí na sean-chlochaoise in Éirinn.
c. 10600 R.Ch. Fuarú na haeráide; Éire cosúil le tundra an lae inniu.
c. 9700 R.Ch. Ardú buan ar an teocht agus deireadh na hoighearaoise.
c. Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-34069786498304846242020-04-15T19:35:00.001+01:002021-10-15T15:17:23.899+01:00‘What’s in a name?’Is annamh a fhoilsítear leabhar staire i nGaeilge. B’fhéidir nár mhiste dhá abairt a bhí le léamh anseo cúig bliana ó shin a chur os bhur gcomhair arís:
Is amhlaidh nár foilsíodh oiread is suirbhé téagartha amháin ar stair na hÉireann i nGaeilge ó thús deireadh an 20ú céad. Cuireadh Gaeilge ar chorr-stair a scríobhadh i mBéarla, gan amhras, ach ní hionann an saghas staire a scríobhtar le Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-78113094901961278662020-02-11T18:16:00.000+00:002020-02-11T22:33:06.077+00:00Ag cuimhneamh na bpílear
Pílir
i mbun oibre i gContae an Chláir
Is mian leis an rialtas – an rialtas a chaill an toghchán a bhí ann Dé Sathairn seo caite – is mian leo go dtabharfaimis an Royal Irish Constabulary (RIC) chun cuimhne. Ós rud é gur saoránach dílis mé, táim sásta gar a dhéanamh dóibh, gan íocaíocht a lorg, agus cuirfidh mé cúpla tagairt do na pílir ó litríocht na Gaeilge faoi bhráid léitheoirí Chúrsaí Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0tag:blogger.com,1999:blog-9152721449127597754.post-21667042809712310592019-12-24T17:09:00.010+00:002021-06-30T13:36:32.594+01:00Tabulae ex magno opere meoSeo chuid den mhéid a bhí le léamh in aiste liom a foilsíodh anseo i mí na Nollag 2015:
Tá cinneadh déanta agam le déanaí agus táim chun é a fhógairt anois: tá beartaithe agam ar stair na hÉireann a scríobh, i nGaeilge. Aon chaibidil déag a bheidh ann—caibidil amháin ar an réamhstair agus deich gcaibidil ar na tréimhsí staire a leagas amach anseo i mí Lúnasa—agus beidh idir 12,000 agus Vincent Morleyhttp://www.blogger.com/profile/03813527469754000853noreply@blogger.com0