Affichage des articles dont le libellé est Gaeilge. Afficher tous les articles
Affichage des articles dont le libellé est Gaeilge. Afficher tous les articles

01/04/2016

Conradh na Gaeilge agus an pholaitíocht, cuid II

[Ar leanúint ón mí seo caite.]

Foilsíodh an aiste seo ar  an iris Comhar i mi Lúnasa na bliana 1993

An Conradh agus na hÓglaigh


Mar is eol don saol, ba i leathanaigh An Claidheamh Soluis a foilsíodh an t-alt le hEoin Mac Néill dar theideal ‘The North Began’ inar mhol sé go mbunófaí Óglaigh na hÉireann. Ba mhinic é ráite ag eagarthóirí an pháipéir nach raibh in ailt shínithe ach tuairimí a n-údar agus nár ghá go mbeidís ag teacht le polasaithe an Chonartha. Ní dúradh a leithéid faoi ailt neamhshínithe, áfach, agus ba i gceann díobhsan a foilsíodh an giota seo a leanas:
Níl aon iongnadh ach an chiall a tháinig do Ghaedhealaibh le goirid agus an misneach atá ionta. Cuireadh Óglaigh na hÉireann ar bun i mBaile Átha Cliath oidhche Dia Máirt.
An Claidheamh Solais, 29 Samhain 1913.
Ní cúnamh bolscaireachta amháin a thug an Conradh don ghluaiseacht nua, mar is léir ón sliocht seo:
Bhí trí chéad óigfhear leigthe luthmhar i láthair i Halla Chonnradh na Gaedhilge i gCearnóig Pharnell oidhche Diardaoin a cleachtadh gluaiseachta catha.
An Claidheamh Solais, 13 Nollaig 1913.
Faoi Mheitheamh 1914, chuir coiste oideachais an Chonartha an teachtaireacht seo a leanas chuig coiste stiúrtha na nÓglach:
the members of the Gaelic League have seen with great pleasure the growth and spread of the movement, believing that the two movements are complementary. Indeed, the majority of Gaelic Leaguers are actively engaged in the Volunteer movement ...
An Claidheamh Solais, 13 Meitheamh 1914.
Nuair a d'éirigh leis na hÓglaigh lasta gunnaí agus armlóin a thabhairt i dtír ag Binn Éadair, ní fhéadfadh tuairisc an Chlaidheamh bheith níos caithréimí:
Mo ghrádh sibh a Fhianna. Tá Éire ina náisiún arís os comhair súl na hEorpa.
An Claidheamh Solais, 1 Lúnasa 1914.
Tharla an eachtra le linn don Oireachtas agus Ard-Fheis an Chonartha bheith ar siúl i gCill Airne. Scaip an lúcháir chéanna i measc an tslua agus ghlac lucht na féile le rún a d’iarr ar,
the Volunteers and on the people of Ireland generally to take immediate and determined action and not to desist until every Volunteer is armed and Ireland’s freedom achieved.
An Claidheamh Solais, 1 Lúnasa 1914.
Bhí Dubhghlas de hÍde chomh corraithe le haon Chonraitheoir eile de réir dealraimh. Ba bheag nár éiligh sé ina óráid uachtaránachta gurbh é an Conradh a bhunaigh na hÓglaigh:
Who started the Volunteers on Irish ground out of Irish seed? Who but the Gaelic League (applause). Who cleared the road before the Volunteers? Was it not the Gaelic League? And who gave them their first president, who but the Gaelic League? And who showed the country that outside the revival of its native tongue there is one essential thing more for true nationality to aim at?
An Claidheamh Solais, 1 Lúnasa 1914.
Níor mhínigh de hÍde cad é go díreach a bhí i gceist aige leis an abairt dheireanach sin, ach is léir ón gcomhthéacs gur thagairt do rialtas dúchasach de shaghas éigin a bhí ann. Faoi Lúnasa 1914, bhí an Conradh ag tacú go hoscailte le harm príobháideach náisiúnaíoch, fiontar ar dheacair a rá faoi go raibh baint dá laghad aige le cur chun cinn na Gaeilge. Bhíothas in ann é sin a dhéanamh toisc go raibh gach aicme náisiúnaithe, ó lucht leanúna an Réamonnaigh ar thaobh amháin go dtí an I.R.B. ar an taobh eile, páirteach sna hÓglaigh, rud a d’fhág go raibh an eagraíocht úd chomh ‘neamhpholaitiúil’ leis an gConradh féin. Ach d’athraigh saol polaitiúil na hÉireann agus na hEorpa ó bhonn i dtús na míosa céanna.

Póstaer a d’fhoilsigh Conradh na Gaeilge timpeall na bliana 1913


     Thosaigh an Chéad Chogadh Domhanda seachtain i ndiaidh an Oireachtais. Bhí éagsúlacht tuairimí le léamh ar An Claidheamh chomh luath leis an 15 Lúnasa. Mhol Tadhg Ó Donnchadha (‘Torna’) seasamh cróga na mBeilgeach ag Liège agus d’aontaigh sé le polasaí Redmond i leith an chogaidh:
Do gheall Seán Réamonn go ndéanfaidís Fianna Éireann cosaint na tíre. Féachaimis chuige go gcoimhlíonfar ár dtaobhna den gheall gan teip.
An Claidheamh Solais, 15 Lúnasa 1914.
Dearcadh eile ar fad a bhí ag ‘M.S.’ (Micheál Smithwick, níos dóichí ná a mhalairt):
We have gained the favour of the Saxon, the applause of the English party leaders, the exultation of the Maffiker. But we have also forgotten in one five minutes 700 years of Irish history.
An Claidheamh Solais, 15 Lúnasa 1914.
Bhí aontas an Chonartha i mbaol ó thús an chogaidh amach, ach mhéadaigh an chontúirt nuair a tharla scoilt sna hÓglaigh i ndeireadh mhí Mheán Fómhair, go háirithe toisc go raibh Eoin Mac Néill ina cheann foirne ar an mionlach i measc na nÓglach a chuaigh i gcoinne Redmond (‘Óglaigh Shinn Féin’ mar a tugadh orthu go coitianta) agus ina leas-uachtarán ar an gConradh ag an am céanna. Nuair a thug sé léacht ag cruinniú den Ard-Chraobh faoin teideal ‘The Irish Volunteers and their relationship to the language movement and Irish nationality’ níorbh fhéidir an fhadhb a chur ar an méar fhada a thuilleadh. [Tá tuairisc ar léacht Mhic Néill sa Freeman’s Journal, 2 Deireadh Fómhair 1914]. Mhol de hÍde an rún seo a leanas ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Gnó:
That the Coiste Gnó reminds branches of the Gaelic League that it is more important now than ever at any time since the establishment of the organisation that the Gaelic League and its branches should stand firmly by the decision which has guided it at all times; that is to rigorously abstain from all connection with politics or any discussions thereon, except in so far as such questions relate directly to the Irish language.
Freeman’s Journal, 12 Deireadh Fómhair 1914.
Glacadh leis an rún d’aon ghuth, ach is léir ó thuairisc chomhaimseartha ar an gcruinniú gur mhair an tsean-éiginnteacht i dtaobh bhrí an fhocail ‘polaitíocht’:
Mr O’Kelly said they all agreed that politics should be excluded from Gaelic League meetings, but there were a great many other questions that might arise and that they should be free to deal with.
The President — The war for instance (laughter).
Freeman’s Journal, 12 Deireadh Fómhair 194.
Tá gach dealramh gur tháinig rún an Chraoibhín aniar aduaidh ar na poblachtaigh mar, an mhí dár gcionn, mhol Diarmuid Ó Loingsigh, ball sinsearach den I.R.B., a rún féin i bhfabhar neamhspleáchas na hÉireann. Cé gur rialaigh de hÍde go raibh sé as ord, ba léir nach raibh deireadh ráite.

     Rinne an t-uachtarán tréaniarracht chun a dhearcadh féin a chur ina luí ar bhaill an Chonartha nuair a thug sé óráid phoiblí i gCorcaigh, an 15 Nollaig 1914. B’annamh a labhair sé chomh neamhbhalbh faoi chúrsaí polaitiúla:
When all is said and done, and in the last analysis, it is (in my opinion) in the hands of the rank and file of the tenant farmers and shopkeepers of Ireland who elect the present County Councils (and who will, please God, if all goes well, soon be electing the members of the first Irish Parliament since the Union) that the government of this country will lie. And unless I am utterly wrong, I foresee that these men will be of a moderate and possibly even a conservative type, rather than an extremist or a revolutionary one.
Douglas Hyde, The Gaelic League and Politics (BÁC, gan dáta), 3.
Dar le de hÍde, bheadh rath ar an nGaeilge faoin rialtas dúchasach a bhí le bunú go luath dá bhfanfadh gluaiseacht na teanga neodrach sa choimhlint pholaitiúil, ach dá rachadh an mionlach réabhlóideach i gcumhacht sa Chonradh,
The language, which would then be looked upon as the appanage of a single political sect, and not the inheritance of a nation, would go down in contumely and dishonour ...
Douglas Hyde, The Gaelic League and Politics (BÁC, gan dáta), 7.
Chun éifeacht na hóráide a mhéadú, cuireadh i gcló í i bhfoirm leabhráin faoin teideal The Gaelic League and Politics.

Ard-Fheis Dhún Dealgan


An Coirnéal Maurice Moore agus an rún a mhol sé

Ní dheachaigh argóintí an uachtaráin i bhfeidhm ar lucht an I.R.B., áfach. Chuir Craobh Mhic Éil, craobh a raibh tionchar nár bheag ag na poblachtaigh uirthi, an rún seo a leanas ar aghaidh chuig Ard-Fheis na bliana 1915, a tionóladh i nDún Dealgan:
Connradh na Gaedhilge shall be strictly non-political and non-sectarian and shall devote itself solely to realising the ideal of a Gaelic-speaking and independent Irish nation, free from all subjection to foreign influences.
An Claidheamh Solais, 4 Lúnasa 1915.
Chuaigh an t-achrann idir na baill in olcas sna seachtainí roimh an Ard-Fheis. Nuair a d’fhógair Seoirse Ó Muanáin agus Úna Ní Fhaircheallaigh nach mbeidís ag seasamh don Choiste Gnó in athuair, thagraíodar don uisce faoi thalamh a bhí ar siúl ag dream nár ainmníodh:
voting at Ard-Fheis has become irregularly distributed by the wholesale creation of branches in some districts ...
Irish Independent, 16 Iúil 1915.
Ach in ainneoin an réamh-ullmhúcháin seo, tá an chuma ar an scéal nach raibh tromlach na dteachtaí sásta glacadh le rún an I.R.B., lá na hArd-Fheise. Labhair an Dr Seán Mac Énrí go láidir ina choinne agus mhol an Coirnéal Maurice Moore, a bhí ina chigire-ginearálta ar na hÓglaigh Náisiúnta (an dream a thaobhaigh le Redmond, aimsir na scoilte) an rún comhréitigh seo a leanas:
Connradh na Gaedhilge shall be strictly non-political and non-sectarian and shall devote itself to realising the ideal of a free Gaelic-speaking Ireland.
An Claidheamh Solais, 24 Lúnasa 1915.
Ba rún náisiúnaíoch é seo i gcónaí, ar ndóigh, ach fágadh an tagairt don neamhspleáchas náisiúnta ar lár sa leagan leasaithe agus bheadh lucht leanúna Redmond in ann a rá gurbh ionann an tsaoirse a luadh agus Home Rule. Dar le Dubhghlas de hÍde, a bhí ina chathaoirleach ar an díospóireacht, chiallaigh an focal ‘saor’,
saor mar táid Sasanaigh agus Breatnaigh agus Albanaigh mar adubhairt an Cornal.
An Claidheamh Solais, 24 Lúnasa 1915.
Ghlac na teachtaí leis an leasú d’aon ghuth agus bhí gach cosúlacht ar an scéal go raibh baol na scoilte thart go ceann bliana eile ar a laghad. B’shin a thug an Irish Independent le fios dá léitheoirí:
The question of the introduction of politics into the work of the Gaelic League was, it may be hoped, finally disposed of at the Ard-Fheis yesterday ...
Irish Independent, 29 Iúil 1915.
Ach d’éirigh de hÍde as an uachtaránacht laistigh de cheithre uaire is fiche. Níorbh é an rún faoi deara é sin — bhí sé sásta glacadh leis nuair a baineadh an urchóid as — ach bua an I.R.B. sna toghcháin don Choiste Gnó nua. Ba léir dó go raibh méadú mór tagtha ar líon na bpoblachtach ar an gCoiste (Seán Mac Diarmada, Piaras Béaslaí, Liam Ó Briain, Seán T. Ó Ceallaigh, Tomás Ághas, Seán Ó hÉigeartaigh agus Traolach Mac Suibhne ina measc) agus tuigeadh dó nach bhféadfaí srian a chur leo feasta. Seo sliocht as tuairisc an Irish Independent:
Mr John Hegarty, who was elected for Munster, is as ex-Post Office employee who had been acquitted by a Dublín jury of charges brought against him under the Defence of the Realm Act. Mr John McDermott, who was also elected, is serving a term of imprisonment under the same Act.
Irish Independent, 30 Iúil 1915.
Fágadh an Conradh faoi smacht mionghrúpa rúnda pholaitiúil; nuair a bhí rúnaí nua le ceapadh tamall gairid tar éis na hArd-Fheise, ba ag cruinniú den I.R.B. a socraíodh go dtabharfaí an post do Sheán T. Ó Ceallaigh [féach Leon Ó Broin, Revolutionary Underground (BÁC, 1976), 167]. Níorbh fhada go raibh lucht Home Rule ag cáineadh an Chonartha, eagraíocht a raibh a bpríomh-namhaid phoiblí, Eoin Mac Néill, anois ina uachtarán uirthi:
a Nationalist cannot join the Gaelic League in order to study his native tongue without having to stomach the objectionable propaganda of Sinn Féin organisers. If the super-patriots were really anxious to save the language of the Gael they would not damage the language organisation by prostituting it to political purposes.
National Volunteer, 15 Eanáir 1916.
B’shin díreach an toradh a theastaigh ó Dhubhghlas de hÍde a sheachaint: in ainneoin a chuid iarrachtaí thar na blianta. bhí an Conradh nasctha faoi deireadh thiar le náisiúnachas den saghas ba radacaí.

Achoimre


Sin é deireadh na haiste a foilsíodh ar Comhar sa bhliain 1993, ach braithim nár mhiste achoimre a thabhairt ar na príomhphointí mar tá roinnt de na finscéalta a bhréagnaíos fiche bliain ó shin á n-aithris i gcónaí. Seo iad más ea:

     Finscéal 1: B’eagraíocht neamhpholaitiúil é Conradh na Gaeilge go dtí an bhliain 1915.
     An fhírinne: B’eagraíocht náisiúnaíoch é Conradh na Gaeilge a thacaigh leis an bhfeachtas ar son Home Rule agus le bunú Óglaigh na hÉireann, ach ní raibh ceangal ar leith aige le grúpa náisiúnaíoch amháin thar ghrúpa náisiúnaíoch eile sna blianta roimh 1915.

     Finscéal 2: Bhí Dubhghlas de hÍde tugtha go hiomlán do ghluaiseacht na Gaeilge agus ba chuma leis faoi chúrsaí polaitíochta.
     An fhírinne: Thacaigh Dubhghlas de hÍde le John Redmond agus leis an bhfeachtas ar son Home Rule, cé gur theastaigh uaidh achrainn a sheachaint le náisiúnaithe a bhí níos radacaí ná lucht leanúna an Réamonnaigh.

     Finscéal 3: D’éirigh Dubhghlas de hÍde as uachtaránacht an Chonartha nuair a ghlac Ard-Fheis na bliana 1915 le rún polaitiúil.
     An fhírinne: Bhí Dubhghlas de hÍde sásta leis an rún a mhol Maurice Moore ach d’éirigh sé as an uachtaránacht de bharr líon mór na bpoblachtach a toghadh don Chiste Gnó ag an Ard-Fheis.

13/03/2016

Conradh na Gaeilge agus an pholaitíocht, cuid I

Dubhghlas de hÍde i radharc ón gclár.
An 7 Márta 2016, chraol RTÉ1 clár ar Dhubhghlas de hÍde mar chuid den tsraith teilifíse dar teideal ‘Fire in the Blood’. Bhí rudaí maithe sa chlár. Chuir sé buneolas ar shaol agus ar shaothar de hÍde i láthair lucht féachana an phríomhbhealaigh teilifíse ar dhóigh a bhí taitneamhach tarraingteach. Ar an drochuair, bhí teachtaireacht lárnach an chláir bun os cionn ar fad. Tugadh le fios go raibh Conradh na Gaeilge saor ó smál na polaitíochta i dtús a ré ach gur imigh an eagraíocht le polaitíocht ag Ard-Fheis na bliana 1915, tráth a d’éirigh Dubhghlas de hÍde as an uachtaránacht mar agóid. Seo mar a labhair an Dochtúir Máire Nic an Bhaird:
Bhunaigh Dubhghlas de hÍde Conradh na Gaeilge, eagraíocht nach raibh baint aici le polaitíocht, ach ansin sa bhliain 1915, bhog Conradh na Gaeilge i dtreo na polaitíochta. Ní raibh Dubhghlas de hÍde sásta leis sin in aon chor.
Mar an gcéanna, d’áitigh láithreoir an chláir, Fiachna Ó Braonáin, gur éirigh de hÍde as uachtaránacht an Chonartha toisc gur ghlac Ard-Fheis na bliana 1915 le rún polaitiúil a bhí á mholadh ag baill de Bhráithreachas Poblachtach na hÉireann:
He went on to lose the vote and at once resigned from the League.
Caithfear a admháil go bhfuil na tuairimí seo le fáil go forleathan sa staireagrafaíocht. Seo mar a scríobh an staraí F.S.L. Lyons:
When Hyde was elected president he bent all his efforts towards ensuring that the League should be non-political. He remained president from 1893 until 1915 and only resigned then when it become impossible at that tense time to exclude politics any longer.
F.S.L. Lyons, Culture and Anarchy in Ireland 1890-1939 (Oxford, 1979), 43.
Ach níos mó ná fiche bliain ó shin, in eagrán speisialta den iris Comhar a foilsíodh chun an chéad chéad den Chonradh a chomóradh, thaispeáin mé go raibh an eagraíocht sáite go domhain sa pholaitíocht ó thús an fhichiú haois ar a dhéanaí. Tá glúin nua tagtha ar an saol idir an dá linn nár léigh torthaí mo chuid taighde riamh. Ní tógtha orthu é. Sílim gur mithid an sean-aiste úd a athfhoilsiú sa mheán úr digiteach seo nárbh ann dó sa bhliain 1993. Tá cur síos san alt ar sheasamh polaitiúil an Chonartha sna blianta idir 1898, nuair a tosaíodh ar ábhar bolscaireachta a fhoilsiú, agus 1915, nuair a d’éirigh de hÍde as oifig. Ina theannta sin, tá míniú eile le fáil san alt ar an gcinneadh a dhein de hÍde—míniú atá éagsúil leis an gceann atá le léamh sna sleachta thuas.

An t-alt liom a foilsíodh sa bhliain 1993.

Náisiúnachas an Chonartha


Ba é an chéad leabhrán a cuireadh amach i sraith dar theideal Gaelic League Pamphlets ná téacs léachta a thug an tAthair Micheál Ó hÍcí ag cruinniú den Ard-Chraobh sa bhliain 1898. Phléigh Ó hÍcí brí an téarma ‘náisiún’ agus leag sé béim, mar a bheifí ag súil leis, ar thábhacht na teanga dúchais do náisiún ar bith. Ach thug sé le fios freisin go raibh dlúthbhaint riamh anall idir cúrsaí teanga agus an neamhspleáchas polaitiúil:
Two facts stand out prominently in the history of the language question the world over, (1) it has ever been sought to extirpate the languages of subject peoples, thus to pave the way for their absorption in the dominant race. (2) national resurgence has been heralded or accompanied, heralded in most cases—by an awakening of interest in the native speech.
Michael P. O’Hickey, The True National Ideal (BÁC, gan dáta), 8.
An bhliain chéanna, fuair an Conradh ardán rialta chun a fhealsúnacht a chraobhscaoileadh nuair a bunaíodh Fáinne an Lae. Fear gnó a bhunaigh an iris mar fhiontar tráchtála, ach ghlac an Conradh freagracht as an ábhar eagarthóireachta a cuireadh i gcló inti. Bhí príomhalt an chéad eagráin ar aon fhocal leis an Athair Ó hÍcí:
the present century has seen the uprise of many small nationalities and in every case the revival of the national language has preceded the achievement of that result.
Fáinne an Lae, 8 Eanáir 1898.
Na tíortha go léir a luadh mar eiseamláirí, bhí neamhspleáchas (an Ghréig, an Rómáin, an tSeirbia, an Bhulgáir) nó, ar a laghad, riar éigin féinrialach (an Ungáir, an Fhionlainn, an Bhoihéim) bainte amach acu. Ní raibh ach tátal amháin le baint as ráiteas Uí Ící: go dtiocfadh athruithe polaitiúla in Éirinn mar thoradh ar athbheochan na Gaeilge. Bhí an tairngreacht chéanna le fáil i véarsa a d’aithris rúnaí Chorcaí an Chonartha ag searmanas cuimhneacháin in onóir reibiliúnaithe 1798:
Éireochamaoid feasta, tá an lá geal ag teacht
Nuair ná beimid fá smacht mar atámaoid
Ag sméirle gan bhrigh nó lucht Béarla gan chroidhe
Agus béarfaimid aghaidh ar ár namhaid.
Fáinne an Lae, 23 Iúil 1898
Cuireadh an véarsa i gcló san iris agus moladh an rúnaí a d’aithris é in eagarfhocal; níorbh eisean a chum na línte, áfach, ach uachtarán an Chonartha, Dubhghlas de hÍde.

     D'éirigh idir lucht stiúrtha an Chonartha agus úinéir Fháinne an Lae tar éis tamaill ghairid agus bunaíodh iris nua, An Claidheamh Soluis, a bhí go hiomlán faoi smacht na heagraíochta. Bhí an méid seo a leanas le léamh ar an gcéad eagrán:
Ni h-iongantas ar bith é go bhfuil Éire ’na tír bhoicht. Le beagnach ceud bliadhain tá riaghaltas na Sacsan, de réir a n-admhála féin, ag tarraing trí mhilliúin punt níos mó ná budh chóir dóibh as pócaidhibh na n-Éireannach gach bliadhain.
An Claidheamh Soluis, 18 Márta 1899.
Sa chéad eagrán eile, thacaigh an páipéar leis na hiarrachtaí a bhí ar siúl chun an dá leath den pháirtí parlaiminteach náisiúnaíoch—iad siúd a chuaigh i gcoinne Parnell agus iad siúd a d’fhan dílis dó—a athaontú. Nuair a fógraíodh sa bhliain 1900 go raibh an bhanríon Victoria chun cuairt a thabhairt ar Éirinn, cuireadh na focail seo a leanas ina béal in alt ar an bpríomhleathanach:
Tá áthas orm indiu ar fhéachaint siar dom an fhaid atáim fá réim mar Riaghaltóir os bhúr gcionn nár thuit ach timcheall cheithre míle míle daoine le h-ocras i nÉirinn agus ní fiú biorán is an méid sin seachas a bhfuil ag tuitim ins na h-Indiachaibh thoir.
An Claidheamh Soluis, 31 Márta 1900.
Bunreacht ‘neamhpholaitiúil’ an Chonartha
     Tháinig fás mór ar thionchar agus ar bhallraíocht an Chonartha i mblianta tosaigh an chéid. Níor tháinig aon mhaolú ar an tacaíocht a tugadh don náisiúnachas sa tréimhse chéanna, ach a mhalairt. Bhí an maíomh seo a leanas le léamh in eagarfhocal agus borradh na gluaiseachta faoi chaibidil sa bhliain 1903:
Our motive power is not parochialism, not provincialism, but nationalism.
An Claidheamh Soluis, 21 Márta 1903.
Tugadh le fios in alt a foilsíodh an bhliain dár gcionn gur eagraíocht neamhpholaitiúil i gcónaí é an Conradh. Ba léir, áfach, gur shainmhíniú ar leith den fhocal ‘polaitíocht’ a bhí in úsáid ag údar an ailt:
There are those who regard it as ‘political’ to love Ireland or to criticise England for her treatment of Ireland, who regard ‘God Save the King’ as a ‘non-political’ anthem; who hold it rank politics so assert that this land is, and ought to be, a Nation. Once and for all, we do not, nor does the Gaelic League, accept any such definition of ‘politics’.
An Claidheamh Soluis, 11 Samhain 1905.
De réir na hargóna seo, níor bhain an pholaitíocht i ndáiríre ach le cúrsaí toghchánaíochta agus b’fheiniméan i bhfad ní ba bhunúsaí é an náisiúnachas. D’fhéadfaí a rá gur sa chiall chultúrtha seachas an chiall pholaitiúil a úsáideadh na focail ‘náisiúnachas’ agus ‘náisiún’ sna sleachta thuas, ach níl aon éalú ó éirim pholaitiúil an chéad sleachta eile a foilsíodh nuair a tháinig na Liobrálaigh ar ais i gcumhacht i ndeireadh na bliana 1905:
our objection to Messrs Balfour and Chamberlain was not that they were Conservatives or that they belonged to the party which is the hereditary foe of this nation. Our objection to them as controllers of the educational system of Ireland was simply this, that they were British. Being British, they had no right to interfere with our schools. Morally, they were no more entitled to dictate what should be taught to children in Connemara than they were to dictate what should be taught to children in Yokohama.
An Claidheamh Soluis, 16 Nollaig 1905.
Ní cúis mór iontais é gur eisigh an Irish Unionist Alliance (nó ‘Cumann na nGall’ mar a tugadh air i leathanaigh an Chlaidhimh) bileog le linn fheachtas toghchánaíochta 1906 inar cáineadh an Conradh. Seo cuid den fhreagra a tugadh ar bhileog na n-aontachtaithe:
the writer of this Irish Unionist Alliance leaflet has stumbled on a great fact. The fact is that the language movement is building up in this land an Irish Nation: which means that it will, in a day which is marching towards us with the slow and silent and relentless tread of fate, crush beneath its heel Unionism and every other -ism as un-Irish and as unlovely as the Unionism of the Irish Unionist Alliance.
An Claidheamh Soluis, 6 Eanáir 1906.
Ba dheacair ráiteas ní ba pholaitiúla a shamhlú.

An Conradh agus na polaiteoirí


B’fhurasta a cheapadh, i bhfianaise an tsleachta thuas, nach raibh i mbunreacht neamhpholaitiúil an Chonartha ach cur i gcéill ó thús deireadh. Ní bheadh an bhreith sin cóir ná cruinn áfach: caithfear a admháil gur choinnigh an eagraíocht amach ón bpolaitíocht sa chiall is cúinge den téarma. Is é sin le rá, níor thaobhaigh sí le grúpa náisiúnaíoch amháin thar ghrúpa eile. Níorbh í an ‘pholaitíocht’ a seachnaíodh mar sin, ach ‘polaitíocht na bpáirtithe’. Bhí a leithéid de pholasaí riachtanach, ar ndóigh, dá mbeifí chun tacaíocht leathan a fháil don ghluaiseacht agus d’éirigh go maith leis an straitéis ar feadh i bhfad. Seo mar a labhair Eoin Mac Néill leis an slua ag mórshiúl bliantúil an Chonartha i 1909:
The U.I.L. was on their side, and the Hibernians, the Sinn Féin organisation, and the Gaelic Leaguers throughout the length and breadth of Ireland, they need not say, were with them.
An Claidheamh Soluis, 25  Meán Fómhair 1909.
An bhliain dár gcionn, ghlac buíon ó Shinn Féin páirt sa mhórshiúl agus thug beirt bhall den pháirtí parlaiminteach óráidí uathu. Seo giota as an tuairisc a d’fhoilsigh an Claidheamh Soluis:
We have, as our President said on Sunday, kept politics outside the League, but we have therefore got men of every party to come into it.
An Claidheamh Soluis, 24 Meán Fómhair 1910.
Theastaigh ó cheannairí an Chonartha go mbeadh dea-chaidreamh acu le gach aicme náisiúnaithe in Éirinn, cé go raibh feisirí áirithe in amhras faoin ngluaiseacht nua. Chomh luath le 1898, mar shampla, thagair an feisire William O’Brien don:
disposition on the part of some influential gentlemen of the ... Gaelic League to indulge in somewhat unjustified criticism of the movement for national Self-Government and those who are doing their best to advance it.
Fáinne an Lae, 29 Eanáir 1898.
An bhliain dá éis, cháin an tAthair Peter Yorke polasaithe na bhfeisirí ag léacht poiblí a tugadh faoi choimirce an Chonartha. D’fhreagair an Freeman’s Journal, nuachtán a bhí ina ghuth neamhoifigiúil ag an bpáirtí parlaiminteach, líomhaintí an tsagairt agus cuireadh ina leith go raibh sé ina urlabhraí ag,
those malignant factionalist politicians who would wish to use the Gaelic League as a fresh weapon of attack upon the National movement.
Freeman’s Journal, 7 Meán Fómhair 1899.
B’éigean do cheannairí an Chonartha athmhuintearas a dhéanamh leis na feisirí trí pholasaí na heagraíochta a shoiléiriú gan mhoill. Seo mar a mhínigh an Claidheamh Soluis dearcadh na heagraíochta:
‘Ireland a Nation’ was its only goal. Its ranks were open to all Irishmen, but all who joined it were given clearly to understand that it worked for a self-centered Ireland in which Irish influences alone should predominate.
D’ainneoin sin, dúradh san alt céanna nach bhféadfadh an Conradh tacú go hoifigiúil le haon dream polaitiúil mar, dá ndéanfaí é sin,
all persons who, by nature of their occupation, cannot take a public part in politics would be forced also to stand aside from the language movement.
An Claidheamh Soluis, 21 Deireadh Fómhair 1899.
Dá gceanglófaí an Conradh leis an ‘ngluaiseacht  náisiúnta’ (mar a thug lucht leanúna na bhfeisirí orthu féin) chaillfí na múinteoirí, na hoibrithe poist agus na státseirbhísigh ar sciar maith den bhallraíocht iad. Ar an dóigh sin, tugadh le fios don pháirtí parlaiminteach go raibh báidh ag lucht na Gaeilge leo ach nach bhféadfaí naisc fhoirmiúla a bhunú idir an dá ghluaiseacht de bharr constaice praiticiúla.

‘Tír is Teanga’, ‘Ní Éireannach go Gaeilgeoir’
     Ní raibh an caidreamh idir an Conradh agus lucht Home Rule gan teannas ar fad sna blianta ina dhiaidh sin—tharraing Conraitheoir ó Mheiriceá achrann i 1903 mar shampla—ach, tríd is tríd, d'éirigh le de hÍde comhbháidh a chothú leis na polaiteoirí. Faoi Mhárta 1904, thairg John Redmond suíochán sábháilte dó ag an gcéad olltoghchán eile. Mheas de hÍde nárbh aon teist í an tairiscint sin ar chríonnacht an ‘cheannaire náisiúnta’:
Saoilim nár chríonna an bheart do’n Réamonnach san do dhéanamh, óir dá dtéidhinn isteach san bPáirtí bheadh orm cur suas do Uachtaránacht an Chonnartha, agus b’éidir nach mbéadh an té do leanfadh mé í n-aghaidh gach baint le Poilitidheacht mar do bhí mise. Bhí an Réamonnach agus an Páirtí go léir gan contabhairt uaim-se, agus ba cheart dóibh a fhios san do bheith aca.
Dubhghlas de hÍde, Mise agus an Connradh (BÁC, 1937), 121.
Ba léir do chách, áfach, go raibh tacaíocht nár bheag laistigh den Chonradh ag grúpaí polaitiúla eile seachas lucht leanúna an pháirtí pharlaimintigh. Ba dheacair léirmheas ní ba mholtaí a shamhlú ná an ceann a fuair leabhar le hArt Ó Gríofa ar an gClaidheamh Soluis (níor síníodh an t-alt ach tá gach cosúlacht air gurbh é an t-eagarthóir, Pádraig Mac Piarais, a scríobh):
We do not know that there has been published in Ireland in our time any book in English more important than The Resurrection of Hungary ... it crystallises into a national policy the doctrines which during the past ten years have been preached in Ireland by the apostles of the Irish Ireland movement. That movement originated with the foundation of the Gaelic League ...
An Claidheamh Soluis, 26 Samhain 1904.
Ní go ró-mhaith a réitigh na Conraitheoirí a thacaigh leis an Réamonnach agus leis an nGríofach lena chéile i gcónaí, agus ba bheag nár scriosadh an eagraíocht i gcathair Chorcaí nuair a d’éirigh idir an dá dhream sa bhliain 1907 [féach Diarmuid Ó Murchadha, Liam de Róiste (BÁC, 1976), 32-33]. Cé gur chaill na Sinn Féinithe an cath áirithe sin, chuidigh an Claidheamh Soluis leis an bpáirtí sin le linn fhothoghchán Liatroma Thuaidh: cé gur foilsíodh cur síos ar pholasaithe iarrthóir Shinn Féin, níor luadh ach ainm an iarrthóra i gcás an Home Ruler [féach An Claidheamh Soluis, 22 Feabhra 1908]. Go gairid roimh chéad olltoghchán na bliana 1910, áfach, d’fhoilsigh an Claidheamh ráiteas a dhearbhaigh go raibh an Conradh ‘absolutely neutral in party politics’ agus a chomhairligh do na baill gan aon tacaíocht a thabhairt d’iarrthóirí ar leith,
unless they be strongly in favour of the Gaelic League, and their opponents opposed to it.
An Claidheamh Soluis, 11 Nollaig 1909.
Bhí Sinn Féin ag dul i léig um an dtaca sin, ach d’fhág scoilt i measc na bhfeisirí go mbeadh dhá ghrúpa náisiúnaíocha in adharca a chéile sna toghcháin: an United Irish League a bhí dílis don Réamonnach agus eagraíocht nua, an All-for-Ireland League, a bhunaigh William O'Brien. Ní raibh áit ar bith a raibh an scoilt ní ba bhinbí ná i gcathair Chorcaí, mar a raibh greim docht ag lucht leanúna Redmond ar eagraíocht áitiúil an Chonartha. Bhí sé thar a bheith tábhachtach, dá réir sin, nach dtarraingeofaí an eagraíocht isteach i gcoimhlint toghchánaíochta idir dhá aicme náisiúnaithe, rud a d’fhéadfadh scoilt a tharraingt sa Chonradh féin.

     Thug dhá olltoghchán na bliana 1910 cóimheá na cumhachta do pháirtí Redmond tráth a raibh na Liobrálaigh mionnaithe cumhacht Theach na dTiarnaí a bhriseadh; tuigeadh láithreach go raibh seans níb fhearr ná riamh ann go mbunófaí fo-pharlaimint i mBaile Átha Cliath sar i bhfad. Thug an tuiscint sin uchtach nua do lucht Home Rule agus ba bheag nár thit Sinn Féin as a chéile. Sna tosca nua seo, agus an pobal náisiúnaíoch uile nach mór aontaithe faoi cheannas an Réamonnaigh, bhí an Conradh in ann tacú go hoscailte le Home Rule:
Ní bheidh an socrú gan easnamh do bheith air, acht má réidhtíghtear an cheist níl aimhreas ar bith nach leas d’Éirinn a thiocfas as.
An Claidheamh Soluis, 25 Feabhra 1911.
Bhí Dubhghlas de hÍde féin sásta an cháiréis ba dhual dó a fhágáil i leataoibh agus labhair sé ag cruinniú poiblí a d’eagraigh buíon Phrotastúnach a bhí i bhfabhar na féinrialach. Níorbh fhéidir tacú le Redmond, ar ndóigh, gan olc a chur ar dhreamanna áirithe, agus cáineadh an t-uachtarán go géar ar leathanaigh Shinn Féin: chuir comhalta anaithnid den Choiste Gnó ina leith gur ‘diplomatist’ a bhí ann agus gur theastaigh uaidh ‘entente cordiale’ a bhunú idir an Conradh agus an príomh-rúnaí Liobrálach, Augustine Birrell. Chosain an t-uachtarán é féin ag an gcéad chruinniú eile den Choiste Gnó in óráid a thugann léargas annamh dúinn ar a dhearcadh polaitiúil féin:
b’fhearr, is dóigh, le sgríobhnóir (nó le sgríobhnóiribh) na litreach so náimhde buana do dhéanamh de na daoinibh bheas ag stiúradh Éireann fá Hóm Rúl ... Tá eagla orm nach grádh do’n Ghaedhilg acht grádh d’á gcuid poilitidheachta féin do bhí ’gá mbrostughadh.
An Claidheamh Soluis, 12 Iúil 1913.
Bhí baol ann ar feadh tamaill go n-éireodh de hÍde as oifig ach fuair sé tacaíocht láidir ó na gnáthbhaill ag Ard-Fheis na bliana 1913. Ina óráid uachtaránachta, dúirt sé:
Ná raibh aon easaontas idir é féin agus duine ar bith eile acht go raibh easaontas idir dhá dhream poilitidheachta, Go raibh súil aige go mbeadh deireadh leis sin.
An Claidheamh Soluis, 6 Meán Fómhair 1913.
Lucht Home Rule agus Sinn Féin a bhí i gceist aige de réir dealraimh, ach bhí an tríú grúpa ann a bhí gníomhach i ngnóthaí an Chonartha i ngan fhios d'fhormhór na mball agus, b’fhéidir, don uachtarán féin—na poblachtaigh. Duine díobh ba ea Seán T. Ó Ceallaigh, a d’fhág an cuntas seo a leanas ar an modh oibre a chleachtaidís:
Bhíodh liosta i gcónaí ag an I.R.B. nuair a bheadh an Ardfheis ar siúl ag Conradh na Gaeilge gach bliain. Bhíodh liosta againn de na daoine a bhí ina n-iarrthóirí don Choiste Gnó: théadh an liosta thart ar chraobhacha an Bhráithreachais agus gheobhaimis ordú cabhrú le daoine áirithe agus vótaí a iarraidh dóibh ó theachtaí eile a bheadh ag an Ardfheis.
Proinsias Ó Conluain (eagarthóir), Seán T. (BÁC, 1963) 50.
Ag Ard-Fheis na bliana 1913, toghadh Ó Ceallaigh féin, mar aon le hÉamonn Ceannt, Tomás Ághas agus Diarmuid Ó Loingsigh.

[Foilseofar an dara leath den aiste seo i mí Aibreáin.]

16/12/2015

An stair nár tháinig

Aistriúcháin
Is sa 17ú céad a scríobh Seathrún Céitinn Foras Feasa ar Éirinn, cuntas leanúnach ar stair na tíre ón tréimhse roimh an Díle go dtí ionradh na Sasanach. Ní heol dom gur fhéach aon duine le stair na hÉireann a ríomh i nGaeilge i rith an 18ú céad, ach cuireadh Gaeilge ar A Brief Discourse in Vindication of the Antiquity of Ireland (1717) le hAodh Buí Mac Cruitín timpeall na bliana 1785; tá an t-aistriúchán sin le fáil i lámhscríbhinn G.81 sa Leabharlann Náisiúnta faoin teideal ‘Seanreacht na hÉireann’. Sa 19ú céad, scríobh Art Mac Bionaid stair a tháinig anuas chomh fada le Conradh Luimnigh. ‘Comhrac na nGael agus na nGall le chéile’ an teideal a roghnaigh an t-údar, cé gur baisteadh Lámhscríbhinn Staire an Bhionadaigh ar an eagrán breá le Réamonn Ó Muirí a tháinig amach sa bhliain 1994. Shílfeadh duine go bhfoilseofaí stair Ghaeilge nó dhó nuair a thosaigh gluaiseacht na hathbheochana ag deireadh an 19ú céad ach níor tháinig an tuar sin faoin tairngreacht riamh. Ní hé go raibh lucht na hathbheochana dall ar stair na hÉireann. Go deimhin, áirítear Eoin Mac Néill, an chéad rúnaí a bhí ar Chonradh na Geilge, ar dhuine de na staraithe is fearr dár mhair in Éirinn riamh. Bhí Mary Hayden, ollamh le stair i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ina Conraitheoir freisin ach nuair a scríobh sí téacsleabhar meánscoile, A Short History of the Irish People from Earliest Times to 1920, i bpáirt le Seoirse Ó Muanáin, ball eile den Chonradh, ba é an Béarla an teanga a roghnaigh siad. Mar an gcéanna, is i mBéarla a scríobh Eleanor Hull (alias Eibhlín Ní Choill), rúnaí Chumann na Scríbheann nGaedhilge, A History of Ireland and its People (dhá imleabhar, 1926 agus 1931). Ós rud é gur theip ar dhíograiseoirí na hathbheochana an beart a dhéanamh, cheapfá go bhféachfadh an stát nua chuige go mbeadh leagan caoithiúil de stair na tíre le fáil i dteanga dhúchais na tíre, ach níor scríobhadh a leithéid. Is amhlaidh nár foilsíodh oiread is suirbhé téagartha amháin ar stair na hÉireann i nGaeilge ó thús deireadh an 20ú céad. Cuireadh Gaeilge ar chorr-stair a scríobhadh i mBéarla, gan amhras, ach ní hionann an saghas staire a scríobhtar le haghaidh lucht léite an Bhéarla (bíodh Gaeilge ag an údar nó ná bíodh) agus an saghas staire a scríobhfaí i mbunsaothar Gaeilge.

Beathaisnéisí

     Níor foilsíodh ach líon beag monagraf staire i nGaeilge riamh, cé go bhfuil roinnt acu ar ard-chaighdeán. Is leor Aisling Ghéar an Bhuachallaigh a lua le cruthú nach laincis ar bith ar an scoláireacht í an teanga ach a mhalairt. Is fíor go raibh borradh áirithe faoin mbeathaisnéis stairiúil i lár an chéid seo caite, tráth a scríobh Seán Ó Lúing, Leon Ó Broin agus Séamas Mac Giolla Easpaig staidéir fhónta ar Robert Emmet, Thomas Russell, R.R. Madden, Charles Stuart Parnell, Diarmaid Ó Donnabháin Rosa, Arthur Griffith agus John Devoy. Ach tá taoide na mbeathaisnéisí tráite le glúin anuas agus bhí cuma an chadhain aonair ar An Béaslaíoch le Pádraig Ó Siadhail nuair a foilsíodh é sa bhliain 2007. Is fíor, leis, go raibh rath ar genre eile a bhfuil gaol aige leis an mbeathaisnéis: mar atá, an leabhar cuimhní cinn. I measc na bpearsan mór le rá a d’fhág a gcuimhní cinn i nGaeilge, tá Dubhghlas de hÍde, Earnán de Blaghd agus Seán T. Ó Ceallaigh. Is suntasaí fós, b’fhéidir, roinnt de na cuimhní cinn a d’fhág údair nach raibh aird an phobail orthu ach a chaith saoil a bhí as an ngnáth: féach Eoghan Ó Duinnín, mar shampla, cumannach as Baile Átha Cliath a throid ar son Phoblacht na Spáinne; nó, ag ceann eile an speictrim pholaitiúil, Róisín Ní Mheara, Sasanach de bhunadh Éireannach a chaith blianta an Dara Cogadh Domhanda i mBeirlín i dteannta Francis Stuart; nó Tarlach Ó hUid, Londoner a chuaigh isteach san IRA agus a chaith na blianta céanna ‘faoi ghlas ag Gallaibh’ i dTuaisceart Éireann. Ach is cosúil go bhfuil ré na gcuimhní cinn thart chomh maith: nuair a foilsíodh cuimhní cinn duine de mhór-fhilí na Gaeilge le déanaí, is i mBéarla a bhí siad. Ar an láimh eile, braithim go bhfuil cnuasaigh aistí ar ábhair stairiúla ag éirí níos coitianta le tamall anuas. Tháinig cnuasaigh amach nuair a bhíothas ag déanamh cuimhneacháin ar an nGorta Mór agus ar Éirí Amach 1798, mar shampla, agus rachainn i mbannaí go bhfoilseofar díolaim i nGaeilge ar Éirí Amach na Cásca roimh dheireadh na bliana seo chugainn.

Cuimhní cinn

     Ina dhiaidh sin is uile, is bocht an scéal é nach bhfuil stair na hÉireann—gan trácht in aon chor ar stair na hEorpa ná ar stair an domhain—le fáil i nGaeilge. Caithfear a rá nach eisceacht í an stair sa mhéid sin, nó tá réimsí móra den saol comhaimseartha nach féidir eolas a chur orthu trí mheán na teanga seo. Cá bhfuil na leabhair ar an bpolaitíocht, ar an eacnamaíocht, ar an tsocheolaíocht (fág an tsochtheangeolaíocht as an áireamh), ar an bhfealsúnacht, ar an eolaíocht, ar an ríomhaireacht, ar chúrsaí gnó, ar an ealaíon, ar an dearadh, ar an tsláinte, ar an dlí, ar an spórt? Nílid ann, ar an mórgóir, agus is in olcas atá an scéal ag dul. Fiche bliain ó shin, bhí iriseoirí treallúsacha cosúil le Risteárd Ó Glaisne agus Nollaig Ó Gadhra ann a bhí sásta tabhairt faoi leabhair ar ábhair éagsúla a mbeadh suim ag an bpobal léitheoireachta iontu: Ian Paisley, Conor Cruise O’Brien, náisiúnachas na hAlban, nó Teilhard de Chardin i gcás Uí Ghlaisne; Mahatma Gandhi, Richard Daley (méara Chicago), roinnt na dtoghlach i dTuaisceart Éireann, nó aontú polaitiúil na hEorpa i gcás Uí Ghadhra. Ach cá bhfuil a gcomharbaí inniu? B’fhéidir go mbíonn siad ag ‘giolcadh’ ar Twitter ach níl aon cheo a bhfuil tathag ann scríofa acu.

Monagraif

     Ní féidir a shéanadh go bhfuil easpa téagair le brath ar chultúr na Gaeilge anois. Glactar leis gur teanga í a dhéanfaidh cúis le haghaidh liricí beaga neamhurchóideacha (agus le haghaidh gearrscéalta, úrscéalta is drámaí neamhurchóideacha chomh maith) ach nach bhfeileann don fhíor-shaol. Más ag cumadóireacht leat atá tú, ní miste é a dhéanamh i nGaeilge. Ach más ag iarraidh tuairisc ghrinn a thabhairt ar ghné éigin den saol atá tú, ba chiallmhar an beart é tiontú ar theanga an réasúin, na stuaime agus an chruinnis. D’fhéadfaí a rá go bhfuil Gaeilgeoirí na linne seo tar éis cúbadh siar ó mheon na hathbheochana agus go nglacann siad anois leis an dearcadh ciníoch a bhí ag Matthew Arnold i lár an 19ú céad:
The Germanic genius has steadiness as its main basis, with commonness and humdrum for its defect, fidelity to nature for its excellence. The Celtic genius, sentiment as its main basis, with love of beauty, charm, and spirituality for its excellence, ineffectualness and self-will for its defect.
Matthew Arnold, The Study of Celtic Literature (1867)
Oghma ar shlí na fírinne agus níl oiread is nuachtán seachtainiúil amháin fágtha sa teanga. Na meáin úra dhigiteacha atá anois ann, is mó an luí atá acu le tablóideachas agus graostacht ná le hanailís a thabharfadh lón machnaimh don léitheoir tuisceanach. Is fíor gur bunaíodh iris acadúil ar-líne le déanaí, COMHARTaighde, ach tá a scóip thar a bheith cúng:
Foilsítear saothar scolártha den chaighdeán is airde san iris seo, COMHARTaighde, sna réimsí seo a leanas de léann na Nua-Ghaeilge go háirithe: critic na litríochta agus an chultúir, léann na n-amhrán agus na dtraidisiún béil, agus sochtheangeolaíocht na Gaeilge.
Litríocht, amhránaíocht agus béaloideas! Má leanann crapadh an chultúir ar aghaidh mórán níos faide ní bheidh fágtha i ndioscúrsa na Gaeilge ach an teanga í féin. Is gairid go bhfíorófar an fhís a bhí ag Myles fadó:
Má táimid fíor-Ghaelach, ní foláir dúinn bheith ag plé ceist na Gaeilge agus ceist an Ghaelachais le chéile i gcónaí. Ní h-aon mhaitheas Gaeilg bheith againn má bhíonn ár gcórá sa teanga sin ar neithe neá-Ghaelacha.
Myles na gCopaleen, An Béal Bocht (4ú eagrán, 1975), 47.

Cnuasaigh aistí

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo i mí na Nollag anuraidh, luas go raibh an chéad dréacht de leabhar i mBéarla scríofa agam. Tar éis dom moltaí a fháil ó roinnt daoine a bhí sásta súil a chaitheamh ar an téacs, chuas i dteagmháil le foilsitheoir ag deireadh mhí Eanáir. Thaitin an achoimre leis an bhfoilsitheoir agus iarradh orm dhá chaibidil shamplacha a sholáthar, rud a dheineas. Ina dhiaidh sin arís, iarradh orm an téacs go léir a chur faoi bhráid bheirt léitheoirí. Níor dúradh liom cérbh iad, ach bhí scoláire Gaeilge agus staraí i gceist. Seoladh tuairiscí na beirte chugam tar éis cúpla mí: bhí an scoláire Gaeilge thar a bheith moltach agus bhí an staraí níos tomhaiste (mar is dual do staraí) ach dearfach mar sin féin. Tugadh breith an fhoilsitheora an mhí seo caite: bhíothas sásta an leabhar a fhoilsiú dá ndéanfainn roinnt leasuithe air: an réamhrá a leathnú agus leabharliosta a chur isteach na hathruithe is tábhachtaí a iarradh. Beidh an obair sin idir lámha agam go ceann míosa eile ach tá an ceann scríbe le feiscint go soiléir anois.

     Ós rud é go raibh an obair ar leabhar amháin ag teacht chun deiridh, bhíos ag déanamh mo mhachnaimh ar an gcéad leabhar eile le tamall anuas. Tá cinneadh déanta agam le déanaí agus táim chun é a fhógairt anois: tá beartaithe agam ar stair na hÉireann a scríobh, i nGaeilge. Aon chaibidil déag a bheidh ann—caibidil amháin ar an réamhstair agus deich gcaibidil ar na tréimhsí staire a leagas amach anseo mí Lúnasa—agus beidh idir 12,000 agus 16,000 focal i ngach caibidil. Timpeall 150,000 focal, nó 300 leathanach, a bheidh sa saothar ar fad. Sílim go dtógfaidh sé idir ceithre mhí agus sé mhí orm caibidil a scríobh. Má mhairim, agus mura rachaidh mé as mo mheabhair idir an dá linn, beidh an chéad dréacht den magnum opus réidh i gceann cúig bliana. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá spreagfadh scríobh an leabhair aiste nó dhó anseo. Bíodh sin mar atá, coinneoidh mé ar an eolas sibh faoi dhul chun cinn na hoibre ó am go chéile.

     Mar is gnách ag an tráth seo bliana, beidh cead ag léitheoirí teachtaireachtaí a fhágáil anseo thíos go dtí tús na hathbhliana.

Mo lón léitheoireachta don Nollaig seo

20/10/2015

Startha na Gaeilge

Aidan Doyle, an leabhar leis agus Stair na Gaeilge

Foilsíodh A History of the Irish Language: From the Norman Invasion to Independence le hAidan Doyle, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cúpla mí ó shin agus tá sé díreach léite agam. Chuireas suim ar leith sa leabhar seo mar is gearr go mbeidh aiste liom féin ar an ábhar céanna i gcló sa Princeton History of Modern Ireland. B’éigean dom dul i ngleic leis na fadhbanna stairiúla atá pléite ag Doyle agus b’údar spéise dom é toradh a chuid oibre. Caithfear a rá, áfach, gur mór idir scála an dá shaothar: trí chéad leathanach atá i leabhar Doyle i gcomórtas le fiche leathanach sa chaibidil a scríobhas. Thairis sin, tá scóip na caibidle níos cúinge: níor ghá dom bacadh le stair na hÉireann, ábhar atá pléite go mion ag údair eile sa Princeton History, agus níor bhain stair inmheánach na teanga (na hathruithe a tháinig ar an bhfoclóir, ar an ngramadach, ar an litriú, etc.) le mo chúram. Ach tá iarracht déanta ag Doyle dhá thrá a fhreastal trí stair inmheánach agus stair sheachtrach na Gaeilge a chuimsiú in aon imleabhar amháin. Béarlóirí nach mbeadh ar a gcumas Stair na Gaeilge le Kim McCone et al. a léamh, bainfidh siad tairbhe as an gcuntas comair ar éabhlóid na teanga ón 12ú céad go dtí tús an 20ú céad atá le fáil anois in A History of the Irish Language. Ní phléifidh mé an ghné sin den leabhar, áfach, mar ní hé ‘Cúrsaí Teangeolaíochta’ teideal an tsuímh seo. Ach tabharfaidh mé spléachadh ar an gcur síos a dhein Doyle ar stair na hÉireann, agus scrúdóidh mé an dearcadh sainiúil atá aige ar stair sheachtrach na Gaeilge.

     De réir an nóta admhála i dtosach A History of the Irish Language, léigh staraí anaithnid lámhscríbhinn an leabhair sular ligeadh i gcló í. Más ea, caithfear a rá nár léamh cúramach é mar chuirfeadh líon na mbotún as do staraí gairmiúil ar bith. Ní fíor, mar shampla, gur éiligh rítheaghlach na Stíobhartach an choróin ‘right up to the death of James II’s son in 1766’ (lch. 81): is amhlaidh go raibh an choróin fós á héileamh ag an bPrionsa Séarlas, garmhac Shéamais II, nuair a d’éag sé sa bhliain 1788. Bhain Doyle míthuiscint as abairt i gcín lae Chathail Uí Chonchubhair nuair a d’aistrigh sé ‘athogbhail Dhúncerc’ mar ‘recapturing Dunkirk’ (lch. 93). Níor ghabh na Francaigh Dunkirk sa bhliain 1740, ach thosaigh siad ag atógáil dúnta cosanta an chalafoirt a leagadh de réir théarmaí chonradh Utrecht. Ba chóir ‘athogbhail’ a aistriú mar ‘rebuilding’, cé go mbeadh ‘refortifying’ níos soiléire fós. Ag trácht dó ar chín lae Uí Chonchubhair, scríobh Doyle an méid seo a leanas:
O’Conor’s vocabulary is mostly connected to farming and the weather, but he occasionally displays creativity, as when he uses the word nuaidheacht ‘newness’ in the sense of news ...
Doyle 104.
Taitneoidh an ráiteas seo leosan a shíleann go raibh lucht labhartha na Gaeilge dall ar imeachtaí an tsaoil mhóir i rith an 18ú céad ach níl aon bhunús leis: níorbh aon nuaíocht í an chiall a chuir Ó Conchubhair leis an bhfocal. Seo sliocht as an eagrán den Tiomna Nua a réitigh Uilliam Uí Dhomhnaill—téacs a cuireadh i gcló chomh luath leis an mbliain 1602:
Agus ar bhfhreagra don aingel a dubhairt sé ris, is meisi Gabriél tsheasmhuigheas a bhfhiadhnuisi Dé: agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnisin na núaidhigheacht maith so dhuit.
Lúcás 1:19
Thuig na Gaeil cad is brí le ‘nuaíocht mhaith’ (‘glad tidings’ atá sa King James Version) faoi thús an 17ú céad ar a dhéanaí. Ní fíor gur eagraigh Dónall Ó Conaill ‘so-called monster meetings’ (lch. 108) mar chuid den fheachtas ar son fhuascailt na gCaitliceach: is amhlaidh gur bhain na cruinnithe ollmhóra (agus bhíodar ollmhór) leis an bhfeachtas ar son Reipéil. Ná níl an ráiteas seo a leanas i dtaobh an Chonallaigh cruinn: ‘for the next seventeen years, until his death in 1847, he campaigned tirelessly for this cause’ (lch. 108); is é an fhírinne gur lig sé Reipéil le sruth sna blianta idir 1834 agus 1840 nuair a bhí sé ag obair i gcomhar le comh-aireacht an Tiarna Melbourne. Ní fheadar an botún staire nó botún mícribhitheolaíochta é ‘víreas’ a thabhairt ar dhúchan na bprátaí (lch. 124), ach is cinnte gur botún é. Mar an gcéanna, nuair a scríobh múinteoir taistil de chuid Chonradh na Gaeilge go raibh an talamh mhaith go léir i gceantar Iorrais ‘faoi bhuláin, agus tá na daoine bochta ar mhóintibh nó ar thaobh-sléibhe’, aistríodh é mar ‘any good land is covered by boulders, and the poor people are on moors or the mountain-side’ (lch 203). Ach cé thabharfadh ‘talamh mhaith’ ar fhearann a bhí breac le carraigeacha? Thabharfainn geall nach ‘bolláin’ a bhí i gceist ach ‘bulláin’: ‘any good land is raising bullocks, and the poor people are on moors or the mountain-side’. 

Leabhair eile a bhaineann le hábhar

     Léireoidh na botúin thuas nach bhfuil an cháiréis le brath ar an leabhar seo a mbeifí ag súil léi i leabhar staire ó fhoilsitheoir acadúil. Ach d’fhéadfaí a áiteamh gur chóir slat tomhais eile a úsáid: gurb í stair sheachtrach na Gaeilge an t-aon ghné den stair is cás le hAidan Doyle i ndáiríre agus gurbh fhearr A History of the Irish Language a mheas ar an mbonn sin amháin. Faraoir, ní féidir liom an cuntas leis ar shocheolaíocht stairiúil na teanga a mholadh ach oiread. Insint na fírinne, tá dearcadh leithleach dá chuid féin curtha i láthair ag an údar seo atá beag beann ar na fíricí go minic. Thairis sin, braithim nár chaith sé go cothrom le daoine ná le dreamanna áirithe a bhfuil trácht orthu sa saothar. Tabharfaidh mé roinnt samplaí dá chur chuige ar ball beag, ach ba mhaith liom súil a chaitheamh ar cheann de mhórthéamaí an leabhair ar dtús.

     Tá Aidan Doyle suite de gur phróiseas mall réidh é an t-athrú teanga a tharla in Éirinn:
The reason I have been at pains to stress the gradualness of the change is that this view of events has failed to filter down into popular consciousness. Indeed, the old view which saw language change as cataclysmic and sudden, even lingers on in academic debate on this subject.
Doyle 131-2 
Dar leis an údar, is ar éigin a tugadh faoi deara go raibh athrú teanga ar siúl: ‘what is important is that Irish declined slowly and imperceptibly’ mar a scríobh sé (lch. 138). Ní shéanfadh aon duine go raibh eolas an phobail ar an mBéarla ag leathnú de réir a chéile ón 17ú céad amach, ach ní hionann smeadar éigin Béarla a fhoghlaim agus dearmad a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá an téis go raibh laghdú mór tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh an 18ú céad bunaithe ar an taighde a dhein Garret Fitzgerald ar staitisticí daonáireamh. I bhfocail Doyle:
According to the estimates of Fitzgerald (1984), only 45 per cent of the children born in the decade 1771-81 were brought up speaking Irish.
Doyle, 97.
Ach ní fíor é sin. Is leor breathnú ar theideal an ailt inar fhoilsigh an Gearaltach torthaí a chuid taighde chun an mhíchiall a bhain Doyle astu a thuiscint (is liomsa an bhéim): ‘Estimates for baronies of minimum level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts: 1771-1781 to 1861-1871’. Níor scríobh Fitzgerald riamh nár tógadh ach 45 faoin gcéad de na páistí a rugadh sa tréimhse 1771-81 le Gaeilge. Is é an rud a scríobh sé gur tógadh 45 faoin gcéad ar a laghad de na páistí a rugadh sa tréimhse 1771-81 le Gaeilge. Is mór idir an dá ráiteas agus is deacair a thuiscint conas nár thug Doyle an difríocht faoi deara. D’aithin Fitzgerald go raibh claonadh ann sa 19ú céad ‘to encourage understatement of the capacity to speak Irish’ (Fitzgerald, 121). Thairis sin, bhain sé úsáid as daonáirimh a tógadh idir na blianta 1851 agus 1881—is é sin le rá, tar éis an Ghorta Mhóir. Mar is eol don saol, d’athraigh an gorta struchtúr na sochaí ó bhonn. De réir dhaonáireamh na bliana 1841, mar shampla, bhí cónaí ar 46.6% den daonra i gConnachta nó sa Mhumhain, an dá chúige ina raibh Gaeilge ag bunús an phobail, ach bhí an céatadán sin tite go dtí 43.8% deich mbliana dár gcionn. Más fíor gur bhain labhairt na Gaeilge le cúigí áirithe, bhain sí le haicmí áirithe laistigh de na cúigí sin chomh maith. Is iad na boicht is mó a raibh Gaeilge acu faoi lár an 19ú céad agus is iad na boicht is mó a fuair bás i rith an Ghorta. An 45 faoin gcéad úd a tógadh le Gaeilge idir 1771 agus 1781 de réir na ndaonáireamh, is é a bhí iontu i ndáiríre an sciar den phobal a rugadh sa tréimhse sin, a tháinig slán tríd an ngorta, a d’fhan in Éirinn, agus a bhí sásta a insint don chonstábla a bhailigh (nó a líon) foirm an daonáirimh go raibh Gaeilge ar a dtoil acu. Cad í an uimhir cheart le haghaidh líon na ndaoine a tógadh le Gaeilge sna blianta 1771-81 mar sin? Is é an t-aon fhreagra macánta ar an gceist sin nach bhfuil a fhios ag aon duine, ach is cinnte go raibh an uimhir cuid mhaith níos airde ná 45 faoin gcéad. Seo í breith mheáite an té a dhein an taighde bunaidh, Garret Fitzgerald:
it can be deduced from these figures that something approaching half—perhaps even half or more—of the children in Ireland at the start of the nineteenth century spoke Irish.
Fitzgerald, 126.
Maidir liom féin, sílim gur ghá 10 faoin gcéad sa bhreis (ar a laghad) a chur le figiúirí na ndaonáireamh chun teacht ar mheastacháin réalaíoch don tréimhse roimh an ngorta, rud atá déanta agam sa tábla thíos.

Líon na bpáistí a tógadh le Gaeilge: daonáirimh (gorm) agus meastacháin (dearg)




Bhí tionchar as cuimse ag an ngorta ar labhairt na Gaeilge. Ní hamháin gur laghdaigh sé líon na ndaoine a raibh labhairt na Gaeilge acu, ach bhain sé an bonn den teanga ar bhealach eile: cé go raibh Gaeilge fós ag 23 faoin gcéad den daonra de réir dhaonáireamh na bliana 1851, bhí idir Bhéarla is Ghaeilge ag a bhformhór agus ní raibh ach 5 faoin gcéad den phobal fágtha a bhí taobh leis an nGaeilge amháin. Ba dheacair teacht ar Ghaeilgeoirí aonteangacha lasmuigh de na ‘ceantair chúnga’ feasta.

     Má tá an anailís a dhein Aidan Doyle ar chúlú na Gaeilge lochtach, ní féidir a rá go bhfuil a chuntas ar an athbheochaint níos fearr. Is beag tuiscint atá aige ar lucht na hathbheochana:
In the twenty-first century, we find it hard to imagine that anybody would devote their time to the promotion of a dying language for little or no pay.
Doyle, 187.
Fágaimis an tuairim go raibh an Ghaeilge ag saothrú an bháis ag tús an chéid seo caite i leataobh go ceann tamaill, ach cé hiad an we seo a raibh an t-údar ag scríobh thar a gceann? Táim sásta a rá nach bhfuil deacracht dá laghad agam meon na gConraitheoirí a chaith dua leis an nGaeilge a thuiscint. Táim cinnte nach bhfuilim i m’aonar. Go deimhin, tá aithne agam ar dhaoine a chaitheann dua i gcónai ‘ar son na cúise’. In áit eile sa leabhar, thug Doyle sliocht as léacht le hOsbern Bergin a mhol úsáid an chló Rómhánaigh, agus lean sé leis mar seo a leanas:
Unfortunately, Bergin’s appeal to sanity fell on deaf ears, and for many years after his lecture was delivered, most books continued to be printed in the Gaelic font.
Doyle 218.
Gealtachas ba ea úsáid an chló Ghaelaigh, más féidir Doyle a chreidiúint, ach níl aon bhunús leis an tuairim sin. D’fhéadfaí a rá gur mhó na buntáistí a bhain leis an gcló Rómhánach (cé gur tuairim phearsanta seachas fíric oibiachtúil é sin) ach ní féidir a shéanadh go mbaineann buntáistí áirithe leis an gcló Gaelach—tá sé i bhfad níos gonta ná an cló Rómhánach, cuirim i gcás—agus ní fíor in aon chor go raibh lucht na céille agus na stuaime go léir ar thaobh amháin den chonspóid. Ach ní leasc le Doyle drochmheas a chaitheamh ar dhíograiseoirí na hathbheochana. Tar éis dó sliocht a thabhairt as eagarfhocal inar chomhairligh Pádraig Mac Piarais d’fhoghlaimeoirí na teanga gan Béarla a labhairt le muintir na Gaeltacha, thug Doyle an bhreith shearbhasach seo a leanas:
Even allowing for the differences in mentality between our own society and that of Edwardian Ireland, it is hard to avoid the conclusion that holidaying in the Gaeltacht in the company of Patrick Pearse and his ilk might have brought with it a certain amount of stress and tension.
Doyle 200
Ar an láimh eile, is eiseamláir den chaoinfhulaingt is den tuiscint é Doyle nuair a bhíonn naimhde na hathbheochana faoi chaibidil aige. Duine díobh ba ea Robert Atkinson, ollamh le Sanscrait i gColáiste na Tríonóide agus fear a chuir go tréan i gcoinne mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna nuair a thug sé fianaise os comhair coimisiúin rialtais sa bhliain 1899. Seo cuid dá raibh le rá ag Atkinson:
There is a story mentioned here—“Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghrainne,” it is put in there, and they are examined in portions of it. Well, passages are selected, but I assure you the book itself is not fit for children, and I can only say I would allow no daughter of mine of any age to see it.
The Irish Language and Irish Intermediate Education, (BÁC, 1901), lch. 6.
Agus seo sliocht eile as an bhfianaise chéanna:
If I were to express an opinion about it, I would say it would be difficult to find a book [in Irish] in which there was not some passage so silly or so indecent as to give you a shock from which you would never recover during the rest of your life.
The Irish Language and Irish Intermediate Education, (BÁC, 1901), lch. 6.
Tá Aidan Doyle sásta tuairimí Atkinson a chosaint:
Within the context of the Victorian morality of the day, Atkinson was completely right when he described the text-book used in schools, The Pursuit of Diarmid and Gráinne, as indecent.
Doyle, 182.
Is deacair dom a chreidiúint go n-aontódh mórán staraithe a bhfuil cur amach acu ar mheon an fin-de-siècle leis an mbreith seo. An féidir a shamhlú go gcáinfeadh ollamh ollscoile in Oxford na linne an Iliad de bharr iompar Helen agus Paris? Nó an féidir a shamhlú go gcáinfeadh ollamh ollscoile in Cambridge na linne Le Morte d’Arthur de bharr iompar Guinevere agus Lancelot? Ní féidir, ar ndóigh, mar ba dhream réasúnta sofaisticiúil iad na hollúna ollscoile riamh anall agus níor dheacair dóibh an litríocht agus an mhoráltacht a dhealú óna chéile nuair ba mhian leo. Níor bhain clár oibre Atkinson le léiriú liteartha na collaíochta ach le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais. Ní nach ionadh, thug lucht tacaíochta na Gaeilge íde na muc is na madraí dó. Ach ba Shasanach é Atkinson agus síleann Doyle gur leor é sin lena dhaoradh:
The unfortunate professor was punished for his nationality, not his morals.
Doyle, 183.
Is áiféiseach an ráiteas é sin. Cáineadh Atkinson toisc gur chuir sé i gcoinne mhúineadh na Gaeilge. Thairis sin, bhí a chur chuige chomh leibideach nár dheacair do na Conraitheoirí ceap magaidh a dhéanamh de i súile an phobail—rud a dheineadar le fonn.

     B’fhéidir gurb í an tuairim is aistí ar fad i leabhar Aidan Doyle an tuairim go raibh muintir na Gaeltachta trí chéile beag beann ar athbheochaint na Gaeilge—is é sin mura raibh siad naimhdeach don teanga:
Despite the best efforts of the League, most of the inhabitants of the Gaeltachts remained hostile, or at best indifferent, to the language of their ancestors.
Doyle 204.
On the negative side, the single greatest failing of the Revival was that it did not manage to involve the native speakers, who were increasingly alienated and excluded from the decisions being made concerning their language. This was a fatal flaw.
Doyle, 261.
Dá mbeadh sé sin fíor, ba dheacair a mhíniú conas a mhair an teanga sna Gaeltachtaí éagsúla anuas go dtí an lá inniu. Ach tá míniú simplí ag Doyle ar an scéal: dar leis, níor mhair an Ghaeilge. Síleann sé gur éag teanga dhúchasach na hÉireann timpeall na bliana 1922. Cheap bunaíocht úr Shaorstát Éireann teanga nua ach ní bhaineann stair na teanga nuachumtha sin le stair na Gaeilge:
Future historians of Irish will be faced with the task of labelling and describing the new language which is still being shaped by second-language speakers, a language which is still in the process of becoming. In some ways, 1922 marks the end of Late Modern Irish, the last variety of the language to be spoken by communities as a first language, rather than as one they learned at school.
Doyle, 8.
this is a language which has been shaped by learners for other learners. With the passage of time, the new Irish is diverging further and further from the traditional Irish spoken until recently in Gaeltacht areas.
Doyle, 266.
Tá an teanga úr ‘still in the process of becoming’ nó, mar adeirtear sa Ghaeilge athbheoite seo a mhúin na Bráithre Críostaí dom fadó, tá sí ‘ag athrú go fóill’. Ar ndóigh, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi theanga ar bith atá beo. Sílim go léireoidh an sliocht seo a leanas dearcadh aduain an údair ar Ghaeilge an lae inniu—agus ar lucht a labhartha:
Likewise, on trains in the Republic of Ireland, stations are announced in English and Irish. The phonetics of the voice recordings are heavily influenced by English, and place-names in Irish are unfamiliar to most Irish people. Consequently, a hypothetical Irish speaker who wished to disembark at a particular station would still have to check the English announcement to ensure that he was getting out at the the right stop.
Doyle, 266.
Fiú dá dtuigfeadh an Gaeilgeoir samhailteach leithéidí ‘Cill Dara’, ‘Ros Cré’ nó ‘Port Laoise’, is cinnte go gcuirfeadh ‘Cúil an tSúdaire’, ‘Cathair na Mart’ nó ‘an tInbhear Mór’ mearbhall ar an ainniseoir bocht. Ní déarfadh aon duine seachas language enthusiast a mhalairt.

Le foilsiú go luath


     Níos mó na céad bliain ó shin, bhi an tOllamh Atkinson sásta a admháil gur theangacha breátha iad an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch. Go deimhin, dhein sé féin staidéar orthu agus bhí sé áirithe ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge. Os a choinne sin, d’áitigh sé nach raibh i nGaeilge a linne féin ach dríodar teanga—sraith canúintí gan chaighdeán gan litríocht fhónta. Tá cosúlacht nach beag idir an dearcadh a bhí ag Atkinson an tráth úd agus an dearcadh atá ag Aidan Doyle anois. Tuigim, ar ndóigh, go gcleachtann údair acadúla an fhuarchúis. Deinim é chomh maith le cách. Tá súil agam go bhfuil caibidil fhuarchúiseach scríofa agam don Princeton History. Níor mhaith liom go mbeadh mo chuid claontaí le léamh ‘idir na línte’ agus deinim iarracht i gcónaí cibé báidh nó naimhdeas atá agam le pearsana nó le cúiseanna stairiúla a chur i leataoibh nuair a bhíonn an stair á scríobh agam. Ach is mór idir fuarchúis agus drochbhlas; is mór idir ceistiú agus cáineadh; is mór idir amhras agus searbhas.

10/12/2014

Foilsiú nó síothlú?

Publish or perish?

Le mí anuas, chuir eagarthóir an Princeton Guide to Modern Irish History tuairisc chugam ar chaibidil a scríobhas le haghaidh an leabhair sin; d’fhreastalaíos ar cheardlann i gColáiste na Tríonóide le haghaidh na n-údar a mbeidh aistí leo sa Cambridge History of Ireland; agus chuireas clabhsúr ar an gcéad dréacht de leabhar ar chaitheas dhá bhliain á scríobh. Ní nach ionadh, tá aird ar leith agam ar chúrsaí foilsitheoireachta faoi láthair.

     Cloistear an nath ‘publish or perish’ sách minic sa saol acadúil. Is é is brí leis go gcaithfidh an scoláire luí isteach ar an scríobh más mian leis aitheantas a fháil agus dul chun cinn ina ghairm. I ré seo na dtáblaí bliantúla ina rangaítear ollscoileanna an domhain in ord a bhfiúntais (mar dhea), cuirtear brú níos mó ná riamh ar acadúlaithe torthaí a gcuid taighde a fhoilsiú go tráthrialta. Bíonn líon na n-alt a foilsíodh ar irisí léannta, agus líon na leabhar a chuir clólanna acadúla amach, ar na slata tomhais is mó a úsáideann leithéidí an Shanghai Ranking, an QS Top Universities nó an THE World University Rankings chun feabhas na bhforas oideachais a mheas. Tá aithne agam ar léachtóirí ollscoile i Sasana agus i dTuaisceart Éireann a lig saothair leo i gcló roimh am de bharr an sprioclae a bhí leagtha síos ag an Research Excellence Framework – córas oifigiúil a dheineann gach roinn ollscoile ar fud na Ríochta Aontaithe a mheas. Táthar ar bís faoi láthair ag feitheamh leis an measúnú is déanaí a fhoilseofar an tseachtain seo chugainn. Níl cúrsaí chomh dona sin sa phoblacht seo againne go fóill, ach tá ollscoileanna an stáit seo ag druidim sa treo céanna de bharr thionchar na dtáblaí idirnáisiúnta. Ní staraí gairmiúil mé agus má bhíonn brú orm taighde a thabhairt chun críche go luath is brú inmheánach seachas brú seachtrach é don chuid is mó.

     Cuireann an córas measúnaithe an scolárthacht as a riocht ar bhealach eile: bíonn brú ar scoláirí ailt a fhoilsiú in irisí acadúla atá ‘piarmheasúnaithe’ – is é sin le rá, in irisí léannta nach gceannaíonn an pobal i gcoitinne. Mar shampla, is mó an chreidiúint a thabharfar d’údar as alt ar Éigse ná as an alt céanna ar Comhar. Mar an gcéanna, bíonn níos mó pointí ag dul don leabhar a chuireann preas ollscoile amach in eagrán costasach leabharlainne ná don leabhar faoi chlúdach bog ó fhoilsitheoir tráchtála a bheadh ar díol sna siopaí leabhar. Anuas air sin, is baolach go mbraitheann scoláirí a bhfuil Gaeilge mhaith acu, scoláirí Gaeilge san áireamh, gur mó an t-aitheantas a gheobhaidh siad laistigh den acadamh más i mBéarla a scríobhann siad. Tá sé d’ádh orm go mbím ag scríobh ar mo chonlán féin; is féidir liom aiste a chur chuig iris acadúil nó a chur in airde ar an suíomh seo de réir mar a oireann dom féin nó don ábhar. Aithním, áfach, gur pribhléid as an ngnáth í an tsaoirse seo.

An fhoilsitheoireacht mar a bhí: sean-leabharlann Choláiste na Tríonóide

     ‘The Irish language’ is teideal don chaibidil liom sa Princeton Guide. Is é an rud is mó a ghoill orm nuair a bhíos á scríobh anuraidh nach raibh cead agam dul thar ocht míle focal (gan na fonótaí a chur san áireamh), rud a d’fhág nárbh fhéidir liom gnéithe áirithe de stair na teanga a phlé mar ba mhian liom. Bheadh sé i bhfad níos fusa an chaibidil a scríobh dá mbeadh a dhá oiread focal ceadaithe. Ach thaitin dhá cheann de mholtaí na tuairisce a fuaireas le déanaí liom: gur chóir na haistriúcháin ar shleachta Gaeilge a bhogadh ó na fonótaí go dtí corp an téacs; agus gur chóir paragraf sa bhreis a chur isteach ag tús na caibidle chun tábhacht na Gaeilge a mhíniú do lucht na staire, an dream a bhfuil an Princeton Guide dírithe orthu. Dheineas na leasuithe sin le fonn agus beidh beagán le cois naoi míle focal sa leagan a fhoilseofar – uair éigin i dtreo dheireadh na bliana 2015 de réir dealraimh.

     Leabhar mór toirtiúil a bheidh sa Princeton Guide, ach is uaillmhianaí fós an tionscnamh é an Cambridge History of Ireland. Ceithre imleabhar a bheidh i gceist le cúig chaibidil is fiche i ngach ceann acu. Deich míle focal atá ceadaithe in aghaidh na caibidle, rud a chiallaíonn go mbeidh tuairim is milliún focal sa saothar ina iomláine. ‘Jacobitism, 1691-1790’ an t-ábhar a bheidh idir chamáin agam an babhta seo; ní gá dom a rá gur ábhar é seo nach bhféadfaí a phlé gan litríocht Ghaeilge an 18ú céad a chur san áireamh. Meileann muilte Clio (bandia na staire) go mall, ach meileann siad! Ba dhíol suime dom é gur leag Tom Bartlett, eagarthóir ginearálta na staire, béim ar leith ar chúrsaí stíle nuair a labhair sé ag an gceardlann. Bhí an ceart ar fad aige: cé gur tábhachtaí an t-ábhar ná an ghné i gcónaí, is ceann de bhundualgais an staraí é prós soléite a scríobh. Ba chóir stíl éasca shoiléir a chleachtadh sa stair i gcónaí agus droim láimhe a thabhairt don bhéarlagair acadúil atá chomh feiceálach san i ndisciplíní eile. Is fíor, ar ndóigh, go mbeidh praghas an Cambridge History thar acmhainn an ghnáthléitheora – bheadh ionadh an domhain orm da mbeadh níos lú ná €300 ar an gceithre imleabhar. Ach ní fhágann sé sin gur féidir linn dearmad a dhéanamh ar an bpobal i gcoitinne: is amhlaidh go mbeidh na caibidlí éagsúla le ceannach ina gceann agus ina gceann ar phraghas réasúnta trí shuíomh idirlín na bhfoilsitheoirí. Ní bheidh aon leithscéal ag léitheoirí rialta Chúrsaí Staire gan an chaibidil ar an Seacaibíteachas a cheannach nuair a fhoilseofar é sa bhliain 2017.

An fhoilsitheoireacht mar atá: siopa leabhar Charlie Byrne i nGaillimh

     Trí leabhar liom a foilsíodh go dtí seo, maille le dhá chnuasach d’fhilíocht Ghaeilge an 18ú céad a chuireas in eagar. Níor ghá dom mórán machnaimh a dhéanamh riamh ar an teanga inar scríobhadh na leabhair: formhór na bhfoinsí a úsáideadh le haghaidh An Crann os Coill agus Ó Chéitinn go Raiftearaí, is i nGaeilge atá siad; formhór na bhfoinsí a ceadaíodh le haghaidh Irish Opinion and the American Revolution, is i mBéarla atá siad. Thairis sin, is beag suim a chuirfeadh eachtrannaigh i saothar Aodha Bhuí Mhic Cruitín ná sa bhealach inar cumadh leagan náisiúnaíoch de stair na hÉireann, ach cuirtear suim i réabhlóid Mheiriceá ar fud na cruinne. Bhí sé i bhfad níos deacra dom an teanga a roghnú don saothar atá díreach scríofa agam. Ar láimh amháin, is i nGaeilge atá na foinsí go léir, nach mór; ar an láimh eile, baineann an saothar nua seo le conspóid acadúil atá ar siúl trí mheán an Bhéarla le fada: tá réamhspléachadh ar éirim an leabhair le fáil san aiste dar teideal ‘Léirmheas agus athmheas’ a fhoilsíodh anseo i mí na Samhna anuraidh. Chinneas sa deireadh gurbh fhearr mo leabharsa a scríobh i mBéarla chomh maith. The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland an teideal atá ar an gclóscríbhinn – níor mhiste an focal ‘leabhar’ a sheachaint ós rud é nár leag foilsitheoir súil air an téacs go fóill.

     Agus an cinneadh bunúsach sin déanta, b’éigean dom na sleachta ó litríocht na Gaeilge a aistriú. Tá na bunleaganacha go léir istigh chomh maith, ar ndóigh, agus tús áite tugtha dóibh sa téacs mar is cóir, ach bheadh aistriúcháin chruinne de dhíth ar Bhéarlóirí aonteangacha. B’fhusa go mór an gá a bhí le haistriúcháin a aithint ná aistriúcháin mhaithe a sholáthar, ar ndóigh, agus is iomaí uair a rith an nath Iodáilise ‘traduttore, traditore’ (‘is fealltóir aistritheoir’) liom nuair a bhí an obair leadránach sin idir lámha agam. Seo sliocht gearr as an réamhrá a bhaineann le hábhar:
Inevitably, I have sometimes been forced to choose between alternative translations which differed significantly in meaning, and not always because of ambiguities in the original. How, for example, should one translate such a ubiquitous and, in Irish, such an unproblematic term as ‘Gall’? ‘Foreigner’? ‘Englishman’? ‘English-speaker’? ‘Non-Gael’? These are all possible but they carry quite different connotations. The act of translation can obliterate real connotations as well as creating illusory ones. ‘Danar’ means ‘Dane’ and it is difficult not to translate it as such, but while the English word invokes the idea of civic-minded Scandinavians on bicycles, the Irish term is used in a similar sense to ‘barbarian’ and conjures up images of plundered monasteries. On the other hand, it would be impossible to translate ‘ae’ (‘liver’) as anything other than ‘heart’ in a literary context.
Táim sásta go ndéanfaidh na haistriúcháin cúis don ghnáthléitheoir, ach níor chóir don scoláire brath orthu; aon duine a bhfuil an teideal sin ag dul dó, rachaidh sé siar chuig na bunleaganacha i gcónaí.

     Ar eagla go mbeadh fonn ar fhíorGhael nó dhó tréas a chur i mo leith toisc gur i mBéarla atá an leabhar is déanaí liom, dearbhaím go sollúnta agus go fírinneach gur i nGaeilge a bheidh an chéad leabhar eile ó mo pheann. Ni hamháin sin, ach beidh sé níos scóipiúla agus níos téagartha ná aon leabhar dá bhfuil scríofa agam go dtí seo. Cuirfear tús leis an magnum opus Gaelach nuair a bheidh an chaibidil úd don Cambridge History réidh.

An lón léitheoireachta atá bailithe agam i gcomhair na Nollag

AGUISÍN

D’fhéadfadh sé go mbeidh roinnt de na leabhair thuas faoi chaibidil anseo go luath san athbhliain. Mar a dheineas an tráth seo anuraidh, táim chun teachtaireachtaí a cheadú idir seo agus deireadh na bliana. Má tá moladh, cáineadh nó tuairim níos tomhaiste le nochtadh agaibh, is féidir iad a bhreacadh ag bun an leathanaigh seo. Is cosúil go mbíonn an triúr a d’fhág teachtaireachtaí anseo an uair dheireanach ag léamh Cúrsaí Staire i gcónaí, agus thiocfadh dó gur tháinig duine nó beirt eile ar an suíomh i gcaitheamh na bliana atá imithe. Bheadh ríméad orm dá mbeadh líon na léitheoirí dílse méadaithe ó thriúr go seisear faoin am seo ...

Agus go mbeirimid beo ag an am seo arís!



18/05/2014

An póstaer sa stair


Cuaillí ag an gcrosbhóthar is gaire do mo thigh
Tá biaiste na bpóstaer buailte linn arís! Fearacht na lócaistí san Afraic, ní nochtann na póstaeir ag am áirithe. Is minic a sciorrann cúpla bliain thart gan ach corrcheann a fheiscint thall is abhus. Ach tiocfaidh an lá, luath nó mall, nuair a phéacfaidh siad ar na cuaillí ó Mhálainn go Carn Uí Néid agus ó Inis Bó Finne go Binn Éadair. Nílim i gcoinne rabharta seo na bpóstaer ar bhonn prionsabail. A mhalairt atá fíor: aithním gur ceann de na mionealaíona físíula é an dearadh póstaer. Tuigim chomh maith gur mheán bolscaireachta áisiúil é an póstaer tráth dá raibh agus gur fiú do staraithe taighde a dhéanamh ar phóstaeir na tréimhse is ábhar staidéir dóibh. Go deimhin, is iomaí póstaer polaitiúil a bhí chomh héifeachtach le hóráid, le hamhrán nó le paimfléad ar bith. Ní hamhlaidh atá anois, áfach. Ní fheictear ar phóstaeir an lae inniu ach gnúis dhéadgheal, sloinne iarrthóra, agus an focal ‘Independent’ i litreacha móra – é sin nó ainm páirtí i litreacha beaga bídeacha. ‘Táim ag seasamh sa toghchán – tabhair vóta dom’ an t-aon teachtaireacht a chuirtear in iúl agus ní bhíonn an dearadh thar moladh beirte. Más aon teist é caighdeán na bpóstaer atá ag maisiú cuaillí na hÉireann faoi láthair, tá lá an phóstaeir istigh mar mheán cumarsáide agus mar mheán ealaíne ar aon. Is mithid, mar sin, spléachadh siar a thabhairt ar an tábhacht a bhain leis an bpóstaer cúpla glúin ó shin.

Úsáid na Gaeilge san 18ú céad agus sa 19ú céad
      D’fhág cúinsí polaitiúla na hÉireann gur bheag úsáid a baineadh as an nGaeilge ar phóstaeir roimh aimsir na hathbheochana, ach tá corrshampla luath ar fáil sna cartlanna. Nuair a bhí taighde ar siúl agam sna National Archives in Kew don leabhar dar teideal Irish Opinion and the American Revolution 1760-1783, tháinig mé ar chóip de phóstaer earcaíochta a d’eisigh an Royal Navy sa bhliain 1782. Cé gur i mBéarla atá an chuid is mó den téacs, tá trí léaráid air a thaispeánann mairnéalaigh ag tabhairt léasadh do Fhrancach, do Spáinneach agus d’Ollannach, a bhfuil na teidil seo a leanas curtha leo: ‘lámh nár sáraiḋe’, ‘dar Dia do gheoaḋ muid orrḋa lé maidiġe glasaḋ’ agus ‘lámh láidir ar uachdar’. Tá easpa slachta le brath ar na litreacha agus is cosúil gur gearradh na léaráidí ar bhloic adhmaid d’aon ghnó chun an póstaer a mhaisiú. Níor mheall na manaí Gaeilge mórán fear, de réir dealraimh, mar níor éirigh go maith le feachtas earcaíochta an chabhlaigh (féach lgh 302-8 i mo leabhar). Bíodh sin mar atá, baineadh úsáid as an nGaeilge arís nuair a d’fhoilsigh ‘Oifig an Chogaidh’ póstaer a mhínigh na ‘Riaghlacha agus orduighthe le arm an Riogh chur an Ordughadh nios fearr’ - rialacha agus orduithe is ea iad a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1806. Téacs ar fad a bhí ar an bpóstaer seo; go deimhin, níor baineadh mórán úsáide as léaráidí ar phóstaeir i dtír ar bith roimh an gceathrú dheireanach den 19ú céad.

Póstaeir a léiríonn trí stíl ealaíne: art nouveau, art déco agus Bauhaus
      D’fhág forbairt na liteagrafaíochta go bhféadfaí póstaeir mhóra dhaite a tháirgeadh go saor don chéad uair riamh. Is de bharr na teicneolaíochta nua seo a tháinig an póstaer chun cinn mar mheán úr ealaíne ó sheachtóidí an 19ú céad amach. Thar aon duine eile, b’fhéidir, samhlaítear Henri de Toulouse-Lautrec (1864-1901) le stíl an art nouveau (mar a tugadh uirthi sa bhFrainc, nó an Jugendstil mar a tugadh uirthi sa Ghearmáin), stíl a bhí i mbarr a réime i rith an belle époque. Níorbh eisean a dhear an sampla ar chlé sa léaráid thuas, áfach, ach comhthíreach leis darbh ainm Jules Cheret (1836-1932). Francach eile, fear a raibh Jean-Marie Moreau (1901-68) air ach a d’úsáid an t-ainm gairmiúil ‘Cassandre’, a dhear an dara póstaer thuas i stíl a bhí coitianta idir an dá chogadh mhóra agus a dtugtar art déco uirthi anois (ní téarma comhaimseartha é). Herbert Bayer (1900-85) ón Ostair a dhear an tríú póstaer thuas agus is sampla é de stíl eile fós – an ‘Конструктивизм’ / ‘Konstruktivizm’. Stíl nua-aoiseach ba ea an ‘tógachas’ seo a d’eascair sa Rúis tar éis réabhlóid na bliana 1917 agus a bhí ina inspioráid ag lucht an ‘Bauhaus’, grúpa ailtirí agus dearthóirí a bhí gníomhach sa Ghearmáin le linn phoblacht Weimar. Is fógraí tráchtála iad na samplaí thuas go léir ach níorbh fhada gur thuig rialtais na dtíortha éagsúla go raibh uirlis bolscaireachta den scoth cruthaithe dóibh.

Póstaeir ón gCéad Chogadh Domhanda
      ‘On les aura!’ (‘beidh siad againn!’), rosc catha a luaitear leis an Marascal Pétain ag cath Verdun, a bhéiceann an saighdiúir Francach ar an gcéad phóstaer thuas – póstaer a eisíodh chun airgead a bhailiú le haghaidh iasachta stáit i rith an chogaidh. ‘Dein Vaterland ist in Gefahr – Melde Dich!’ (‘tá d’athartha i mbaol – liostáil!’) a fhógraíonn saighdiúir Gearmánach ar an bpóstaer i lár baill. ‘Nach gcloiseann sibh an ghairm slógaidh, a Éireannacha?’ a fhiafraíonn lucht an War Office go dóchasach sa tríú sampla. Is fiú a lua go raibh bréag á hinsint sa phóstaer seo mar níor tugadh cead do na reisimintí a earcaíodh in Éirinn an bhratach uaine a úsáid: féach G.A. Hayes-McCoy, A History of Irish Flags (BÁC, 1979), lgh 192-3.

Úsáid na Gaeilge sa 20ú céad
      Ní raibh leisce ar lucht na Gaeilge úsáid a bhaint as an meán nua ach an oiread.  D’eisigh Conradh na Gaeilge an sampla breá ar chlé le haghaidh seachtain na Gaeilge sa bhliain 1913. Tá an ghal gréine le feiscint air, mar atá ar an bpóstaer earcaíochta a luadh cheana, ach sin a bhfuil de chosúlacht eatarthu; is amhlaidh go léiríonn an dá phóstaer seo dhá choincheap de stádas na hÉireann a bhí contrártha ar fad. Fiche bliain dár gcionn, bhí póstaeir earcaíochta á n-eisiúint sa dá theanga oifigiúla ag rialtas Shaorstát Éireann. Seán Keating a dhear an sampla thuas ar dheis ach níl a fhios agam cé dhear an ceann thíos ar chlé: má tá an t-eolas agat, cuir teachtaireacht ríomhphoist chugam le do thoil.

Ré órga an phóstaeir in Éirinn?
      Tá tuairim agam gurb í an tréimhse idir an dá chogadh mhóra ré órga an phóstaeir, in Éirinn agus ar fud na cruinne. Bhí gléasanna raidió fós neamhchoitianta agus ní raibh trácht ar an teilifís; daoine gustalacha amháin a cheannaigh nuachtán gach lá; agus bhí an scannánaíocht faoi smacht na stiúideonna móra. Ach bhí sé ar chumas gach grúpa polaitiúil póstaeir dhaite a chlóbhualadh agus a chrochadh ar fhallaí agus ar chrainn. Admhaím nach bhfuil báidh mhór agam le Cumann na nGaedheal, ná leis an bpáirtí a tháinig i gcomharbacht ar an bpáirtí sin ach an oiread, ach is breá liom na póstaeir thuas a thugann le fios go raibh luí ag Fianna Fáil leis an gcumannachas agus leis an IRA. Dá ainneoin sin, bhí an bua ag Fianna Fáil in olltoghchán na bliana 1932; ghnóthaigh an páirtí móramh iomlán an bhliain dár gcionn; agus bhí ainm nua ar Chumann na nGaedheal faoin am a glaodh an chéad olltoghchán eile. An amhlaidh nach raibh na póstaeir thuas chomh héifeachtach is a cheapfá? Nó an amhlaidh go raibh tromlach na vótóirí ag súil le ruainne beag cumannachais agus smeadar den easurraim phoblachtach ó Dev tar éis deich mbliana de pholasaithe saorthrádála agus de mhionnaí dílseachta do choróin na Breataine?

Stíl agus idé-eolaíocht
      Léiríonn na trí phóstaer thuas an gaol a bhí idir stíleanna ealaíne agus idé-eolaíochtaí polaitiúla. Ba chuid lárnach d’íomhá an réimis Fhaisistigh é an nua-aoiseachas; ach tugadh le fios freisin go raibh impireacht na Róimhe á hathbhunú ag Mussolini. Tá an dá ghné sin den idé-eolaíocht – an tsúil siar agus an tsúil chun cinn – le brath ar an bpóstaer ar chlé thuas a dhear Mario Sironi (1885-1961) le haghaidh ‘Taispeántas na Réabhlóide Faisistí’ sa bhliain 1932. Ag an gceann eile den speictream polaitiúil, chuir an réimeas Sóivéadach béim mhór ar an nua-aoiseachas chomh maith, ach ba nua-aoiseachas radacach é a stoith préamhacha an tseanreachta. D’fheil stíl thurgnamhach an tógachais go seoigh d’uaillmhianta sóisialta an stáit chumannaigh i dtús a ré: ‘Уничтожив капитализм пролетариат уничтожит проституцию’ (‘agus an caipitleachas scriosta, scriosfaidh an phrólatáireacht an striapachas’) mar a d’fhógair an póstaer ar dheis sa bhliain 1923. Aisteach go leor, cé gur thuig Sóisialaithe Náisiúnta na Gearmáine an leas a bhí le baint as an ealaíon, an ailtireacht agus an scannánaíocht – is leor ainmneacha Arno Breker, Albert Speer agus Leni Riefenstahl a lua – níor chruthaigh siad stíl shainiúil sa chlódhearadh riamh. B’fhéidir go raibh foinsí na hidé-eolaíochta ró-éagsúil: ba dheacair an meánaoiseachas págánach a shásódh Heinrich Himmler, an Gemütlichkeit meánaicmeach a thaitneodh leis an Führer, agus an nua-aoiseachas Faisisteach a réiteodh le Joseph Goebbels (aire na bolscaireachta) a chuimsiú in aon stíl amháin. Mar shampla, cé gur úsáideadh Fraktur (cló dubh) ar an bpóstaer thuas (‘Tá Hitler ag tógáil. Tabhair cuidiú. Ceannaigh earraí Gearmánacha’), cuireadh cosc oifigiúil ar an gcló dubh (nó ‘Schwabacher Judenlettern’ mar a tugadh air) sa bhliain 1941.

Cogadh na bpóstaer i dtír amháin
      Taispeánann na póstaeir thuas úsáid an mheáin chun intinn an phobail a mhúnlú sa bhFrainc. Braithim go bhfuil cosúlachtaí idir an chéad sampla agus na póstaeir de chuid Chumann na nGaedheal a pléadh cheana. Póstaer is ea é a d’eisigh na húdaráis in Vichy chun cumannachas agus sceimhlitheoireacht a chur i leith trodairí an Résistance: ‘Maraíonn siad! agus iad folaithe i bhfillteacha ár mbrataí’. Teachtaireacht eile ar fad atá le léamh ar an dara sampla. Póstaer is ea é a d’eisigh na Gaullistes agus taispeánann sé an aontacht a shamhlaíodar idir saighdiúirí na Fraince Saoire a bhí ar deoraíocht agus an pobal sibhialtach a d’fhan sa bhFrainc: ‘aon troid amháin ar son aon tír amháin’. Tá méar an tsaighdiúra leagtha ar an bhfocal ‘bráithreachas’ i mana na poblachta (‘saoirse, cothroime, bráithreachas’) agus bhain tábhacht ar leith le húsáid an mhana réabhlóidigh sin i rith an chogaidh mar bhí mana nua coimeádach (‘saothar, muintir, athartha’) curtha ina áit ag réimeas Pétain. Is é an tríú sampla an affiche rouge cáiliúil a d’eisigh póilíní Vichy nuair a cuireadh beirt résistants is fiche ó cheantar Phárais chun báis. Deichniúr acu atá léirithe ar an bpostaer: cúigear Giúdach ón bPolainn, beirt Giúdach ón Ungáir, cumannach ón Iodáil, cumannach ón Spáinn, agus Airméanach amháin – Missak Manouchian a bhí i gceannas ar an mbuíon. Is é teachtaireacht an phóstaeir nárbh iad na Francaigh dhílse a bhí ag ionsaí na nGearmánach in aon chor, ach Giúdaigh, cumannaigh agus coirpigh ó thíortha eile ar chuma leo faoi dhán na Fraince: ‘Fuascailteoirí? fuascailte ag arm na coiriúlachta!’.

An Dara Cogadh Domhanda – deireadh ré don phóstaer?
      D’úsáid na tíortha go léir a bhí páirteach sa Dara Cogadh Domhanda póstaeir chun saighdiúirí agus sibhialtaigh a ghríosú chun troda nó chun oibre. Braithim go raibh caighdeán grafach na bpóstaer san Iodáil ard go leor i rith an chogaidh. Sa cheann leis an dearthóir Faisisteach Gino Boccasile (1901-52) ar chlé, chímid saighdiúirí buacha ón Iodáil, ón nGearmáin agus ón tSeapáin ag satailt ar bhratacha a namhad: tá dealbh chlasaiceach Nike, bandia an bhua, le feiscint sa chúlra. Tháinig deireadh grod leis an tógachas sa Rúis nuair a bhain Stalin cumhacht iomlán amach agus cleachtadh stíl réalaíoch ar na póstaeir a eisíodh i rith an chogaidh. Mar an gcéanna, tugadh tús áite do chosaint na dúiche i gcoinne na n-ionróirí agus cuireadh an réabhlóid idirnáisiúnta ar an méar fhada: ‘Отстоим Москву!’ (‘cosnóimid Moscó!’) a scairteann an saighdiúir ar an bpóstaer thuas. Ar chúis éigin nach dtuigim i gceart, ní raibh an póstaer chomh tábhachtach riamh i measc na mBéarlóirí agus a bhí i dtíortha eile. B’iarrachtaí laga iad formhór na bpóstaer a cuireadh amach sa Bhreatain, i gCeanada agus sna Stáit Aontaithe i rith an chogaidh, ach ní fhéadfainn clabhsúr a chur ar an aiste seo gan eisceacht amháin a lua. Póstaer is ea é a d’eisigh an comhlacht Westinghouse sna Stáit Aontaithe: ‘tig linn é a dhéanamh!’ arsa an ógbhean go teanntásach, agus í ag spreagadh a siúracha chun spriocanna táirgiúlachta an chomhlachta a bhaint amach. Ní nach ionadh, thaitin an íomhá go mór le feiminigh agus chinntigh gluaiseacht na mban nach ligfí an póstaer áirithe seo i ndearmad nuair a bhí an cogadh thart.

      ‘Mór idir na haimsearaibh’, ach an dtiocfaidh lá nuair a bheidh an póstaer chomh tábhachtach agus a bhí sa chéad leath den 20ú céad? Ní dóigh liom é. Tá an áit a bhíodh ag an bpóstaer i gcultúr na dtíortha forbartha glactha le fada ag fógraíocht ar an dteilifís agus – níos tábhachtaí fós b’fhéidir – ar an ngréasán domhanda le blianta beaga anuas. Ach tá bua mór amháin ag an bpóstaer nach bhfuil ag meán cumarsáide ar bith eile: ní féidir é a sheachaint! Tuigeann gach vótóir um an dtaca seo, dá dheoin nó dá ainneoin, cé hiad na hiarrthóirí ina thoghlach féin. Beidh na cuaillí ag bláthú gach cúpla bliain go ceann i bhfad.