Affichage des articles dont le libellé est Aontas Eorpach. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Aontas Eorpach. Afficher tous les articles

03/09/2016

Polaitiú na staire

Uimhir 10 Downing Street feistithe i gcomhair lá fhéile Seoirse.

Bhí reifreann ar siúl sa ríocht bhéal dorais le déanaí. Níor mhaith liom mórán a scríobh faoi ábhar an reifrinn mar is cúrsaí staire seachas cúrsaí polaitíochta a bhíonn faoi chaibidil anseo, ach ba chúis bhuartha dom í an pháirt a ghlac dornán staraithe iomráiteacha—agus líon mór staraithe gan iomrá—sa bhfeachtas. Chuir sé díomá orm go raibh níos mó ná trí chéad staraí gairmiúil sa Bhreatain sásta an imlitir mhórchúiseach seo a leanas a shíniú:
As historians of Britain and of Europe, we believe that Britain has had in the past, and will have in the future, an irreplaceable role to play in Europe. On 23 June, we face a choice: to cast ourselves adrift, condemning ourselves to irrelevance and Europe to division and weakness; or to reaffirm our commitment to the EU and stiffen the cohesion of our continent in a dangerous world.
The Guardian, 24 Bealtaine 2016
Sin é téacs iomlán na litreach, más féidir ‘litir’ a thabhairt ar nóta giorraisc mar é. D’áitigh na staraithe go mbeadh an Bhreatain ag imeacht gan treoir feasta agus go mbeadh an Eoraip scoilte agus in ísle brí dá dtabharfadh na vótóirí an chluas bhodhar dá gcomhairle. Níor thugadar aon fhianaise a thacódh leis an tairngreacht seo, áfach, ná níor dheineadar anailís ar bith ar na himeachtaí stairiúla a spreag an achainí thuas, ná níor mhíníodar cad iad na tubaistí a thiocfadh sa mhullach ar mhuintir na Breataine agus na hEorpa trí chéile dá vótálfaí an bealach mícheart. Caint uasal le híseal atá sa litir: ‘is saineolaithe sinn’, adúradar, ‘tuigimid rudaí nach fiú linn a mhíniú ach tá treoir againn daoibh: fanaigí san Aontas Eorpach nó beidh an tír agus an mhór-roinn i mbaol—cé nach fiú linn bunús an bhaoil sin a mhíniú ach an oiread.’ Ar na staraithe mór le rá a bhí sásta a n-ainm a chur leis an bhfoláireamh postúil seo bhí Simon Schama, Ian Kershaw, Michael Burleigh, Richard Evans agus Michael Howard. Ar an drochuair, bhí duine nó beirt ina measc a bhfuil aithne mhaith againn orthu sa tír seo: Roy Foster, mar shampla, a bhí ina ollamh le stair na hÉireann in Oxford go dtí le déanaí, agus Ian McBride, a tháinig i gcomharbas air níos luaithe i mbliana.

‘Obedience Training’: an léamh a bhí ag cartúnaí an Daily Telegraph ar chúrsaí.




     Ní dóigh liom go rithfeadh sé le trí chéad garraíodóir, le trí chéad tiománaí traenach, ná le trí chéad múinteoir bunscoile a leithéid de litir a scríobh. Agus dá mbuailfeadh taom toirtéise iad, táim cinnte nach gcuirfeadh an Guardian spás amú trína n-ainm a liostáil. D’fhéadfaí a rá, b’fhéidir, gur scoláirí iad na staraithe agus go raibh aitheantas ar leith ag dul dóibh dá réir. Ach ní dóigh liom go síneodh trí chéad seandálaí, trí chéad réalteolaí, ná trí chéad máinlia a leithéid de litir ach an oiread. Tuigeann gach duine go mbaineann réimsí cúnga saineolais leis na disciplíní sin agus ní thabharfadh an gamal is saonta amuigh aird ar leith ar thuairimí teangeolaí—chun gairm randamach a lua—dá mbeadh ábhar ar bith seachas an teangeolaíocht faoi chaibidil. Ach ar chúis éigin nach dtuigim, síleann staraithe áirithe go bhfuil a gcuid eolais i bhfad níos fairsinge ná na tréimhsí staire a bhfuil staidéar déanta acu orthu. Creideann siad, de réir dealraimh, go bhfuil an saineolas atá acu chomh leathan sin go gcuimsíonn sé, ní hamháin an t-am atá imithe, ach an t-am atá le teacht chomh maith. Síleann na saoithe seo go bhfuil bua na fáistine acu agus gur chóir don choitiantacht—an daoscar nach bhfuil na dintiúir chuí acadúla acu—éisteacht go humhal lena nglór. An bhfuilim ag dul thar fóir? Ba bhreá liom a cheapadh go bhfuil, ach ní dóigh liom é. Seo daoibh giota beag as alt le Roy Foster a foilsíodh ar an Irish Times cúpla lá tar éis an reifrinn:
The correlation between areas with a high concentration of university graduates, and a vote for Europe, is very striking. I thought irresistibly of the doughty Irish revolutionary Mabel FitzGerald, who – 30 years after 1916 – confided to her friend George Bernard Shaw that she believed that uneducated people did not deserve the vote. Her son Garret corroborated this, telling me that she believed a university degree was a necessary qualification for the franchise “and it should be at least a 2.1”. Nigel Farage, who like Jeremy Corbyn does not have a university degree, will probably now campaign for a referendum to bring back hanging and God knows what else.
The Irish Times, 27 June 2016
An cúis iontais é go bhfuil an saol ina chíor thuathail nuair a ligtear do dhaoine vóta a chaitheamh, seasamh i dtoghcháin, agus suí ar an mbinse tosaigh sa ‘mother of parliaments’ gan chéim mhaith a ghnóthú i dtús báire? Bheinn ag súil go mbeadh tuairimí mar seo á nochtadh os íseal sna seomraí caidrimh i gcoláistí Oxford agus Cambridge, go mall san oíche agus an fíon á dhiúgadh ag na dons, ach ba chúis iontais dom é gur fhoilsigh Roy Foster iad don saol mór—an amhlaidh go raibh spiorad W. B. Yeats ag labhairt tríd? Is ar éigean a bheadh an t-alt san Irish Times léite ag Paul Embery, oifigeach ceardchumainn i Londain a dhein toradh an reifrinn a scagadh ar an Huffington Post, ach leag sé a mhéar go cruinn ar an meon a léiríodh ann:
The sneering contempt displayed towards these and all of the seventeen million who voted Leave by the resentful new alliance of metropolitan liberals, know-all academics, no-mark ‘celebrities’ and know-nothing-yet students should trouble us all.

     To these self-appointed guardians of enlightened society, working-class Leave voters are another breed. Certainly borderline racist, if not the real thing. Thick and uneducated, they could hardly be expected to understand the issues at stake in the referendum or appreciate the benefits of a progressive institution like the European Union.
Paul Embery, The Huffington Post, 1 Iúil 2016
An glantóir mná a d’fhág an scoil go luath agus a fágadh díomhaoin toisc go raibh inimircigh ó oirthear na hEorpa sásta glacadh le huaireanta oibre níos faide ar thuarastal níos lú, bhí an éifeacht chéanna ag an vóta a chaith sise sa reifreann agus ag an vóta a chaith an t-ollamh ollscoile a bhí buartha go dtitfeadh líon na mac léinn ó mhórthír na hEorpa—agus sin mar is cóir!

Chuir Michael O’Leary, eascara na gceardchumann, a ladar sa bhfeachtas.



     Níor dhein iarrachtaí uile na staraithe, Barak Obama, Michael O’Leary agus Sir Bob Geldof maitheas ar bith don fheachtas ar son an Aontais Eorpaigh. Ag an am céanna, bheadh drogall orm a rá gur dhein siad mórán dochair don chúis. Is é an fhírinne lom, mura bhfuil dul amú mór orm, go raibh an cinneadh déanta ag muintir Shasana i bhfad sular thosaigh an feachtas. Táim sásta go bhfuil tuiscint réasúnta maith agam ar mheon agus ar thréithe na Sasanach, ar a gcuid suáilcí agus ar a gcuid duáilcí. Má fhágtar Éire as an áireamh, tá níos mó léite agam faoi stair Shasana ná faoi stair aon tíre eile; dheineas mó chéim dhochtúireachta in Ollscoil Learphoill; agus chaitheas cúig bliana de mo shaol i mo chónaí le bean as Cheshire. Bhí sé á thuar agam roimh ré go mbeadh 55 % de na Sasanaigh ar son imeachta, gur bheag a bheadh idir an dá thaobh sa Bhreatain Bhig (is iad na Breatnaigh an dream thall is lú a bhfuil cur amach agam orthu), agus nach mbeadh na móraimh ar son an Aontais Eorpaigh in Albain agus i dTuaisceart Éireann mór go leor chun breith na Sasanach a chealú. Mar a thit cúrsaí amach, ní raibh ach 53 % ar son imeachta i Sasana (shíleas go mbeadh an vóta cothrom go leor i Londain ach bhí móramh mór i gcoinne imeachta sa phríomhchathair). Os a choinne sin, bhí na Breatnaigh beagnach chomh mór i gcoinne an Aontais is a bhí na Sasanaigh féin. Tríd is tríd, áfach, ní raibh mórán idir an toradh agus an tuar a bhí déanta agam. Ní raibh aon chuid d’alt Roy Foster is mó a chuir ionadh orm ná an sliocht seo a leanas:
At a meeting of 80 academic historians from all parts of the political spectrum at 11 Downing Street a few weeks ago, the sense of intellectual solidarity in favour of European membership was powerful and I was foolish enough to believe that these feelings would prevail.

     I cannot rid myself of the feeling that we have been living in a bubble.
The Irish Times, 27 June 2016
Is admháil é seo go raibh an t-údar agus a chomhghleacaithe dall ar dhearcadh na ndaoine a bhfuil cónaí orthu ina measc. D’fhéadfaí a rá gur léiriú í an easpa tuisceana seo ar leithead na bearna idir na haicmí i Sasana—nó ar airde an túir eabhair ina gcaitheann staraithe acadúla a saol. Ach shílfeá go bhfaigheadh na staraithe léargas ar dhearcadh na Sasanach i leith na hEorpa ó léamh na staire. Cuimhnigh, mar shampla, ar an ráiteas cáiliúil a dhein Winston Churchill i láthair Charles de Gaulle, an 4 Meitheamh 1944:
Nous allons libérer l’Europe, mais c’est parce que les Américains sont avec nous pour le faire. Car, sachez-le ! chaque fois qu’il nous faudra choisir entre l’Europe et le grand large, nous serons toujours pour le grand large.
Charles de Gaulle, Mémoires de guerre: l’unité 1942-44 (Páras, 1980), 266.

[Táimid chun an Eoraip a shaoradh, ach is amhlaidh atá toisc go bhfuil na Meiriceánaigh inár dteannta lena dhéanamh. Óir, bíodh a fhios agat, gach uair a bheidh rogha le déanamh againn idir an Eoraip agus an fharraige mhór, is í an fharraige mhór a roghnóimid i gcónaí!]
Níl aon tuiscint níos lárnaí i bhféiniúlacht na Sasanach ná an tuiscint gur oileánaigh iad. Cheapfá go mbeadh an tuiscint sin i bhfad níos treise in Éirinn ná i Sasana, ach is é a mhalairt atá fíor. Is aisteach an scéal é nár rith an smaoineamh leis na staraithe go raibh an feachtas ar son imeachta ag luí le traidisiúin stairiúla na tíre agus go mbeadh an lá ag lucht imeachta. Ní gá go mbeadh traidisiún ar bith buan, ar ndóigh, ach nuair a théann traidisiún i léig is de réir a chéile a tharlaíonn sé.

Ní bheadh beann ag staraithe ar cheisteanna fánacha mar iad seo.


     Níl aon ghaisce déanta ag an Aontas Eorpach a mheallfadh an Sasanach cothrom chun cúl a thabhairt dá dhúchas. Tuigeann an dream úd nach bhfuil céimeanna ollscoile acu go bhfuil scrios déanta ar gheilleagar na Gréige de bharr pholasaí déine an Bhainc Cheannais in Frankfurt—institiúid is deacair a aithint go minic ón Bundesregierung i mBeirlín. Mar an gcéanna, is léir don dream gan chéimeanna go bhfuil brú as cuimse curtha ar chaighdeáin fhostaíochta agus ar an mbonneagar sóisialta i dtíortha áirithe—go mór mór i Sasana—de bharr shaor-ghluaiseacht na n-oibrithe. Aontaím go raibh an ceart ag Roy Foster nuair a scríobh sé go mbeadh toradh eile ar an reifreann dá mbeadh an cead vótála teoranta do chéimithe ollscoile, ach bainim tátal eile ar fad as an bhfíric sin: ní hé go bhfuil an pobal i gcoitinne níos aineolaí ná na céimithe, ach nach iad na polasaithe céanna a dhéanfadh a leas-san agus leas na meánaicme. Ba mhaith an mhaise do na staraithe é dá gcloífidís leis an stair feasta. Is é sin le rá, gur chóir dóibh a n-aird a dhíriú ar an am atá imithe agus an t-am atá le teacht a fhágáil faoi na polaiteoirí. Is cinnte nach féidir leo páirt a ghlacadh i bhfeachtais chonspóideacha pholaitiúla gan dochar a dhéanamh dá seasamh gairmiúil i súile an phobail. Sa deireadh thiar thall, níl ach cúis amháin go bhfuil tuairimí an staraí níos údarásaí ná tuairimí an tiománaí tacsaí: mar atá, go bhfuil staidéar déanta ag an staraí ar na foinsí príomha a bhaineann le hábhar—é sin, nó go bhfuil saothair le staraithe eile a bhfuil cur amach acu ar na foinsí céanna léite aige.

Is réimsí éagsúla iad an stair agus an pholaitíocht.



     Ar eagla na míthuisceana, nílim á rá nár chóir don staraí tuairimí polaitiúla a bheith aige ná a nochtadh. Tá an ceart ceannann céanna ag an staraí páirt a ghlacadh i saol poiblí a thíre agus atá ag an tiománaí tacsaí, ach má dheineann sé amhlaidh ba chóir dó é a dhéanamh ina cháilíocht mar shaoránach. Níor chóir dó a chur in iúl go bhfuil tábhacht lena sheasamh polaitiúil toisc gur staraí é. Ar ndóigh, d’fhéadfadh sé tarlú ó am go chéile go mbeadh léargas ar leith ag staraí ar cheist áirithe toisc staidéar a bheith déanta aige ar chúlra stairiúil na ceiste; níl cúis ar bith nach roinnfeadh sé a chuid eolais lena chomhshaoránaigh i gcás mar sin ach an fhianaise a chur i láthair ar bhealach tomhaiste. Mar a tharlaíonn sé, b’shin a dhein an tOllamh Ian McBride, comharba, Roy Foster, in alt leis ar impleachtaí an reifrinn do Thuaisceart Éireann a foilsíodh ar an Guardian, an 19 Iúil 2016. Tá téis an ailt soiléir ón teideal (After Brexit, Northern Irish politics will again be dominated by the border) agus ní aontaím le gach dá bhfuil scríofa ann, ach is anailís stuama é a dhíríonn ár n-aird ar roinnt de na fadhbanna a bheidh le sárú sna blianta atá romhainn. Agus is é an rud is fearr ar fad faoin alt ná seo: níl oiread is tagairt amháin ann do ghairm an údair. Braitheann éifeacht uile an ailt ar loighic na n-argóintí ann agus ní ar stádas acadúil an té a scríobh.

Torthaí an reifrinn.



     Sa chéad olltoghchán eile beidh rogha le déanamh ag muintir Shasana idir na Tóraithe faoi cheannas Theresa May, bean a bhfuil céim (dara honóracha, faraor!) aici ó Ollscoil Oxford, agus Páirtí an Lucht Oibre faoi cheannas Jeremy Corbyn, fear nár bronnadh céim ollscoile air riamh. Beidh an chéad dream ag iarraidh an earnáil phoiblí, na liúntais shóisialta agus an rialú stáit a ghearradh. Beidh an dara dream ag iarraidh fóntais a príobháidíodh i ré Margaret Thatcher a náisiúnú in athuair, cánacha a ardú, an soláthar airgid a mhéadú, feabhas a chur ar na seirbhísí sóisialta, agus Iarúsailéim nua a thógáint in England’s green and pleasant land. Is dóichí ná a mhalairt go n-éireoidh leis an gcéad dream, ach cuimhnímis gur dhein na Sasanaigh cinneadh in olltoghchán na bliana 1945 a tháinig aniar aduaidh ar an saol mór ag an am. Is ag na vótóirí i Sasana a bheidh an chumhacht, cibé ar bith, ach beidh cead ag na críocha beaga imeallacha bailiú leo as an ríocht más é sin a theastaíonn uathu. Tá téarma teicniúil ar an socrú seo dá bhféadfainn smaoineamh air ... Is ea, tá sé agam: ‘daonlathas’. Sin a ghlaotar air. Dúirt duine éigin tráth gurb é an córas rialaithe is measa ar domhan é—seachas na cinn eile go léir.

31/01/2016

Tromluí na staire

Is mór idir aigne an phobail i gCív agus in Donetsk

Cuireadh drochthús leis an mbliain úr nuair a tháinig an comhaontú comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin i bhfeidhm ar an gcéad lá de mhí Eanáir. Is é is aidhm don chomhaontú seo limistéar saorthrádála a chruthú idir an AE agus an Úcráin laistigh de dheich mbliana. Ag an am céanna, tháinig deireadh leis an gcomhaontú saorthrádála a bhí ann idir an Úcráin agus na tíortha atá páirteach i limistéar saorthrádála Chomhlathas na Stát Neamhspleách—bheadh rialacháin an dá limistéar ag teacht salach ar a chéile. Ciallaíonn sé seo go gcaillfidh tionscail na hÚcráine sciar maith de na margaí easpórtála a bhí acu roimhe seo sa Rúis agus iad ag dul in iomaíocht le tionscail fhorbartha an AE sa mhargadh baile. Is deacair a thuiscint conas a dhéanfaidh an socrú seo leas eacnamaíoch na tíre. Ach tá níos mó ná cúrsaí geilleagair i gceist leis an gcomhaontú comhlachais: de réir fhorálacha an chomhaontaithe beidh sé de dhualgas ar an Úcráin glacadh le ‘comhbheartas slándála agus cosanta’ an AE agus le polasaithe na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint de réir a chéile. Is é atá sa chomhaontú seo, i ndáiríre, an bogadh is déanaí i gcluiche geopholaitiúil atá á imirt le cúpla glúin anuas.

Timpeallú na Rúise
     Nuair a tháinig deireadh leis an gcogadh fuar, thit Eagraíocht Chonradh Vársa, comhghuaillíocht mhíleata na stát cumannach, as a chéile ach níor scoireadh Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (NATO) riamh. Nuair a bhí athaontú na Gearmáine ar na bacáin, tugadh le tuiscint do cheannairí an Aontais Shóivéadaigh nach leathnódh NATO níos faide soir, ach ba ghearr gur ligeadh na briathra bláithe i ndearmad. Bhí géarchéim eacnamaíoch sa Rúis, bhí alcólaí mí-éifeachtach ina uachtarán ar an tír, agus bhí fórsaí míleata na Rúise in ísle brí. Thapaigh cumhachtaí an iarthair an deis agus glacadh leis an bPolainn, an tSeic agus an Ungáir mar bhaill de NATO sa bhliain 1999. Cúig bliana dár gcionn, chuaigh seacht dtír eile ón mbloc iar-chumannach isteach san eagraíocht. In Aibreán na bliana 2008, chinn ceannairí stáit NATO ag cruinniú mullaigh a bhí acu i mBucharest go dtabharfaí ballraíocht don Úcráin is don tSeoirsia lá níos faide anonn. Dá bhféadfaí an dá thír sin a mhealladh isteach san eagraíocht, bheadh an Rúis timpeallaithe ag comhghuaillíocht an iarthair ón Iorua sa tuaisceart chomh fada le Seoirsia sa deisceart—nó chomh fada leis an Asarbaiseáin, b’fhéidir, ós rud é go bhfuil conradh míleata idir an tír sin agus an Tuirc. D’fhéadfaí cabhlach na Rúise a chaitheamh amach as Sevastopol’ nuair a thiocfadh deireadh leis an léas ar an gcalafort sin sa bhliain 2017, rud a thabharfadh smacht ar an Muir Dhubh do chumhachtaí NATO. Níorbh fhada go raibh toradh ar an gcinneadh a deineadh in Bucharest: i mí Lúnasa na bliana céanna d’ionsaigh arm na Seoirsia an Oiséit Theas, réigiún a bhain féinriail amach le láimh láidir sa bhliain 1992. Níl aon amhras ach gurbh iad na Seoirsigh a thosaigh an cogadh—rud a aithníodh sa tuarascáil neamhspleách ar an eachtra a ullmhaíodh thar ceann chomhairle an AE. Gníomh buile ba ea an t-ionsaí ós rud é go raibh na hOiséitigh faoi choimirce na Rúise (is poblacht laistigh de Chónaidhm na Rúise í an Oiséit Thuaidh), ach bhí fonn troda ar Mikheil Saakashvili, uachtarán na Seoirsia, ón uair a gealladh ballraíocht i NATO dá thír agus chuaigh sé sa seans. B’fhéidir go n-éireodh leis dá mbeadh Boris El’cin fós sa Chreimil ach bhí lámh níos socra ar stiúir na Rúise faoin am seo: b’éigean d’arm na Seoirsia cúlú agus d’aithin an Rúis neamhspleáchas na hOiséite Theas.

     Ba thubaiste dhaonna é cogadh na hOiséite dóibhsean a maraíodh, a gortaíodh, nó a díbríodh as a mbaile, ach bhí dóchas agam ag an am go dtiocfadh maitheas éigin as. Bhí súil agam go mbeadh ceannairí NATO níos cáiréisí feasta: go rithfeadh an smaoineamh leo nár chríonna an beart é ciceanna sa tiarpa a bhualadh ar bhéar codlatach. Go deimhin, bhí an chosúlacht ar chúrsaí ar feadh tamaill go raibh ciall ceannaithe ag ceannairí an iarthair. Nuair a toghadh Barak Obama, mar shampla, chualathas caint ar thús nua (‘reset’ i mbéarlagar na Meiriceánach) a chur leis an gcaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an Rúis, ach ba léir sara i bhfad go raibh straitéis an timpeallaithe air ais ar an gclár oibre. Tá dearcadh frith-Rúiseach forleathan i measc bhunaíocht na Stát Aontaithe ar chúiseanna éagsúla. I gcásanna áirithe, níl sa bhfrith-Rúiseachas ach iarmhairt an chogaidh fhuair: is annamh a thagann athrú meoin ar shean-seabhaic. I gcásanna eile, baineann sé le cúlraí pearsanta oifigeach stáit de bhunadh na Polainne, na Liotuáine nó na nGiúdach ar theith a sinsir ó réimeas na Sár. Ach thar aon rud eile, goilleann sé ar bhunaíocht Mheiriceá go bhfuil an Rúis ar an líon beag tíortha nach bhfuil sásta ceannasaíocht dhomhanda na Stát Aontaithe a aithint. Tuigeann an Ghearmáin is an tSeapáin gur chaill siad cogadh agus iompraíonn siad iad féin dá réir. Níl an tuiscint sin ag an Rúis ná ag an tSín, rud a fhágann go gcaithfear cordon sanitaire (claí teorann) a thógaint timpeall orthu trí bhagairt a chur ar réimis atá cairdiúil leo agus trí chabhair mhíleata a thabhairt do réimis atá in amhras orthu. Aon duine a shíleann go bhfuilim ag déanamh áibhéile, éisteadh sé leis an gcomhrá gutháin idir Victoria Nuland, leas-rúnaí stáit don Eoraip, agus Geoffrey Pyatt, ambasadóir na Stát Aontaithe chun na hÚcráine, agus iad ag socrú cén saghas rialtais a thiocfadh i gcumhacht i gCív nuair a bheadh na boinn bainte ón Uachtarán Yanukovič (creachadóir mínáireach a toghadh go daonlathach sa bhliain 2010 agus a bhí cairdiúil leis an Rúis):

‘Puipéid an Mhaidan’ (le caoinchead an ФСБ)


Chaith Nuland achasán leis an AE toisc go raibh comhréiteach sealadach á mholadh ag na hEorpaigh a ligfeadh do Yanukovič fanúint in oifig ar feadh scaithimh eile. Caithfear a rá, áfach, go raibh ballstáit áirithe de chuid an AE ag obair as lámh na Meiriceánach chun ding a shá idir an Rúis agus an Úcráin. An amhlaidh go raibh ‘Drang nach Osten’ (‘tiomáint soir’) na nGearmánach tosaithe in athuair? Ní dóigh liom é. Ní hé nach bhfuil cáineadh tuillte ag an nGearmáin is ag na cumhachtaí móra eile san AE—is cinnte go bhfuil mar ligeadar don tubaiste tarlú—ach is iad ballstáit nua an oirthir is mó a bhí ag iarraidh rialtas na hÚcráine a bhriseadh agus an tír a cheangal leis an AE. Más mian linn nath stairiúil a lua le polasaí reatha an AE, b’fhearr dúinn iompú ar an bPolainnis ná ar an nGearmáinis: bhíodh ‘od morza do morza’ (‘ó mhuir go muir’) mar mhana ag na Polannaigh sa 17ú céad nuair a shín an tír sin ón Muir Bhailt san iarthuaisceart soir ó dheas chomh fada le cósta na Mara Duibhe mar a bhfuil cathair Odes(s)a suite anois ...

Rus (c.1000); an Pholainn agus an Mathshlua Órga (c.1400)


     ‘Cúrsaí staire’ is ábhar don suíomh seo, ach sílim gur fiú géarchéim na hÚcraine a iniúchadh anseo ar dhá chúis. An chéad chúis go bhfuil cosúlachtaí follasacha idir an ghéarchéim atá anois ann agus an ghéarchéim sna Balcáin a chuir tús leis an gCéad Chogadh Domhanda. An fhianaise a thug iar-ambasadóir na Breataine chun na Rúise agus é ag labhairt os comhair choiste Eorpach Theach na dTiarnaí in Westminster, scanródh sé aon duine a bhfuil tuiscint aige ar stair na hEorpa:
An element of ‘sleep-walking’ was evident in the lead-up to the crisis. Sir Tony Brenton said that during the negotiation on the AA [‘association agreement’ .i. an comhaontú comhlachais idir an AE agus an Úcráin], any awareness of Russian hostility was not felt “at a high enough political level in the EU for people who really understand Russia actually to be asked how tough the Russian reaction was likely to be.” There was, he told us, “a lack of … simple thinking about how the Russians were behaving at that stage.” He added that the EU knew that the Russians “did not like what was happening,” but assumed “Ukraine could simply ride over that.”
House of Lords EU Committee, ‘The EU and Russia before and beyond the crisis in Ukraine’, 63
Is é sin le rá, níorbh fhiú le Merkel, le Hollande ná le Cameron ceist a chur ar na saineolaithe cuí ‘meas sibh cad a tharlóidh má thugaimid cic láidir don mhathúin sa bhall is íogaire dá chorp?’ Mar is eol do léitheoirí rialta an tsuímh seo, thug Christopher Clark The Sleepwalkers ar an sárleabhar a scríobh sé ar ghéarchéim na bliana 1914. Ní fhéadfadh Clark teideal níos oiriúnaí a roghnú dá shaothar agus is baolach go bhfuil an lucht suain lán chomh líonmhar i ranna gnóthaí eachtracha na hEorpa inniu agus a bhíodar céad bliain ó shin. An dara cúis go bhfuilim ag trácht ar an Úcráin anseo go raibh sé soiléir ón tús d’aon duine a thuig stair oirthear na hEorpa nárbh fhéidir an Úcráin a tharraingt isteach i gcomhghuaillíocht an iarthair gan fuil a dhoirteadh. Václav Klaus, iar-uachtarán na Seice, níor chuir sé fiacail ann nuair a labhair sé le coiste Theach na dTiarnaí:
Mr Klaus also urged us to consider internal factors within Ukraine. In his view, Ukraine was an inherently unstable entity, weakened by decades of political faction. He believed that Ukraine was a “heterogeneous, divided country, and that an attempt to forcefully and artificially change its geopolitical orientation would inevitably result in its break-up, if not its destruction.”
House of Lords EU Committee, ‘The EU and Russia before and beyond the crisis in Ukraine’, 64-65
Ní dóigh liom go mbeinn chomh borb leis sin (tá cáil na boirbe ar an Uasal Klaus), agus is cinnte nach mbeinn chomh gonta leis, ach táim sásta a rá gur inis sé an fhírinne lom. D’fhág cúrsa na staire go bhfuil pobal (nó pobail) na hÚcráine scoilte go domhain ar bhonn cultúir, ar bhonn creidimh, ar bhonn féiniúlachta náisiúnta, agus ar bhonn polaitíochta. Thairis sin, níl aicmí soiléire i gceist ann mar atá i dTuaisceart Éireann, sa Chipir, nó i mBoisnia: ina ionad sin, tá speictream casta ar toradh é ar mhíshocracht na staire sa taobh sin den domhan. Má tá Úcráiniseoirí Caitliceacha a bhfuil dea-chuimhne acu ar an Ostair agus droch-chuimhne acu ar an Aontas Sóivéideach in uachtar thiar sa Ghailís, tá Rúisigh Ortadocsacha a bhfuil dea-chuimhne acu ar an Aontas Sóivéideach agus droch-chuimhne acu ar náisiúnaithe Úcránacha a throid ar son na Naitsithe in uachtar thoir sa Donbass. Suite idir eatarthu ar an speictream tá Úcráiniseoirí Ortadocsacha agus Rúisiseoirí a áiríonn iad féin mar Úcráinigh, cé go mbeadh drogall ar roinnt acu a rá gur tír eachtrannach í an Rúis.

Leathnú na Polainne (c.1600); an Úcráin agus an Rúis (c.1700)

     D’eascair na náisiúin oir-Shlavacha atá ann anois ón Русь (Rus), stát scaoilte a raibh a lárionad suite i gCív agus a chuimsigh treibheanna Slavacha an oirthir (féach Mapa A). Tá an fhoinse choitinn sin soiléir ó na hainmneacha a thugtaí ar na ciníocha go stairiúil: mar atá, Великорусские (‘mór-Rúisigh’), Малорусские (‘mion-Rúisigh’ nó Úcránaigh) agus Белорусские (‘fionn-Rúisigh’ nó Bealarúisigh). Cuireadh cor sa stair sa bhliain 1240 nuair a scrios na Mongólaigh cathair Chív. D’fhan an chuid ba mhó den Русская земля (críoch Rúiseach) faoi smacht na Mongólach is a gcomharbaí sa Mhathshlua Órga (an dream ónar shíolraigh Tartaraigh an lae inniu) go ceann i bhfad, ach bhí cúpla eisceacht ann: tháinig iarthar na hÚcráine agus an Bhealarúis faoi cheannas na Polainne is na Liotuáine faoi seach, agus d’éirigh le roinnt cathracha a bhí suite i bhfad ó thuaidh fanúint neamhspleách (Mapa B). Bhris concas na Mongólach na naisc pholaitiúla idir ciníocha Slavacha an oirthir agus is ón 13ú céad nó ón 14ú céad amach a thosaigh na canúintí ag scarúint óna chéile. Cuireadh deighilt reiligiúnach leis na cinn eile sa bhliain 1596 nuair a thoiligh an chuid ba mhó de na heaspaig Ortadocsacha sa limistéar a bhí faoi smacht na Polainne údarás an phápa sa Róimh a aithint, cé gur choinníodar a liotúirge Slavóinise féin. Má ghlac pobal na Gailíse leis an Eaglais Chaitliceach ‘Ghréagach’ seo, chuir an t-athrú creidimh seo olc as cuimse ar Úcránaigh Ortadocsacha níos faide soir agus d’éirigh siad amach i gcoinne na Polainne sa bhliain 1648. Bunaíodh stát beag Úcráineach timpeall ar chathair Chív, cé go raibh Polannaigh Chaitliceacha ag bagairt air ón iarthar agus Turcaigh Mhoslamacha ag bagairt air ón deisceart. Ach suite lastoir den Úcráin bhí impireacht Ortadocsach na Rúise agus tógadh an stát beag faoi sciath царь всея Руси ('impire na Rúise uile') nuair a síníodh Conradh Pereiaslav sa bhliain 1654 (Mapa D). As sin amach, lean na Rúisigh orthu ag gluaiseacht ó dheas i dtreo na Mara Duibhe, glúin i ndiaidh glúine, agus de réir mar a baineadh réigiúin nua i ndeisceart na hÚcráine den Tuirc, bhog lonnaitheoirí Slavacha isteach sa Новороссия (‘Rúis Nua’) a bhí á cruthú (Mapa E). D’fhás comhphobail mheasctha a raibh idir Úcránaigh agus Rúisigh iontu sna críocha a gabhadh. Má thuigtear an stair seo, tuigfear cén fáth go bhfuil an Úcráin ina ‘heterogeneous, divided country’, mar adúirt an té adúirt. De réir dhaonáireamh na bliana 2001, d’áirigh 77.8 % den phobal iad féin mar Úcráinigh agus 17.3 % mar Rúisigh. Léirigh an daonáireamh céanna go raibh an Úcrainis mar chéad teanga ag 67.5 % den phobal agus an Rúisís ag 29.6 %. Sa Chrimé, áfach, ba Rúisigh iad 60 % den phobal: níor áirigh ach 24 % de mhuintir na Crimé iad féin mar Úcráinigh agus ba Thartaraigh iad 10 % eile.

An Ostair agus an Rúis (c.1800); teangacha na hÚcráine

     Cad is féidir a dhéanamh agus cúrsaí mar atá siad faoi láthair? In ainneoin na ndeacrachtaí uile, sílim go bhfuil creatlach an réitigh atá riachtanach soiléir go leor:
  1. Ba chóir do na Meiriceánaigh aire a thabhairt dá ngnóthaí féin. (Samhlaigh an raic a thógfaí dá mbeadh an Rúis ag cur a ladair i bpolaitíocht Mheicsiceo nó Cheanada.)
  2. Ba chóir do chumhachtaí móra an AE a rá leis na Polannaigh is na Liotuánaigh go bhfuil dóthain dochair déanta acu agus cluas bhodhar a thabhairt dóibh aon uair a bheidh an cheist seo faoi chaibidil feasta.
  3. Ba chóir an Úcráin a aithint mar stát a bheidh neodrach go buan, ar aon dul leis an Eilvéis.
  4. Ba chóir stát feidearálach a dhéanamh as an Úcráin agus saoirse leathan a thabhairt do na réigiúin éagsúla—go hairithe i gcúrsaí cultúir agus teanga. Níor mhiste eiseamláir na hEilvéise a leanúint sa chomhthéacs seo chomh maith.
  5. Ba chóir dhá reifreann a eagrú, faoi scáth na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE), chun stádas na Crimé agus chathair Sevastopol’ a shocrú.
  6. Ba chóir don AE gníomhú i gcomhar leis an Aontas Eacnamaíoch Eoráiseach chun trádáil a éascú idir an dá bhloc, sa chaoi go mbeadh an Úcráin in ann breathnú siar agus soir ag an am céanna.
An dtarlóidh sé sin? Nílim dóchasach, agus tá tuairim agam gurb í an chéad chéim thuas an ceann is deacra díobh ar fad.

07/03/2012

Séarlas Mór

I mí Dheireadh Fómhair seo caite tharla i bPáras mé don chéad uair le cúpla bliain anuas. D’fhilleas abhaile le lasta leabhar agus físeán - a bhformhór acu bainteach leis an stair ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ina measc bhí an tríú imleabhar de chuimhní cinn Charles de Gaulle, imleabhar dar teideal Le salut: 1944-1946, agus dhá scannán faoin bhfear céanna a deineadh don bhealach teilifíse France 2. Ní hé an 20ú céad an tréimhse is mó a bhfuil suim agam inti – dix-huitièmiste go smior is ea mé – ach tá suim ar leith agam i saol agus i bpearsantacht le grand Charles le fada.

De Gaulle i gcló agus i bhfíor


      Ba é an rud a mhúscail an tsuim sin ionam ná an chéad imleabhar dá chuimhní cinn, L’appel 1940-42, leabhar a léas tuairim is fiche bliain ó shin – chím gur sa bhliain 1989 a clóbhuaileadh an chóip atá agam. Ba dheacair d’úrscéalaí eachtra a bheadh chomh corraitheach le scéal de Gaulle a chumadh. Oifigeach airm ba ea é a thuig an tábhacht a bhainfeadh le tancanna sa chéad chogadh eile agus scríobh sé leabhar dar teideal Vers l’armée de métier (‘I dtreo airm ghairmiúil’) ar an ábhar sa bhliain 1935, leabhar nár tharraing mórán airde sa bhFrainc ach a léadh go cúramach lastoir den Réin. Cúig bliana dár gcionn, d’úsáid an Wehrmacht na taicticí a bhí molta ag de Gaulle chun línte cosanta na bhFrancach a réabadh. Fuair de Gaulle post sóisearach i rialtas Paul Reynaud ag an nóiméad deireanach nuair a bhí na Gearmánaigh ag druidim le Páras. Ba léir do chách go raibh ‘cath na Fraince’ caillte um an dtaca sin, ach bhí de Gaulle ar an mbeagán a thuig nárbh ionann cath na Fraince a chailliúint agus an cogadh a chailliúint. Mhol sé go n-aistreofaí an rialtas go dtí an Ailgéir; go gcúlódh an cabhlach, a raibh fágtha den aerfhórsa, is an méid den arm a d’fhéadfaí a shábháil, go dtí an Afraic thuaidh nó go Sasana; agus – thar aon rud eile – go leanfaí leis an troid. Ba léir dó go gcuirfeadh na Sasanaigh a gcosa i dtaca, nach fada a mhairfeadh an tsíocháin mhínádúrtha idir an Naitseachas agus an Cumannachas, agus go dtarraingeofaí na Stáit Aontaithe isteach sa chogadh luath nó mall. Dearcadh eile ar fad a bhí ag formhór na bpolaiteoirí agus na gceannairí míleata: ní raibh sa Dara Cogadh Domhanda, dar leosan, ach an cogadh ba dhéanaí i sraith cogaí a fearadh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin le trí ghlúin anuas. Chaill an Fhrainc an chéad chogadh sa tsraith, bhuaigh sí an dara ceann, agus anois bhí an tríú ceann caillte aici. Ba mhillteanach an buille é, gan amhras, ach chaithfí glacadh leis an saol mar a bhí. Thiocfadh an Fhrainc chuici féin in athuair mar a dhein sí tar éis bhriseadh na bliana 1871; i gceann glúine nó dhó eile, cá bhfios nach mbeadh an bua aici sa cheathrú cogadh den tsraith? Iarradh sos cogaidh agus bhronn an Assemblée nationale cumhacht iomlán ar an Marascal Philippe Pétain, laoch mór an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

      Ach Charles de Gaulle, leas-aire cosanta le coicís agus ginearál dhá réalta nach raibh iomrá ar bith air i measc an phobail, dhiúltaigh sé glacadh le breith an mhóraimh. Thug sé a chúl le rialtas bunaithe a thíre – rialtas a d’aithin tíortha an domhain (Éire is na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach is an Vatacáin ina measc) – agus thug sé a aghaidh ar Shasana. Ní raibh ina theannta ach a aide de camp, an Leifteanant Geoffroy de Courcel, amhail Don Quijote agus Sancho Panza na nua-aoise. Seo mar a scríobh de Gaulle faoin am sin:
je m’apparaissais à moi-même, seul et démuni de tout, comme un homme au bord d’un océan qu’il prétendrait franchir à la nage. (L’Appel, 86) 
[chonacthas dom féin go rabhas i m’aonar agus fágtha gan taca, mar a bheadh duine ar imeall aigéin agus é ag iarraidh snámh trasna.]
Ba bheag uchtach a tugadh dó nuair a chuaigh sé i gcomhairle leis na Francaigh mór le rá a bhí i Londain roimhe. Jean Monnet, éarlamh na nEorpach, chuir sé i gcoinne an rúin a bhí ag an nGinearál údarás polaitiúil agus fórsa míleata Francach a chruthú chun leanúint ar aghaidh leis an gcogadh:
« Vous avez tort ! m’écrivait M. Jean Monnet, de constituer une organisation qui pourrait apparaître sous la protection de l’Angleterre ... » (L'Appel, 104) 
[‘Is botún duit é’, a scríobh an tUasal Jean Monnet chugam, ‘eagraíocht a bhunú a mbeidh an chuma uirthi go bhfuil sí faoi choimirce Shasana ...’]
Níor chuir lagmhisneach a gcomhthíreach isteach ná amach ar an nGinearál agus chraol an BBC a ghairm scoile, an 18 Meitheamh 1940, craoladh inar impigh sé ar na Francaigh a bhí ag iarraidh leanúint leis an troid dul i dteagmháil leis. Thosaigh daoine ag cloí leis an France Combattante, mar a ghlaofaí ar an ngluaiseacht, ina nduine agus ina nduine ar dtús, ansin ina mbaicle agus ina mbaicle. Dhá mhí dár gcionn, thiontaigh an chéad mhír d’impireacht na Fraince a cóta nuair a thug na húdaráis choilíneacha i Sead a ndílseacht do ghluaiseacht de Gaulle seachas do rialtas an Mharascail Pétain. Faoin 18 Meitheamh 1942, nuair a labhair an Ginearál ag slógadh dá lucht leanúna san Albert Hall i Londain, bhí 70,000 fear ag troid i bhfórsaí armtha na Fraince Saoire. Bhí dhá rannán armúrtha ina measc, agus bhí ceann de na rannáin sin tar éis meanma na bhFrancach ar fud na cruinne a ardú trí chath a bhriseadh ar Afrikakorps na Gearmáine ag Bir-Hakeim. Labhair de Gaulle leis an slua a bhí bailithe san Albert Hall agus lena chomhthírigh sa bhaile a bhí ag éisteacht lena óráid ar an raidió:
Je constate, qu’en dépit de tout, la France Combattante émerge de l’océan. « Quand, à Bir-Hakeim, un rayon de sa gloire renaissante est venu caresser le front sanglant de ses soldats, le monde a reconnu la France ... » (L’Appel, 321-2) 
[D’áitíos go raibh, in ainneoin gach rud, la France Combattante ag teacht as an aigéan. ‘Ag Bir-Hakeim, nuair a dhealraigh gath dá glóir athbheoite ar éadan fuilteach a saighdiúirí, d’aithin an saol an Fhrainc ...’]
Dhá bhliain ní ba luaithe, ba ridire buile é a bhí tógtha le seifteanna mire, ach faoi lár na bliana 1942 bhí meas speisialta tuillte ag de Gaulle, an meas sin a thugtar ar an bhfáidh a chuir i gcoinne chiall na coitiantachta ach ar léirigh imeacht na haimsire gur aige a bhí an ceart ón tús.

      Léas an dara imleabhar de chuimhní cinn an Ghinearáil, L’unité 1942-1944, tamall gairid tar éis dom an chéad imleabhar a chríochnú. Níor imigh sé i gcion orm ar an mbealach céanna áfach: ní ag snámh in aghaidh easa a bhí an t-údar sna blianta 1943-4, ar ndóigh, ach ag seoladh roimhe le cóir ghaoithe a bhí ag dul i dtreis an t-am ar fad – rud a d’fhág nach raibh an eachtraíocht rómánsúil chéanna ag baint lena chuntas. Sin an fáth gur shleamhnaigh fiche bliain eile thart sular chríochnaíos an tríú imleabhar dá chuimhní cinn an tseachtain seo caite. Ní fhéadfainn a rá go bhfuil Le salut: 1944-1946 chomh spreagúil leis an gcéad imleabhar sa tsraith, ach tá ábhar tábhachtach ann don té ar mhaith leis polaitíocht na hEorpa sa ré iar-chogaidh a thuiscint. I mí na Samhna sa bhliain 1944 thug Winston Churchill, príomh-aire na Breataine, cuairt oifigiúil ar Pháras don chéad uair ó saoradh an chathair agus d’impigh de Gaulle air comhghuaillíocht bhuan a shnaidhmeadh leis an bhFrainc:
« Vous le voyez, la France se reprend. Mais, quelle que soit ma foi en elle, je sais qu’elle ne retrouvera pas de sitôt sa puissance d’autrefois. Vous, Anglais, de votre côté, terminerez cette guerre couverts de gloire. Cependant, dans quelle mesure – si injuste que cela soit – votre situation relative risque-t-elle d’être diminuée, étant donné vos pertes et vos dépenses, les forces centrifuges qui travaillent le Commonwealth et, surtout, l’ascension de l’Amérique et de la Russie, en attendant celle de la Chine ! Voilà donc que, pour affronter un monde tout nouveau, nos deux anciens pays se trouvent affaiblis simultanément. S’ils demeurent, en outre, séparés, pour combien comptera chacun d’eux ? » (La salut, 77-8) 
[‘Mar a chíonn tú, tá an Fhrainc ag téarnamh. Ach dá mhéad mo mhuinín aisti, tuigim nach bhfaighidh sí an chumhacht a bhíodh aici ar ais go luath. Sibhse, na Sasanaigh, beidh sibh clúdaithe le glóir ag deireadh an chogaidh seo. Ach fós féin – cé nár cheart é b’fhéidir – tá baol ann go mbeidh laghdú áirithe ar bhur stádas, i bhfianaise a bhfuil caillte agus caite agaibh, i bhfianaise na bhfórsaí scarúnaíocha atá gníomhach sa Chomhlathas agus, thar aon rud eile, i bhfianaise teacht chun cinn Mheiriceá agus na Rúise, agus an tSín fós le teacht! Dá bharr sin, agus iad ag dul i ngleic le domhan atá go hiomlán nua, tá ár dhá dtír seanda lagaithe ag an am céanna. Má fhanann siad scartha, anuas air sin, cén tionchar a bheidh ag ceachtar acu?’]
Níorbh ionann an dearcadh a bhí ag Churchill, áfach. Buadh ar an bhFrainc in 1940, in éineacht leis an Ísiltír agus an Bheilg; buadh ar an Iodáil in 1943; buadh ar an nGearmáin in 1945. Ach níor buadh ar an mBreatain riamh, rud a d’fhág gur chreid Churchill gur chumhacht mhór í go fóill. Thairis sin, bhí seift eile aige a bhí níos tarraingtí ná comhghuaillíocht leis an bhFrainc – ‘caidreamh speisialta’ a bhunú lena chomh-Angla-Shacsanaigh. Seo mar a mhínigh sé an scéal don Ghinearál:
« J’ai noué avec Roosevelt des relations personnelles étroites. Avec lui, je procède par suggestion afin de diriger les choses dans le sens voulu. » (Le salut, 79) 
[‘Tá caidreamh pearsanta an-dlúth agam ar Roosevelt. Ina chás-san, tugaim leideanna dó chun cúrsaí a stiúradh sa dtreo a theastaíonn.’]
Bheadh ar na Francaigh teacht ar bheartas eile dá mba mhian leo suíochán a choinneáil i measc na gcumhachtaí móra, agus mhínigh de Gaulle an straitéis sin go gonta ina leabhar:
Amener à se grouper, aux points de vue politique, économique, stratégique, les États qui touchent au Rhin, aux Alpes, aux Pyrénées. Faire de cette organisation l’une des trois puissances planétaires et, si’il le faut un jour, l’arbitre entre les deux camps soviétique et anglo-saxon. (Le salut, 258) 
[Na stáit a bhaineann leis an Réin, leis na hAlpa, leis na Piréiní a stiúradh agus a chomhdhlúthú ó thaobh na polaitíochta, na heacnamaíochta agus na straitéise de. Ceann de na trí chumhacht dhomhanda a dhéanamh den eagras seo a bheidh – más gá é lá éigin – ina réiteoir idir an dá champa, na Sóivéadaigh agus na hAngla-Shacsanaigh.]
Sin é an síol ónar fhás an tAontas Eorpach. Is minic a chloistear bolscairí an Aontais ag maíomh gurb í an ghluaiseacht i dtreo aontais pholaitiúil a chuir deireadh leis an gcogaíocht in iarthar na mór-roinne ó 1945 i leith. Níl aon dealramh leis an maíomh sin. Ní leomhfadh an Fhrainc, an Ghearmáin, ná stát ar bith eile san Eoraip an pax Americano-Sovietica a bunaíodh sa bhliain 1945 a bhriseadh – ná níor theastaigh uathu é sin a dhéanamh ach an oiread. Thuig ceannairí na dtíortha go léir ar buadh orthu sna blianta idir 1940 agus 1945 nárbh acmhainn dóibh iad féin a iompar mar chumhachtaí móra a thuilleadh gan cur le chéile.

De Gaulle (Bernard Farcy) agus a bhean in Éirinn


      Cheannaíos dhá fhíseán nuair a bhíos i bPáras chomh maith. Is é Le grand Charles an ceann is sine (2006), is faide (207 nóiméad), agus is tathagaí. Bernard Farcy atá i bpáirt an Ghinearáil agus tá an aisteoireacht go maith ó thús deireadh. Ag tús an scannáin, chímid de Gaulle agus a bhean Yvonne ag spaisteoireacht ar an tráigh ag Doire Fhionnáin, tar éis dó éirí as an uachtaránacht sa bhliain 1969. Ina dhiaidh sin, léirítear na heachtraí ba thábhachtaí a bhain dó i rith an chogaidh, ach is ar na blianta idir 1946 agus 1958 nuair a bhí sé as cumhacht (‘la traversée du désert’ nó ‘an turas trasna an fhásaigh’ mar a thugtar ar an tréimhse) is ábhar don scannán seo i ndáiríre. Theip ar an Rassemblement du peuple français, gluaiseacht pholaitiúil a bhunaigh de Gaulle sna blianta sin, ach glaodh ar ais é nuair a bhí cogadh cathartha ar tí briseadh amach de bharr ghéarchéim na hAilgéire. Ceann díoróin na staire is ea é gur chinn polaiteoirí na Fraince cumhacht iomlán a bhronnadh ar an nGinearál de Gaulle nuair a chlis ar an 4ú poblacht, go díreach mar a bhronnadar cumhacht iomlán ar an Marascal Pétain nuair a chlis ar an 3ú poblacht ocht mbliana déag roimhe sin.

Celui qui a dit « non ! »


      Níl an dara físeán, L’appel du 18 juin, chomh domhain, chomh mionchúiseach ná chomh cruinn leis an gcéad cheann, ach tá sé i bhfad níos eachtrúla. Scannán 90 nóiméad is ea é a deineadh in 2010 agus atá dírithe ar an dá lá déag idir an 6 Meitheamh 1940 nuair a ceapadh de Gaulle ina leas-aire cosanta, agus an 18 Meitheamh nuair a chraol an BBC a ghairm scoile. Michel Vuillermoz atá sa phríomhpháirt an babhta seo agus tá sé ar fheabhas. Go deimhin, tá an aisteoireacht agus an script go maith tríd is tríd, ach cuirtear fíricí na staire as a riocht uaireanta ar mhaithe leis an drámatacht: níor ionsaigh an Luftwaffe an t-eitleán inar eitil de Gaulle go Londain, mar shampla, ná ní raibh Churchill i láthair nuair a dhein de Gaulle an craoladh cinniúnach. Thairis sin, caithfear a rá nach bhfuil an dearadh saor ó locht.

Folcadh à la française


Tá de Gaulle á fholcadh féin sa radharc thuas – in óstán i Londain mar dhea. Ach tá ball áirithe troscáin le feiscint nach bhfacthas a leithéid i seomra folctha Angla-Shacsanach riamh! Sa radharc thíos, tá de Gaulle tar éis dul ar bhord eitleáin de chuid an Royal Air Force le dul go Sasana – ach féach an suaitheantas dearg faoin bhfuinneog ar thaobh an eitleáin: ní féidir a shéanadh gur suaitheantas Angla-Shacsanach atá i gceist an uair seo, ach ní fhágann sé sin gur suaitheantas Briotanach é ...

De Gaulle parmi les Anglo-Saxons


Ach in ainneoin na mbotún deartha seo, is fiú súil a chaitheamh ar L’appel du 18 juin toisc gur léiriú éifeachtach é ar an teannas agus ar an mearbhall, ar an éadóchas agus ar an gcrógacht, a bhain le titim na Fraince.

      Má chaith Charles de Gaulle an 18 Meitheamh 1940 i Londain, is i mBaile Átha Cliath a chaith sé an lá céanna sa bhliain 1969. Bhí sé ar tí Éire a fhágáil tar éis dó mí a chaitheamh ar saoire i gCiarraí agus i nGaillimh, ach chaith sé cúpla lá cois Life ag deireadh a thurais ar chuireadh an uachtaráin, Éamon de Valera. Ag cruinniú a bhí aige le baill den rialtas, fiafraíodh de cén chomhairle a bheadh aige do mhuintir na hÉireann. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an bhfreagra a thug sé:
« Vous avez votre indépendance politique. Il faut que vous obteniez votre indépendance économique et intellectuelle. » 
[‘Tá bhur neamhspleáchas polaitiúil agaibh. Caithfidh sibh bhur neamhspleáchas eacnamaíoch agus intleachtúil a fháil.’]
Tá scríobh na staire ar cheann de na réimsí ina bhfuil gá leis an neamhspleáchas intleachta sin.