Affichage des articles dont le libellé est Drochshaol. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Drochshaol. Afficher tous les articles

21/11/2016

Ealaín stairiúil na hÉireann

Tá taispeántas dar teideal Creating history: stories of art in Ireland ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann faoi láthair. Níl aon táille ar dhul isteach agus leanfaidh sé go dtí an 15 Eanáir. Is é atá sa taispeántas cúig phictiúr is caoga ina léirítear eachtraí éagsúla as stair na hÉireann, idir eachtraí tábhachtacha agus eachtraí fánacha. Cé go bhféadfaí teideal dátheangach a chur ar an taispeántas agus lipéid Ghaeilge a chrochadh taobh leis na cinn Bhéarla gan mórán stró, níor chuir foireann an Ghailearaí Náisiúnta an dua sin orthu féin ar mhaithe leis an sciar den phobal arbh í an Ghaeilge a rogha teanga. Chuir an chúinge chultúir seo leis an gcoimhthíos a bhraitheas nuair a thugas cuairt ar an taispeántas le déanaí, ach bhí cúis níos bunúsaí leis an mothú—cúis a bhain le hábhar seachas le cur i láthair an taispeántais.

Catalóg an taispeántais agus an Gailearaí Náisiúnta

     Ní hé go rabhas iontach tógtha leis an gcur i láthair. Ba chiallmhar an beart é na pictiúir a thaispeáint in ord ama, bíodh sé sin de réir na dtéamaí stairiúla atá léirithe iontu nó de réir na dtréimhsí inar péinteáladh iad. Ós rud é gur staraí mé, níl leisce orm a rá go mbainfinn níos mó sásaimh as an gcéad rogha, cé go réiteodh an dara ceann níos fearr leosan ar mó an tsuim atá acu san ealaín ná sa stair. Ina ionad sin, áfach, is amhlaidh go bhfuil na pictiúir eagraithe i gcúig rannóg a bhfuil teidil theibí orthu: mar atá, ‘fianaise’ (testimony), ‘caismirt’ (conflict), ‘comhthionól’ (assembly), ‘fáthchiall’ (allegory) agus ‘caointeoireacht’ (lamentation). Is fíor go mbaineann na pictiúir go léir sa dara rannóg leis an gcogaíocht ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, ach tá téamaí na rannóg eile doiléir go leor. Mar shampla, tá pictiúir le Kathleen Fox agus le Henry Lamb ar Éirí Amach 1916 agus ar an gCéad Chogadh Domhanda faoi seach curtha isteach sa rannóg a bhfuil ‘fianaise’ uirthi; tá pictiúr le Sir John Lavery d’easpag ag coisreacan meirge de chuid arm an tSaorstáit curtha isteach faoin teideal ‘fáthchiall’, cé go bhfuil cuma réalaíoch ar an íomhá féin, dar liom; agus tá pictiúr de Shéamas II agus é ag fágáil na hÉireann tar éis Chath na Bóinne a dhein Andrew Carrick Gow le fáil sa rannóg dar teideal ‘caointeoireacht’. Mar an gcéanna, cé go bhfuil pictiúir de chruinnithe éagsúla curtha le chéile sa rannóg a bhfuil ‘comhthionól’ uirthi—an pictiúr cáiliúil a dhein Francis Wheatley de Henry Grattan agus é ag cur de sa seantigh i bhFaiche an Choláiste ina measc—tá dhá phictiúr de Theach na dTiarnaí in Westminster a phéinteáil Sir John Lavery sa rannóg dar teideal ‘fianaise’. Má tá loighic ag baint leis an rangú a deineadh ar na pictiúir, ní léir domsa é. Tá éidreoir agus easpa leanúnachais dá réir ar an taispeántas: níor tháinig sé le chéile domsa agus bhraitheas nach raibh ann ach cnuasach pictiúr a bhí scaipthe, go randamach nach mór, trí chúig sheomra. Thairis sin, chuir sé as dom nár deineadh dealú soiléir idir na saothair ar léaráidí iad de radharc a chonaic an t-ealaíontóir lena shúile féin, agus saothair eile nach raibh de bhunús leo ach samhlaíocht an ealaíontóra. B’fhéidir nach bhfuil an t-idirdhealú sin tábhachtach san ealaín ach is idirdhealú bunúsach é don staraí: más féidir glacadh le pictiúir ón gcéad aicme mar fhianaise don stair, ní thugann pictiúir den dara aicme eolas ar bith dúinn i dtaobh na n-ábhar atá léirithe iontu—cé go bhféadfaidís léargas a thabhairt dúinn ar mheon na linne inar cruthaíodh iad.

Pictiúir ón taispeántas: Pádraig Naofa, Grattan, Cluain Tarbh, an Bhóinn, Seoirse IV

     Mar a scríobhas thuas, chuir an taispeántas coimhthíos orm. Is áirithe go bhfuil léargas ar stair na hÉireann le fáil ann, ach is léargas é atá éagsúil ar fad le tuiscint na nGael ar stair na tíre. Ní gá gur drochrud é sin, ar ndóigh, ach caithfear ceann a thógáil dó. Nuair a scrúdaíos an dearcadh a bhí ag an gcoitiantacht ar an stair sa leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí, dheineas amach go raibh sé théama lárnach sa leagan den stairsheanchas a raibh glacadh leis i measc lucht labhartha na Gaeilge:
Naomh Pádraig agus an ré órga a lean bunú na Críostaíochta nuair a thuill ‘oileán na naomh’ cáil ar fud na hEorpa; ionradh na Lochlannach, ansmacht Thurgéisius, agus laochas Bhriain Bhóramha a thug a anam chun an tír a fhuascailt; mígheanmnaíocht Dhiarmaid ‘na nGall’, an feall a d’imir sé ar an tír, agus ionradh tubaisteach na Sasanach; mígheanmnaíocht Anraí VIII agus Eilís I agus an scrios a rinneadh ar an eaglais Chaitliceach agus ar Éirinn i rith an Reifirméisin; an troid chalma a rinne na Gaeil faoi cheannas Eoghain Rua Uí Néill ar son a gcreidimh, a rí agus a dtíre, agus an t-ár a rinne Oliver Cromwell tar éis bhás Eoghain Rua; an troid chalma a rinne na hÉireannaigh faoi cheannas Phádraig Sháirséal ar son a gcreidimh, a rí agus a dtíre, agus an t-ansmacht úr a bhí mar thoradh ar bhua Uilliam Oráiste.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 166.
Má chuirimid na téamaí thuas i gcomórtas leis na pictiúir atá ar taispeáint in ‘Creating history: stories of art in Ireland’, chífimid go bhfuil bearnaí suntasacha sa taispeántas. Tá dhá phictiúr de Phádraig istigh: ‘Rí Chaisil á bhaisteadh ag Pádraig Naofa’ le James Barry (c.1801) agus ‘Pádraig Naofa ag dreapadh Cruach Phádraig’ le Margaret Clarke (1932). Bheifí ag súil leis seo ós rud é gur ghlac an eaglais bhunaithe le cultas an éarlaimh náisiúnta. Mar an gcéanna, tá pictiúr dar teideal ‘Cath Chluain Tairbh’ le Samuel Watson (1844) sa taispeántas: níor bhain mórán conspóide riamh le heachtraí stairiúla a thit amach roimh an mbliain 1169. Maidir le teacht na nGall, tá an pictiúr cáiliúil le Daniel Maclise dar teideal ‘Pósadh Aoife le Strongbow’ (1854) istigh, ní nach ionadh ós rud é gur cuid de chnuasach an Ghailearaí Náisiúnta é. Ach is pictiúr é seo a mhórann caithréim na n-ionróirí; go deimhin, bhí sé i gceist i dtús báire é a chrochadh sa pharlaimint in Westminster mar theastaigh ó na feisirí an foirgneamh a mhaisiú le pictiúir a thaispeánfadh ‘the acquisition of the countries, colonies and important places constituting the British Empire’. Níor glacadh le hiarracht Maclise sa deireadh thiar: thiocfadh dó go raibh an iomarca corpán le feiscint ann, rud a chruthaigh ‘a painful and actually unpleasant impression ... which the remainder of the picture is unable to overcome’ dar le criticeoir ealaíne an Morning Chronicle, nuachtán Sasanach a thacaigh le páirtí Liobrálach na linne. Níl aon cheo sa taispéantas ar an Reifirméisin ná ar dhíscaoileadh na mainistreacha; níl radharc ar cheachtar den dá Aodh; agus má tá pictiúir de Chath Chionn tSáile a dhein ealaíontóir neamhaithnid sa 17ú céad istigh, níl ann ach léaráid den bhua a rug an Tiarna Mountjoy ar na Gaeil. Níl tásc ná tuairisc ar chogadh na Comhdhála, ar Eoghan Rua, ná ar an Lord Protector sa taispeántas ach an oiread. Agus maidir le Cogadh an Dá Rí, tá pictiúr dí-ainm ón 17ú céad d’Uilliam III ag teacht i dtír i gCarraig Fhearghusa agus ‘Cath na Bóinne’ le Jan Wyck (1693) ó chnuasach an Ghailearaí Náisiúnta istigh, mar aon leis an bpictiúr de ‘chúlú straitéiseach’ Shéamais II le Gow (1888) a luadh cheana. Ná bígí ag súil le spléachadh ar an Sáirséalach ná ar léigear Luimnigh nó beidh díomá oraibh! Insint na fírinne, anuas go dtí an 19ú céad is é dearcadh na nGall amháin a bhí le fáil sa phéintéireacht a deineadh ar Éirinn—ní bheadh sé ceart ‘péintéireacht na hÉireann’ a scríobh mar is ealaíontóirí ón gcoigríoch a dhein cuid mhór di: is cosúil nár leag Wyck ná Gow cos in Éirinn riamh, mar shampla, agus níor chaith Wheatley ach ceithre bliana dá shaol sa tír seo.

Leathnú na healaíne sa 19ú céad: Ó Conaill, dhá dhíshealbhú, Rockites, dúchan na bprátaí
     Is fíor gur tháinig athrú ar chúrsaí de réir a chéile ach ba mhall an próiseas é: ón dara ceathrú den 19ú céad amach ba léir go raibh ealaíontóirí gairmiúla ag tabhairt níos mó airde ar théamaí a bhain leis an bpobal dúchasach. Mar shampla, léiríodh an fhaicseanaíocht, an bhabhláil, an damhsa tuaithe, díshealbhú tionontaí, agus dúchan na bprátaí i saothar Daniel Macdonald (1820-53). Timpeall an ama chéanna, thaispeáin Daniel Maclise na Rockites, ceann de rúnchumainn na linne, i bpictiúr dá chuid; phéinteáíl Joseph Haverty (1794-1864) an dream a labhair ag ceann de na hollchruinnithe a d’eagraigh Ó Conaill; agus phéinteáil Robert George Kelly (1822-1910) pictiúr eile de theaghlach a bhí curtha as a dtigh. Ach má leathnaigh dearcadh na n-ealaíontóirí agus réimse na n-ábhar a roghnaíodar, ba threise i gcónaí an bhéim a cuireadh a théamaí impiriúla. Seo mar a scríobh Brendan Rooney in aiste leis atá i gcló i gcatalóg an taispeántais:
Nineteenth-century artists’ occasional forays into nationalist territory were invariably counterbalanced or outnumbered on exhibition by conventional canvasses bolstering the political and military status quo, and endorsing union with Britain. Subjects drawn from specifically English and Scottish history adorned Irish exhibition walls as well ... Normans, Plantagenet monarchs, Roundheads and Scottish Covenanters all provided Irish artists with a bountiful supply of dramatic subject matter.
Breandan Rooney (eag.), Creating History: Stories of Ireland in Art (Baile Átha Cliath, 2016), 12-13.
Níl sé deacair an claonadh seo a mhíniú: ‘an té a íocfas an píobaire, is é a ghlaofas an port’ mar adeir an seanfhocal. Nó, lena rá i bhfocail eile, ‘an té a cheannós pictiúr, is é a roghnós ábhar an phictiúir’.

Leabhair faoi ealaín na hÉireann a gcuirfidh an staraí suim iontu

     Ní fhéadfaí bheith ag súil lena mhalairt i gcás téama ar bith a raibh impleachtaí polaitiúla ag baint leis—rud a bhí fíor i gcás mórán eachtraí stairiúla ón mbliain 1169 i leith. Ach is beag aird a thug ealaíontóirí ar ghné ar bith de shaol an phobail roimh an 19ú céad. Bhí taispeántas eile a bhain le cúrsaí staire ar siúl sa Ghailearaí Náisiúnta deich mbliana is an tráth seo: A time and a place: two centuries of Irish social life an teideal a bhí air: thaitin sé go mór liom—ó thaobh na haeistéitice agus ó thaobh na staire de—agus cuireadh catalóg galánta amach is fiú a cheannach. Tá caibidlí ann ar ghnéithe éasgúla de shaol an phobail: ceol agus damhsa; spórt; creideamh; caitheamh aimsire; aonaigh, margaí agus féilte; agus tuilleadh nach iad. Ach dá fheabhas é taispeántas na bliana 2006, bhí tréimhse chúng staire faoi chaibidil ann: ní raibh ach dhá chéad bliain i gceist. Ní fhéadfaí dul siar níos faide ná sin mar níorbh fhiú le healaíontóirí an 18ú céad a gcuid ama a chur amú ag péinteáil an daoscair dhaonna nárbh acmhainn dóibh portráidí ola a choimisiúnú. Cuireadh an fhíric sin ar mo shúile dom níos luaithe i mbliana nuair a d’iar Cló Ollscoile Chorcaí orm léaráid a aimsiú a d’oirfeadh do chlúdach leabhair liom atá le foilsiú go luath. The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland is teideal don leabhar, agus theip scun scan orm teacht ar phictiúr daite den choitiantacht i gceantar tuaithe a péinteáladh le linn an 18ú céad. Ar ámharaí an tsaoil, tagann insint an leabhair anuas chomh fada leis an mbliain 1844, rud a lig dom mionghné de pictiúr a dhein Maria Spilsbury Taylor (1776-1820) timpeall na bliana 1816 a úsáid—le caoinchead ó Chnuasach Bhéaloideas Éireann mar a bhfuil an pictiúr de phátrún Chaoimhín i nGleann Dá Loch ar caomhnú anois.

Clúdach an leabhair agus an pictiúr ar baineadh an léaráid as

     Is seanrá é ag an bpointe seo gurb é an friotal seachas an fhíor, an dréacht seachas an dealbh, an chluas seachas an tsúil, atá lárnach i gcultúr na hÉireann. Ní mise an duine a déarfaidh a mhalairt.

19/02/2014

Mo ghinealach, cuid II

Nuair a bhí mo shinsir ar thaobh m’athar faoi chaibidil agam anseo i mí Dheireadh Fómhair seo caite, gheallas go ndéanfainn trácht ar an taobh eile den chraobh uair éigin sa bhliain úr. Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht níos luaithe ná mar a bhí beartaithe agam.

Mo sheanathair i ndaonáireamh na bliana 1911

      Is ar fheirm bheag i mbaile fearainn na Coille Bige i bparóiste Thuama i mbarúntacht Dhún Mór i gcontae na Gaillimhe a rugadh mo mháthair. Bhain mo sheanathair, Éamonn Ó Conghaile, agus mo sheanmháthair, Mairéad Ní Fhlatharta, leis an gcomharsanacht chéanna. Go deimhin, anuas go dtí lár an 19ú céad bhí sráidbhaile ar a dtugtaí ‘Baile na bhFlathartach’ suite ar an láthair. Tréigeadh an baile úd de réir mar a d’fhás an eisimirce sna blianta tar éis an Drochshaoil agus faoi thús an chéid seo caite ní raibh ach teach amháin fágtha a raibh teaghlach ag cur fúthu ann – an teach inar tógadh mo mháthair. Ach bhí roinnt de na seantithe eile in úsáid mar chróite nó mar sciobóil; chonac féin roinnt acu nuair a bhíos i mo pháiste agus dúirt mo mháthair liom go raibh fothraigh de thithe eile fós le feiscint nuair a bhí sise óg ach gur baineadh as a chéile iad de réir mar a bhí clocha ag teastáil chun claíocha a dheisiú.

Mo sheanmháthair i ndaonaireamh na bliana 1911

      Mhair cuimhne ar an Drochshaoil i dteaghlach mo mháthar. Tomás Ó Conghaile, seanathair mo mháthar, rugadh é chomh luath leis an mbliain 1837 agus bhí sé fásta go leor i rith an ghorta mhóir (1847-49) chun cuimhne mhaith a bheith aige ar cheann de na tréimhsí ba thubaistí riamh i stair na hÉireann. Chuala mo mháthair scéalta sa bhaile faoi na déircigh ocracha a chuaigh ó thig go tigh ag iarraidh bia nach raibh le fáil, agus faoi na marbháin neamhaithnide a fuarthas i ndíoga ar thaobh na mbóithre. Chualas na scéalta céanna uaithi nuair a thosnaíos ag foghlaim faoin Drochshaol ar scoil. Is minic a mhaíonn lucht an tseanchais nach raibh an gorta leath chomh dian ina gceantair féin agus a bhí i mbólaí eile. Is amhlaidh atá sna cuntais a chualas ó mo mháthair: na truáin a fuair bás den ocras thart faoin gCoill Bheag, is aduaidh ó chontae Mhaigh Eo a tháinig siad, más fíor. Ach tugann mapa a foilsíodh san Atlas of the Great Irish Famine (féach thíos) le fios go raibh cúrsaí dona go leor i bparóiste Thuama chomh maith, mar thit daonra an pharóiste idir 30 agus 35 faoin gcéad in imeacht deich mbliana – cé go gcaithfear a admháil go raibh an titim níos airde ná 45 faoin gcéad i bparóistí eile. Murar chuir an gorta tús leis an imirce i gceantar Thuama is cinnte gur chuir sé dlús léi, agus d’fhág an imirce lorg nár bheag ar theaghlach mo mháthar.

Titim an daonra sna blianta 1841-51 agus sráidbhaile a tréigeadh

      Ainmneacha Gaelacha a thugas ar mo shinsir thuas. Dheineas amhlaidh toisc go raibh Gaeilge ó dhúchas acu go léir. Breac-Ghaeltacht ba ea achréidh na Gaillimhe i dtús an chéid seo caite: is é sin le rá, bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag an dream a bhí meán-aosta nó níos sine, ach Béarla amháin a bhí ag an dream óg. Éamonn Ó Conghaile nó ‘Edward Connolly’ – mo sheanathair – bhí sé 30 bliain d’aois nuair a comhaireadh é le haghaidh dhaonáireamh na bliana 1911 agus bhí an dá theanga ar a thoil aige; ach bhí mac deirféar agus iníon deirféar leis ag stopadh sa tigh oíche an daonáirimh nach raibh Gaeilge acu. Sé bliana déag d’aois a bhí Michael Fahy, an páiste ba shine den bheirt, rud a thugann le fios gur timpeall na bliana 1890 a tharla an t-athrú teanga sa teaghlach sin. Mhair an Ghaeilge níos faide i dteaghlach mo sheanmháthar, de réir dealraimh, mar bhí an dá theanga ag Katie Shaughnessy, neacht léi a bhí seacht mbliana d’aois in 1911. Deir mo mháthair liom go raibh sé de nós ag a tuismitheoirí Gaeilge a labhairt eatarthu féin ach gur Béarla amháin a labhraídís leis an gclann – b’shin an teanga a sheasfadh dóibh cibé áit ar domhan a rachaidís.

Mo sheanathair agus fógraí ar son Chlann na Talmhan

      ‘Hitler’ a ghlaoití ar mo sheanathair sna 1930í. Ní hé go raibh ardmheas aige ar sheansailéir na linne sa Ghearmáin, ná go raibh sé ag beartú ‘spás maireachtála’ a ghnóthú dá chlann ar ghabháltais na gcomharsan, ach gur síleadh an-chosúlacht a bheith idir a chroiméal agus croiméilín an Führer. Fuair sé bás sa bhliain 1947, tamall maith sular saolaíodh mise, ach tá na pictiúir de atá feicthe agam ag teacht leis an míniú seo ar a leasainm. Bíodh sin mar atá, tá a fhios agam go gcuireadh sé suim ar leith i gcúrsaí polaitíochta agus ritheann sé liom go mb’fhéidir go raibh baint ag an leasainm aduain leis an gclaonadh chun óráidíochta a bhí aige. Ní leis an eite dheis a bhí a luí, áfach, ach le Clann na Talmhan, páirtí a bunaíodh sa bhliain 1938 chun leas na bhfeirmeoirí beaga in iarthar na hÉireann a dhéanamh. D’éirigh leis an bpáirtí deich suíochán a bhuachan in olltoghchán na bliana 1943: i measc na dteachtaí nua a toghadh bhí Michael Donnellan, ceannaire an pháirtí agus fear a bhí mór le mo sheanathair, a chríochnaigh ag barr an chomhairimh i ndáilcheantar Ghaillimh Thoir.

      Níor éag mo sheanmháthair go dtí an bhliain 1961; dúradh liom go rabhas ina baclainn aici cúpla uair ach bhíos chomh hóg san nach bhfuil aon chuimhne agam uirthi. Naonúr clainne a saolaíodh do mo sheanmháthair, cé nár mhair ach seachtar den ál. Fuair Tom, an mac ba shine, an fheirm; tá col ceathrair liom á saothrú i gcónaí. D’oibrigh an iníon ba shine a mhair, Aileen, i siopa Clerys i mBaile Átha Cliath; phós sí Ciarraíoch agus thógadar clann mhór i gCill Orglan. Ba í Norah an tríú duine a mhair agus fillfidh mé ar a scéalsa ar ball. Chuaigh an chéad duine eile, Kitty, go Sasana bliain nó dhó roimh an Dara Cogadh Domhanda; fuair sí oiliúint ann mar bhanaltra agus d’oibrigh sí in ospidéal i Londain i rith an blitz. Phós sí Sasanach tar éis an chogaidh ach ní raibh aon chlann acu. Ba í mo mháthair, Chris, an cúigiú duine; dhein sí cúrsa rúnaíochta nuair a d’fhág sí an scoil agus d’oibrigh sí mar chléireach pá sular phós sí m’athair. Chuaigh Jack, an séú duine, ar imirce go Londain sna 1950í, tráth ar thit an tóin as geilleagar na hÉireann, ach bhog sé ar ais go dtí cathair na Gaillimhe nuair a chuaigh sé amach ar pinsean. An seachtú duine, Jim, ba shiúinéir é agus thóg sé clann i mBaile Átha Cliath. Níl aon rud as an ngnáth sa mhéid sin; go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur mhionsamhail de shochaí na hÉireann sa 20ú céad iad clann mo sheantuismitheoirí: chuir beirt fúthu faoin tuath, bhog beirt go Baile Átha Cliath, agus thug beirt eile aghaidh ar thír Sheáin Bhuí. Ach b’eisceacht í an seachtú duine ceart go leor.

M'aintín sna 1940í; póstaer ó ré Vichy; mo mháthair agus m'aintín ar Lá Caille 2014 (mise a thóg)

      Rugadh m’aintín, Norah Connolly, an 8 Samhain 1918 – cúpla lá sular chríochnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Chaith sí seal ag obair i siopa i mBaile Átha Cliath ach sa bhliain 1937 chuaigh sí isteach sna Soeurs de Saint Paul de Chartres, ord cráifeach Francach. Thaistil triúr ógbhan chun na Fraince ag an am céanna ach d’fhill beirt acu abhaile laistigh d’achar gearr; d’fhan m’aintín thall, áfach, agus oileadh í mar bhanaltra. Ón mbliain 1940 d’oibrigh sí in ospidéal Longjumeau, baile atá suite tuairim is 15 km ó dheas ó chathair Phárais. I measc na n-othar a tháinig faoina cúram i rith an chogaidh bhí saighdiúirí Gearmánacha. Bhíodh drogall uirthi i gcónaí labhairt ar na “années noires” – fág an easpa bídh agus an t-ocras a bhíodh uirthi de shíor as an áireamh – ach d’inis sí scéal faoi Ghearmánach áirithe, píolóta sa Luftwaffe, a gheall go dtabharfadh sé síob ar ais go hÉirinn di dá mbeadh sí sásta éalú ina theannta. Ag spochadh as an mbean rialta a bhí mo dhuine, is dócha, ach is ait an scéal é go raibh aintín amháin liom ag cur cóir leighis ar mhuintir Londan a bhí á mbuamáil ag an Luftwaffe a fhad is a bhí baill den fhórsa céanna faoi chúram a deirféar laisteas de Mhuir nIocht! Bhí an Fhrainc á buamáil chomh maith, ar ndóigh: i mí Aibreáin na bliana 1944, mar shampla, maraíodh beagnach ceithre chéad sibhialtach nuair a d’ionsaigh an Royal Air Force an clós iarnróid ag Juvisy-sur-Orge, tuairim is 5 km ó Longjumeau. Caithfidh gur tógadh roinnt de na taismigh go dtí ospidéal Longjumeau. Ar chuir m’aintín cóir orthu? Níl a fhios agam, mar bhuail an eitinn í timpeall an ama chéanna. Aistríodh í go dtí sanatóir in aice le baile Chamonix san Haute-Savoie, gar do theorainneacha na hIodáile agus na hEilvéise. Is ann a bhí sí, ina hothar seachas ina banaltra, nuair a chríochnaigh an Dara Cogadh Domhanda. Ba ghairid ina dhiaidh sin go bhfuair a muintir an chéad litir uaithi le cúig bliana. Socraíodh gur chóir cuairt a thabhairt uirthi agus thit sé ar chrann mo mháthar an turas a dhéanamh. Post sealadach a bhí aici san Irish Hospitals' Sweepstake ag an am agus nuair a tháinig deireadh leis an obair sin in earrach na bliana 1946 thaistil sí chun na Fraince chun cúpla seachtain a chaitheamh i dteannta m’aintín a bhí ag téarnamh san aer úr ag bun Mont Blanc. Is iomaí uair a chualas mo mháthair ag trácht ar an turas sin – ar an scrios cogaidh a chonaic sí agus ar áilleacht na nAlp. D’fhan m’aintín sa bhFrainc go dtí an bhliain 1963 nuair a aistríodh í go dtí teach altranais a bhí oscailte ag a hord i Michigan na Stát Aontaithe. Faoi dheireadh thiar thall, sa bhliain 1985, d’fhill sí ar Éirinn nuair a bhunaigh an t-ord ionad cónaithe do sheandaoine sa Rath Garbh, i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ina bainisteoir ar an ionad sin go dtí an bhliain 2003 nuair a d’éirigh sí as a cuid cúraimí – go hoifigiúil cibé ar bith. Is ann a raibh cónaí uirthi nuair a d’éag sí gan choinne, an 3 Feabhra i mbliana, agus í chomh géarchúiseach is a bhí sí riamh i rith a saoil.

      Mar a mhíníos nuair a bhí mo shinsir ar thaobh m’athar faoi chaibidil agam, ní fear mór ginealais mé. Ach ní fhéadfainn cuntas a scríobh ar mo chraobh gan mórán téamaí staire a tharraingt anuas: an Drochshaol, meath na tionsclaíochta sa 19ú céad, cogadh na talún, cúlú na Gaeilge, cogadh na saoirse, bunú an tSaorstáit, an pholaitíocht sa stáit nua, an Fhrainc faoi réimeas Vichy, géarchéim eacnamaíoch na gcaogaidí, etc. Ar fhág an cúlra pearsanta sin lorg ar mo dhearcadh, ar an saghas staire a scríobhaim, ar na téamaí a roghnaím, ar na breitheanna a thugaim? Bheadh sé saonta a cheapadh nár fhág: baineann gné shuibiachtúil le saothar gach staraí agus nílim chun ligint orm féin gur eisceacht mise.


07/10/2012

Dea-stair ar an Drochshaol

An tOllamh William Smyth agus dhá leabhar leis
‘Is fada an t-achar seachtain sa pholaitíocht’ dar le Harold Wilson. Más ea, is fada an t-achar mí nuair atá stair na hÉireann i gceist. Nuair a bhíos ag scríobh anseo an mhí seo caite d’áitíos gurbh é Old World Colony: Cork and South Munster1630-1830 le David Dickson an sampla is fearr den histoire totale a scríobhadh in Éirinn. Dá gcuirfí ceist orm an dara sampla is fearr den saghas céanna staire a ainmniú mí ó shin, sílim go roghnóinn Map-making, Landscapes and Memory: A Geography of Colonial and Early Modern Ireland c.1530-1750 le William J. Smyth, ollamh le tíreolaíocht i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is é atá ann, staidéar ar an gcoilíniú in Éirinn. I bhfocail an údair:
Ireland, in the period 1530-1750, deepens its European engagement, becomes an integral part of the European-controlled Atlantic world, yet – uniquely amongst western European countries – becomes a colonized rather than a colonizing country.      Map-making, Landscapes and Memory, 345.
Mar a bheifí ag súil leis, thug Smyth tús áite do na gnéithe de phróiseas an choilínithe a bhaineann leis an tíreolaíocht – mapáil, aistriú daonra, lonnaíochtaí, athroinnt na talún, atheagar na sochaí, athruithe sa timpeallacht agus sa talmhaíocht, etc. Ach ní raibh sé dall ar thorthaí an choilíneachais i réimsí eile den saol agus thug sé suntas d’athruithe a bhain leis an gcultúr, leis an gcreideamh agus leis an bpolaitíocht. Seo sliocht as an gcéad chaibidil:
Embedded in the landscape and people’s localities are placenames, Christian names, family names, and a host of other intangibles such as musical and sporting styles. These can be mapped and analysed. Particularly relevant here is the geography of the transformation of first and second names, which reveals deeply incised and highly divergent surfaces of cultural change, accommodation and resistance in seventeenth- and eighteenth-century Ireland. In addition, Irish language sources – sadly neglected by Irish geographers – need to be explored and examined, whether in the form of the annals, the genealogies or the poetry, so as to provide some insight into how the submerged Irish-speaking community responded to the pressures of the new political and colonial order.      Map-making, Landscapes and Memory, 18.
      Tá saothar Smyth á lua agam anois toisc go bhfuil a ainm le léamh ar chlúdach imleabhair thoirtiúil eile a tháinig ar an margadh le mí anuas – imleabhar arb é an sampla is fearr anois é den histoire totale i gcomhthéacs na hÉireann. Ní monagraf le húdar amháin atá i gceist an babhta seo, áfach, ach cnuasach aistí ina bhfuil dréachtaí le breis agus caoga údar. Ina measc tá staraithe (leithéidí David Dickson – ní nach ionadh, Peter Gray, Christine Kinealy, Kerby Miller agus Joe Lee), tíreolaithe (David Nally, Kevin Hourihan, John Crowley, William Nolan agus Piaras Mac Éinrí i measc mórán eile), scoláirí Gaeilge (Neil Buttimer agus Máiréad Nic Craith), bitheolaí (John Feehan), seandálaí (Liz Thomas), eacnamaí (Cormac Ó Gráda), scoláire Fraincise (Grace Neville), béaloideasóir (Cathal Póirtéir) agus scoláire Béarla (Chris Morash) – gan trácht ar údair eile nach léir dom cén cúlra atá acu.

Rianta na n-iomairí i mBaile Uí Ghrífín, Co. Chiarraí
      Is é an leabhar atá i gceist agam an Atlas of the Great Irish Famine atá curtha in eagar ag John Crowley, William J. Smyth agus Mike Murphy. ‘Atlas’ a thugtar ar an saothar, agus is fíor go bhfuil neart mapaí ardchaighdeáin ann a chuireann go mór lena luach agus lena slacht, ach tá an scagadh ar an ábhar chomh hilghnéitheach agus chomh huileghabhálach sin gurbh fhearr a doirfeadh an focal ‘encyclopedia’ sa teideal, dar liom. Tá níos mó ná seacht gcéad leathanach móra ann atá maisithe le mapaí agus le léaráidí lándaite agus is deacair a thuiscint conas is féidir le Cló Ollscoile Chorcaí an t-imleabhar a dhíol ar €59 agus brabús a dhéanamh.

Cearta an tiarna talún á gcur i bhfeidhm



      Is fianaise breise é an Atlas of the Great Irish Famine go bhfuil teorainneacha na staire sa tír seo á leathnú i gcónaí, ach tá tuairim agam nach comhtharlúint ghlan é gur triúr tíreolaithe seachas triúr staraithe a chuir an cnuasach seo in eagar: níl drochthionchar an Institute of Historical Research ídithe go fóill agus bíonn drogall dá réir ar staraithe glacadh le cur chuige idirdhisciplíneach den saghas atá léirithe sa leabhar seo. Tá níos mó na cion eagarthóra déanta ag William Smyth agus tá trí chaibidil déag óna pheann le fáil sa chnuasach. Bhaineas taitneamh agus tairbhe ar leith as dhá cheann acu: ‘The longue durée – imperial Britain and colonial Ireland’ agus ‘“Born astride of a grave”: the geography of the dead’. I measc na gcaibidlí le húdair eile ar thugas suntas dóibh bhí ceann a scríobh David Dickson ar ‘bhliain an áir’ - .i. an dara gorta ba mheasa riamh i stair na hÉireann a tharla sna blianta 1740-41, ceann le Neil Buttimer ar an Drochshaol i litríocht na Gaeilge, ceann le David Nally dar teideal ‘The colonial dimensions of the great Irish famine’, agus ceann le David Butler ar an uasaicme in aimsir an Drochshaoil. Chuir an t-údar deireanach seo tús lena aiste le ceann de na sleachta athfhriotail is suimiúla sa leabhar. Sliocht is ea é as óráid a thug Lord Broughman i dTeach na dTiarnaí, an 23 Márta 1846:
Undoubtedly it is the landlord’s right to do as he pleases, and if he abstained he conferred a favour and was doing an act of kindness. If, on the other hand, he chose to stand on his right, the tenants must be taught by the strong arm of the law that they had no power to oppose or resist ... property would be valueless and capital would no longer be invested in cultivation of the land if it were not acknowledged that it was the landlord’s undoubted and most sacred right to deal with his property as he wished.      Atlas of the Great Irish Famine, 265.
Is ea, leoga. Cuir ‘fostóir’ in áit ‘tiarna talún’, ‘oibrí’ in áit ‘tionónta’ agus ‘gnólacht’ in áit ‘saothrú na talún’ agus is féidir tuairimí den saghas céanna a chloisint go fóill. Bheadh na hathruithe sin sa bhfoclóir riachtanach, áfach: céad go leith bliain tar éis an Drochshaoil, tá drochbhlas fós ag muintir na hÉireann ar thiarnaí talún.

Slua dearóil ag geataí Theach na mBocht


      Chuireas suim sa chaibidil a scríobh Máiréad Nic Craith ar an tionchar a bhí ag an ngorta ar an nGaeilge. Ní thiocfainn go hiomlán lena tuairim, áfach, má thuigim i gceart í. Seo tús a haiste:
The Famine is often euphemistically called ‘The Great Silence’, thereby re-affirming the common perception that this event was primarily responsible for the decline of Irish in Ireland. While it is true that the catastrophe had a severe, irreversible impact on the speaking of Irish, it must also be recognised that that the language was already in decline by the time the potato blight occurred in 1845. As Seán de Fréine notes: ‘cinnte bhí tionchar ag an Ghorta ar an Ghaeilge. Ach ní féidir a mhaíomh ar an ábhar sin gurbh é bunchúis caillte na teanga é. Bíonn difríocht idir uirlis agus cúis. Maidir le cúlú na Gaeilge de, ní raibh sa Ghorta ach ceann de na huirlisí’.      Atlas of the Great Irish Famine, 580.
Níl focal bréige sa mhéid sin ach braithim go bhfuil na fíricí is tábhachtaí fágtha ar lár. Is fíor go raibh an Ghaeilge ag cúlú i bhfad roimh aimsir an Drochshaoil, ach ba mhall an cúlú é. Is cosúil gur thit líon na bpáistí a bhí á dtógáil le Gaeilge ó 65% nó mar sin ag tús an 18ú céad go dtí 50% nó mar sin ag tús an 19ú céad. Glacaim leis gur ghéaraigh an cúlú sa 19ú céad agus tá seans maith go raibh líon na bpáistí a bhí á dtógáil le Gaeilge faoi bhun 40% sular a thosaigh an gorta. Níl aon amhras ach go bhfaigheadh an Béarla an lámh in uachtar i dtuaisceart chúige Laighean agus i ndeisceart chúige Uladh gan chabhair ar bith ó dhúchan na bprátaí. Is dócha freisin go dtiocfadh an Béarla i dtreis in oirthear an dá chúige eile sa dara leath den 19ú céad. Thiocfadh dó go mbeadh líon na bpáistí ar Ghaeilgeoirí ó dhúchas iad chomh híseal le 25% faoi dheireadh an chéid, ach bheadh an Ghaeilge ina teanga phobail go fóill sa chuid is mó de Dhún na nGall, ar fud Mhaigh Eo agus na Gaillimhe, in iarthar an Chláir, ar fud Chiarraí, in iarthar Luimnigh, sa chuid is mó de Chorcaigh agus de Phort Láirge, i ndeisceart Thiobraid Árann agus (b’fhéidir) i gcuid mhaith de Chill Chainnigh ag tús ré na hathbheochana. Dá mbeadh an ceathrú cuid de pháistí na hÉireann fós á dtógáil le Gaeilge nuair a bunaíodh Conradh na Gaeilge, bheadh Gaeilge ó dhúchas ag an gceathrú cuid de mhuintir na hÉireann inniu. Thairis sin, murach an gorta bheadh daonra iomlán na tíre i bhfad níos airde ná mar atá sé faoi láthair. Níl sé thar fóir a rá go bhféadfadh dhá mhilliún déag ar fad, naoi milliún Béarlóirí agus trí mhilliún Gaeilgeoirí, a bheith in Éirinn inniu dá bhfanfadh Phytophthora infestans thall i Meiriceá – nó dá gcreidfeadh rialtas na Breataine gur ríocht aontaithe í an Ríocht Aontaithe.

      Tá locht amháin ar an saothar breá seo is cóir a lua: níl ach logainmneacha le fáil san innéacs. Tá caighdeán an leabhair chomh hard sin ar gach bealach eile gur deacair a thuiscint cén fáth nár cuireadh innéacs cuimsitheach leis. Bíodh sin mar atá, is saothar den scoth agus sladmhargadh é an Atlas of the Great Irish Famine.

AGUISÍN 1


Casadh William Nolan orm don chéad uair i mbliana nuair a sheol sé an leabhar is déanaí liom, Aodh Buí Mac Cruitín, ag Scoil Samhraidh Merriman i Lios Dúin Bhearna. Seoladh leabhar eile ag an ócáid chéanna: Thomas Dermody: Selected Writings, díolaim d’fhilíocht Thomas Dermody (1775-1802) a bhailigh Michael Griffin, léachtóir le Béarla in Ollscoil Luimnigh. Ós rud é go raibh dhá leabhar i dteangacha éagsúla le seoladh aige, b’éigean don Ollamh Smyth óráid dhátheangach a thabhairt ag an seoladh, rud a dhein sé go paiteanta.

An fearr é ná ‘Moneenagliggin’?


Bhí cúpla deoch agam leis an ollamh agus le Michael Griffin an oíche chéanna agus i measc na n-ábhar a phléamar bhí logainmneacha na hÉireann agus an bealach inar aistríodh iad ó Ghaeilge go Béarla – sílim gur thagair duine éigin don dráma Translations le Brian Friel, rud a tharraing an t-ábhar anuas. Mheabhraigh an comhrá dom go raibh logainm aisteach tugtha faoi deara agam an mhaidin sin agus mé ag tiomáint ó Ghaillimh go Lios Dúin. Ní raibh an
t-ollamh ná éinne eile a bhí i láthair in ann bunús an ainm a mhíniú agus níl a fhios agam go fóill cén fáth ar baisteadh ‘Boston’ ar Mhóinín na gCloigeann.

Má tá freagra na ceiste agat cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam, le do thoil, ag an seoladh atá luaite ag barr an leathanaigh seo. Foilseofar aon fhreagra a bhfuil cuma na dóchúlachta air anseo.

AGUISÍN 2 – 21 Deireadh Fómhair 2012


Dhírigh Aonghus Ó hAlmhain m’aird ar alt suimiúil a foilsíodh ar an Berliner Zeitung, an 17 Lúnasa 2005, inar míníodh gur féidir tiomáint ó Bheirlín go Boston laistigh duair a chloig. Is cosúil nár thuig Mary Harney an méid sin nuair a d’fhógair síGeographically we are closer to Berlin than Boston. Spiritually we are probably a lot closer to Boston than Berlin. (Ar eagla go gcuirfeadh úsáid seo an fhocail spiritually mearbhall ar léitheoirí óga, ba chóir dom a mhíniú gurbh é Mammon an t-aon dia a dadhradh an Páirtí Daonlathach.) Ní hé Baile na bPónairí atá i gceist san alt nuachtáin, áfach, ach ‘ein Dorf im Landkreis Oder-Spree’ (sráidbhaile i gceantar Oder-Spree). Is é an rud is suimiúla ar fad nach dtuigtear conas a fuair Boston na Gearmáine a ainm ach an oiread le Boston an Chláir.