É fein agus í fein |
Ní raibh fonn orm cuairt a thabhairt ar Chicago. Shamhlaíos é mar chathair thionsclaíoch nua-aoiseach a d’fhás go rábach i dtreo dheireadh an 19ú céad, cathair nárbh ann dó in aon chor san 18ú céad (an tréimhse is suimiúla i stair an domhain) agus cathair nár thuill mórán clú di féin ón uair a tháinig sí ar an saol – fág Alphonse Capone agus an loitiméir eile úd Milton Friedman as an áireamh. Ach sa bhliain 2008 tugadh cuireadh dom léacht a thabhairt in institiúid an léinn Éireannaigh in Ollscoil Notre Dame agus is deacair taisteal idir Baile Átha Cliath agus South Bend, Indiana, gan dul trí Chicago. Thairis sin, theastaigh uaim rud amháin sa chathair a fheiscint: bhí a fhios agam go raibh ‘Nighthawks’ le Edward Hopper, ceann de na saothair ealaíne is mó a thaitníonn liom, ar caomhnú san Art Institute of Chicago. Caithfidh mé a admháil go raibh Chicago níos suimiúla agus níos tarraingtí mar chathair ná mar a shíleas roimh ré, cé gur chuir pictiúr Hopper díomá áirithe orm toisc gur cheapas go mbeadh sé níos mó ná mar atá i ndáiríre. Ach bhí dhá phictiúr eile san Art Institute a bhain stangadh asam. Ní fhéadfainn gan suntas a thabhairt do phortráid de bhean scothaosta mar rith sé liom – a luaithe is a chonac an pictiúr – gurbh Éireannach í. D’fhéachas an lipéad a bhí crochta taobh leis an bpictiúr: ‘Herself’ an teideal a bhí air agus ealaíontóir darbh ainm Robert Henri a dhathaigh. Ní raibh log, dáta ná aon eolas eile luaite ar an lipéad, rud nach gnách san Art Institute. Ar aghaidh liom go dtí an chéad phictiúr eile agus cad a bheadh ann ach portráid dar teideal ‘Himself’. Ba léir gurbh é an t-ealaíontóir céanna a dhear an dá phictiúr agus bhíos cinnte gurbh Éireannach é an fear chomh maith. Bhí eolas níos iomláine ar an lipéad an babhta seo mar bhíos tar éis dul timpeall tuathal seachas deiseal agus bhí na lipéid léite agam san ord mícheart: is amhlaidh gur phéinteáil Henri na portráidí seo de Johnnie agus Biddy Cummings nuair a chaith sé seal in Acaill sa bhliain 1913.
Seo scéal eile atá fíor. Nuair a bhíos deich mbliana d’aois nó mar sin thugas cuairt ar
Londain in éineacht le mo mháthair. Tharla go rabhamar ag taisteal sa tube
lá áirithe. Ní raibh aon chomhrá ar siúl eadrainn ón uair a
shuíomar i gcarráiste na traenach mar bhí greannán á léamh agam, ach labhair fear a bhí ina shuí os ár gcomhair
go béasach le mo mháthair tar éis nóiméid nó dhó: ‘Excuse
me,’ ar seisean, ‘I
hope you don’t mind me asking, but are you Irish?’
Bhí blas Éireannach ar a chuid cainte ach ba léir go raibh tamall maith caite aige i Sasana. Dúirt mo mháthair go
raibh an ceart ar fad aige agus d’fhiafraigh sí de conas a raibh a
fhios aige. ‘It’s the boy’s
freckles’, arsa mo dhuine, ‘sure
you’d never see the likes on a child in England’.
Bhíos iontach sásta liom féin ag an am agus níor thuigeas i gceart cén fáth ar scairt m’aintín amach ag gáire nuair a d’inis
mo mháthair an scéal di an oíche chéanna.
Ar ndóigh, ní
bhíonn an míniú chomh simplí leis sin i gcónaí. D’aithníos gur
Ghaeil iad Johnnie agus Biddy Cummings cé nach raibh oiread is
bricín amháin le brath ar a n-aghaidh agus cé gur casadh orm iad i seomra den Art Institute
of Chicago a bhí tiomnaithe d’ealaíon
na Stát Aontaithe. Is cosúil go mbaineann tréithe sainiúla
corpartha, dá chaolchúisí iad, le muintir na hÉireann. Níor
mhaith liom dul ró-fhada síos an chonair seo ach is deacair éalú
ón tuairim nach ionann ar fad lorg géiniteach na nÉireannach agus lorg
géiniteach na bpobal eile a lonnaigh in iarthar na hEorpa, gan
trácht in aon chor ar chríocha atá níos faide i gcéin.
Mo chuid leabhar seandálaíochta |
Tháinig an dá eachtra
thuas chun cuimhne nuair a léas leabhar suimiúil a foilsíodh le
déanaí: The Origins of the Irish an teideal atá air agus is
é J.P. Mallory, ollamh emeritus le seandálaíocht in
Ollscoil na Ríona, Béal Feirste, a scríobh. Mar a tharlaíonn sé,
léas leabhar eile leis an údar céanna tuairim is fiche bliain ó shin: In Search
of the Indo-Europeans an teideal a bhí air. Leabhar is ea é inar dhein sé iarracht a mheas cérbh iad na hInd-Eorpaigh, cárbh
as dóibh, agus cén uair a shroicheadar na críocha éagsúla ina
labhraítear teangacha Ind-Eorpacha. Ní féidir liom a rá go bhfuil
suim mhór agam sa tseandálaíocht mar ábhar. Insint na fírinne,
níl ach dhá leabhar ar sheandálaíocht na hÉireann i mo
leabharlann phearsanta: Ireland in Prehistory le Michael
Herity agus George Eogan, a foilsíodh sa bhliain 1977, agus The
Prehistoric Archaeology of Ireland le John Waddell, a foilsíodh
sa bhliain 1998 - cé gurbh é eagrán na bliana 2010 atá agam. Is lú fós an tsuim atá
agam i seandálaíocht tíortha eile, ach cheannaíos In Search of
the Indo-Europeans toisc nach gnáth-leabhar seandálaíochta é,
rud a d’admhaigh an t-údar sa réamhrá:
I believe that a discussion of the Indo-Europeans without the evidence of their languages would be like statistics without mathematics. For this reason, a number of linguistic ‘figures’ have been included in my belief that the general reader is far more interested in seeing what a line of Sanskrit or Gothic looked like than what pot the speakers of these languages may have cooked in or what device held their clothes together. Throughout this work I have always tried to keep in sight the fact that Indo-European is fundamentally a linguistic concept and that any cultural (pre)historian has certain obligations to the evidence of comparative linguistics.
J.P. Mallory, In Search of the Indo-Europeans (Londain, 1989), 8.
Ní féidir liom labhairt
thar ceann an general reader, ach is cinnte go bhfuil an méid
sin fíor fúmsa agus ba mhó an tsuim a chuireas sa bhfianaise
teangeolaíochta ná sa bhfianaise seandálaíochta a chuir Mallory i
láthair, cé gurbh fhusa dom an téis a nocht sé a chreidiúint
toisc go raibh sé bunaithe ar dhá dhisciplín neamhspleácha (agus ar thrí dhisciplín don tréimhse stairiúil). Thaitin an leabhar go
mór liom, agus sílim gurb é an rud is mó a chuaigh i gcion orm ná go
raibh Mallory sásta géilleadh don teangeolaíocht
agus don stair nuair a bhí fianaise na ndisciplíní sin ag teacht
salach ar fhianaise (nó ar easpa fianaise) a dhisciplín féin. Seo sampla amháin de sin:
Historical evidence relates how peoples in Ulster migrated to western Scotland in the fifth to sixth centuries AD. The linguistic evidence before this time clearly indicates that various Brittonic languages were spoken in Scotland prior to this colonization and after it we find the transplanted Gaelic language expanding through Scotland. Yet no archaeologist reviewing the sparse evidence for both Ulster and western Scotland would independently declare that there was sufficient evidence to substantiate a linguistic expansion from Ulster to Scotland. The same could be said of the introduction of Breton to Brittany from southern Britain, and many other historically attested but so far archaeologically unverified movements of people.
J.P. Mallory, In Search of the Indo-Europeans (Londain, 1989), 166.
Ar
an drochuair, ní bhíonn gach seandálaí chomh humhal céanna. Mar
shampla, níl John Waddell sásta géilleadh don tuairim gur thóg Ceiltigh a dteanga leo nuair a lonnaíodar in Éirinn:
There is simply no archaeological trace of the large-scale immigration necessary not just to implant a new language but also to eradicate virtually all traces of the pre-existing language as well ... The emergence of a Celtic language in Ireland was arguably not the result of mass immigration but the culmination of a long process of social and economic interaction between Ireland and Britain, and between these islands and adjacent parts of Atlantic continental Europe, a picture now gaining support from genetic evidence, including the study of mitochondrial DNA, that suggests a lengthy history of shared Atlantic ancestry ... In short, the Celticisation of Ireland was not an event but a process, and a Bronze Age process at that.
John Waddell, The Prehistoric Archaeology of Ireland (BÁC, 2010), 302-3.
Ach
murar tháinig lucht labhartha na Ceiltise i dtír riamh ar an scála
mór a bheadh riachtanach chun an teanga a bhí á labhairt anseo a
athrú, conas a fuair an teanga nua an lámh in uachtar? Is é an freagra atá ag
Waddell, má thuigim i gceart é, gur phróiseas fadálach a bhí ann
a tharla i bhfad siar sa Chré-umhaois (an tréimhse idir c.2400
agus c.700 R.Ch.) agus
gur fhoghlaim bundúchasaigh na hÉireann an teanga nua diaidh ar ndiaidh toisc go
rabhadar ag malartú earraí le críocha eile ar fud iarthar na
hEorpa! Ní dóigh liom go nglacfadh na teangeolaithe lena leithéid de
shamhail. Seo mar a scríobh duine amháin acu in aiste a foilsíodh sa
bhliain 2008 (is liomsa an bhéim):
The fact is that, prior to the recent emergence of mass media of communications, people have constituted the only effective means of spreading a language. Accordingly, since Celtic speech apparently emerged in central Europe around the turn of the first millennium BC, its subsequent presence in Britain and Ireland can only be accounted for by positing a migration or migrations of Celtic speakers thither from the Continent, regardless of whether this is corroborated by non-linguistic evidence. The numbers involved cannot, of course, be determined but need not have been unduly large, as long as the incomers succeeded in establishing themselves as a dominant élite liable to be imitated by their more numerous subjects.
Kim McCone, The Celtic Question: Modern Constructs and Ancient Realities
(BÁC, 2008), 42.
Is
staraí seachas teangeolaí mé, ach aontaím go hiomlán le tuairim an teangeolaí sa chás seo.
An tOllamh J.P. Mallory agus dhá leabhar leis |
Bhí
súil agam go mbeadh an ildánacht a léirigh sé cheana le brath ar an leabhar is
déanaí ó pheann J.P. Mallory agus níor chuir sé díomá orm. Sa chéad
chaibidil tharraing sé fianaise as an bhfisic agus as an ngeolaíocht chun
cruthú an domhain agus an oileáin seo a mhíniú. I gcaibidlí 2-6
d’úsáid sé a shaineolas dílis féin mar sheandálaí chun cuntais
ghonta a thabhairt ar an Meán-Chlochaois (c.8,000-4000
R.Ch.), ar an Nua-Chlochaois (c.4000-c.2500
R.Ch.), ar an gCré-umhaois Luath (c.2500-1500
R.Ch.), ar an gCré-umhaois Dhéanach (c.1500-700
R.Ch.), agus ar an Iarannaois (c.700
R.Ch.-400 AD) in Éirinn. Sa seachtú caibidil scrúdaigh sé fianaise na
litríochta mar a tháinig sí anuas chugainn i Leabhar Gabhála
Éireann. San ochtú caibidil phléigh sé an fhianaise is déanaí
i dtaobh shinsearacht na nÉireannach atá curtha ar fáil ag an
ngéineolaíocht. I gcaibidil 9, d’fhill sé ar an teangeolaíocht chun fianaise na Sean-Ghaeilge a scagadh. Sa chaibidil
dheireanach, d’fhéach sé le ceist thábhachtach a fhreagairt: cén
uair a tháinig na Gaeil ar an tuairim gur chine ar leith iad?
Caithfidh
mé a rá nach mbeinn ag teacht le breith an údair gur timpeall na
bliana 1000 R.Ch. a tháinig lucht labhartha na Ceiltise go hÉirinn:
One of the most plausible mechanisms for language shift during the target period was the appearance and spread of hillforts and a class of elite warriors c.1000 BC.
J.P. Mallory, The Origins of the Irish (Londain, 2013), 286
Lena
cheart a thabhairt dó, dhein sé dealú idir an ‘initial
spread’ a tharla timpeall míle bliain roimh Chríost agus an
‘consolidation’ nár tharla go dtí an Iarannaois:
The rise of Iron Age ritual centres in the first centuries BC may also have been a vehicle for language shift and stimulated the consolidation of the Goidelic language.
J.P. Mallory, The Origins of the Irish (Londain, 2013), 286
Ach
tá Gaeilge na nOghamchloch chomh gar sin don Ghaillis nach féidir liom a chreidiúint gur scar an dá theanga chomh
luath le míle bliain roimh Chríost. Ar ndóigh, d’fhéadfaí a
mhaíomh gur theanga ársa liotúirgeach í an teanga a greanadh ar
na hOghamchlocha, ach braithim go bhfuil blas na ‘pléadála speisialta’ ar an teoiric sin. Aontaím le William of Ockham gurb é an míniú is simplí an míniú is fearr i gcónaí. Dá mbeadh orm buille faoi thuairim a thabhairt, déarfainn gur uair éigin timpeall na bliana 300 R.Ch. a tháinig an Cheiltis go hÉirinn. Bíodh sin mar atá, is é an rud is tábhachtaí
go bhfuil an fhianaise a bhaineann le hábhar curtha i láthair go
cothrom ag an údar sa leabhar seo agus go mbeidh gach léitheoir in ann a bhreith féin
a thabhairt. ‘Ní lia duine ná tuairim’.
Tá moladh ar leith tuillte
ag J.P. Mallory ar thrí chúis. Sa chéad áit, tá iarracht déanta aige ceist mhór a fhreagairt. Sa dara áit, chleacht sé
stíl phróis a mheallfaidh léitheoirí nach scoláirí gairmiúla
iad, agus dhein sé é sin gan ró-shimpliú a dhéanamh ar an ábhar
casta a bhí idir chamáin aige. Sa tríú áit, níor fhan sé laistigh
de chuibhreann na seandálaíochta ach bhí sé sásta dul i ngleic
le disciplíní eile; thuig sé gur
ionar gan uaim é an léann agus ghníomhaigh sé dá réir. Ní beag san.