Affichage des articles dont le libellé est Cogadh na Seacht mBliain. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Cogadh na Seacht mBliain. Afficher tous les articles

03/10/2014

Alba: calma no stuama?

Cha bhi iad a’ fàgail slàn leis an Rìoghachd Aonaichte airson greis fhathast

Thagraíos anseo cheana don drogall a bhíonn ar Éireannaigh – ar Ghaeilgeoirí go háirithe – aon cheann a thógaint den éagsúlacht mhór idir cultúr na tíre seo agus cultúr na hAlban. Leagtar ró-bhéim ar fad ar na cosúlachtaí atá idir an Ghaeilge agus an Ghàidhlig, idir an iomáint agus an chamanachd, idir poirt agus ríleanna, agus – is ea – idir whiskey agus whisky. Áitítear go minic gur tíortha Ceilteacha iad an dá thír agus, mar is eol do chách, is beag idir gealtachas agus Ceilteachas. An bhfuilim ag dul thar fóir? Táim is dócha, ach taitníonn an t-imeartas focal liom: ba chruinne a rá gur beag atá idir maoithneachas agus Ceilteachas. Aon duine a dhéanfadh staidéar oibiachtúil ar startha an dá thír, ní fhéadfadh sé gan suntas a thabhairt do na difríochtaí móra eatarthu.


Lucht an neamhspleáchais os comhair theach na parlaiminte cúpla lá tar éis an reifrinn
     Ceann de na difríochtaí ar mithid aird a tharraingt air, i bhfianaise thoradh an reifrinn a bhí ann an mhí seo caite, an áit lárnach atá ag an mBreatain i litríocht na Gàidhlig le cúpla céad bliain anuas. Tabharfaidh mé roinnt samplaí ón aois is mó a bhfuil cur amach agam uirthi, mar atá an 18ú céad. Bheifí ag súil, b’fhéidir, leis an mbéim a chuir filí a bhí dílis do rítheaghlach Hannover ar an mBreatain. Seo mar a moladh saighdiúirí an Fhreiceadain Dhuibh in amhrán a cumadh nuair a aistríodh an reisimint sin ó Éirinn go Meiriceá ag tús Chogadh na Seacht mBliain:
Bithidh Breatuinn ’s Erinn ’s Eorp gu leir
geur amharc Ghaoidhl Albanach (1)
(Beidh an Bhreatain agus Éire agus an Eoraip go léir ag géar-amharc na nGael Albanach)
Nuair a d’éirigh le harm Briotanach a raibh an Freiceadan Dubh chun tosaigh ann longfort na bhFrancach ag Ticonderoga a ghabháil sa bhliain 1759, moladh an reisimint in amhrán eile a thug tús aite don Bhreatain:
Co fada mhaireas Breatanach,
bi’dh cliù orr ann a’n èachraidheachd
o lìnn gu lìnn le taitneachas,
a’ cuir ’an geill a ’n tapachais,
a’n Tiganderoga b’acuinneach (2)
(Chomh fada mhaireas Briotanach, beidh clú orthu sa stair, ó linn go linn le sult, cuirfear a laochas in iúl a bhí cumhachtach ag Ticonderoga.)
Agus seo línte as amhrán le Donnchadh Bàn Mac an t-Saoir inar mhol an file Seoirse III ar theacht i gcoróinn dó sa bhliain 1760:
Tital Bhreatuinn is na Frainge,
tha na banntan sin ’na phòca,
staoile Éireann, stéigh a’ Chreideimh,
g’a chumail creideasach an òrdugh. (3)
(Teidil na Breataine is na Fraince, tá na bannaí sin ina phóca, stíl na hÉireann, crann taca an chreidimh – á choinneáil creidiúnach is in ord.)
Tá seans, áfach, nach mbeifí ag súil leis an aitheantas a thug filí Seacaibíteacha don Bhreatain. Tar éis an tsaoil, bhí Séamas III, arbh é an rí dlisteanach é dar leis na ‘Seumasaich’, bhí sé ar deoraíocht sa bhFrainc nuair a achtaíodh an t-aontas le Sasana sa bhliain 1707. Cheapfá, mar sin, go mbeadh doicheall orthu roimh aontas a cheap an Bhanríon Anna agus gur bheag tagairt a dhéanfaí don Bhreatain ina gcuid dánta. Ach ina ionad sin, tugadh áit shuntasach don Bhreatain i litríocht Sheacaibíteach na hAlban. An file ‘Seamusach’ is cáiliúla ar fad, b’fhéidir, Alasdair mac Mhaighstir Alasdair, bhí sé sásta ‘rìgh Bhreatuinn is Eireann’ a thabhairt ar Shéamas III i ndán leis.(4) Iain Ruadh Stiùbhart, fear a bhí i gceannas ar reisimint in arm an phrionsa i rith éirí amach na bliana 1745, shíl sé go raibh Dia ag agairt a mídhílseachta ar mhuintir na Breataine trí chéile:
Is amhail bha Breatunn fo bhròn
o’n a thréig iad a’ chòir’s an Rìgh
ghabh flaitheas ruinn corruich ro-mhór,
Crom an donais! chaidh ’n seòrsa an diasg! (5)
(Is amhlaidh go raibh an Bhreatain faoi bhrón, ón uair a thréig siad an chóir is an rí; ghlac an Flaitheas fearg ró-mhór linn, Crom an donais! chuaigh an cine i ndísc!)
Sa bhliain 1782, nuair a thug rialtas na Breataine na heastáit choigistithe a baineadh de na taoisigh a bhí amuigh sa bhliain 1745 ar ais dá n-oidhrí, chum Uilliam Ros dán ina bhfuil báidh leis an dream a d’éirigh amach daichead bliain roimhe sin fite fuaite le dílseacht dá mhórgacht, Sheoirse III, rí Bhreatan agus Éireann:
Tostamaid suas gach ceann-finne,
bh’anns an iomairt mhòir ud.
Tostamaid suas luchd ga leanmhuinn,
gun dearmad air Deòrsa:
Sluagh Bhreatuinn agus Eirinn,
geilleachdainn da mhòrachd.
Ge bu duilich leinn an sgeul ud,
mac Righ Seumas fhògradh. (6)
(Ólaimis sláinte gach ceann fine a bhí ins an troid mhór úd, ólaimis sláinte an dream a lean iad, gan dearmad a dhéanamh ar Sheoirse; tá slua na Breataine agus na hÉireann géillsteanach dá mhórgacht. Cé gurbh oth linn an scéala úd – gur fógraíodh mac Rí Shéamais.)
Ní fhéadfadh an fhéiniúlacht a léirítear i litríocht Ghàidhlig an 18ú céad a bheith mórán níos éagsúla leis an bhféiniúlacht a léirítear i litríocht Ghaeilge na linne céanna. Aon duine ar mhaith leis níos mó a léamh ar an ábhar seo, molaim dó súil a chaitheamh ar alt liom dar teideal ‘The idea of Britain in eighteenth-century Ireland and Scotland’ san iris scolártha Studia Hibernica, imleabhar 33 (2004-5).

Thacaigh na hEileanan Siar leis an Aontas, más ar éigean é

     Nílim ag áiteamh, ar ndóigh, go raibh tionchar ag litríocht an 18ú céad ar thoradh an reifrinn a bhí ann le déanaí, ach táim ag áiteamh nár chóir d’aon duine tuiscintí Éireannacha a thabhairt chuig stair, chuig cultúr, ná chuig polaitíocht na hAlban. Go deimhin, déarfainn go bhfuil an laghad suime a chuireann an ghluaiseacht náisiúnaíoch thall i gcúrsaí cultúir ar cheann de na héagsúlachtaí is tábhachtaí idir an dá thír. D’fhoilsigh Dàna, iris idirlín i nGàidhlig, alt spéisiúil a scrúdaigh na himpleachtaí a bheadh ann don teanga dá mbeadh Albain neamhspleách agus ní léir dom go ndéanfadh sé difear mór. Mar a scríobh údar an ailt:
Uaireannan, tha beagan de nàire air nàiseantaich a thaobh cultar na Gàidhealtachd, agus tha iad buailteach a sheachnadh mar faoineas ‘romansach.’
(Uaireanta, bíonn beagán náire ar náisiúnaithe i dtaobh chultúr na Gaeltachta, agus bíonn siad ag iarraidh é a sheachaint mar amaidí ‘rómánsach’.)
Ceisteanna eacnamaíocha agus sóisialta a bhí chun tosaigh i rith an fheachtais: an mbeadh an tseirbhís sláinte i gcontúirt dá bhfanfadh Albain sa Ríocht Aontaithe, an mbeadh sé ar chumas rialtais neamhspleáigh níos mó fostaíochta a chothú, an bhféadfaí na Tóraithe a dhíothú ar fad dá mbeadh stát neamhspleách ann?

Bhí súil ghéar ar an sparán i rith fheachtas an reifrinn

     Ní ceisteanna iadsan a bhaineann leis an stair agus ní phléifear anseo iad, ach caithfidh mé an méid seo a rá: cé nár chuir toradh an reifrinn ionadh ar bith orm, bhí an vóta ar son neamhspleáchais níos airde ná mar a bhí tuartha agam. Cheapas (agus dúras é seo le roinnt daoine roimh ré) gur údar sásaimh do na náisiúnaithe a bheadh ann dá vótálfadh níos mó ná daichead faoin gcéad ar son neamhspleáchais. Is é an t-aon seans amháin a bhí acu buachan, dar liom, dá mbeadh sciar mór den dream a bhí ar son an aontais chomh muiníneach sin as an toradh go bhfanfaidís sa bhaile. Cuireadh an caolseans sin go tóin poill nuair a foilsíodh pobalbhreith seachtain roimh an reifreann a thaispeáin go raibh lucht tacaíochta an neamhspleáchais imithe chun tosaigh don chéad uair. Chuir an phobalbhreith sin sceoin, ní ar bhunaíocht pholaitiúil Londan amháin, ach ar Albanaigh a raibh amhras orthu i dtaobh an neamhspleáchais chomh maith.

     Níor chóir go gcuirfeadh an toradh lagmhisneach ar náisiúnaithe. Tá cuimhne agam ar reifreann na bliana 1979 nuair a bhí comhthionól díláraithe á thairiscint: cé go raibh 52 % de na daoine a chaith vóta ar son an chomhthionóil, ní raibh sa mhéid sin ach 33 % de na vótóirí cláraithe agus bhí sé riachtanach go dtacódh 40 % díobhsan leis an tionól de réir na rialacha a bhí leagtha síos ag rialtas na Breataine. Bhí an-díomá ar náisiúnaithe na hAlban an tráth úd ach, le cabhair na hiarthuisceana, is dóigh liom gur maitheas seachas a mhalairt a dhein an teip dóibh sa deireadh. Dá mbeadh an bua acu in 1979, ní bheadh mórán idir an dá thaobh – rud a bhainfeadh de stádas an fheidhmeannais úir. Ina ionad sin, chaith muintir na hAlban ocht mbliana déag ag caoineadh na deise a cailleadh; nuair a glaodh reifreann eile ar an gceist sa bhliain 1997, caitheadh 74 % de na vótaí i bhfabhar parlaiminte a raibh níos mó cumhachtaí aici ná an comhthionól a beartaíodh i dtús báire. D’fhág an móramh mór sin go raibh bonn i bhfad níos daingne faoin rialtas nua: ní raibh aon amhras i dtaobh a dhlisteanachta agus b’éigean do na húdaráis in Whitehall seasamh siar agus scaoileadh leis. Dá mbeadh farasbarr beag vótaí ann ar son an neamhspleáchais an mhí seo caite, bheadh bonn an-ghuagach faoin stát neamhspleách agus ba dheacair d’fhoireann Alex Salmond téarmaí maithe a fháil ó Londain ná ón mBruiséal. Sílim go dteastódh vóta de 55 % ar son an neamhspleáchais sula nglacfadh an saol mór leis go raibh cosa na Ríochta Aontaithe nite i ndáiríre; agus dá mbeadh 60 % ar son an neamhspleáchais bheadh an stát nua ag seoladh roimhe le cóir ghaoithe.

Dhá thoradh as suirbhé a foilsíodh ar The Guardian

     Foilsíodh suirbhé suimiúil cúpla lá tar éis an reifrinn a léiríonn na bealaí inar vótáil na haoisghrúpaí éagsúla: léiríonn na torthaí gurbh iad na daoine a bhfuil 55 bliain slánaithe acu a shábháil an t-aontas le Sasana. Le heisceacht amháin (an dream atá idir 18 agus 24 bliain d’aois), bhí gach aoisghrúpa eile ar son an neamhspleáchais. Thugas suntas do thoradh eile: nuair a fiafraíodh de na daoine a vótáil i gcoinne an neamhspleáchais cén chúis is mó a bhí acu lena rogha, d’fhreagair duine as beirt go bhféadfadh an neamhspleáchas dochar a dhéanamh don gheilleagar. Fuair an imní bua ar an dóchas i gcás na ndaoine seo, ach d’fhéadfadh na náisiúnaithe iad a mhealladh amach anseo. Duine as gach ceathrar a vótáil i gcoinne neamhspleáchais, dúradar go raibh siad ag súil le cumhachtaí breise a fháil do rialtas na hAlban de bharr an reifrinn. Sílim go bhfuil an dream seo leath-mheallta ag na náisiúnaithe cheana féin. Agus – rud a chuir ionadh orm – ní dúirt ach duine as ceathrar gur vótáladar i gcoinne neamhspleáchas na hAlban le teann dílseachta don Ríocht Aontaithe. Shíleas go mbeadh an chúis sin chun tosaigh ar gach cúis eile agus go luafadh beirt as triúr den dream a bhí i gcoinne neamhspleáchais í. Tugann toradh an tsuirbhé le fios go bhfuil an fhéiniúlacht Bhriotanach creimthe go mór le cúpla glúin anuas: de réir mar a tháinig deireadh leis an impireacht, de réir mar a laghdaigh tábhacht an Phrotastúnachais, de réir mar a chlis na tionscail throma innealtóireachta, de réir mar a d’éirigh Aontas na hEorpa níos tábhachtaí, tháinig meath ar fhéiniúlacht Bhriotanach na nAlbanach.

     Seo mar a labhair Tom Devine, duine de na staraithe is mó le rá in Albain, tamall gairid roimh an reifreann:
The union of England and Scotland was not a marriage based on love. It was a marriage of convenience. It was pragmatic. From the 1750s down to the 1980s there was stability in the relationship. Now, all the primary foundations of that stability have gone or been massively diluted.
Tá an t-agallamh a cuireadh air le léamh anseo agus is fiú súil a chaitheamh air. Ag scríobh dó arís tar éis an reifrinn, nocht Devine an tuairim seo a leanas:
.. the much more likely possibility is another referendum in the next few years, which will probably result in a landslide ‘Yes’ victory, thus ending the Union for ever.
Ní críonna an beart é do staraí fáistine a dhéanamh! Ach tá an méid seo cinnte: go bhfuil roth na staire ag casadh leis i gcónaí.



Tagairtí:
1. Eoin Gillies, Sean Dàin agus Orain Ghaidhealach (Peart, 1786), p. 117.
2. Coinneach MacCoinnich, Orain Ghaidhealaich agus Bearla (Dún Éideann, 1792), 12.
3. George Calder, Orain Ghaidhealach le Donnchadh Macantsaoir (Dún Éideann, 1912), 256.
4. Donald Mackinnon, ‘Unpublished poems by Alexander MacDonald’ in Celtic Review, 5 (1908-9), 127.
5. John Lorne Campbell, Highland Songs of the Forty-Five (Dún Éideann, 1984), 188.
6. John Mackenzie, Sar-Obair nam Bard Gaelach: or, the Beauties of Gaelic Poetry (Dún Éideann, 1872), 313.


18/07/2014

Réabhlóid na faisnéise?

An ann do réabhlóid na faisnéise?

Cloistear mórán cainte faoi ‘réabhlóid na faisnéise’ ar na saolta seo agus bíonn fonn orm uaireanta a cheapadh nach bhfuil sa nathán ach coincheap a chruthaigh na comhlachtaí móra teicneolaíochta – leithéidí Google, IBM, Microsoft agus Apple – chun poiblíocht shaor a fháil dóibh féin. Ach bhí taighde ar siúl agam le déanaí a chuir ar mo shúile dom cé chomh mór agus a d’athraigh soláthar na faisnéise le cúpla bliain anuas.

     Mar chuid den leabhar atá á scríobh agam faoi láthair, theastaigh uaim a léiriú go raibh mioneolas ag an bpobal in Éirinn ar chogaí na hEorpa i rith an 18ú céad. Chuige sin, scrúdaíos roinnt amhrán polaitiúil a cumadh san aois sin le féachaint an raibh na tagairtí iontu cruinn nó a mhalairt. Seo ceann de na samplaí a bhí agam – is véarsa é as amhrán a chum Éadbhard de Nógla (c.1710-c.1792), táilliúir a raibh cónaí air i gcathair Chorcaí, nuair a bhí Cogadh na Seacht mBliain (1756-63) ag tosnú:
Tá Galissonière ina chliath ar lánmhuir—
      mo shíogaí taoisigh tábhachtach beo,
is Mac Conmara ’na sciath de thriathaibh Dhál gCais,
      is ní díth linn Byng mar atá fá bhrón;
an chathair gur rianadh ’s a cliabh gur bearnadh,
gur smachtadh go dian an gliaire Blácaigh,
      is fearrde mé go bráth anois ’s is fíorchaoin fáilteach
      dom Chraoibhín Aoibhinn Álainn Óg.
D’aithníos beirt atá luaite sa véarsa thuas ar an toirt. Thuigeas go maith gurbh é an Prionsa Séarlas an ‘Craoibhín Aoibhinn Álainn Óg’; bhí a fhios agam, leis, gurbh aimiréal i gcabhlach na Breataine é John Byng (1704-57). Cuireadh cúirt mhíleata ar Byng agus daoradh chun báis é nuair a bhuaigh na Francaigh air i gcath mara a troideadh amach ó chósta Menorca. Chinntigh an méid a scríobh Voltaire i dtaobh an cháis san úrsceál leis dar teideal Candide go mairfeadh cuimhne ar an eachtra go ceann i bhfad: ‘il est bon de tuer de temps en temps un amiral pour encourager les autres’ (‘is fiú aimiréal a mharú ó am go chéile chun an chuid eile acu a spreagadh’). Bhí tagairtí eile sa véarsa mínithe ag na scoláirí maithe a chuir eagráin den amhrán i gcló: mar atá, ag Risteárd Ó Foghludha in Mil na hÉigse (Baile Átha Cliath, 1945) agus ag Úna Nic Éinrí in Canfar an Dán (An Daingean, 2003). Tuigeadh dom, más ea, gurbh é an Leifteanant-Ghinearál William Blakeney (c.1672-1761), ceannasaí an gharastúin ar Menorca, an ‘Blácach’ a bhfuil tagairt dó sa séú líne. Ach cérbh iad ‘Galissonière’ agus ‘Mac Conmara’? Bhí Úna Nic Éinrí den tuairim gur thagairt don Marquis de La Galaizière (1697-1783), seansailéir Lorraine, a bhí sa chéad líne, cé gur chreid Ó Foghludha gur cheannasaí cabhlaigh de chuid na Fraince an té a bhí i gceist. Shíl Ó Foghludha chomh maith gurbh é Claude Mac Conmara, oifigeach i gcabhlach na Fraince, an té a luaitear i líne a trí agus ní raibh an dara tuairim ag Úna Nic Éinrí. D’éirigh liom an dá fhadhb a réiteach gan mórán stró: bhí an Marquis de la Galissonière (1693-1756) ina cheannasaí ar chabhlach na Fraince sa Mheánmhuir agus ba eisean a chloígh an tAimiréal Byng sa chath a troideadh i mí na Bealtaine 1756; bhí an Leas-aimiréal Jean-Baptiste Mac Nemara (c.1688-1756) – fear arbh Éireannach é a athair – i gceannas ar an gcabhlach ag Brest na Briotáine. Ba chóir a rá, áfach, go raibh deartháir leis darbh ainm Claude Mathieu Mac Nemara (c.1693-1774) ina chaptaen i gcabhlach na Fraince chomh maith.

Foinsí na n-amhrán

     Scríobh Aindrias Mac Craith (c.1709-c.1794), máistir scoile agus duine d’fhilí na Máighe, amhrán eile ar an gcogadh an bhliain dár gcionn. Seo véarsa amháin as:
Tá Ferdinand fann is an Francach taobh ris,
      is Hanraí traochta ag Daun, dar ndóigh;
tá scaipeadh ar na hamhais, cá ngabhaid ní léir dhom,
      is Prussia dealbh ar ndáil don ghleo;
tá Saunders gan bhail is a chuallacht réabtha,
is Rodney i gcúil gan chúnamh ó éinne,
tá Cumberland dubhach is a ghúta á chéasadh
      is ‘hold thief’ déanta de Hawke ó ló.
Cuireadh an t-amhrán seo in eagar faoi dhó: ag Risteárd Ó Foghludha in Éigse na Máighe (Baile Átha Cliath, 1952) agus ag Máire Comer Bruen is Dáithí Ó hÓgáin in An Mangaire Súgach (Baile Átha Cliath, 1996). Níor thuigeas cérbh iad ‘Ferdinand’ ná ‘Hanraí’ in aon chor; bhí tuairim agam gur mharascal de chuid na hOstaire é Daun; agus thuigeas gurbh aimiréil de chuid na Breataine iad Saunders, Rodney is Hawke, cé nach raibh tuairim dá laghad agam cad a bhí déanta acu chun aird an fhile a tharraingt orthu. Ba léir dom gurbh é búistéir Chùil-Lodair, an Duke of Cumberland (1721-65), an té a bhfuil tagairt dó i líne a seacht. Shíl na heagarthóirí go léir gurbh é Ferdinand VI, rí na Spáinne, an ‘Ferdinand’ atá luaite sa chéad líne – ach níor aontaíos féin leis an tuairim sin toisc go raibh na Spáinnigh ag troid ar an ‘taobh cheart’ mar ba dhual dóibh san 18ú céad (is é sin le rá, i gcoinne na Sasanach). Shíl na heagarthóirí chomh maith gur leasainm ar Friedrich II na Prúise – ‘der Alte Fritz’ – an ‘Hanraí’ atá luaite sa dara líne, cé nár chuireadar aon fhianaise i láthair a thacódh lena dtuairim. Bhraitheas nach raibh aon dealramh leis an teoiric seo. Agus i gcás amhrán an Mhangaire chomh maith, d’éirigh liom na deacrachtaí go léir a bhain leis an téacs a réiteach. Is amhlaidh gur ceapadh Ferdinand von Braunschweig-Wolfenbüttel (1721-92) ina cheannasaí ar arm Hannover nuair a bhris na Francaigh cath ar an té a bhí sa chúram sin roimhe – .i. an Duke of Cumberland – ag Hastenbeck i mí Iúil na bliana 1757. Bhris an Marascal Leopold Joseph von Daun (1705-66) cath ar Friedrich II ag Kolín sa Bhóiheim i mí an Mheithimh 1757, rud a chuir iallach ar dheartháir an rí, an Prionsa Heinrich (1726–1802) – nó ‘Hanraí’ más fearr leat – éirí as an léigear a bhí curtha aige ar chathair Phrág. I mí Aibreáin 1757, theip ar an Aimiréal Charles Saunders (c.1715-75), a bhí i gceannas ar chabhlach na Breataine sa Mheánmhuir, cosc as chur ar loingeas de chuid na Fraince a sheol trí chaolas Ghiobráltar. I mí Mheán Fómhair na bliana céanna, bhí an tAimiréal Edward Hawke (1705–81) i gceannas ar fhórsa a dhein iarracht Rochefort, calafort atá suite gar do chathair La Rochelle, a ghabháil. Bhí an tAimiréal George Brydges Rodney (1718-92) i láthair chomh maith ach theip go tubaisteach ar an iarracht: chosain an t-ionsaí ar Rochefort tuairim is milliún punt in airgead na linne sin ar státchiste na Breataine agus is ar éigean a chuir sé isteach ar na Francaigh. Henry Fox, polaiteoir mór-le-rá a bhí sa bhfreasúra ag an am, dhein sé cáineadh géar ar an gcomhaireacht: dar le Fox, is ag caitheamh boinn óir le fuinneoga a bhí na hairí (‘breaking windows with guineas’).

Roinnt de na háiteanna inar dheineas taighde i gcaitheamh na mblianta

     Nuair a bhí an taighde go léir déanta agam, bhí gach tagairt sna hamhráin a bhí doiléir nó dothuigthe ag an tús mínithe – chun mo shástachta féin cibé ar bith.  An amhlaidh go bhfuilim níos éirimiúla, níos léannta nó níos treallúsaí ná na scoláirí a chaith sealanna ag streachailt leis na téacsaí seo romham? Nílim go deimhin, ná baol air. Ach d’éirigh liomsa agus theip orthusan. Thairis sin, d’éirigh liom gach fadhb sna téacsaí a bhí faoi chaibidil agam a fhuascailt gan chorraí ó mo dheasc sa bhaile. Bhí sé ar mo chumas é sin a dhéanamh toisc go bhfuil an t-idirlíon níos cumhachtaí anois ná mar a bhí sé riamh cheana. Níor ghá dom an baile a fhágaint chun na tuairiscí comhaimseartha a foilsíodh i nuachtáin agus in irisí na linne sa Bhreatain, sa bhFrainc, agus i dtíortha eile nach iad a léamh – agus é sin go hiomlán saor in aisce. Ba leor na cuntais a foilsíodh sa London Gazette, san Annual Register, sa Gazette de France, sa Mercure de France, sa Gazette de Berne, a cheadú chun na ceisteanna a bhí agam a fhreagairt. Níos minice ná a mhalairt, níor ghá dom na tuairiscí a léamh ó thús go deireadh mar dhein an ríomhaire na foilseacháin a chuardach dom. Deich mbliana ó shin, bheadh orm cuairt a thabhairt ar Londain, ar Pháras, nó ar an dá áit chun teacht ar na foinsí príomha atá le fáil agam ar scáileán mo ríomhaire sa bhaile anois. Caithfidh mé a admháil gur bhaineas sult as na cuairteanna taighde a thugas ar phríomhchathracha na sean-impireachtaí nuair a bhí tráchtais ollscoile idir lámha agam fadó, ach is fearr liom go mór an tsaoráid agus an ghastacht a bhaineann le ‘information superhighway’ an lae inniu.

Mar a mbím ag déanamh taighde na laethanta seo

     Ar eagla nach gcreidfí mé, nó ar eagla go léifeadh aon duine é seo ar mhaith leis tuairisceoireacht an 18ú céad a bhlaiseadh, seo iad na foinsí is mó a bhí in úsáid agam le déanaí:
Google Books Liosta de na leabhair go léir atá le fáil ar Google agus iad rangaithe de réir dáta.
Le gazetier universel Príomhnuachtáin na Fraincise – agus ba í an Fhraincis lingua franca na hEorpa san 18ú céad.
London Gazette Iris oifigiúil rialtas na Breataine – agus bhíodh tuairisci nuachta inti san 18ú céad.
The Annual Register Bliainiris thábhachtach a raibh Edmund Burke ina eagarthóir uirthi.
Gallica Ollchnuasach leabhar, irisí agus nuachtán atá curtha ar fáil ag leabharlann náisiúnta na Fraince.
An cóir ‘réabhlóid faisnéise’ a thabhairt ar an dul chun cinn seo?  Is cóir, leoga.