Affichage des articles dont le libellé est Afraic Theas. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Afraic Theas. Afficher tous les articles

13/01/2015

Leanúnachas na staire

Leanúnachas: Washington agus Kruger

One of the marks of maturity in Irish historical studies has been a growing interest in pinpointing discontinuities rather than ironing out elisions.
R.F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland (Oxford, 1989), v.
B’shin í an chéad abairt a scríobh Roy Foster san Oxford Illustrated History of Ireland, leabhar a foilsíodh sa bhliain 1989. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an claonadh sin le brath ar staireagrafaíocht na hÉireann le glúin anuas. Ach an fíor gur comhartha é go bhfuil léann na staire in Éirinn tagtha in inmhe sa deireadh thiar thall? Seo mar a scríobhas sa leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí, leabhar a foilsíodh sa bhliain 2011:
Dá mbeadh orm éirim an leabhair seo a chur i bhfocal amháin, is é ‘leanúnachas’ an focal a roghnóinn.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 272.
Is éigríonna an staraí mé, más fíor don Ollamh Foster. Thairis sin, ós rud é gur foilsíodh an chéad leabhar liom chomh fada siar leis an mbliain 1995, níl ach caolseans go dtiocfaidh feabhas orm an tráth seo de mo shaol. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil sé i ndán dom an turas a dhéanamh ó leanbaíocht na hóige go dtí leanbaíocht na haoise gan an ghaois chothrom is dual don staraí aibí a bhaint amach. Insint na fírinne, braithim gur in olcas atáim ag dul. Is é sin le rá, gur léire dom leanúnachas na staire de réir mar a théim in aois. Thánag ar théacs le déanaí a bhaineann le hábhar agus sílim nár mhiste é a chur i láthair anseo.

     Is é atá ann, amhrán Gaeilge a léas don chéad uair níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhíos ag múineadh cúrsa in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le linn do bhall den fhoireann bhuan a bheith ar shaoire shabóideach. Ag an am céanna, bhíos ag scríobh an leabhair a foilsíodh faoin teideal Washington i gCeannas a Ríochta sa bhliain 2005. Rith sé liom gurbh fhiú dom an deis a thapú le spléachadh a thabhairt ar na lámhscríbhinní Gaeilge i gcnuasach Dhubhghlas de hÍde, cnuasach atá ar caomhú i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. Ar an drochuair, ní raibh aon aiste a bhain le réabhlóid Mheiriceá sa chnuasach ach, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn taighde staire ar siúl, d’aimsíos cúpla téacs eile nár bhain leis an ábhar a bhí idir lámha agam ach a bhí fíor-shuimiúil mar sin féin. Bhí an t-amhrán atá le léamh thíos anseo ar cheann acu. Dheineas cóip den amhrán agus chuireas i dtaisce í go cúramach. Coicís ó shin, chinneas gur mhithid na nótaí taighde go léir a bhí caite isteach i bhfillteán ramhar a raibh ‘miscellaneous’ breactha ar a dhroim, gur mhithid dom iad a rangú de réir ábhair agus tréimhse sa chaoi go bhféadfainn teacht orthu go héasca amach anseo. Bhí an t-amhrán dar tús ‘Éistidh lem scéalsa’ ligthe i ndearmad agam, ach nuair a léas an téacs in athuair rith an smaoineamh céanna liom a rith liom an chéad uair a leagas súil air: cé gur amhrán é a bhaineann le blianta deireanacha an 19ú céad, tá an meon ceannann céanna léirithe ann is atá léirithe i litríocht pholaitiúil an 18ú céad. Dá gcloisfeadh Eoghan Rua Ó Súilleabháin an t-amhrán seo, thuigfeadh sé teachtaireacht an fhile ar an toirt.

Leanúnachas: Louis XVI agus Patrice de MacMahon


     Is i lámhscríbhinn 49 i gcnuasach de hÍde atá bunchóip an amhráin. Cóipleabhar is ea é a scríobhadh sa bhliain 1917. De réir nóta atá curtha leis an amhrán, ba é Tadhg Ó Crualaoich, file a bhí i mBaile Bhuirne, an t-údar agus bailíodh na focail ó amhránaí darbh ainm Tomás Ó Suilleabháin a raibh cónaí air i nGuagán Barra. Cuireadh na nótaí seo a leanas leis an téacs sa lámhscríbhinn:
véarsa 1, líne 7: ‘breacadh’ = ‘sean-iarainn chaite’
véarsa 3, líne 7: ‘Tadhg an Easna’ = ‘fonn clúmhail i gCúige Mumhan do chum duine de mhuintir Shúilleabháin’
véarsa 5, líne 6: ‘cataibh’ = ‘ní fheadar cé hiad na cait féin’
Is sa tréimhse 1878-79 a cumadh an t-amhrán de réir dealraimh. Bhí impireacht na Breataine i mbarr a réime ag an am agus í sáite i gcaismirtí ar fud na cruinne. San Afraic Theas, d’fhógair an Bhreatain sa bhliain 1877 go raibh deireadh curtha le neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas (an Transvaal mar a ghlaoití uirthi go hiondúil) agus gur choilíneacht Bhriotanach a bheadh sa stát sin feasta. Ní mó ná sásta a bhí na Bóraigh, ach choinníodar guaim orthu féin go ceann tamaill. Thaistil ceannaire an Transvaal, Paul Kruger (féach véarsa 1, líne 7) go Londain faoi dhó sna blianta 1878 agus 1879 ach theip ar na cainteanna comhréitigh agus d’éirigh na Bóraigh amach an bhliain dár gcionn. Bhriseadar ar arm na Breataine i gcathanna Laing’s Nek agus Majuba i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana 1881 faoi seach. Thuig rialtas na Breataine go mbeadh cogadh dian ag teastáil chun na Bóraigh a chloí agus chinneadar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid – cuimhnigh nár thángthas ar ór sa Transvaal go dtí an bhliain 1886. D’aithin an Bhreatain neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas in athuair. Níor chogadh mór é Céad Chogadh na mBórach ach bhain tábhacht shiombalach leis mar sin féin: bhí an taoide bhándearg a leath ar fud na cruinne i rith an 19ú céad tar éis cúlú in áit amháin. Níor tharla sé seo i ngan fhios do mhuintir Mhúscraí!

     Sa chúigiú véarsa, thuar an file go raibh an Ghearmáin agus an Fhrainc ar tí iompú i gcoinne na Breataine. Bhí Comhdháil Bheirlín ar siúl i samhradh na bliana 1878 agus is iomaí údar easaontais a bhí idir cumhachtaí móra na hEorpa: an chnámh spairne ba mhó ar fad ná conas a roinnfí cúigí na nOtamánach tar éis an bhua a bhain na Rúisigh orthu i gcogadh na mblianta 1877-78. Bhí an Éigipt ar cheann de na cúigí sin agus tá tuairim agam nach é ‘cataibh’ an focal a bhí i gcúigiú véarsa an amhráin ó cheart ach ‘khedive’ - an teideal a bhí ar rialtóir na hÉigipte ag an am. Sa bhliain 1879, chuaigh an Bhreatain agus an Fhrainc i bpáirt le chéile chun an Khedive Iosma’il Paise a bhriseadh agus mac leis a bhí níos géilliúla a cheapadh mar khedive ina áit. Bhí Patrice de MacMahon (véarsa 6, líne 1), fear de bhunadh na hÉireann, ina uachtarán ar an bhFrainc ón mbliain 1873 go dtí an bhliain 1879. Bhí MacMahon ina oifigeach airm sular ghabh sé le polaitíocht agus thuill sé clú dó féin i rith Chogadh na Crimé (véarsa 6, líne 4) nuair a ghabh sé dún de chuid na Rúiseach ag léigear Sevastopol’. Bhí teannas idir impireachtaí na Rúise (véarsa 6, líne 5) agus na Breataine ag an am chomh maith. Sa bhliain 1878 sheol na Rúisigh ambasáid chun na hAfganastáine. Ar ndóigh, ní fhéadfadh rialtas na Breataine a leithéid d’easurraim a fhulaingt – bhí na hAfganastánaigh á n-iompar féin amhail is dá mbeidís neamhspleách. B’éigean fios a mbéasa a mhúineadh dóibh agus chuir na Briotanaigh tús leis an Dara Cogadh Angla-Afganastánach an bhliain chéanna. Bhí an bua acu agus nuair a síníodh conradh síochána sa bhliain 1880 ghlac na hAfganastánaigh leis go mbeadh polasaí eachtrach a dtíre faoi stiúir na Breataine feasta.

Leanúnachas: Géanna Fiáine agus Fíníní

     Seo é téacs an amhráin a chum Tadhg Ó Crualaoich:

Éistidh lem scéalsa a charaid

Éistidh lem scéalsa a charaid,
     cé gurbh annamh ar siúl mo bhéal,
táim ag smaoineamh ar fhilíocht le tamall
     is tá an-bhunús lem scéal;
rod iron Sheáin mhóir ag leaghadh
     is go tapaidh mura mbuailfear é,
go mbainfidh Pól Kruger as breacadh
     ar maidin le fáinne an lae.

Is a dhaoine, “cad é ’tá bhur ndalladh?”
     nár abraimid linn féin,
is gur mithid dúinn tinteacha lasadh
     is fada táimid gan spré;
abraimis an chré is an salm
     agus iarraimis cúnamh Dé,
agus tógaimis suas ár gcuid airm
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá ór is stór faoinár dtalamh
     dá gcnagfaí an slabhra tréan,
do dhein go dlúth sinn do cheangal
     is d’fhág sinn dall gan léann;
caitear an báire suas feasta
     tá an talamh go brách chun plé,
agus seinntear máirseáil Thaidhg an Easna
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá páirceanna breátha chun reatha againn
     is ár gcapaill tá umhal chun léim,
nuair cuirtear an púdar sa charraig
     is tapaidh go bpléascann sé;
tá Clanna Gael láidir thar caise
     is a bpící breá geal roimh ré,
is tiocfaidh siad chugainn faoi mhaise
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá an Prúiseach ag dúchaint le fearg
     is ní fada go labharfaidh sé,
is tabharfaidh sé cúnamh dá charaid
     is fada tá siúd dá léamh;
ach má chorraíonn an Francach mór fada
     is ós na cataibh má gheibheann fair play,
déanfaidh sé poll tríd an bhfala
     ar maidin le fáinne an lae.

Is ní maíte orthu claíomh géar MhacMahon,
     tá a ainm go hard á léamh,
gur lena intleacht d’ísligh sé an fala,
     le gaisce san ard-Chrimé;
má thagann an Rúiseach thar charraig
     is go gcnapfaidh sé Seán mór méith,
beidh Kruger i Londain go tapaidh
     ar maidin le fáinne an lae.

Is tiocfaidh Ó Donnabháin Rosa
     thar farraige chugainn go tréan,
is a thrúip lena ngéar-chlaimhtibh geala
     is is tréan beidh caitheamh piléar;
traochfaimid béara na Sacsan
     gan mhairg le grásta Dé
is beidh Éire againn féin chun ár sleachta
     ar maidin le fáinne an lae.


Ó Donnabháin Rosa agus banna a d’eisigh Fíníní Mheiriceá
     Ní nach ionadh, baineann dramatis personae an amhráin leis an ré inar cumadh é. Ní hionann é agus litríocht pholaitiúil an 18ú céad sa mhéid sin: má choinnigh an Fhrainc an pháirt lárnach a bhí aici riamh anall, ghlac an Ghearmáin is an Rúis páirteanna na Spáinne is na hOstaire. Mar an gcéanna, thóg Paul Kruger agus na Bóraigh an áit a bhíodh ag George Washington agus na Meiriceánach. Agus seo rud atá níos suimiúla fós: tugadh an pháirt a bhíodh ag Tiarna an Chláir agus na ‘géanna fiáine’ san 18ú céad do Dhiarmaid Ó Donnabháin Rosa agus ‘Clanna Gael’. Dhá fhocal – ‘Clanna Gael’ – atá scríofa sa lámhscríbhinn, leagan atá slán ó thaobh na gramadaí, ach bheadh trí fhocal níos cruinne ó thaobh na staire de: ‘Clan na Gael’ a bhí ar eagraíocht na bhFíníní sna Stáit Aontaithe. Thosaigh Ó Donnabháin Rosa ag bailiú airgid le haghaidh ciste cogaidh (an skirmishing fund) sa bhliain 1875. Is é an plean a bhí aige ná Fíníní aonair a chur ó Mheiriceá go Sasana chun buamaí a leagan agus foirgnimh a bhain le rialtas nó le harm na Breataine a shéideadh san aer. I bhfocail an amhráin, ‘nuair cuirtear an púdar sa charraig is tapaidh go bpléascann sé’ ...

     Neamhaibí agus saonta mar atáim, chím leanúnachas soiléir idir dearcadh polaitiúil an amhráin thuas agus an dearcadh a léiríodh sa litríocht pholaitiúil a cumadh i rith an 18ú céad. Admhaím, áfach, go bhfuilim faoi mhíbhuntáiste mór: is amhlaidh go dtuigim na foinsí príomha agus cuireann an t-eolas sin srian nach beag ar mo chumas samhlaíochta. Dá mbeinn dall ar an nGaeilge, cá bhfios nach mbeadh easpa leanúnachais na staire chomh feiceálach domsa is atá sé do staraithe eile?

11/08/2014

Amhráin stairiúla

Tá séasúr na seafóide buailte linn arís, cé go mbeadh ‘séasúr an tsléachta’ níos feiliúnaí i mbliana agus ár á dhéanamh uair amháin eile ar mhuintir cráite na Pailistíne. Céad bliain ó shin, sular ghabh arm na Breataine an treo sa ‘chogadh chun deireadh a chur le cogaí’, bhí an dúiche sin chomh síochánta le háit ar bith ar domhan. Níor mhiste dúinn machnamh a dhéanamh ar dhán na bPailistíneach le céad bliain anuas gach uair a chloisimid brilléis fhaiseanta sna meáin faoi speabhraíd a rugadh ‘in a herdsman’s shed’ agus stair rúnda éigin nár léigh aon duine beo.

     Bíodh sin mar atá, is nós seanbhunaithe agam é liosta a dhréachtú i mí Lúnasa: leabhair agus scannáin a bhí faoi chaibidil anseo anuraidh agus arú anuraidh faoi seach; liosta de na hamhráin stairiúla is fearr atá agam i mbliana. Má fhiafraítear díom cén slat tomhais a bhí agam chun fiúntas na n-amhrán a mheas, tá freagra simplí ar an gceist: mar atá, mo bhreith féin. Ní fhéadfadh an liosta thíos a bheith mórán níos suibiachtúla, ach dheineas iarracht trí ghné a chur san áireamh agus na hamhráin á roghnú agam. Is é an chéad rud a cuireadh san áireamh ná feabhas an cheoil: an bhfanann an fonn sa chuimhne? An dara rud ná cumhacht na bhfocal: an bhfuil íomhánna nó frásaí iontu a oibríonn ar mhothúcháin na n-éisteoirí? An tríú rud ná an tábhacht a bhain le hamhrán: an raibh tóir ag pobal áirithe air uair éigin? Ach ina dhiaidh sin is uile, is liosta pearsanta é seo agus admhaím go bhfuil cúpla amhrán ar an liosta thíos toisc go bhfuil baint acu le mo shaol féin.

     Seo daoibh liosta na bliana más ea. Tosnóidh mé ag bun an dréimire mar is gnách.

10.  El paso del Ebro

Póstaeir a chuir poblachtaigh na Spáinne amach
Is amhrán é seo a cumadh i rith Chogadh Cathartha na Spáinne. Baineann sé leis an ionsaí a dhein arm na Poblachta trasna abhann an Ebro i mí Iúil 1938.  D’éirigh go maith leis an ionsaí i dtús báire ach b’éigean do na Poblachtaigh cúlú nuair a dhein fórsaí Franco frithionsaí orthu. Cé gur cumadh focail an amhráin sa bhliain 1938, cuireadh iad le fonn traidisiúnta dar theideal ‘¡Ay, Carmela!’ Go deimhin, tá amhrán eile ó Chogadh Cathartha na Spáinne a cuireadh leis an bhfonn céanna – is é sin, an t-amhrán dar teideal ‘Viva la quince brigada’ faoi cheann de na briogáidí idirnáisiúnta a throid ar son na Poblachta.
El ejército del Ebro,
Rumba la, rumba la, rumba la,
El ejército del Ebro,
Rumba la, rumba la, rumba la,
Una noche el río pasó.
¡Ay, Carmela! ¡Ay, Carmela!
Una noche el río pasó.
¡Ay, Carmela! ¡Ay, Carmela!

Arm an Ebro,
rumba la, rumba la, rumba la,
arm an Ebro,
rumba la, rumba la, rumba la,
chuaigh sé trasna na habhann oíche áirithe,
Ay, Carmela! Ay, Carmela!
chuaigh sé trasna na habhann oíche áirithe,
Ay, Carmela! Ay, Carmela! 
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

9. L'Internationale

Jean Jaurès, ceannaire sóisialach a dúnmharaíodh an 31 Iúil 1914
Is é seo iomann na gluaiseachta sóisialaí idirnáisiúnta. Eugène Pottier, iarbhall de Chomún Phárais, a chum na focail sa bhliain 1871 agus chuir Pierre De Geyter fonn leo sa bhliain 1888. Ba ghearr go raibh an t-amhrán á chanadh i mórán teangacha ar fud na cruinne. Chuir Máirtín Ó Cadhain, údar Cré na Cille, Gaeilge ar an amhrán agus is leis an t-aistriúchán thíos.
Debout, les damnés de la terre,
Debout, les forçats de la faim,
La raison tonne en son cratère,
C’est l’éruption de la fin.
Du passé faisons table rase,
Foule esclave, debout, debout,
Le monde va changer de base,
Nous ne sommes rien, soyons tout.

C’est la lutte finale,
Groupons-nous, et demain
L’Internationale
Sera le genre humain

Músclaíg, a bhratainn na cruinne,
A dhíogha an ocrais, aire daoibh!
Tá an tuiscint ina buabhall buile,
Ag saighdeadh an duine chun malairt saoil.
De sheanré na ngeasróg déanam easair,
Ar na laincisí, músclaíg;
Sinne nach faic muid gheobhaimid gradam;
An seanreacht leagfar bun os cionn.

Is í an troid scoir í, a bhráithre,
Éirímis chun gnímh;
An tInternational
Snaidhm comhair an chine dhaonna.
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

8. Боже, Царя храни!

Nikolaj II, Sár na Rúise Uile, agus an Banimpire Aleksandra
Níor mhiste dom sciuird ar dheis a thabhairt ar eagla go gceapfaí go bhfuil claonadh bídeach i dtreo na heite clé le brath ar an liosta seo. Ba é seo amhrán náisiúnta na Rúise roimh réabhlóid na bliana 1917. Aleksej L’vov a chum an ceol agus Vasilij Žukovskij, file, a scríobh na focail. Bhíos i mo pháiste nuair a chualas an ceol ar dtús: ba cheoltéama é le haghaidh leagain teilifíse den úrscéal Война и мир (Cogadh agus síocháin) le Lev Tolstoj a dhein an BBC. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur chualas an fonn céanna arís (agus é ag coimhlint le hamhrán náisiúnta na Fraince, an Marseillaise) i ‘Réamhcheol na Bliana 1812’ le Čajkovskij. Bhíos chomh tógtha sin leis an saothar gur cheannaíos fadcheirnín de cheol Čajkovskij – an chéad fhadcheirnín a cheannaíos riamh. Ach mar staraí a chuireann béim ar an gcruinneas i gcónaí, caithfidh mé Čajkovskij agus an BBC a bheachtú: níor cumadh ‘Боже, Царя Храни!’ go dtí an bliain 1833, rud a fhágann go raibh sé mí-aimseartha an fonn a úsáid i saothair a bain le heachtraí a thit amach sa bhliain 1812. Tá an bunleagan maille le traslitriú le léamh thios.
Боже, Царя храни!
Сильный, державный,
Царствуй на славу, на славу нам!

Царствуй на страх врагам,
Царь православный!
Боже, Царя храни!

[Bože, Carja xrani!
Sil’nyj, deržavnyj,
Carstvuj na slavu, na slavu nam!

Carstvuj na strax vragam,
Car’ pravoslavnyj!
Bože, Carja xrani!]

A Dhia, tabhair slán an Sár!
Láidir maorga,
rialaigh chun glóire, chun ár nglóire!

Rialaigh chun eagla na namhad,
Sár ceartchreidmheach.
a Dhia, tabhair slán an Sár!
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

7. Ay Nicaragua, Nicaragüita

Managua, an 17 Iúil 1979
Thugas trí chuairt ar Nicearagua sna 1980í nuair a bhí an Frente Sandinista i gcumhacht agus na Contras, treallchogaithe frith-réabhlóideacha a bhí armtha, eagraithe agus íoctha ag na Stáit Aontaithe, ag troid ina gcoinne. Dá mba iad na Rúisigh a d’eagraigh na Contras thabharfaí ‘sceimhlitheoirí’ orthu, ar ndóigh, ach ós rud é go raibh ‘Made in USA’ stampáilte ar a dtóin ní bheadh sé sin stuama. Is é seo an t-amhrán is mó a chanadh lucht tacaíochta na Sandinistas sna blianta úd. An t-amhránaí Carlos Mejia Godoy a chum; bhí an t-ádh liom gur chualas é á chanadh ag ceolchoirm i Managua. Ní foláir cúpla tagairt san amhrán a mhíniú. Is focal é ‘Nicaragüita’ a chiallaíonn ‘Nicearagua beag’ ach is ainm é ar bhláth a fhásann sa tír chomh maith. Ba thaoiseach dúchasach é Diriangén a throid i gcoinne na Spáinneach nuair a bhíodar ag iarraidh coilíniú a dhéanamh ar Nicearagua sa 16ú céad. Is ceantar é Tamagás atá suite ar bhruach Loch Managua agus a bhfuil cáil na háilleachta air.
Ay Nicaragua, Nicaragüita,
La flor más linda de mi querer,
Abonada con la bendita, Nicaragüita,
Sangre de Diriangén.
Ay Nicaragua sos mas dulcita
Que la mielita de Tamagás,
Pero ahora que ya sos libre, Nicaragüita,
Yo te quiero mucho más.

A Nicearagua, a Nicearagua bhig,
an bhláth is áille i mo chroí,
leasaíodh tú, a Nicearagua bhig,
le fuil bheannaithe Diriangén.
A Nicearagua is milse thú
ná an mhil ó Thamagás,
ós rud é go bhfuilir saor anois, a Nicearagua bhig,
is mó go mór an grá atá agam duit.
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo agus é á chanadh ag Carlos Mejia Godoy.

6. Grândola Vila Morena

Liospóin, an 25 Aibreán 1974
Is amhrán é seo a chum an t-amhránaí Zeca Afonso chun comhar na gcomharsan in Grândola, baile atá suite san Alentejo, tuairim is 70 km ó dheas ó Liospóin, a mhóradh. Chuir réimeas an Dr Marcello Caetano, deachtóir na linne, cosc ar roinnt de na hamhráin a chum Afonso toisc go raibh claonadh an údair i leith na heite clé ró-fhollasach iontu. Níor cuireadh cosc ar ‘Grândola’, áfach, rud a d’fhág go bhféadfaí é a chraoladh gan aird na n-údarás a tharraingt, agus roghnaigh na hoifigigh shóisearacha a d’éirigh amach i gcoinne na deachtóireachta an t-amhrán mar chomhartha rúnda do lucht na comhcheilge ar fud na tíre: nuair a chualadar an t-amhrán á chraoladh ar Rádio Renascença, stáisiún raidió príobháideach, ba chomhartha dóibh é go raibh an t-éirí amach ag tosnú. Tá tábhacht ar leith ag an amhrán domsa mar ba as an bPortaingéil an chéad chailín ar thiteas i ngrá léi riamh agus bhronn sí fadcheirnín d’amhráin Zeca Afonso orm – fadcheirnín atá agam i gcónaí – cé nach bhfuil ‘Grândola’ ina measc.
Grândola, vila morena,
Terra da fraternidade,
O povo é quem mais ordena,
Dentro de ti, ó cidade.

Dentro de ti, ó cidade,
O povo é quem mais ordena,
Terra da fraternidade,
Grândola, vila morena.

A Grândola, a bhaile chrón,
a fhearainn an bhráithreachais,
is é an pobal is mó a rialaíonn,
laistigh díot, a chathair.

Laistigh díot, a chathair.
is é an pobal is mó a rialaíonn,
a fhearainn an bhráithreachais,
a Grândola, a bhaile chrón.
Is féidir éisteacht leis an amhrán á chanadh ag Zeca Afonso anseo.

5. Mo Ghille Mear

‘Will he no come back again?’ Tá tuairim agam nach dtiocfaidh ...
Ba mhór an náire dom é mura mbeadh amhrán amháin i nGaeilge ar an liosta agus seo daoibh é. Amhrán Seacaibíteach is ea é seo a chum Seán Clárach Mac Dónaill nuair a theip ar éirí amach na bliana 1745 in Albain. Ba é an Prionsa Séarlas an ‘gille mear’, an ‘buachaill beo’. Is focal Albanach é ‘gille’ a chiallaíonn ‘buachaill’; is ionann é agus ‘giolla’ ó thaobh na sanasaíochta de.
Bímse buan ar buairt gach ló,
ag caí go cruaidh ’s ag tuar na ndeor,
mar scaoileadh uainn an buachaill beo,
is nach ríomhthar tuairisc uaidh, mo bhrón.

Is é mo laoch mo ghille mear!
Is e mo Shaesar gille mear!
Ní bhfuaras féin aon tsuan ar séan
ó chuaigh i gcéin mo ghille mear!
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

4. Lillibullero

An Prionsa Oráisteach ag Cath na Bóinne
Tá stair chasta ag an amhrán seo. Amhrán Éireannach is ea é ó cheart a d’úsáid lucht na Comhdhála Caitlicí sna 1640í. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá focail an amhráin bhunaidh caillte – go deimhin, is beag amhrán a tháinig anuas chugainn ó thréimhse ar bith roimh Chogadh an Dá Rí. Níor tháinig slán den bhunleagan ach an teideal ‘Liliburlero’. Ach cad is brí leis an teideal sin? Dhein Breandán Ó Buachalla amach (agus nílim chun easaontú leis) gurb é atá sa teideal ná ‘Lilly ba léir ó, budh linn an lá’, nó, lena rá ar bhealach eile, ‘Bhí Lilly soiléir: beidh an lá linn’. Astralaí cáiliúil ba ea William Lilly (1602-81) a thuar go gcaillfeadh Séarlas I a chloigeann. Nuair a bhí Fuigeanna Shasana ag cur i gcoinne Shéamais II sna 1680í, chuir duine díobh, an Tiarna Wharton (1648-1715) focail nua leis an seanfhonn Éireannach. Tá na focail curtha i mbéal Gaeil a raibh ríméad air de bharr na n-athruithe polaitiúla go léir a bhí ag titim amach. Na polasaithe a thaitin leis na Gaeil, ar ndóigh, chuireadar olc as cuimse ar Shasanaigh agus dúradh faoin amhrán nua-chumtha gur shéid sé Séamas II as trí ríocht. Is annamh a chloistear na focail anois, ach tá blaiseadh beag le fáil anseo thíos.
Ho, brother Teague, dost hear the decree?
Lillibullero bullen a la,
We are to have a new deputy
Lillibullero bullen a la.

Lero Lero Lillibullero
Lillibullero bullen a la,
Lero Lero Lero Lero
Lillibullero bullen a la,

Oh by my soul it is a Talbot
Lillibullero bullen a la,
And he will cut every Englishman’s throat
Lillibullero bullen a la.
Tá stair an amhráin mínithe i gclár raidió de chuid an BBC anseo; tá Breandán Ó Buachalla le cloisint tar éis ocht nóiméad agus míníonn sé an teideal tar éis deich nóiméad.

3. Le Chant des Partisans

Buíon sceimhlitheoirí (mar a thug rialtas na linne orthu) i mbun traenála
Anna Marly, bean de bhunadh na Rúise a tógadh sa bhFrainc agus a chaith an Dara Cogadh Domhanda i Londain, a chum ceol an amhráin seo sa bhliain 1941. Chuir sí focail Rúisise leis an gceol agus chanadh sí féin an t-amhrán. Thaitin an fonn go mór le Joseph Kessel agus Maurice Druon, uncail agus nia a bhí ina mbaill d’fhórsaí na Fraince Saoire, agus chuireadar focail Fraincise leis sa bhliain 1943. Craoladh an leagan nua ar an raidió agus ba ghearr go raibh sé in úsáid ag lucht an Résistance sa bhFrainc féin.
Ami, entends-tu le vol noir des corbeaux sur nos plaines ?
Ami, entends-tu les cris sourds du pays qu'on enchaîne ?
Ohé ! partisans, ouvriers et paysans, c’est l'alarme !
Ce soir l’ennemi connaîtra le prix du sang et des larmes.

A chara, an gcloiseann tú eitilt dhubh na bpréachán os cionn ár machairí?
A chara, an gcloiseann tú screadach bhalbh na tíre atá i ngéibhinn?
Óró! a throdairí, a oibrithe agus a fheirmeoirí, tá an t-aláram tugtha!
Anocht a thuigfidh an namhaid luach na fola agus na ndeor.
Tá an t-amhrán á chanadh ag Anna Marly, a chum an ceol, anseo.

2. Nkosi sikelel' iAfrika

Ar ndóigh, bhí sé de cheart ag an Afraic Theas í féin a chosaint
Chum Enoch Sontonga an t-amhrán seo mar iomann sa bhliain 1897. Sa Chóisis, teanga dhúchasach de chuid na hAfraice Theas, a bhí na focail bhunaidh ach aistríodh an t-iomann go teangacha dúchasacha eile de réir a chéile agus chuaigh daoine as gach cearn den tír i dtaithí air ina dteanga féin. Sa bhliain 1925, chinn an African National Congress go gcanfaí ‘Nkosi sikelel' iAfrika’ chun clabhsúr a chur ar chruinnithe na gluaiseachta. Ba ghearr gur aithníodh é mar amhrán an ANC: ní iomann eaglasta a bheadh ann feasta ach amhrán polaitiúil. Chun aontas (agus armóin) a chothú i measc lucht leanúna an ANC, socraíodh go gcanfaí línte áirithe i dteangacha ar leith. Mar shampla, sa leagan oifigiúil a chantar anois tá línte 1 agus 2 i gCóisis ach is i Súlúis atá línte 3 agus 4.
Nkosi Sikelel’ iAfrika
Maluphakanyisw’ uphondo lwayo,
Yizwa imithandazo yethu
Nkosi sikelela, thina lusapho lwayo

A Thiarna, beannaigh an Afraic,
go n-éirí a spiorad chun na spéartha,
éist lenár nguíonna,
beannaigh, a Thiarna, sinne do chlann.
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

1. La Marseillaise

Rouget de Lisle ag canadh La Marseillaise don chéad uair
Is ea, cad eile a bheadh sa chéad áit? An Captaen Rouget de Lisle, innealltóir óg i ngarastún Strasbourg, a chum an t-amhrán sa bhliain 1792 nuair a d’fhógair an Fhrainc cogadh ar an Ostair. Ghlac saighdiúirí na poblachta go fonnmhar leis an iomann réabhlóideach agus aithníodh go hoifigiúil é mar amhrán náisiúnta na Fraince sa bhliain 1795 – cé gur bhain an tImpire Napoléon an stádas sin de nuair a tháinig sé i gcumhacht. B’éigean fanúint go dtí an bhliain 1879 sular athdhearbhaíodh stádas an amhráin mar iomann náisiúnta na tíre.  Tá an t-aistriúchán Gaeilge le fáil anseo.
Allons enfants de la patrie,
Le jour de gloire est arrivé !
Contre nous de la tyrannie
L’étendard sanglant est levé,
L’étendard sanglant est levé.
Entendez-vous dans les campagnes
Mugir ces féroces soldats ?
Ils viennent jusque dans vos bras
Égorger vos fils, vos compagnes !

Aux armes, citoyens,
Formez vos bataillons,
Marchons, marchons !
Qu’un sang impur
Abreuve nos sillons !

Éirígí ’chlanna na tíre,
tá lá na glóire buailte linn!
agus brat fuilteach na daoirse
á bhagairt ag tíoráin orainn,
á bhagairt ag tíoráin orainn!
Éistigí ’mhuintir na tuaithe
béicíl na n-amhas gan daonnacht,
táid ag marú óige ’s bantracht
is ag réabadh trí bhur ndúiche!

Chun arm a shaorfheara,
déanaigí bhur ranga,
ar aghaidh, ar aghaidh!
go ndoirtfear fuil
shalach ar ár gcriaidh!
Tá an t-amhrán stairiúil is fearr le cloisint anseo.

     An comhtharlú é gur scannán a bhain le réabhlóid na Fraince a bhí ag barr an liosta dhá bliain ó shin, gur bheathaisnéis fir a  ghlac páirt i réabhlóid na Fraince a bhí ag barr an liosta an bhliain seo caite, agus gur amhrán a cumadh i rith réabhlóid na Fraince atá ag barr an liosta i mbliana? Beag an seans, déarfainn.