Affichage des articles dont le libellé est Frainc. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Frainc. Afficher tous les articles

17/10/2016

Comhairle don ábhar staraí

Bhíos ag póirseáil trí mo leabharlann phearsanta le déanaí nuair a tháinig mé ar leabhar beag nár leagas súil air le deich mbliana anuas. Leabhar is ea é a cheannaíos nuair a bhí taighde ar siúl agam i bPáras sa bhliain 1992—scríobhas aiste ar an gcuairt sin anseo cúpla bliain ó shin. Le métier d’historien (‘Ceard an staraí’) is teideal don leabhar, ach b’fhéidir go mbeadh ‘leabhrán’ níos cruinne ná ‘leabhar’ sa chás seo mar níl ach 125 leathanach ar fad sa saothar. Is iad Guy Thuillier agus Jean Tulard, beirt staraithe gairmiúla, na húdair. Stair shóisialta is eacnamaíoch na Fraince a bhíonn idir lámha ag Thuillier agus níl aon chur amach agam ar a shaothar, ach is saineolaí é Tulard ar Napoléon Bonaparte agus thaitin an bheathaisnéis a scríobh sé ar an impire liom. Dá ainneoin sin, ba mhó an sult agus an tairbhe a bhaineas as an leabhrán faoi cheird an staraí ná as an mbeathaisnéis mhór scolártha. Tá cúis shimplí leis sin: tháinig macántacht neamhghnách na n-údar aniar aduaidh orm. Is é atá sa leabhrán ná cur síos ar cheird an staraí atá dírithe ar mhic léinn a bhfuil fonn orthu gabháil leis an stair mar ghairm bheatha. I bhfianaise chúlra acadúil na n-údar, bhíos ag súil le saothar leamh neamhurchóideach ina mbeadh comhairle phraiticiúil le fáil. Níl aon amhras ach go bhfuil comhairle mhaith ann, ach bhí na húdair sásta cuntas neamhbhalbh a thabhairt ar roinnt de na máchailí, na heasnaimh, na míbhuntáistí, a bhaineann leis an ngairm chomh maith. Seo sliocht gairid as an réamhrá:
Nous avons souhaité éviter toute idéalisation, toute hypocrisie, en présentant sans détours le métier d’historien avec ses joies et ses contraintes ... Nous avons cru ne pas devoir dissimuler (même si nous procédons par allusions) les difficultés du métier, ses servitudes, ses joies douces-amères ...
Guy Thuillier et Jean Tulard, Le métier d’historien (Páras, 1991), 3-4.

(Theastaigh uainn gach saghas idéalaithe agus cur i gcéill a sheachaint, agus ceard an staraí gona pléisiúir agus gona srianta  a léiriú gan fiacail a chur ann …  Chreideamar nár chóir deacrachtaí na ceirde—na dóláis agus na sóláis dhóite a bhaineann léi—a cheilt, fiú más leidí scaoilte atá againn ...)
Dhein na húdair beart de réir a mbriathar. Caithfidh gur chuir Le métier d’historien olc ar mhórán dá gcomhghleacaithe san École pratique des hautes études (i gcás Thuillier) agus in ollscoil an Sorbonne (i gcás Tulard). Ní cúis iontais dom é go bhfuil an leabhar as cló le fada; go deimhin, is cosúil nár cuireadh athchló air riamh.

Leabhair le Thuillier agus Tulard

     Roinnt de na duáilcí ar thrácht Thuillier agus Tulard orthu, ní féidir iad a sheachaint. Caithfear glacadh leo mar chuid de dhlúth agus d’inneach na gairme. Sílim go n-admhóidh formhór na staraithe fírinne an ghiota seo a leanas:
Il y a trois morts de l’historien : la mort administrative, avec la retraite, le dessaisissement du pouvoir, la perte du « territoire », la mort physique, la moins redoutable, la moins redoutée peut-être et apparemment la moins importante, enfin la mort de l’œuvre qui, quels que soient ses mérites, est vouée à l’obsolescence, qu’on ne cite plus, et qui est la plus tragique.
Le métier d’historien, 32.

(Trí bhás a bhíonn ag an staraí: bás an riarthóra, nuair a théann sé ar scor, go scaoiltear lena chumhacht is go gcailltear a ‘ghabháltas’; bás an choirp, arb é an bás is lú bagairt é, is lú a mbíonn eagla roimhe, b’fhéidir, agus is lú tábhacht, de réir dealraimh; sa deireadh thiar, bás an tsaothair óir, dá fheabhas é, bíonn téarma leis, ní cheadófar é feasta, agus is é seo an bás is tragóidí.)
Mar an gcéanna, ní dóigh liom go gcuirfeadh mórán staraithe i gcoinne an ráitis seo a leanas:
La solitude est un mal nécessaire de l’historien : on est tête à tête avec ses matériaux, ses archives, ses fiches, on a peine à trouver quelque ami pour discuter véritablement de l’évolution de la recherche, de ses rebonds, pour examiner l’architecture du travail, la fiabilité de l’entreprise, à ses méthodes … Il vaut mieux le savoir avant : c’est, malgré les apparences, un métier solitaire où l’on ne reçoit guère d’aide d’autrui, sauf exception.
Le métier d’historien, 40.

(Is dólás riachtanach é an t-uaigneas don staraí: bíonn sé taobh lena ábhair—a chuid comhad agus a chuid treoirchártaí. Is doiligh dó teacht ar chara chun cúrsa an taighde agus na deacrachtaí a bhaineann leis a phlé i gceart, chun scagadh a dhéanamh ar leagan amach na hoibre, ar iontaofacht an fhiontair, ar na modhanna oibre ... Is fearr má thuigtear é seo ón tús:  is aonarach an cheard í, d’ainneoin na gcosúlachtaí, agus is ar éigean a bhíonn cúnamh le fáil ó dhuine eile i gcás ar bith.)
D’aithníos féin cruinneas an tsleachta thuas nuair a bhíos ag taighde i bPáras i m’aonar sa bhliain 1992, ag dul ó leabharlann go cartlann, ag streachailt le maorlathas na Fraince, agus ag obair ó am oscailte go ham dúnta, lá i ndiaidh lae, ar eagla go gcaillfinn foinse thábhachtach. Ar an láimh eile, déarfainn go séanfadh cuid mhaith staraithe an ráiteas seo a leanas—a fhad is a bhaineann sé leo féin cibé ar bith:
l’historien est un homme qui vieillit, qui souvent vieillit mal. Le risque du vieillissement est mal accepté, on refuse l’idée du vieillissement des hypothèses, on perfectionne, on rafistole comme on peut. Trente, quarante années de travail : c’est long pour un métier difficile … on se sent mal à l’aise avec des jeunes, on n’a plus envie d’entrer dans les querelles, on se laisse aller.
Le métier d’historien, 67-8.

(Is duine é an staraí a théann in aois; go minic, téann sé in aois go dona. Ní go maith a ghlactar le priacal an dul in aois; ní admhaítear go n-éiríonn teoiricí seanda agus deintear iad a bheachtú, a dheisiú, más féidir. Is fada an t-achar é tríocha nó daichead bliain i gceird atá dian ... ní bhíonn duine istigh leis an dream óg ná fonn air páirt a ghlacadh i gconspóidí, ligtear na maidí le sruth.)
An staraí atá macánta, admhóidh sé ina chroí istigh go dtagann deireadh le fás intleachtúil sciar nach beag dá chomhghleacaithe nuair a shroicheann siad an mheánaois. Bíonn an t‑iomrá céanna ar na créatúir seo sa deireadh agus a bhí ar na Bourbons tar éis athbhunú na monarcachta: gur dream iad nár fhoghlaim is nár dhearmad dada le glúin anuas.

Na naoi mbéithe ag damhsa le hApollo: is i Clio, bé na staire, an dara duine ar chlé.

     Bhí Thuillier agus Tulard sásta fíricí a bhí níos seirbhe, níos míchaoithiúla, agus níos íogaire fós a roinnt lena gcuid léitheoirí. Ar eagla na míthuisceana, caithfidh mé a shoiléiriú gur ag trácht ar ghairm na staire sa bhFrainc ag tús na nóchaidí a bhíodar. Ná ceapadh aon duine go bhfuil an rian is lú cosúlachta idir an droch-chaoi a bhí ar ghairm na staire sa tír sin cúig bliana fichead ó shin agus an dea-chuma atá uirthi in Éirinn faoi láthair. Táim cinnte go gcuirfeadh an sliocht seo a leanas ionadh agus alltacht ar staraithe uile na hÉireann:
La concurrence entre historiens est parfois biaisées : les faveurs vont souvent aux « bons élèves », aux esprits conformes, on est forcé bon gré mal gré de suivre des filières (« placer un article » suppose qu’on ait des appuis, des garants, des protecteurs), et souvent il est quasi impossible de publier un ouvrage qui va à contre-courant ; de nouvelles « censures » s’établissent ici et là : penser conforme est de plus en plus pratiqué.
Le métier d’historien, 35.

(Bíonn an iomaíocht idir staraithe claonta uaireanta: tugtar cúnamh go minic do na ‘daltaí maithe’, dóibhsean atá géilliúil, cuirtear iallach ar dhuine cloí leis an gcóras, de dheoin nó d’ainneoin (bíonn tacaíocht, urraíocht, lucht cosanta ag teastáil chun ‘aiste a chur’ in iris), agus bíonn sé ionann is dodhéanta go minic saothar a fhoilsiú a théann in aghaidh an tsrutha; cuirtear ‘cinsireacht’ nua ar bun anseo is ansiúd agus éiríonn an comh-smaoineamh níos coitianta.)
Ar ámharaí an tsaoil, tá staraithe na hÉireann in ann an maíomh céanna a dhéanamh is a dhein an fear cráifeach sa teampall fadó: ‘a Dhia, tugaim buíochas duit nach bhfuilim ar nós cách eile’. Agus bhí tuairisc níos measa fós ag Thuillier is Tulard ar mheon na staraithe a bhí suas sa bhFrainc sa bhliain 1991, cé gur doiligh liom í a chreidiúint:
On rêve d’être le maître dans son fief, d’avoir des disciples qui vous courtisent, d’être « conseiller du Prince »—et même d’accéder à la politique—, d’avoir de beaux tirages, on rêve aussi d’exterminer ses concurrents, ses ennemis …
Le métier d’historien, 45.

(Taibhrítear do dhuine go mbeidh rannóg faoina smacht, go mbeidh deisceabail ag lústar leis, go mbeidh sé ina chomhairleoir ag an ‘bprionsa’—go rachaidh sé leis an bpolaitíocht fiú amháin—go mbeidh díol maith air. Taibhrítear dó freisin go ndéanfar díothú ar an bhfreasúra, ar a naimhde ... )
Táim cinnte nár rith na smaointe gránna seo riamh le staraithe oileán na naomh is na n‑ollamh. Flosc chun eolais, dúil sa scoláireacht, fonn tuisceana, sin iad na rudaí a spreagann staraithe na tíre seo. Is beag leo gradam, cumhacht, cáil, ná airgead. Agus maidir leis an odium academicum, sin galar Francach amháin nár bhain an t‑oileáinín iathghlas seo amach riamh.

‘Is san oíche a spréann ulchabhán Minerva a sciatháin.’

     Sílim gur leor sin faoi na cáithníní i súile na bhFrancach. Mar a scríobhas thuas, tá comhairle mhaith don ábhar staraí le fáil sa leabhrán chomh maith. Tá tuairim agam gurb iad seo na moltaí is tábhachtaí:

1. Cuir eagar ort féin
C’est un choix à faire : s’il veut laisser sa marque, l’historien doit faire preuve de méthode, de constance, de ténacité, d’assurance : l’idée d’ordre, de régularité, d’unité est nécessaire à la construction d’une œuvre.
Le métier d’historien, 79.

(Tá rogha le déanamh: an staraí ar mian leis a lorg a fhágáil, caithfidh sé cur chuige, seasmhacht, diongbháilteacht agus dánacht a thaispeáint: tá coincheap an eagair, na rialtachta, na haontachta, riachtanach chun saothar a chruthú.)

2. Dein d’iomaire féin a threabhadh
Le suivisme est une faiblesse et produit peu de bons travaux, et c’est souvent la source d’ambition avortées, de travaux abandonnés : le jeune historien doit être mis en garde.
Le métier d’historien, 39-40.

(Is laige í an aithris agus is beag saothar maith a ghineann sí. Is minic a chuireann sí uaillmhian ó rath agus fágtar saothar gan chríoch dá barr. Is cóir fainic a chur ar an staraí óg.)

3. Seachain an teoiric
Après de longs et coûteux détours, on finit par se méfier des « modèles », des emprunts aux « lois sociologiques », des prétentions « scientifique » de certains, on revient à la biographie, au singulier, au contingent, à l’indéterminé, à l’analyse du jeu politique …
Le métier d’historien, 55.

(Tar éis triallacha fada daora, tagann amhras ar dhuine sa deireadh faoi ‘mhúnlaí’, faoi ‘dhlíthe socheolaíochta’ ar athláimh, faoi ghothaí ‘eolaíocha’ daoine áirithe; filltear ar an mbeathaisnéis, ar an duine aonair, ar chúinsí ar leith, ar an éiginnteacht, ar anailís an chluiche pholaitiúil ...)

4. Ná cuir do chuid ama amú
... en histoire la vieillesse commence tôt, ou plus exactement on voit très tôt ce qu’on ne pourra pas faire. Si bien qu’il faut gérer l’ingérable, chercher à user au mieux de son temps.
Le métier d’historien, 80.

(... tagann an aois go luath sa stair; nó, le bheith níos cruinne, tuigtear go han-luath an méid nach mbeifear in ann a dhéanamh. Ach caithfear an ní atá do-rialaithe a rialú agus iarracht a dhéanamh an leas is fearr a bhaint as an am.)

5. Caith dua le buncheisteanna deacra
... ce qui est important, c’est ce qui trouble, perturbe, tracasse, ce qui s’oppose à la surface lisse, au tout-pensé rassurant ; c’est ce qui obsède, ce que l’on veut entreprendre contre l’avis de ses patrons, de ses amis, contre le manque de temps : on est saisi par l’urgence de traiter tel sujet tabou, d’explorer telle tache blanche de la carte.
Le métier d’historien, 91.

(... is é is ábhar tábhachtach ann an ní a bhuaireann, a shuaitheann, a chorraíonn, a réabann an dromchla réidh, an tsástacht choiteann; neadaíonn sé san intinn agus teastaíonn ó dhuine tabhairt faoi beag beann ar chomhairle na stiúrthóirí is na gcairde, in ainneoin easpa ama. Bíonn fuadar ort tabhairt faoi ábhar coiscthe mar é, an stráice bán ar an mapa a chuardach.)

     Ba mhaith liom sliocht amháin eile as Le métier d’historien a lua sula bhfágfaidh mé an saothar neamhghnách seo uaim go ceann deich mbliana eile. Tá ‘X’ breactha agam taobh leis an ngiota seo i gciumhais an leabhair, rud a léiríonn gur thugas suntas ar leith dó nuair a léas é sa bhliain 1992. Seo daoibh é:
Or l’historien non « professionnel », qui œuvre pour le plaisir, a certains avantages : il n’a pas de souci de carrière, il peut orienter ses recherches à sa guise, il n’est pas pressé et peut prendre son temps …
Le métier d’historien, 23.

(Óir bíonn buntáistí áirithe ag an staraí ‘neamhghairmiúil’ a oibríonn chun é féin a shásamh: ní cás leis a ghairm bheatha, tig leis ábhair thaighde a roghnú de réir a thola, ní bhíonn deifir air agus ní gá dó brostú ...)
Is féidir liom a dheimhniú, ó mo thaithí féin, go raibh an ceart ar fad ag Thuillier agus Tulard sa mhéid sin ar a laghad.

09/07/2015

Scálaí ama na staire

Fernand Braudel agus dhá shaothar leis

Bhí Fernand Braudel (1902-85) ar dhuine de staraithe móra na Fraince sa chéad seo caite. Agus é ina phríosúnach cogaidh i rith an Dara Cogadh Domhanda thapaigh sé an deis chun an leabhar is cáiliúla leis, La Méditerranée et le monde méditerranéen à l’époque de Philippe II, a scríobh – bhí an taighde déanta aige i gcomhair tráchtais roimh an gcogadh. Tar éis an chogaidh, d’oibrigh sé le Lucien Febvre, duine de bhunaitheoirí na hirise Annales – iris ar dheineas trácht uirthi anseo cheana – agus chaith sé tréimhse ina stiúrthóir ar Annales ón mbliain 1957 amach. Fearacht na staraithe eile atá luaite leis an iris, bhí cur chuige idirdhisciplíneach aige: tharraing sé as an tíreolaíocht, as an eacnamaíocht agus as an antraipeolaíocht chun ‘histoire totale’ (stair chuimsitheach) na sochaí a bhí faoi chaibidil aige a scríobh. Bhí an oiread suime ag an mbaicle staraithe a bhain le Annales sa bhonneagar ábhartha, nó i gcultúr an phobail, agus a bhí acu in imeachtaí na gceannairí polaitiúla, míleata nó eaglasta. Ach tá seans maith gurb é an coincheap úr a mhol Braudel maidir le scálaí ama na staire an ghné dá shaothar is mó a chuaigh i bhfeidhm ar an staireagrafaíocht i gcoitinne. Trí scála ama atá sa stair, dar le Braudel: mar atá, scála ama an dúlra, scála ama na sochaí, agus scála ama an duine.

Abhainn na Sionainne ar scála an dúlra

     Is é scála ama an dúlra – arb ionann é agus scála ama na tíreolaíochta – an ceann is faide de na scálaí ama. Go deimhin, thug Braudel ‘la longue durée’ (an t-achar fada) ar an scála ama seo. Seo mar a dhein sé cur síos air i réamhrá La Méditerranée:
La première met en cause une histoire quasi immobile, celle de l’homme dans ses rapports avec le milieu qui l’entoure; une histoire lente à couler et à se transformer, faite bien souvent de retours insistants, de cycles sans cesse recommencés.

(Baineann an chéad cheann acu le stair atá socair nach mór, le stair na nasc idir an duine agus a thimpeallacht; stair is ea í a bhíonn go mall ag aistriú is ag athrú, ach a bhíonn ag síor-thiontú i gcónaí, ag athfhilleadh ar an tús gan stad.)
Bíonn cuma na buaine ar an dúlra ó chéad go céad agus is ar éigin a thugtar athruithe faoi deara sa saghas seo staireagrafaíochta. Is disciplín í atá suite ar an teorainn idir an staireagrafaíocht thraidisiúnta agus an tíreolaíocht. Sa mhórshaothar leis ar an Meánmhuir i ré Felipe II na Spáinne, scrúdaigh Braudel éifeacht na sléibhte, na machairí cois cósta, na n-oileán, na haeráide agus na mbarraí ar chultúr, ar gheilleagar agus ar shochaí na bpobal éagsúil a lonnaigh i limistéar na Meánmhara. Tugtar ‘histoire structurale’ (stair struchtúrach) ar staireagrafaíocht an achair fhada chomh maith.

Abhainn na Sionainne ar scála na sochaí

     Tá scála ama na sochaí – nó an scála ama sóisialta – cuid mhaith níos giorra ná scála ama an dúlra. Bíonn athruithe le feiscint ó ghlúin go glúin sa saghas seo staireagrafaíochta, ach is feiceálaí fós an leanúnachas ná an t-athrú. Seo mar a scríobh Braudel sa réamhrá a chuir sé lena leabhar ar an Meánmhuir:
Au-dessus de cette histoire immobile, une histoire lentement rythmée ... une histoire sociale, celle des groupes et des groupements.

(Anuas ar an stair shocair seo tá stair a bhfuil rithim mhall inti ... seo í an stair shóisialta a bhaineann le grúpaí agus le foghrúpaí.)
Deintear staidéar ar an gcultúr, ar an ngeilleagar, ar an smaointeachas, ar an teicneolaíocht, ar an gcumarsáid – ar gach gné den tsochaí dhaonna – sa scála ama idirmheánach seo. Ar na hábhair a phléigh Braudel in La Méditerranée bhí: calafoirt, loingeas, margaí, daonra, airgeadraí, praghsanna agus cánacha. Tugtar ‘histoire conjoncturelle’ (stair chomhtheagmhasach) ar an staireagrafaíocht ‘idir eatarthu’ seo uaireanta.

Abhainn na Sionainne ar scála an duine aonair

     Is é scála ama an duine, nó scála ama na polaitíochta, an scála is giorra de na trí cinn a d’aithin Braudel. Is cinnte gurb é seo an saghas staireagrafaíochta is lú a raibh suim aige féin ann, rud a bheidh soiléir go leor ón gcur síos a dhein sé air i réamhrá La Méditerranée:
Troisième partie enfin, celle de l’histoire traditionnelle ... une agitation de surface, les vagues que les marées soulèvent sur leur puissant mouvement. Une histoire à oscillations brèves, rapides, nerveuses.

(Ar deireadh thiar tá an tríú cuid a bhaineann leis an stair thraidisiúnta ... na cuilithíní ar barr uisce, na tonnta a ardaítear ar thuilte tréana na taoide. Seo stair na mion-luascthaí luatha luaineacha.)
Ar ndóigh, is é seo an scála ama a mbíonn formhór na staraithe gafa leis formhór an ama agus níor dhein Braudel neamart i scála ama an duine ach an oiread. Ina leabhar ar an Meánmhuir, scrúdaigh sé éirí as an Impire Carlos V (1556), an cogadh idir an Spáinn agus an Tuirc (1561-4), léigear mór Mhálta (1565) agus an bhua chinniúnach a bhain Johann von Österreich ar na Turcaigh i gcath Lepanto (1571). Tugtar ‘histoire événementielle’ (stair eachtrúil) go minic ar an staireagrafaíocht sheanfhaiseanta seo ina mbíonn aird na n-údar dírithe ar eachtraí ar leith agus ar bheartais na maithe móra, seachas ar struchtúir bhuana an dúlra nó ar nósanna seasta na sochaí. Ní nach ionadh, is ar an athrú a chuirtear an bhéim san histoire événementielle.

     Aon duine a scrúdaíonn na scálaí ama atá in úsáid i staireagrafaíocht na hÉireann le glúin anuas, tabharfaidh sé faoi deara ar an toirt go bhfuil an histoire événementielle i bhfad chun tosaigh ar an histoire conjoncturelle agus go bhfuil neamart iomlán déanta san histoire structurale. Tá tuairim agam go bhféadfaí an rud céanna a rá faoin staireagrafaíocht i mórán tíortha eile – cé  gur eisceacht í an Fhrainc de bharr thionchar Braudel agus na mball eile de scoil staire Annales. Ach is é an rud is aistí faoi chás na hÉireann go bhfuil staraithe ann a shíleann gur comhartha aibíochta é go gcuirtear an-bhéim abhus ar ghuagacht na staire. Seo mar a scríobh Roy Foster sa réamhrá a chuir sé leis an Oxford Illustrated History of Ireland:
One of the marks of maturity in Irish historical studies has been a growing interest in pinpointing discontinuities rather than ironing out elisions.
Bheadh míniú eile agam ar spéis seo na staraithe sa neamhleanúnachas: fianaise is ea í go mbíonn siad sásta na cuilithíní ar uachtar an uisce a iniúchadh agus go mbíonn leisce orthu iad féin a thumadh sa chaise chun na sruthanna tréana atá thíos ar íochtar a fhiosrú.

     Déanta na fírinne, is cosúla an easpa fuinnimh, fiosrachta agus forbartha seo le comhartha seanaoise ná le comhartha aibíochta.

08/02/2015

Paisean agus réasún

Daniel Cordier, a chuimhní cinn agus Jean Moulin

Léas Alias Caracalla le Daniel Cordier le déanaí. Is é atá ann cuimhní cinn an údair ar an saol a chaith sé i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí Cordier naoi mbliana déag d’aois, an mheánscoil díreach fágtha aige agus é ag feitheamh le glaoch ó arm na Fraince i samhradh na bliana 1940. Ach nuair a d’iarr an Marascal Pétain sos cogaidh ar an nGearmáin, dhein Cordier a bhealach óna bhaile i gcathair Pau go dtí calafort Bayonne, chuaigh sé ar bord an Leopold II, long Bheilgeach, ansiúd agus bhain sé Falmouth amach. I Sasana dó, liostáil sé in arm beag an Ghinearáil de Gaulle. D'éirigh sé mífhoighneach nuair a bhí a reisimint fós lonnaithe i gcampa míleata i ndeisceart Shasana an bhliain dár gcionn, chuaigh sé i dteagmháil leis an Bureau central de renseignements et d’action mar a glaodh ar sheirbhís rúnda na Fraince Saoire, agus dúirt gur theastaigh uaidh filleadh ar an bhFrainc chun cuidiú leis an résistance inmheánach. Glacadh lena thairiscint, oileadh é mar oibreoir raidió, agus pharaisiútáil sé isteach sa zone libre (an limistéar saor i ndeisceart na Fraince) i mí Iúil 1942. Bhí sé ina chúntóir ag Jean Moulin, ionadaí pearsanta an Ghinearáil de Gaulle sa bhFrainc, go dtí mí an Mheithimh 1943 nuair a ghabh an Gestapo Moulin. Tá idéalachas, soineantacht agus teaspach na hóige léirithe go paiteanta ag Cordier. D’fhéadfaí Alias Caracalla a léamh le sult mar scéal eachtraíochta nó le tairbhe mar shaothar staire, ach tá níos mó ná sin i gceist ann. Tugtar Bildungsroman (úrscéal oiliúna) ar úrscéal ina dtagann an carachtar lárnach in inmhe de bharr eachtraí a bhaineann dó. Níl a fhios agam an bhfuil an téarma Bildungsbiographie in úsáid ag na criticeoirí liteartha, ach d’oirfeadh sé go seoigh do leabhar Cordier má tá.

Charles Maurras agus bolscaireacht de chuid an Action française

     Dá óige é Daniel Cordier sa bhliain 1940, bhí tuairimí láidre polaitiúla aige. Ba bhall díograiseach é den Action française, gluaiseacht den eite dheis a bhí láidir sa tréimhse idir an dá chogadh, agus ba dhia beag aige Charles Maurras (1862-1952), príomh-intleachtóir na gluaiseachta. Is é an cuspóir a bhí ag lucht an Action française deireadh a chur le poblacht na máisiún – ‘la gueuse’ (an  straoilleog) mar a ghlaodar uirthi – agus ríocht na Fraince a thabhairt ar ais. Ríogaithe agus náisiúnaithe ba ea iad a bhí frithpharlaiminteach, frith-eachtrannach agus frith-Ghiúdach. Bhí neart cosúlachtaí idir an Action française agus na gluaiseachtaí faisisteacha a d’fhás ar fud na hEorpa sa tréimhse chéanna, ach bhí éagsúlachtaí nár bheag eatarthu chomh maith. Na gothaí réabhlóideacha a chuir na faisistigh orthu féin, ní raibh rian dá laghad díobh le brath ar an Action française ach a mhalairt ar fad: dhamnaigh Maurras réabhlóid na Fraince agus mhór sé na luachanna traidisiúnta a shamhlaigh sé leis an ancien régime. Arís, ní stát nua-aoiseach láraithe faoi stiúir ceannaire uilechumhachtaigh a theastaigh uaidh, ach ríocht den sean-déanamh ina mbeadh cúigí stairiúla na Fraince i mbun a ngnóthaí féin. Is cóir nationalisme intégral (náisiúnachas iomlán) an Action française a áireamh ar phréamhacha idé-eolaíochta an Front nationale atá ann faoi láthair. Féach mar a scríobh Maurras sa bhliain 1926 nuair a osclaíodh mosc i bPáras:
Mais, s’il y a un réveil de l’Islam, et je ne crois pas que l’on en puisse douter, un trophée de la foi coranique sur cette colline Sainte-Geneviève où tous les plus grands docteurs de la chrétienté enseignèrent contre l’Islam représente plus qu’une offense à notre passé : une menace pour notre avenir.
Action Française, 13 Iúil 1926
(Ach má bhíonn teacht aniar san Ioslam, agus ní dóigh liom go bhfuil aon amhras faoi sin, ní hamháin go mbeidh séadchomhartha de chreideamh an Chóráin ar chnoc sin Sainte-Geneviève, mar ar mhúin na dochtúirí ba mhó uile sa Chríostaíocht i gcoinne an Ioslam, ina mhasla dár stair ach beidh sé ina bhagairt dár dtodhchaí.)
Scaradh na gcompánach ba ea débâcle na bliana 1940 do bhaill an Action française: ba mhó an ghráin a bhí ag roinnt acu ar phoblacht na bpáirtithe ná ar an nGearmáin, ach a mhalairt a bhí fíor i gcásanna eile. ‘Divine surprise’ (iontas ó Dhia) ba ea bunú an État français ar fhothrach an tríú poblacht dar le Maurras, ach phreab Daniel Cordier agus cuid mhaith de na gnáthbhaill sa treo eile. Meas feallaire a bheadh ag Cordier ar Maurras feasta ach níor thréig sé an dearcadh polaitiúil a bhí aige ar an toirt. Ní raibh ann ach gur aimsigh sé meisias nua: ginearál airm darbh ainm de Gaulle.

     Is de réir a chéile a tháinig athrú meoin ar Cordier. Má bhí sé amhrasach i dtaobh perfide Albion ag tús an chogaidh, b’éigean dó a admháil go raibh fáilte ag muintir Shasana roimh theifigh ón bhFrainc agus ó na tíortha eile a bhí gafa ag an nGearmáin. Mar an gcéanna, b’éigean dó athmhachnamh a dhéanamh ar an dearcadh frith-Ghiúdach a bhí aige nuair a chuir sé aithne ar dhaoine ón gcúlra sin in arm na Fraince Saoire. Ar na Giúdaigh a casadh air bhí Stéphane Hessel (1917-2013), fear a bhí faoi chaibidil agam anseo cheana, agus Raymond Aron (1905-83), duine de na smaointeoirí polaitiúla ba thábhachtaí sa bhFrainc sna blianta iarchogaidh. Ach is mó an tionchar a bhí ag Jean Moulin air ná ag aon duine eile. An chéad lá ar casadh Moulin air i gcathair Lyon, bhí comhrá eatarthu i mbialann:
Je lui racontait ma famille royaliste, mon adolescence de militant, mon admiration pour Maurras. Pendant que je parle, il commence à dîner tout en m’observant avec bienveillance ... Enfin, je lui raconte ma révolte devant la trahison de Pétain, mon départ programmé de Pau, le Léopold II, ma déception de ne pas retrouver à Londres Maurras et l’Action française, le déshonneur de son ralliement au Maréchal et mon engagement dans la légion de Gaulle, dont j’avais appris qu’il était, comme moi, monarchiste.
Daniel Cordier, Alias Caracalla (Éditions Gallimard, 2009), 408-10.
(D’inis mé dó faoi ríogachas mo mhuintire, faoi m’óige mar dhíograiseoir, faoin meas a bhí agam ar Maurras. Nuair a bhí mé ag cur díom, thosaigh sé ag ithe, agus é ag amharc go lách orm i rith an ama ... Sa deireadh, d’inis mé dó faoin uafás a chuir tréas Pétain orm, mar a socraíodh m’imeacht ó Pau, faoin Leopold II, faoin díomá a bhí orm nuair nach raibh Maurras is an Action française romham i Londain, faoin tacaíocht náireach a thug sé don Mharascal, agus faoi mo liostáil i léigiún de Gaulle – ar chualas faoi gur ríogaí é, cosúil liom féin.)
Bhí Moulin fiche bliain níos sine ná Cordier. Fear den eite chlé ba ea é agus níor cheil sé an dearcadh a bhí aige: ‘en vous écoutant, je comprends la chance que j’ai eu d’avoir une enfance républicaine’ a d’fhreagair sé (‘ag éisteacht leat, tuigim an t-ádh a bhí orm gur tógadh mar phoblachtach mé’). Sa chomhrá céanna, d’inis Cordier dó faoi Raymond Aron, léachtóir ollscoile agus Giúdach a casadh air i Londain:
« Bien que mes opinions soient à l’opposé des siennes, j’ai été conquis par son intelligence. Il ne cède jamais rien de ses convictions, mais argumente aussi longtemps que nécessaire pour convaincre avec patience ses interlocuteurs. Pour moi, qui ne conçois la politique que sous forme de polémiques ponctuées de pugilats, c’était une révélation. Pourtant, avant mon départ, j’ai été affecté par son attitude antigaulliste.
— Ah oui ?
— J’ai du mal à comprendre son opposition au Général.
— C’est la démocratie : débattre et choisir. »
Cordier, Alias Caracalla, 413-14.
(‘Cé go bhfuil mo dhearcadh bun os cionn lena dhearcadhsan, mheall a intleacht mé. Níor chúlaigh sé óna chuid tuairimí riamh, ach leanadh sé leis ag argóint chomh fada agus ba ghá chun dul i gcion go foighneach ar an lucht agallaimh. Domsa, nár shamhlaigh aon saghas polaitíochta seachas sciolladh teanga in éineacht le buillí doirn, b’oscailt súl dom é. Ach, sular fhág mé, bhí a dhearcadh frith-Gaulliste ag goilliúint orm.’
— ‘Dáiríre?’
— ‘Is deacair dom an seasamh atá aige i gcoinne an Ghinearáil a thuiscint.’
— ‘Sin agat an daonlathas: deintear plé agus deintear rogha.’)
Bhí tús curtha le hoideachas polaitiúil Daniel Cordier!

Raymond Aron agus dhá shaothar leis

     Bhí cur amach agam ar Raymond Aron cheana. Go deimhin, tá sé luaite agam in Ó Chéitinn go Raiftearaí (féach leathanach 254), ach spreag an tagairt in Alias Caracalla mé lena léamh in athuair. Chualas iomrá ar Aron i bhfad ó shin, ach shamhlaíos é mar shaghas ‘frith-Sartre’: príomh-fhealsamh an liobrálachais agus cosantóir an status quo sa bhFrainc. Tig liom a rá nach raibh fonn orm tuileadh a léamh faoi. Ach nuair a bhíos i bPáras roinnt blianta ó shin cheannaíos cóip athláimhe den bheathaisnéis a scríobh Nicolas Baverez air mar bhí tuairim agam go mbeadh léargas úr le fáil ann ar chonspóidí intleachtúla an 20ú céad. Ní raibh dul amú orm, agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur léas dhá shaothar de chuid Aron: a chuimhní cinn a foilsíodh sa bhliain 1983 – an bhliain chéanna inar éag sé – agus sraith agallamh a dhein sé don teilifís sa bhliain 1981 agus a foilsíodh faoin teideal Le Spectateur engagé. Fuaireas amach go raibh dearcadh Aron níos casta agus níos suimiúla ná mar a samhlaíodh dom ar dtús. Is amhlaidh gur bhain sé leis an eite chlé ina óige ach d’fhág sé an SFIO, páirtí sóisialach na Fraince, tar éis dó na blianta idir 1930 agus 1933 a chaitheamh sa Ghearmáin. Bhí sóisialaithe na Fraince go mór i bhfách leis an síochánachas ag an am, polasaí a cháin Aron nuair a d’fhill sé ón nGearmáin mar ba léir dó go raibh cogadh ag teacht agus go gcaithfí arm na Fraince a ath-armáil gan mhoill. Thairis sin, shíl sé go raibh polasaithe eacnamaíocha an Front populaire (comhrialtas den eite chlé a bhí i gcumhacht sa tréimhse 1936-37) místuama ar fad. D’éalaigh sé go Sasana sa bhliain 1940 agus liostáil in arm na Fraince Saoire, ach bhuail imní é ar ball gur ábhar deachtóra é an Ginearál de Gaulle. Ina theannta sin, shíl sé go raibh bolscaireacht a lucht leanúna ró-dhian orthusan a bhí dílis don Mharascal Pétain. In ionad an dream a thacaigh le réimeas Vichy – is é sin le rá, tromlach na bhFrancach – a mhealladh, is amhlaidh go raibh an síor-cháineadh a bhí ar siúl ag na Gaullistes ag tógáil fáil go haer idir an dá aicme. Seo mar a mhínigh sé a sheasamh san agallamh teilifíse:
« Je n’aimais pas le culte de la personnalité qui avait commencé de manière immédiate ... Je souhaitais que la propagande ne fût pas telle que les fonctionnaires et surtout les militaires fussent atteints dans leur honneur. Or, elle donnait le sentiment aux soldats, aux officiers qui étaient de l’autre côté, qu’ils étaient coupables, d’où la difficulté pour eux de se rallier au général de Gaulle. »
Raymond Aron, Le Spectateur engagé (Édition de Fallois, 2004), 119-20.
(‘Níor réitigh “cultas na pearsan” liom, agus ba rud é sin a thosaigh ar an toirt ... Bhí súil agam nach mbeadh an bholscaireacht den saghas a bhainfeadh d’onóir na státseirbhíseach – agus go háirithe na saighdiúirí. Ach tugadh le fios do na saighdiúirí, do na hoifigigh a bhí ar an taobh eile, go rabhadar ciontach, rud a d’fhág go raibh sé deacair dóibh gabháil leis an nGinearál de Gaulle.’)
Tá comharthaí sóirt a stíle le brath ar an sliocht thuas: chleacht sé pragmatachas eimpíreach a bhí contrártha ar fad le díograis lucht na cúise. Ach d’athraigh sé an tuairim a bhí aige ar de Gaulle sa deireadh:
Les Français, certains d’entre eux, étant ce qu’ils sont, la guerre étant ce qu’elle est, on ne pouvait être que dans l’extrême. Quand on s’y refuse, comme moi-même, on ne peut plus qu’écrire des livres et on est plus ou moins isolé ...
Aron, Le Spectateur engagé, 120.
(Ós rud é go bhfuil na Francaigh mar atáid – cuid acu – agus go bhfuil an cogadh mar atá sé, b’éigean dul thar fóir. An té a dhiúltaíonn dó sin, mar a dhein mise, ní bheidh ar a chumas ach leabhair a scríobh agus fágfar ina chadhan aonair é nach mór ...)
Is admháil é seo nach leor an réasún sa pholaitíocht i gcónaí.

     Má chuir Aron olc ar dhíograiseoirí an ghinearáil i rith an chogaidh, chuir sé olc as cuimse ar intleachtóirí na heite clé sa bhliain 1955 nuair a foilsíodh leabhar leis, L’opium des intellectuels, inar ionsaigh sé an córas Sóivéadach agus na sóisialaithe úd i dtíortha an iarthair nach raibh sásta locht a fháil air. Níl an saothar seo léite agam, ach tá géarchúis an údair le brath ar roinnt de na sleachta atá feicthe agam. Ní dóigh liom gur féidir cruinneas an ráitis seo a leanas a shéanadh. Insint na fírinne, sílim go bhféadfaí é a ghreanadh ar leac uaighe an Aontais Shóivéadaigh:
« Lorsque les gouvernements, fiers d’une révolution heureuse, accaparent un prophétisme pour fonder leur pouvoir et confondre leurs ennemis, la religion séculière naît, condamnée dès l’origine à se stériliser en orthodoxie ou à se dissoudre en indifférence ... »
Nicolas Baverez, Raymond Aron (Éditions Perrin, 2006), 362.
(‘Nuair a théann rialtais atá bródúil as réabhlóid rathúil i mbun na fáistine chun bonn a chur faoina gcumhacht agus chun mearbhall a chur ar a naimhde, gintear reiligiún saolta atá daortha ón tús chun seisce de bharr an cheartchreidimh nó chun cliseadh de bharr na patuaire ...’)
Deirtear go mbíodh an abairt ‘il vaut mieux avoir tort avec Sartre que raison avec Aron’ (‘is fearr a bheith mícheart i dteannta Sartre ná ceart i dteannta Aron’) le cloisteáil ar fud an rive gauche go ceann i bhfad, ach bhí bunaíocht na Fraince buíoch d’Aron as dúshlán na gCumannaithe a thabhairt ag am nuair a bhí 25 faoin gcéad den phobal ag vótáil don Pháirtí Cumannach. Dá mbeadh Aron ag tochras ar a cheirtlín féin, bheadh sé ina fhealsamh cúirte ag polaiteoirí an cheathrú poblacht feasta. Ach ina ionad sin, scríobh sé leabhrán eile sa bhliain 1957 a chuir an lasóg sa bharrach i gceart: La Tragédie algérienne a bhí air.

Trí phóstaer ó aimsir an chogaidh san Ailgéir

     Bhí éirí amach i gcoinne cheannas na Fraince ar siúl san Ailgéir ón mbliain 1954 i leith. Cogadh barbartha ba ea é inar maraíodh tuairim is leath-mhilliún de mhuintir na hAilgéire agus 25,000 ball d’fhórsaí míleata na Fraince. Cé gur tharraing na Francaigh amach as Maracó agus as an Túinéis sa bhliain 1956, dhiúltaigh siad cúlú ón Ailgéir, tír ina raibh breis is milliún duine de bhunadh na hEorpa ina gcónaí – na pieds noirs (cosa dubha) mar a tugadh orthu. Daonra de dheich milliún ar fad a bhí san Ailgéir agus bhí 45 milliún sa bhFrainc ag an am. D’éiligh lucht an Algérie française go ndéanfaí an dá thír a aontú: ‘de Dunkerque à Tamanrasset 55 millions de Français’ an ghairm chatha a bhí acu. Dhein Aron spior spear den phlean seo agus d’áitigh sé go neamhbhalbh go raibh neamhspleáchas na hAilgéire dosheachanta:
« L’intégration, quelque sens que l’on donne à ce mot, n’est plus praticable. Une représentation algérienne à l’Assemblée nationale, proportionnelle à la population, est le moyen le plus sûr d’achever la ruine du régime. Le taux de croissance démographique est trop différent des deux côtés de la Méditerranée pour que ces peuples, de race et religion différentes, puissent être fractions d’une même communauté. »
Raymond Aron, Mémoires (Éditions Robert Laffont, 2010), 477.
(‘Ní féidir an comhshamhlú, cibé ciall a bhainfí as an bhfocal seo, a chur i bhfeidhm a thuileadh. Dá mbeadh ionadaíocht na hAilgéire san Assemblé nationale de réir a daonra, ba é an bealach ba chinnte é chun an réimeas a scriosadh. Tá difríocht ró-mhór idir rátaí fáis an daonra ar an dá chósta den Mheánmhuir le go mbeadh na pobail seo, a bhaineann le ciníocha agus le reiligiúin éagsúla, ina gcodanna den chomhphobal céanna.’)
Ní miste a mheabhrú go bhfuil daonra de 38 milliún ag an Ailgéir anois! Ní nach ionadh, chuaigh lucht páirte na pieds noirs le báiní nuair a foilsíodh leabhrán Aron. Aon duine a thacaigh le neamhspleáchas na hAilgéire roimhe sin, d’fhéadfaí a chur ina leith gur chomhthaistealaí de chuid na gCumannaithe é, ach bhris Aron geis an tosta i measc lucht na heite deise. Aisteach go leor, ní raibh intleachtóirí na heite clé ró-bhuíoch de ach an oiread toisc nár cháin sé an coilíneachas ar bhonn na moráltachta. Seo mar a chosain sé an cur chuige sin:
« Un certain nombre de lecteurs en ont déduit une fois de plus que j’étais vraiment un homme de droite parce que je fondais ma politique sur la réalité. Mais je ne sais pas sur quoi d’autre on peut fonder une politique ... ce qui était important, ce n’était pas de convaincre les anticolonialistes, c’était de convaincre ceux qui étaient colonialistes. »
Aron, Le Spectateur engagé, 270.
(‘Dhein léitheoirí áirithe talamh slán de arís gur fhear den eite dheis mé i ndáiríre toisc go raibh mo pholasaí bunaithe ar an saol mar a bhí. Ach ní léir dom cén bonn eile ar féidir polasaí a bhunú air ... is é an rud a bhí ag teastáil, ní go rachfaí i bhfeidhm orthusan a bhí i gcoinne an choilíneachais, ach go rachfaí i bhfeidhm orthusan a bhí ar son an choilíneachais.’)
Is mór idir an réasún fuarchúiseach aronien seo agus an paisean buile maurassien a ghríosaigh Daniel Cordier agus cuid mhaith dá chomrádaithe chun troda sa bhliain 1940.

     Cúpla lá tar éis dom roinnt sleachta as Mémoires Raymond Aron a athléamh, tharla an t-ionsaí marfach ag oifig na hirise Charlie Hebdo i bPáras. Sílim go mbeidh an pragmatachas eimpíreach a chleacht Aron ag teastáil go géar ina thír dhúchais sna blianta atá romhainn.

Souvenirs de l’Algérie française

AGUISÍN


Má tá tuiscint na Fraincise agat, mholfainn an dá fhíseán thíos atá le fáil ar YouTube:
Daniel Cordier ag trácht ar Jean Moulin
Raymond Aron ag trácht ar chogadh na hAilgéire

13/01/2015

Leanúnachas na staire

Leanúnachas: Washington agus Kruger

One of the marks of maturity in Irish historical studies has been a growing interest in pinpointing discontinuities rather than ironing out elisions.
R.F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland (Oxford, 1989), v.
B’shin í an chéad abairt a scríobh Roy Foster san Oxford Illustrated History of Ireland, leabhar a foilsíodh sa bhliain 1989. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an claonadh sin le brath ar staireagrafaíocht na hÉireann le glúin anuas. Ach an fíor gur comhartha é go bhfuil léann na staire in Éirinn tagtha in inmhe sa deireadh thiar thall? Seo mar a scríobhas sa leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí, leabhar a foilsíodh sa bhliain 2011:
Dá mbeadh orm éirim an leabhair seo a chur i bhfocal amháin, is é ‘leanúnachas’ an focal a roghnóinn.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 272.
Is éigríonna an staraí mé, más fíor don Ollamh Foster. Thairis sin, ós rud é gur foilsíodh an chéad leabhar liom chomh fada siar leis an mbliain 1995, níl ach caolseans go dtiocfaidh feabhas orm an tráth seo de mo shaol. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil sé i ndán dom an turas a dhéanamh ó leanbaíocht na hóige go dtí leanbaíocht na haoise gan an ghaois chothrom is dual don staraí aibí a bhaint amach. Insint na fírinne, braithim gur in olcas atáim ag dul. Is é sin le rá, gur léire dom leanúnachas na staire de réir mar a théim in aois. Thánag ar théacs le déanaí a bhaineann le hábhar agus sílim nár mhiste é a chur i láthair anseo.

     Is é atá ann, amhrán Gaeilge a léas don chéad uair níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhíos ag múineadh cúrsa in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le linn do bhall den fhoireann bhuan a bheith ar shaoire shabóideach. Ag an am céanna, bhíos ag scríobh an leabhair a foilsíodh faoin teideal Washington i gCeannas a Ríochta sa bhliain 2005. Rith sé liom gurbh fhiú dom an deis a thapú le spléachadh a thabhairt ar na lámhscríbhinní Gaeilge i gcnuasach Dhubhghlas de hÍde, cnuasach atá ar caomhú i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. Ar an drochuair, ní raibh aon aiste a bhain le réabhlóid Mheiriceá sa chnuasach ach, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn taighde staire ar siúl, d’aimsíos cúpla téacs eile nár bhain leis an ábhar a bhí idir lámha agam ach a bhí fíor-shuimiúil mar sin féin. Bhí an t-amhrán atá le léamh thíos anseo ar cheann acu. Dheineas cóip den amhrán agus chuireas i dtaisce í go cúramach. Coicís ó shin, chinneas gur mhithid na nótaí taighde go léir a bhí caite isteach i bhfillteán ramhar a raibh ‘miscellaneous’ breactha ar a dhroim, gur mhithid dom iad a rangú de réir ábhair agus tréimhse sa chaoi go bhféadfainn teacht orthu go héasca amach anseo. Bhí an t-amhrán dar tús ‘Éistidh lem scéalsa’ ligthe i ndearmad agam, ach nuair a léas an téacs in athuair rith an smaoineamh céanna liom a rith liom an chéad uair a leagas súil air: cé gur amhrán é a bhaineann le blianta deireanacha an 19ú céad, tá an meon ceannann céanna léirithe ann is atá léirithe i litríocht pholaitiúil an 18ú céad. Dá gcloisfeadh Eoghan Rua Ó Súilleabháin an t-amhrán seo, thuigfeadh sé teachtaireacht an fhile ar an toirt.

Leanúnachas: Louis XVI agus Patrice de MacMahon


     Is i lámhscríbhinn 49 i gcnuasach de hÍde atá bunchóip an amhráin. Cóipleabhar is ea é a scríobhadh sa bhliain 1917. De réir nóta atá curtha leis an amhrán, ba é Tadhg Ó Crualaoich, file a bhí i mBaile Bhuirne, an t-údar agus bailíodh na focail ó amhránaí darbh ainm Tomás Ó Suilleabháin a raibh cónaí air i nGuagán Barra. Cuireadh na nótaí seo a leanas leis an téacs sa lámhscríbhinn:
véarsa 1, líne 7: ‘breacadh’ = ‘sean-iarainn chaite’
véarsa 3, líne 7: ‘Tadhg an Easna’ = ‘fonn clúmhail i gCúige Mumhan do chum duine de mhuintir Shúilleabháin’
véarsa 5, líne 6: ‘cataibh’ = ‘ní fheadar cé hiad na cait féin’
Is sa tréimhse 1878-79 a cumadh an t-amhrán de réir dealraimh. Bhí impireacht na Breataine i mbarr a réime ag an am agus í sáite i gcaismirtí ar fud na cruinne. San Afraic Theas, d’fhógair an Bhreatain sa bhliain 1877 go raibh deireadh curtha le neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas (an Transvaal mar a ghlaoití uirthi go hiondúil) agus gur choilíneacht Bhriotanach a bheadh sa stát sin feasta. Ní mó ná sásta a bhí na Bóraigh, ach choinníodar guaim orthu féin go ceann tamaill. Thaistil ceannaire an Transvaal, Paul Kruger (féach véarsa 1, líne 7) go Londain faoi dhó sna blianta 1878 agus 1879 ach theip ar na cainteanna comhréitigh agus d’éirigh na Bóraigh amach an bhliain dár gcionn. Bhriseadar ar arm na Breataine i gcathanna Laing’s Nek agus Majuba i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana 1881 faoi seach. Thuig rialtas na Breataine go mbeadh cogadh dian ag teastáil chun na Bóraigh a chloí agus chinneadar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid – cuimhnigh nár thángthas ar ór sa Transvaal go dtí an bhliain 1886. D’aithin an Bhreatain neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas in athuair. Níor chogadh mór é Céad Chogadh na mBórach ach bhain tábhacht shiombalach leis mar sin féin: bhí an taoide bhándearg a leath ar fud na cruinne i rith an 19ú céad tar éis cúlú in áit amháin. Níor tharla sé seo i ngan fhios do mhuintir Mhúscraí!

     Sa chúigiú véarsa, thuar an file go raibh an Ghearmáin agus an Fhrainc ar tí iompú i gcoinne na Breataine. Bhí Comhdháil Bheirlín ar siúl i samhradh na bliana 1878 agus is iomaí údar easaontais a bhí idir cumhachtaí móra na hEorpa: an chnámh spairne ba mhó ar fad ná conas a roinnfí cúigí na nOtamánach tar éis an bhua a bhain na Rúisigh orthu i gcogadh na mblianta 1877-78. Bhí an Éigipt ar cheann de na cúigí sin agus tá tuairim agam nach é ‘cataibh’ an focal a bhí i gcúigiú véarsa an amhráin ó cheart ach ‘khedive’ - an teideal a bhí ar rialtóir na hÉigipte ag an am. Sa bhliain 1879, chuaigh an Bhreatain agus an Fhrainc i bpáirt le chéile chun an Khedive Iosma’il Paise a bhriseadh agus mac leis a bhí níos géilliúla a cheapadh mar khedive ina áit. Bhí Patrice de MacMahon (véarsa 6, líne 1), fear de bhunadh na hÉireann, ina uachtarán ar an bhFrainc ón mbliain 1873 go dtí an bhliain 1879. Bhí MacMahon ina oifigeach airm sular ghabh sé le polaitíocht agus thuill sé clú dó féin i rith Chogadh na Crimé (véarsa 6, líne 4) nuair a ghabh sé dún de chuid na Rúiseach ag léigear Sevastopol’. Bhí teannas idir impireachtaí na Rúise (véarsa 6, líne 5) agus na Breataine ag an am chomh maith. Sa bhliain 1878 sheol na Rúisigh ambasáid chun na hAfganastáine. Ar ndóigh, ní fhéadfadh rialtas na Breataine a leithéid d’easurraim a fhulaingt – bhí na hAfganastánaigh á n-iompar féin amhail is dá mbeidís neamhspleách. B’éigean fios a mbéasa a mhúineadh dóibh agus chuir na Briotanaigh tús leis an Dara Cogadh Angla-Afganastánach an bhliain chéanna. Bhí an bua acu agus nuair a síníodh conradh síochána sa bhliain 1880 ghlac na hAfganastánaigh leis go mbeadh polasaí eachtrach a dtíre faoi stiúir na Breataine feasta.

Leanúnachas: Géanna Fiáine agus Fíníní

     Seo é téacs an amhráin a chum Tadhg Ó Crualaoich:

Éistidh lem scéalsa a charaid

Éistidh lem scéalsa a charaid,
     cé gurbh annamh ar siúl mo bhéal,
táim ag smaoineamh ar fhilíocht le tamall
     is tá an-bhunús lem scéal;
rod iron Sheáin mhóir ag leaghadh
     is go tapaidh mura mbuailfear é,
go mbainfidh Pól Kruger as breacadh
     ar maidin le fáinne an lae.

Is a dhaoine, “cad é ’tá bhur ndalladh?”
     nár abraimid linn féin,
is gur mithid dúinn tinteacha lasadh
     is fada táimid gan spré;
abraimis an chré is an salm
     agus iarraimis cúnamh Dé,
agus tógaimis suas ár gcuid airm
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá ór is stór faoinár dtalamh
     dá gcnagfaí an slabhra tréan,
do dhein go dlúth sinn do cheangal
     is d’fhág sinn dall gan léann;
caitear an báire suas feasta
     tá an talamh go brách chun plé,
agus seinntear máirseáil Thaidhg an Easna
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá páirceanna breátha chun reatha againn
     is ár gcapaill tá umhal chun léim,
nuair cuirtear an púdar sa charraig
     is tapaidh go bpléascann sé;
tá Clanna Gael láidir thar caise
     is a bpící breá geal roimh ré,
is tiocfaidh siad chugainn faoi mhaise
     ar maidin le fáinne an lae.

Tá an Prúiseach ag dúchaint le fearg
     is ní fada go labharfaidh sé,
is tabharfaidh sé cúnamh dá charaid
     is fada tá siúd dá léamh;
ach má chorraíonn an Francach mór fada
     is ós na cataibh má gheibheann fair play,
déanfaidh sé poll tríd an bhfala
     ar maidin le fáinne an lae.

Is ní maíte orthu claíomh géar MhacMahon,
     tá a ainm go hard á léamh,
gur lena intleacht d’ísligh sé an fala,
     le gaisce san ard-Chrimé;
má thagann an Rúiseach thar charraig
     is go gcnapfaidh sé Seán mór méith,
beidh Kruger i Londain go tapaidh
     ar maidin le fáinne an lae.

Is tiocfaidh Ó Donnabháin Rosa
     thar farraige chugainn go tréan,
is a thrúip lena ngéar-chlaimhtibh geala
     is is tréan beidh caitheamh piléar;
traochfaimid béara na Sacsan
     gan mhairg le grásta Dé
is beidh Éire againn féin chun ár sleachta
     ar maidin le fáinne an lae.


Ó Donnabháin Rosa agus banna a d’eisigh Fíníní Mheiriceá
     Ní nach ionadh, baineann dramatis personae an amhráin leis an ré inar cumadh é. Ní hionann é agus litríocht pholaitiúil an 18ú céad sa mhéid sin: má choinnigh an Fhrainc an pháirt lárnach a bhí aici riamh anall, ghlac an Ghearmáin is an Rúis páirteanna na Spáinne is na hOstaire. Mar an gcéanna, thóg Paul Kruger agus na Bóraigh an áit a bhíodh ag George Washington agus na Meiriceánach. Agus seo rud atá níos suimiúla fós: tugadh an pháirt a bhíodh ag Tiarna an Chláir agus na ‘géanna fiáine’ san 18ú céad do Dhiarmaid Ó Donnabháin Rosa agus ‘Clanna Gael’. Dhá fhocal – ‘Clanna Gael’ – atá scríofa sa lámhscríbhinn, leagan atá slán ó thaobh na gramadaí, ach bheadh trí fhocal níos cruinne ó thaobh na staire de: ‘Clan na Gael’ a bhí ar eagraíocht na bhFíníní sna Stáit Aontaithe. Thosaigh Ó Donnabháin Rosa ag bailiú airgid le haghaidh ciste cogaidh (an skirmishing fund) sa bhliain 1875. Is é an plean a bhí aige ná Fíníní aonair a chur ó Mheiriceá go Sasana chun buamaí a leagan agus foirgnimh a bhain le rialtas nó le harm na Breataine a shéideadh san aer. I bhfocail an amhráin, ‘nuair cuirtear an púdar sa charraig is tapaidh go bpléascann sé’ ...

     Neamhaibí agus saonta mar atáim, chím leanúnachas soiléir idir dearcadh polaitiúil an amhráin thuas agus an dearcadh a léiríodh sa litríocht pholaitiúil a cumadh i rith an 18ú céad. Admhaím, áfach, go bhfuilim faoi mhíbhuntáiste mór: is amhlaidh go dtuigim na foinsí príomha agus cuireann an t-eolas sin srian nach beag ar mo chumas samhlaíochta. Dá mbeinn dall ar an nGaeilge, cá bhfios nach mbeadh easpa leanúnachais na staire chomh feiceálach domsa is atá sé do staraithe eile?

11/08/2014

Amhráin stairiúla

Tá séasúr na seafóide buailte linn arís, cé go mbeadh ‘séasúr an tsléachta’ níos feiliúnaí i mbliana agus ár á dhéanamh uair amháin eile ar mhuintir cráite na Pailistíne. Céad bliain ó shin, sular ghabh arm na Breataine an treo sa ‘chogadh chun deireadh a chur le cogaí’, bhí an dúiche sin chomh síochánta le háit ar bith ar domhan. Níor mhiste dúinn machnamh a dhéanamh ar dhán na bPailistíneach le céad bliain anuas gach uair a chloisimid brilléis fhaiseanta sna meáin faoi speabhraíd a rugadh ‘in a herdsman’s shed’ agus stair rúnda éigin nár léigh aon duine beo.

     Bíodh sin mar atá, is nós seanbhunaithe agam é liosta a dhréachtú i mí Lúnasa: leabhair agus scannáin a bhí faoi chaibidil anseo anuraidh agus arú anuraidh faoi seach; liosta de na hamhráin stairiúla is fearr atá agam i mbliana. Má fhiafraítear díom cén slat tomhais a bhí agam chun fiúntas na n-amhrán a mheas, tá freagra simplí ar an gceist: mar atá, mo bhreith féin. Ní fhéadfadh an liosta thíos a bheith mórán níos suibiachtúla, ach dheineas iarracht trí ghné a chur san áireamh agus na hamhráin á roghnú agam. Is é an chéad rud a cuireadh san áireamh ná feabhas an cheoil: an bhfanann an fonn sa chuimhne? An dara rud ná cumhacht na bhfocal: an bhfuil íomhánna nó frásaí iontu a oibríonn ar mhothúcháin na n-éisteoirí? An tríú rud ná an tábhacht a bhain le hamhrán: an raibh tóir ag pobal áirithe air uair éigin? Ach ina dhiaidh sin is uile, is liosta pearsanta é seo agus admhaím go bhfuil cúpla amhrán ar an liosta thíos toisc go bhfuil baint acu le mo shaol féin.

     Seo daoibh liosta na bliana más ea. Tosnóidh mé ag bun an dréimire mar is gnách.

10.  El paso del Ebro

Póstaeir a chuir poblachtaigh na Spáinne amach
Is amhrán é seo a cumadh i rith Chogadh Cathartha na Spáinne. Baineann sé leis an ionsaí a dhein arm na Poblachta trasna abhann an Ebro i mí Iúil 1938.  D’éirigh go maith leis an ionsaí i dtús báire ach b’éigean do na Poblachtaigh cúlú nuair a dhein fórsaí Franco frithionsaí orthu. Cé gur cumadh focail an amhráin sa bhliain 1938, cuireadh iad le fonn traidisiúnta dar theideal ‘¡Ay, Carmela!’ Go deimhin, tá amhrán eile ó Chogadh Cathartha na Spáinne a cuireadh leis an bhfonn céanna – is é sin, an t-amhrán dar teideal ‘Viva la quince brigada’ faoi cheann de na briogáidí idirnáisiúnta a throid ar son na Poblachta.
El ejército del Ebro,
Rumba la, rumba la, rumba la,
El ejército del Ebro,
Rumba la, rumba la, rumba la,
Una noche el río pasó.
¡Ay, Carmela! ¡Ay, Carmela!
Una noche el río pasó.
¡Ay, Carmela! ¡Ay, Carmela!

Arm an Ebro,
rumba la, rumba la, rumba la,
arm an Ebro,
rumba la, rumba la, rumba la,
chuaigh sé trasna na habhann oíche áirithe,
Ay, Carmela! Ay, Carmela!
chuaigh sé trasna na habhann oíche áirithe,
Ay, Carmela! Ay, Carmela! 
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

9. L'Internationale

Jean Jaurès, ceannaire sóisialach a dúnmharaíodh an 31 Iúil 1914
Is é seo iomann na gluaiseachta sóisialaí idirnáisiúnta. Eugène Pottier, iarbhall de Chomún Phárais, a chum na focail sa bhliain 1871 agus chuir Pierre De Geyter fonn leo sa bhliain 1888. Ba ghearr go raibh an t-amhrán á chanadh i mórán teangacha ar fud na cruinne. Chuir Máirtín Ó Cadhain, údar Cré na Cille, Gaeilge ar an amhrán agus is leis an t-aistriúchán thíos.
Debout, les damnés de la terre,
Debout, les forçats de la faim,
La raison tonne en son cratère,
C’est l’éruption de la fin.
Du passé faisons table rase,
Foule esclave, debout, debout,
Le monde va changer de base,
Nous ne sommes rien, soyons tout.

C’est la lutte finale,
Groupons-nous, et demain
L’Internationale
Sera le genre humain

Músclaíg, a bhratainn na cruinne,
A dhíogha an ocrais, aire daoibh!
Tá an tuiscint ina buabhall buile,
Ag saighdeadh an duine chun malairt saoil.
De sheanré na ngeasróg déanam easair,
Ar na laincisí, músclaíg;
Sinne nach faic muid gheobhaimid gradam;
An seanreacht leagfar bun os cionn.

Is í an troid scoir í, a bhráithre,
Éirímis chun gnímh;
An tInternational
Snaidhm comhair an chine dhaonna.
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

8. Боже, Царя храни!

Nikolaj II, Sár na Rúise Uile, agus an Banimpire Aleksandra
Níor mhiste dom sciuird ar dheis a thabhairt ar eagla go gceapfaí go bhfuil claonadh bídeach i dtreo na heite clé le brath ar an liosta seo. Ba é seo amhrán náisiúnta na Rúise roimh réabhlóid na bliana 1917. Aleksej L’vov a chum an ceol agus Vasilij Žukovskij, file, a scríobh na focail. Bhíos i mo pháiste nuair a chualas an ceol ar dtús: ba cheoltéama é le haghaidh leagain teilifíse den úrscéal Война и мир (Cogadh agus síocháin) le Lev Tolstoj a dhein an BBC. Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur chualas an fonn céanna arís (agus é ag coimhlint le hamhrán náisiúnta na Fraince, an Marseillaise) i ‘Réamhcheol na Bliana 1812’ le Čajkovskij. Bhíos chomh tógtha sin leis an saothar gur cheannaíos fadcheirnín de cheol Čajkovskij – an chéad fhadcheirnín a cheannaíos riamh. Ach mar staraí a chuireann béim ar an gcruinneas i gcónaí, caithfidh mé Čajkovskij agus an BBC a bheachtú: níor cumadh ‘Боже, Царя Храни!’ go dtí an bliain 1833, rud a fhágann go raibh sé mí-aimseartha an fonn a úsáid i saothair a bain le heachtraí a thit amach sa bhliain 1812. Tá an bunleagan maille le traslitriú le léamh thios.
Боже, Царя храни!
Сильный, державный,
Царствуй на славу, на славу нам!

Царствуй на страх врагам,
Царь православный!
Боже, Царя храни!

[Bože, Carja xrani!
Sil’nyj, deržavnyj,
Carstvuj na slavu, na slavu nam!

Carstvuj na strax vragam,
Car’ pravoslavnyj!
Bože, Carja xrani!]

A Dhia, tabhair slán an Sár!
Láidir maorga,
rialaigh chun glóire, chun ár nglóire!

Rialaigh chun eagla na namhad,
Sár ceartchreidmheach.
a Dhia, tabhair slán an Sár!
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

7. Ay Nicaragua, Nicaragüita

Managua, an 17 Iúil 1979
Thugas trí chuairt ar Nicearagua sna 1980í nuair a bhí an Frente Sandinista i gcumhacht agus na Contras, treallchogaithe frith-réabhlóideacha a bhí armtha, eagraithe agus íoctha ag na Stáit Aontaithe, ag troid ina gcoinne. Dá mba iad na Rúisigh a d’eagraigh na Contras thabharfaí ‘sceimhlitheoirí’ orthu, ar ndóigh, ach ós rud é go raibh ‘Made in USA’ stampáilte ar a dtóin ní bheadh sé sin stuama. Is é seo an t-amhrán is mó a chanadh lucht tacaíochta na Sandinistas sna blianta úd. An t-amhránaí Carlos Mejia Godoy a chum; bhí an t-ádh liom gur chualas é á chanadh ag ceolchoirm i Managua. Ní foláir cúpla tagairt san amhrán a mhíniú. Is focal é ‘Nicaragüita’ a chiallaíonn ‘Nicearagua beag’ ach is ainm é ar bhláth a fhásann sa tír chomh maith. Ba thaoiseach dúchasach é Diriangén a throid i gcoinne na Spáinneach nuair a bhíodar ag iarraidh coilíniú a dhéanamh ar Nicearagua sa 16ú céad. Is ceantar é Tamagás atá suite ar bhruach Loch Managua agus a bhfuil cáil na háilleachta air.
Ay Nicaragua, Nicaragüita,
La flor más linda de mi querer,
Abonada con la bendita, Nicaragüita,
Sangre de Diriangén.
Ay Nicaragua sos mas dulcita
Que la mielita de Tamagás,
Pero ahora que ya sos libre, Nicaragüita,
Yo te quiero mucho más.

A Nicearagua, a Nicearagua bhig,
an bhláth is áille i mo chroí,
leasaíodh tú, a Nicearagua bhig,
le fuil bheannaithe Diriangén.
A Nicearagua is milse thú
ná an mhil ó Thamagás,
ós rud é go bhfuilir saor anois, a Nicearagua bhig,
is mó go mór an grá atá agam duit.
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo agus é á chanadh ag Carlos Mejia Godoy.

6. Grândola Vila Morena

Liospóin, an 25 Aibreán 1974
Is amhrán é seo a chum an t-amhránaí Zeca Afonso chun comhar na gcomharsan in Grândola, baile atá suite san Alentejo, tuairim is 70 km ó dheas ó Liospóin, a mhóradh. Chuir réimeas an Dr Marcello Caetano, deachtóir na linne, cosc ar roinnt de na hamhráin a chum Afonso toisc go raibh claonadh an údair i leith na heite clé ró-fhollasach iontu. Níor cuireadh cosc ar ‘Grândola’, áfach, rud a d’fhág go bhféadfaí é a chraoladh gan aird na n-údarás a tharraingt, agus roghnaigh na hoifigigh shóisearacha a d’éirigh amach i gcoinne na deachtóireachta an t-amhrán mar chomhartha rúnda do lucht na comhcheilge ar fud na tíre: nuair a chualadar an t-amhrán á chraoladh ar Rádio Renascença, stáisiún raidió príobháideach, ba chomhartha dóibh é go raibh an t-éirí amach ag tosnú. Tá tábhacht ar leith ag an amhrán domsa mar ba as an bPortaingéil an chéad chailín ar thiteas i ngrá léi riamh agus bhronn sí fadcheirnín d’amhráin Zeca Afonso orm – fadcheirnín atá agam i gcónaí – cé nach bhfuil ‘Grândola’ ina measc.
Grândola, vila morena,
Terra da fraternidade,
O povo é quem mais ordena,
Dentro de ti, ó cidade.

Dentro de ti, ó cidade,
O povo é quem mais ordena,
Terra da fraternidade,
Grândola, vila morena.

A Grândola, a bhaile chrón,
a fhearainn an bhráithreachais,
is é an pobal is mó a rialaíonn,
laistigh díot, a chathair.

Laistigh díot, a chathair.
is é an pobal is mó a rialaíonn,
a fhearainn an bhráithreachais,
a Grândola, a bhaile chrón.
Is féidir éisteacht leis an amhrán á chanadh ag Zeca Afonso anseo.

5. Mo Ghille Mear

‘Will he no come back again?’ Tá tuairim agam nach dtiocfaidh ...
Ba mhór an náire dom é mura mbeadh amhrán amháin i nGaeilge ar an liosta agus seo daoibh é. Amhrán Seacaibíteach is ea é seo a chum Seán Clárach Mac Dónaill nuair a theip ar éirí amach na bliana 1745 in Albain. Ba é an Prionsa Séarlas an ‘gille mear’, an ‘buachaill beo’. Is focal Albanach é ‘gille’ a chiallaíonn ‘buachaill’; is ionann é agus ‘giolla’ ó thaobh na sanasaíochta de.
Bímse buan ar buairt gach ló,
ag caí go cruaidh ’s ag tuar na ndeor,
mar scaoileadh uainn an buachaill beo,
is nach ríomhthar tuairisc uaidh, mo bhrón.

Is é mo laoch mo ghille mear!
Is e mo Shaesar gille mear!
Ní bhfuaras féin aon tsuan ar séan
ó chuaigh i gcéin mo ghille mear!
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

4. Lillibullero

An Prionsa Oráisteach ag Cath na Bóinne
Tá stair chasta ag an amhrán seo. Amhrán Éireannach is ea é ó cheart a d’úsáid lucht na Comhdhála Caitlicí sna 1640í. Ar mhí-ámharaí an tsaoil, tá focail an amhráin bhunaidh caillte – go deimhin, is beag amhrán a tháinig anuas chugainn ó thréimhse ar bith roimh Chogadh an Dá Rí. Níor tháinig slán den bhunleagan ach an teideal ‘Liliburlero’. Ach cad is brí leis an teideal sin? Dhein Breandán Ó Buachalla amach (agus nílim chun easaontú leis) gurb é atá sa teideal ná ‘Lilly ba léir ó, budh linn an lá’, nó, lena rá ar bhealach eile, ‘Bhí Lilly soiléir: beidh an lá linn’. Astralaí cáiliúil ba ea William Lilly (1602-81) a thuar go gcaillfeadh Séarlas I a chloigeann. Nuair a bhí Fuigeanna Shasana ag cur i gcoinne Shéamais II sna 1680í, chuir duine díobh, an Tiarna Wharton (1648-1715) focail nua leis an seanfhonn Éireannach. Tá na focail curtha i mbéal Gaeil a raibh ríméad air de bharr na n-athruithe polaitiúla go léir a bhí ag titim amach. Na polasaithe a thaitin leis na Gaeil, ar ndóigh, chuireadar olc as cuimse ar Shasanaigh agus dúradh faoin amhrán nua-chumtha gur shéid sé Séamas II as trí ríocht. Is annamh a chloistear na focail anois, ach tá blaiseadh beag le fáil anseo thíos.
Ho, brother Teague, dost hear the decree?
Lillibullero bullen a la,
We are to have a new deputy
Lillibullero bullen a la.

Lero Lero Lillibullero
Lillibullero bullen a la,
Lero Lero Lero Lero
Lillibullero bullen a la,

Oh by my soul it is a Talbot
Lillibullero bullen a la,
And he will cut every Englishman’s throat
Lillibullero bullen a la.
Tá stair an amhráin mínithe i gclár raidió de chuid an BBC anseo; tá Breandán Ó Buachalla le cloisint tar éis ocht nóiméad agus míníonn sé an teideal tar éis deich nóiméad.

3. Le Chant des Partisans

Buíon sceimhlitheoirí (mar a thug rialtas na linne orthu) i mbun traenála
Anna Marly, bean de bhunadh na Rúise a tógadh sa bhFrainc agus a chaith an Dara Cogadh Domhanda i Londain, a chum ceol an amhráin seo sa bhliain 1941. Chuir sí focail Rúisise leis an gceol agus chanadh sí féin an t-amhrán. Thaitin an fonn go mór le Joseph Kessel agus Maurice Druon, uncail agus nia a bhí ina mbaill d’fhórsaí na Fraince Saoire, agus chuireadar focail Fraincise leis sa bhliain 1943. Craoladh an leagan nua ar an raidió agus ba ghearr go raibh sé in úsáid ag lucht an Résistance sa bhFrainc féin.
Ami, entends-tu le vol noir des corbeaux sur nos plaines ?
Ami, entends-tu les cris sourds du pays qu'on enchaîne ?
Ohé ! partisans, ouvriers et paysans, c’est l'alarme !
Ce soir l’ennemi connaîtra le prix du sang et des larmes.

A chara, an gcloiseann tú eitilt dhubh na bpréachán os cionn ár machairí?
A chara, an gcloiseann tú screadach bhalbh na tíre atá i ngéibhinn?
Óró! a throdairí, a oibrithe agus a fheirmeoirí, tá an t-aláram tugtha!
Anocht a thuigfidh an namhaid luach na fola agus na ndeor.
Tá an t-amhrán á chanadh ag Anna Marly, a chum an ceol, anseo.

2. Nkosi sikelel' iAfrika

Ar ndóigh, bhí sé de cheart ag an Afraic Theas í féin a chosaint
Chum Enoch Sontonga an t-amhrán seo mar iomann sa bhliain 1897. Sa Chóisis, teanga dhúchasach de chuid na hAfraice Theas, a bhí na focail bhunaidh ach aistríodh an t-iomann go teangacha dúchasacha eile de réir a chéile agus chuaigh daoine as gach cearn den tír i dtaithí air ina dteanga féin. Sa bhliain 1925, chinn an African National Congress go gcanfaí ‘Nkosi sikelel' iAfrika’ chun clabhsúr a chur ar chruinnithe na gluaiseachta. Ba ghearr gur aithníodh é mar amhrán an ANC: ní iomann eaglasta a bheadh ann feasta ach amhrán polaitiúil. Chun aontas (agus armóin) a chothú i measc lucht leanúna an ANC, socraíodh go gcanfaí línte áirithe i dteangacha ar leith. Mar shampla, sa leagan oifigiúil a chantar anois tá línte 1 agus 2 i gCóisis ach is i Súlúis atá línte 3 agus 4.
Nkosi Sikelel’ iAfrika
Maluphakanyisw’ uphondo lwayo,
Yizwa imithandazo yethu
Nkosi sikelela, thina lusapho lwayo

A Thiarna, beannaigh an Afraic,
go n-éirí a spiorad chun na spéartha,
éist lenár nguíonna,
beannaigh, a Thiarna, sinne do chlann.
Is féidir éisteacht leis an amhrán anseo.

1. La Marseillaise

Rouget de Lisle ag canadh La Marseillaise don chéad uair
Is ea, cad eile a bheadh sa chéad áit? An Captaen Rouget de Lisle, innealltóir óg i ngarastún Strasbourg, a chum an t-amhrán sa bhliain 1792 nuair a d’fhógair an Fhrainc cogadh ar an Ostair. Ghlac saighdiúirí na poblachta go fonnmhar leis an iomann réabhlóideach agus aithníodh go hoifigiúil é mar amhrán náisiúnta na Fraince sa bhliain 1795 – cé gur bhain an tImpire Napoléon an stádas sin de nuair a tháinig sé i gcumhacht. B’éigean fanúint go dtí an bhliain 1879 sular athdhearbhaíodh stádas an amhráin mar iomann náisiúnta na tíre.  Tá an t-aistriúchán Gaeilge le fáil anseo.
Allons enfants de la patrie,
Le jour de gloire est arrivé !
Contre nous de la tyrannie
L’étendard sanglant est levé,
L’étendard sanglant est levé.
Entendez-vous dans les campagnes
Mugir ces féroces soldats ?
Ils viennent jusque dans vos bras
Égorger vos fils, vos compagnes !

Aux armes, citoyens,
Formez vos bataillons,
Marchons, marchons !
Qu’un sang impur
Abreuve nos sillons !

Éirígí ’chlanna na tíre,
tá lá na glóire buailte linn!
agus brat fuilteach na daoirse
á bhagairt ag tíoráin orainn,
á bhagairt ag tíoráin orainn!
Éistigí ’mhuintir na tuaithe
béicíl na n-amhas gan daonnacht,
táid ag marú óige ’s bantracht
is ag réabadh trí bhur ndúiche!

Chun arm a shaorfheara,
déanaigí bhur ranga,
ar aghaidh, ar aghaidh!
go ndoirtfear fuil
shalach ar ár gcriaidh!
Tá an t-amhrán stairiúil is fearr le cloisint anseo.

     An comhtharlú é gur scannán a bhain le réabhlóid na Fraince a bhí ag barr an liosta dhá bliain ó shin, gur bheathaisnéis fir a  ghlac páirt i réabhlóid na Fraince a bhí ag barr an liosta an bhliain seo caite, agus gur amhrán a cumadh i rith réabhlóid na Fraince atá ag barr an liosta i mbliana? Beag an seans, déarfainn.

19/02/2014

Mo ghinealach, cuid II

Nuair a bhí mo shinsir ar thaobh m’athar faoi chaibidil agam anseo i mí Dheireadh Fómhair seo caite, gheallas go ndéanfainn trácht ar an taobh eile den chraobh uair éigin sa bhliain úr. Tá an tuar tagtha faoin tairngreacht níos luaithe ná mar a bhí beartaithe agam.

Mo sheanathair i ndaonáireamh na bliana 1911

      Is ar fheirm bheag i mbaile fearainn na Coille Bige i bparóiste Thuama i mbarúntacht Dhún Mór i gcontae na Gaillimhe a rugadh mo mháthair. Bhain mo sheanathair, Éamonn Ó Conghaile, agus mo sheanmháthair, Mairéad Ní Fhlatharta, leis an gcomharsanacht chéanna. Go deimhin, anuas go dtí lár an 19ú céad bhí sráidbhaile ar a dtugtaí ‘Baile na bhFlathartach’ suite ar an láthair. Tréigeadh an baile úd de réir mar a d’fhás an eisimirce sna blianta tar éis an Drochshaoil agus faoi thús an chéid seo caite ní raibh ach teach amháin fágtha a raibh teaghlach ag cur fúthu ann – an teach inar tógadh mo mháthair. Ach bhí roinnt de na seantithe eile in úsáid mar chróite nó mar sciobóil; chonac féin roinnt acu nuair a bhíos i mo pháiste agus dúirt mo mháthair liom go raibh fothraigh de thithe eile fós le feiscint nuair a bhí sise óg ach gur baineadh as a chéile iad de réir mar a bhí clocha ag teastáil chun claíocha a dheisiú.

Mo sheanmháthair i ndaonaireamh na bliana 1911

      Mhair cuimhne ar an Drochshaoil i dteaghlach mo mháthar. Tomás Ó Conghaile, seanathair mo mháthar, rugadh é chomh luath leis an mbliain 1837 agus bhí sé fásta go leor i rith an ghorta mhóir (1847-49) chun cuimhne mhaith a bheith aige ar cheann de na tréimhsí ba thubaistí riamh i stair na hÉireann. Chuala mo mháthair scéalta sa bhaile faoi na déircigh ocracha a chuaigh ó thig go tigh ag iarraidh bia nach raibh le fáil, agus faoi na marbháin neamhaithnide a fuarthas i ndíoga ar thaobh na mbóithre. Chualas na scéalta céanna uaithi nuair a thosnaíos ag foghlaim faoin Drochshaol ar scoil. Is minic a mhaíonn lucht an tseanchais nach raibh an gorta leath chomh dian ina gceantair féin agus a bhí i mbólaí eile. Is amhlaidh atá sna cuntais a chualas ó mo mháthair: na truáin a fuair bás den ocras thart faoin gCoill Bheag, is aduaidh ó chontae Mhaigh Eo a tháinig siad, más fíor. Ach tugann mapa a foilsíodh san Atlas of the Great Irish Famine (féach thíos) le fios go raibh cúrsaí dona go leor i bparóiste Thuama chomh maith, mar thit daonra an pharóiste idir 30 agus 35 faoin gcéad in imeacht deich mbliana – cé go gcaithfear a admháil go raibh an titim níos airde ná 45 faoin gcéad i bparóistí eile. Murar chuir an gorta tús leis an imirce i gceantar Thuama is cinnte gur chuir sé dlús léi, agus d’fhág an imirce lorg nár bheag ar theaghlach mo mháthar.

Titim an daonra sna blianta 1841-51 agus sráidbhaile a tréigeadh

      Ainmneacha Gaelacha a thugas ar mo shinsir thuas. Dheineas amhlaidh toisc go raibh Gaeilge ó dhúchas acu go léir. Breac-Ghaeltacht ba ea achréidh na Gaillimhe i dtús an chéid seo caite: is é sin le rá, bhí idir Ghaeilge agus Bhéarla ag an dream a bhí meán-aosta nó níos sine, ach Béarla amháin a bhí ag an dream óg. Éamonn Ó Conghaile nó ‘Edward Connolly’ – mo sheanathair – bhí sé 30 bliain d’aois nuair a comhaireadh é le haghaidh dhaonáireamh na bliana 1911 agus bhí an dá theanga ar a thoil aige; ach bhí mac deirféar agus iníon deirféar leis ag stopadh sa tigh oíche an daonáirimh nach raibh Gaeilge acu. Sé bliana déag d’aois a bhí Michael Fahy, an páiste ba shine den bheirt, rud a thugann le fios gur timpeall na bliana 1890 a tharla an t-athrú teanga sa teaghlach sin. Mhair an Ghaeilge níos faide i dteaghlach mo sheanmháthar, de réir dealraimh, mar bhí an dá theanga ag Katie Shaughnessy, neacht léi a bhí seacht mbliana d’aois in 1911. Deir mo mháthair liom go raibh sé de nós ag a tuismitheoirí Gaeilge a labhairt eatarthu féin ach gur Béarla amháin a labhraídís leis an gclann – b’shin an teanga a sheasfadh dóibh cibé áit ar domhan a rachaidís.

Mo sheanathair agus fógraí ar son Chlann na Talmhan

      ‘Hitler’ a ghlaoití ar mo sheanathair sna 1930í. Ní hé go raibh ardmheas aige ar sheansailéir na linne sa Ghearmáin, ná go raibh sé ag beartú ‘spás maireachtála’ a ghnóthú dá chlann ar ghabháltais na gcomharsan, ach gur síleadh an-chosúlacht a bheith idir a chroiméal agus croiméilín an Führer. Fuair sé bás sa bhliain 1947, tamall maith sular saolaíodh mise, ach tá na pictiúir de atá feicthe agam ag teacht leis an míniú seo ar a leasainm. Bíodh sin mar atá, tá a fhios agam go gcuireadh sé suim ar leith i gcúrsaí polaitíochta agus ritheann sé liom go mb’fhéidir go raibh baint ag an leasainm aduain leis an gclaonadh chun óráidíochta a bhí aige. Ní leis an eite dheis a bhí a luí, áfach, ach le Clann na Talmhan, páirtí a bunaíodh sa bhliain 1938 chun leas na bhfeirmeoirí beaga in iarthar na hÉireann a dhéanamh. D’éirigh leis an bpáirtí deich suíochán a bhuachan in olltoghchán na bliana 1943: i measc na dteachtaí nua a toghadh bhí Michael Donnellan, ceannaire an pháirtí agus fear a bhí mór le mo sheanathair, a chríochnaigh ag barr an chomhairimh i ndáilcheantar Ghaillimh Thoir.

      Níor éag mo sheanmháthair go dtí an bhliain 1961; dúradh liom go rabhas ina baclainn aici cúpla uair ach bhíos chomh hóg san nach bhfuil aon chuimhne agam uirthi. Naonúr clainne a saolaíodh do mo sheanmháthair, cé nár mhair ach seachtar den ál. Fuair Tom, an mac ba shine, an fheirm; tá col ceathrair liom á saothrú i gcónaí. D’oibrigh an iníon ba shine a mhair, Aileen, i siopa Clerys i mBaile Átha Cliath; phós sí Ciarraíoch agus thógadar clann mhór i gCill Orglan. Ba í Norah an tríú duine a mhair agus fillfidh mé ar a scéalsa ar ball. Chuaigh an chéad duine eile, Kitty, go Sasana bliain nó dhó roimh an Dara Cogadh Domhanda; fuair sí oiliúint ann mar bhanaltra agus d’oibrigh sí in ospidéal i Londain i rith an blitz. Phós sí Sasanach tar éis an chogaidh ach ní raibh aon chlann acu. Ba í mo mháthair, Chris, an cúigiú duine; dhein sí cúrsa rúnaíochta nuair a d’fhág sí an scoil agus d’oibrigh sí mar chléireach pá sular phós sí m’athair. Chuaigh Jack, an séú duine, ar imirce go Londain sna 1950í, tráth ar thit an tóin as geilleagar na hÉireann, ach bhog sé ar ais go dtí cathair na Gaillimhe nuair a chuaigh sé amach ar pinsean. An seachtú duine, Jim, ba shiúinéir é agus thóg sé clann i mBaile Átha Cliath. Níl aon rud as an ngnáth sa mhéid sin; go deimhin, d’fhéadfaí a rá gur mhionsamhail de shochaí na hÉireann sa 20ú céad iad clann mo sheantuismitheoirí: chuir beirt fúthu faoin tuath, bhog beirt go Baile Átha Cliath, agus thug beirt eile aghaidh ar thír Sheáin Bhuí. Ach b’eisceacht í an seachtú duine ceart go leor.

M'aintín sna 1940í; póstaer ó ré Vichy; mo mháthair agus m'aintín ar Lá Caille 2014 (mise a thóg)

      Rugadh m’aintín, Norah Connolly, an 8 Samhain 1918 – cúpla lá sular chríochnaigh an Chéad Chogadh Domhanda. Chaith sí seal ag obair i siopa i mBaile Átha Cliath ach sa bhliain 1937 chuaigh sí isteach sna Soeurs de Saint Paul de Chartres, ord cráifeach Francach. Thaistil triúr ógbhan chun na Fraince ag an am céanna ach d’fhill beirt acu abhaile laistigh d’achar gearr; d’fhan m’aintín thall, áfach, agus oileadh í mar bhanaltra. Ón mbliain 1940 d’oibrigh sí in ospidéal Longjumeau, baile atá suite tuairim is 15 km ó dheas ó chathair Phárais. I measc na n-othar a tháinig faoina cúram i rith an chogaidh bhí saighdiúirí Gearmánacha. Bhíodh drogall uirthi i gcónaí labhairt ar na “années noires” – fág an easpa bídh agus an t-ocras a bhíodh uirthi de shíor as an áireamh – ach d’inis sí scéal faoi Ghearmánach áirithe, píolóta sa Luftwaffe, a gheall go dtabharfadh sé síob ar ais go hÉirinn di dá mbeadh sí sásta éalú ina theannta. Ag spochadh as an mbean rialta a bhí mo dhuine, is dócha, ach is ait an scéal é go raibh aintín amháin liom ag cur cóir leighis ar mhuintir Londan a bhí á mbuamáil ag an Luftwaffe a fhad is a bhí baill den fhórsa céanna faoi chúram a deirféar laisteas de Mhuir nIocht! Bhí an Fhrainc á buamáil chomh maith, ar ndóigh: i mí Aibreáin na bliana 1944, mar shampla, maraíodh beagnach ceithre chéad sibhialtach nuair a d’ionsaigh an Royal Air Force an clós iarnróid ag Juvisy-sur-Orge, tuairim is 5 km ó Longjumeau. Caithfidh gur tógadh roinnt de na taismigh go dtí ospidéal Longjumeau. Ar chuir m’aintín cóir orthu? Níl a fhios agam, mar bhuail an eitinn í timpeall an ama chéanna. Aistríodh í go dtí sanatóir in aice le baile Chamonix san Haute-Savoie, gar do theorainneacha na hIodáile agus na hEilvéise. Is ann a bhí sí, ina hothar seachas ina banaltra, nuair a chríochnaigh an Dara Cogadh Domhanda. Ba ghairid ina dhiaidh sin go bhfuair a muintir an chéad litir uaithi le cúig bliana. Socraíodh gur chóir cuairt a thabhairt uirthi agus thit sé ar chrann mo mháthar an turas a dhéanamh. Post sealadach a bhí aici san Irish Hospitals' Sweepstake ag an am agus nuair a tháinig deireadh leis an obair sin in earrach na bliana 1946 thaistil sí chun na Fraince chun cúpla seachtain a chaitheamh i dteannta m’aintín a bhí ag téarnamh san aer úr ag bun Mont Blanc. Is iomaí uair a chualas mo mháthair ag trácht ar an turas sin – ar an scrios cogaidh a chonaic sí agus ar áilleacht na nAlp. D’fhan m’aintín sa bhFrainc go dtí an bhliain 1963 nuair a aistríodh í go dtí teach altranais a bhí oscailte ag a hord i Michigan na Stát Aontaithe. Faoi dheireadh thiar thall, sa bhliain 1985, d’fhill sí ar Éirinn nuair a bhunaigh an t-ord ionad cónaithe do sheandaoine sa Rath Garbh, i ndeisceart chathair Bhaile Átha Cliath. Bhí sí ina bainisteoir ar an ionad sin go dtí an bhliain 2003 nuair a d’éirigh sí as a cuid cúraimí – go hoifigiúil cibé ar bith. Is ann a raibh cónaí uirthi nuair a d’éag sí gan choinne, an 3 Feabhra i mbliana, agus í chomh géarchúiseach is a bhí sí riamh i rith a saoil.

      Mar a mhíníos nuair a bhí mo shinsir ar thaobh m’athar faoi chaibidil agam, ní fear mór ginealais mé. Ach ní fhéadfainn cuntas a scríobh ar mo chraobh gan mórán téamaí staire a tharraingt anuas: an Drochshaol, meath na tionsclaíochta sa 19ú céad, cogadh na talún, cúlú na Gaeilge, cogadh na saoirse, bunú an tSaorstáit, an pholaitíocht sa stáit nua, an Fhrainc faoi réimeas Vichy, géarchéim eacnamaíoch na gcaogaidí, etc. Ar fhág an cúlra pearsanta sin lorg ar mo dhearcadh, ar an saghas staire a scríobhaim, ar na téamaí a roghnaím, ar na breitheanna a thugaim? Bheadh sé saonta a cheapadh nár fhág: baineann gné shuibiachtúil le saothar gach staraí agus nílim chun ligint orm féin gur eisceacht mise.