An 11 Eanáir i mbliana d’fhoilsigh
an Irish Times tuairisc ar
chartlann nua idirlín a seoladh an lá roimhe sin. Is é atá sa
chartlann liosta de na hÉireannaigh a maraíodh agus iad ag troid ar
son Impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. I measc na
maithe is na mór-uaisle a bhí i láthair nuair a seoladh an
chartlann ag ceanncheathrú Google i mBaile Átha Cliath bhí an
tánaiste, Éamon Gilmore; céad-aire Thuaisceart Éireann, Peter
Robinson; agus an leas-chéad-aire, Martin McGuinness. Ní fhéadfainn
gan suntas a thabhairt don abairt seo a leanas san óráid a thug
Robinson (is liomsa an bhéim):
‘This work will allow the stories of the fallen to be recorded for the benefit of future generations and will allow us to express our thanks and acknowledge the sacrifice of men who died helping to preserve our freedom.’
Chuireas suim ar leith sa ráiteas seo
toisc go raibh leabhar ar thionscnamh an Chéad Chogaidh Dhomhanda á
léamh agam ag an am. Thairis sin, rith sé liom go mbeidh ráitis
den saghas céanna le cloisteáil go minic agus go rialta idir seo
agus deireadh na bliana 2018. Is mithid an cheist a chur más ea: an
bhfuil aon bhunús le tuairim seo an chéad-aire? An fíor é go
raibh Impireacht na Breataine ag troid chun ár saoirse a chosaint sa
‘chogadh mór’ (mar a ghlaoití air sular thosaigh cogadh eile a
bhí níos mó fós)? Nó an amhlaidh nach bhfuil sa tuairim sin ach
bolscaireacht smolchaite a chum polaiteoirí Briotanacha chun fir óga a sheoladh i dtreo na dtrinsí agus an bháis céad bliain ó
shin?
Christopher Clark agus dhá leabhar ar an gCéad Chogadh Domhanda |
Is é an leabhar a bhí á léamh agam
The Sleepwalkers: How Europe Went to War in 1914 le
Christopher Clark. Is Astrálach é an t-údar atá ina
ollamh le stair in ollscoil Cambridge. Níor mhiste a lua go bhfuil
sé pósta le Gearmánach, óir ní féidir cúlra pearsanta an údair
a fhágaint as an áireamh nuair a bhíonn leabhar staire le meas. Go
deimhin, is saineolaí é Clark ar stair na Gearmáine. Tá
beathaisnéis ar an Impire Wilhelm II agus leabhar ar fhás is ar
thitim na Prúise scríofa aige cheana; moladh an dá shaothar sin go
mór ach níl ceachtar acu léite agam go fóill. Maidir le The
Sleepwalkers, is eiseamláir é de cheird an
staraí: na buanna go léir a shamhlaím le stair den scoth –
máistreacht ar na foinsí, anailís ghrinn, eagar loighciúil,
breithiúnais mheáite, prós soléite – tá gach ceann díobh
léirithe ag Clark.
Is amhlaidh gur léire dom feabhas The
Sleepwalkers toisc gur léas stair acadúil eile ar an ábhar
céanna cúpla bliain ó shin, stair nár shásaigh mé in aon chor.
Is iad Richard F. Hamilton agus Holger H. Herwig, staraithe
Meiriceánacha, a scríobh Decisions for War, 1914-1917,
leabhar a d’fhoilsigh
Cambridge University Press sa bhliain 2004. Is leithne scóip an
leabhair sin ná scóip The Sleepwalkers mar scrúdaigh
Hamilton agus Herwig na bealaí inar tháinig na tíortha éagsúla
isteach sa chogadh – na cinn a bhí neodrach ag tús an chogaidh
san áireamh. Tá caibidlí leo ar na tíortha seo a leanas: an
Ostair-Ungáir; an Ghearmáin; an Rúis; an Fhrainc; an Bhreatain; an
tSeapáin; an Tuirc; an Bhulgáir, an Rómáin is an Ghréig; an
Iodáil; agus na Stáit Aontaithe. Ach thugas easnamh aisteach faoi
deara ar an toirt: níl aon chaibidil sa stair ar an tSeirbia! Tá an
leabhar breac le tagairtí don tír úd, ar ndóigh, ach is amhlaidh
nár thuig Hamilton agus Herwig – nó nach rabhadar sásta a
admháil – gur dhein lucht ceannais na Seirbia cinneadh
comhfhiosach dul chun cogaidh nuair a dhiúltaíodar glacadh le
foláireamh deiridh na hOstair-Ungáire. Is áirithe gur chinneadh é sin óir bhí an dara rogha ag na Seirbiaigh: d’fhéadfaidís
glacadh le héilimh na nOstarach. In ainneoin sin, leag Hamilton agus
Herwig an chuid is mó ar fad de mhilleán an chogaidh ar na
hOstra-Ungáraigh. Seo mar a scríobhadar:
Many commentators have focused on the murders of the archduke and his wife, declaring them, in a familiar image, to have been “the spark” that set off “the conflagration”. But unlike the spark in the tinderbox, the killings, by themselves, caused nothing. It was the use made of this event, initially by Austria-Hungary, that brought the nations to war. The key event, one recognised by the decision-makers of all the major powers, was the delivery of the Austro-Hungarian note to Serbia on 23 July. It was this note with its formidable demands that brought the involvement of the other powers.
Richard F. Hamilton agus Holger H. Herwig, Decisions for War, 1914-1917(Cambridge University Press, 2004), 46.
By any measure, the Serbian government’s response was remarkably conciliatory. Pashich [.i. Pašić] agreed to most of the demands, albeit with the proviso, pending production of appropriate evidence. But Pashich refused the demand for Austro-Hungarian investigators empowered to act within Serbia, a point that, if accepted, would amount to a humiliating sacrifice of national sovereignty, one that would risk a backlash from the Serbian military and unpredictable actions from the Black Hand.
Hamilton agus Herwig, Decisions for War, 45.
Is fiú an
bhreith sin a chur i gcomórtas leis an léamh atá ag Clark ar an
bhfreagra céanna:
This was a document fashioned for Serbia’s friends, not for its enemy. It offered the Austrians amazingly little. Above all, it placed the onus on Vienna to drive ahead the process of opening up the investigation into the Serbian background of the conspiracy, without, on the other hand, conceding the kind of collaboration that would have enabled an effective pursuit of the relevant leads ... In reality, then, this was a highly perfumed rejection on most points.
Clark, The Sleepwalkers: How Europe Went to War in 1914 (Penguin Books, 2013), 465-6
Is deacair a
chreidiúint go raibh Clark agus an bheirt staraithe eile ag trácht
ar an gcáipéis chéanna sna sleachta thuas, ach táim sásta go bhfuil an ceart ag Clark. Bhí éileamh na nOstarach go ligfí
dá gcuid póilíní fiosruithe a dhéanamh ar láthair na
comhcheilge thar a bheith réasúnta. Ní dóigh liom go nglacfadh ceann
ar bith de chumhachtaí móra na hEorpa le heiteach dá mbeidís sa chás céanna ag an am. Ach dá ligfí póilíní na hOstaire
isteach sa tSeirbia, bheadh baol nár bheag ann go dtiocfaidís ar
fhianaise a chruthódh go raibh údaráis na Seirbia agus comrádaithe
Gavrilo Princip ag obair as ‘lámh dhubh’ a chéile. Bheadh an lasair
sa bharrach i gceart ansin. Níorbh fhéidir le Pašić dul sa seans:
thuig sé gurbh fhearr an cogadh a throid nuair a bheadh an rud úd a
dtugann na Meiriceánaigh ‘plausible
deniability’ air ag na Seirbiaigh.
Má bhí na Rúisigh
meáite ar chabhair mhíleata a thabhairt don tSeirbia – cé nach
raibh aon chomhaontas idir an dá thír – chinn na Gearmánaigh nár
chóir dóibh loiceadh ar an Ostair-Ungáir, an t-aon chomhghuaillí amháin a bhí acu a d’fhéadfaí brath air. A
luaithe agus a tuigeadh i mBeirlín go raibh slógadh ginearálta ar siúl
ag na Rúisigh, d’fhógair an tImpire Wilhelm go raibh
‘Kriegsgefahrzustand’ (‘staid bagartha cogaidh’) ann.
B’shin an chéim dheireanach roimh chogadh: de réir chóras na
Gearmáine, ba phróiseas comhtháite amháin iad slógadh an airm
agus dul chun cogaidh. Bhí an chuma ar chúrsaí anois go mbeadh sé
ina chogadh idir ceithre stát ar a laghad: an Ostair-Ungáir
agus an Ghearmáin ar thaobh amháin i gcoinne na Seirbia agus na
Rúise ar an taobh eile.
Bheadh sé sin
tubaisteach go leor, ach bhí comhaontas míleata ann idir an Fhrainc
agus an Rúis ón mbliain 1894 i leith. De réir théarmaí rúnda an
chomhaontais sin, bheadh dualgas ar an dá thír a gcuid fórsaí a shlógadh
ar an toirt dá slógfaí arm na Gearmáine. Sheas na Francaigh leis
an gceangal sin agus thosaigh siad ag slógadh an 1 Lúnasa ag a
ceathair a chlog um thráthnóna – uair a chloig sular fhógair an
Ghearmáin cogadh ar an Rúis toisc nach raibh an tImpire Nikolaj toilteanach slógadh a chuid fórsaí a chur ar ceal.
Dhá cheist a bhí
fágtha faoin tráth seo: an mbeadh sé ina chogadh idir an Ghearmáin
agus an Fhrainc, agus cad a dhéanfadh an Bhreatain dá dtosódh
cogadh in iarthar na hEorpa? Chreid ceannairí míleata na Gearmáine
nach bhféadfaidís cogadh a bhuachan dá mbeadh orthu troid san
iarthar agus san oirthear ag an am céanna. Ach shíleadar go
bhféadfaí éalú as an ngaiste straitéiseach sin trí ionsaí
tobann a dhéanamh ar an bhFrainc: thabharfadh ruathar mar sin seans
dóibh an Fhrainc a chloí sula mbeadh arm na Rúise cruinnithe le
chéile. Faoin am a mbeadh na Rúisigh réidh chun troda san
oirthear, bheadh an cogadh san iarthar buaite ag an Deutsches
Heer.
Ní
raibh comhaontas míleata sínithe ag an mBreatain le stát ar bith
eile, rud a d’fhág go raibh níos mó saoirse aici sna
seachtainí roimh an gcogadh ná ag ceann ar
bith eile de na cumhachtaí móra – le
heisceacht na Rúise b’fhéidir. Ach in
ainneoin sin, tháinig an Bhreatain ar
chomhthuiscint straitéiseach
(an ‘entente cordiale’)
leis an bhFrainc
sna blianta tar éis
1904. Faoin mbliain 1914, mar shampla, bhí
cabhlach na Fraince
aistrithe ó
Mhuir nIocht go dtí an Mheánmhuir toisc
gur ghlac na Francaigh
leis go ndéanfadh
an Royal Navy
cósta thuaidh na Fraince a chosaint. Bhí
roinnt de na
hairí i rialtas Liobrálach an phríomh-aire
Herbert Asquith i
gcoinne páirt a ghlacadh sa chogadh a bhí ag bagairt, ach chreid
feidhmeannaigh an Foreign Office
nárbh acmhainn don Bhreatain bheith neodrach dá mba mhian léi a stádas sa chóras idirnáisiúnta a choinneáil.
Seo mar a scríobh duine acu, Sir Eyre Crowe, i
meamram dar dháta an 25 Iúil 1914:
Should the war come, and England [sic] stand aside, one of two things must happen. (a) Either Germany and Austria win, crush France, and humiliate Russia. What will be the position of a friendless England? (b) Or France and Russia win. What would be their attitude towards England? What about India and the Mediterranean?
Clark, The Sleepwalkers, 547.
Is
é sin le rá, bheadh an lámh in uachtar ag an Rúis san Áis agus
ag an bhFrainc sa Mheánmhuir dá mbuafaidís an cogadh. Mar
an gcéanna, chuir na Tóraithe brú ar Asquith
seasamh leis an bhFrainc. An 2 Lúnasa 1914, thug ceannaire an
fhreasúra, Andrew Bonar Law, thug sé litir don phríomh-aire á rá go
mbeadh sé ‘fatal to the honour and security of the
United Kingdom to hesitate in supporting France and Russia at this
juncture; and we offer our unconditional support to the Government in
any measures they may consider necessary to this object’.
Nuair a fuarthas scéala
i Londain go raibh neodracht na Beilge
sáraithe ag an nGearmáin, chinntigh sé sin
go mbeadh móramh mór sa
chomhaireacht ar son an chogaidh. Murach
sin – dá bhfanfadh na Gearmánaigh amach
as an mBeilg – is dóichí ná a mhalairt go
dtitfeadh an rialtas Liobrálach as a chéile
agus go mbunófaí comhrialtas idir eite impiriúil na Liobrálach
(leithéidí Asquith,
Haldane, Churchill, Grey) agus na Tóraithe chun an cogadh a throid.
Ach is cinnte go rachadh an Bhreatain isteach sa chogadh, bealach
amháin nó bealach eile.
Níl ach na céimeanna ba thábhachtaí ar an gconair i
dtreo na tubaiste luaite
agam sa chuntas thuas, cheal spáis, ach
mholfainn d’aon duine a bhfuil tuilleadh
eolais ar an ábhar ag teastáil uaidh
spléachadh a
thabhairt ar an
suíomh idirlín dar teideal Who Started WW One? Ní
féidir a rá go dtugann Christopher Clark freagra soiléir ar cheist seo na ciontachta. Mar a scríobh sé i réamhrá The
Sleepwalkers, tá an leabhar ‘concerned less with why the war
happened than with how it came about’
. Sin é an cur
chuige atá aige ó thús deireadh an
tsaothair. Dar le Clark, ní féidir
milleán an chogaidh a chur ar aon phearsa ná ar aon stát ar leith.
Tá an bhreith
thomhaiste seo a leanas le léamh i dtreo dheireadh an leabhair:
The outbreak of war in 1915 is not an Agatha Christie drama at the end of which we will discover the culprit standing over a corpse in the conservatory with a smoking pistol. There is no smoking gun in this story; or, rather, there is one in the hands of every major character. Viewed in this light, the outbreak of war was a tragedy, not a crime.
Clark, The Sleepwalkers, 561.
An n-aontaím leis sin? Aontaím ar an mórgóir. Ach dá mbeadh orm an chuid is mó den mhilleán a
leagan ar thír amháin, is ar an Rúis a chuirfinn é. Ba é cinneadh na Rúiseach troid ar thaobh na Seirbia i gcoinne na hOstaire
– cé nach raibh dualgas dá laghad orthu a ladar a chur isteach sa
scéal – a dhein cogadh mór domhanda de chogadh beag áitiúil. Murach an
cinneadh tubaisteach úd, ní móide go mbeadh mórán tráchta inniu
ar chogadh na bliana 1914 idir an tSeirbia agus an Ostair-Ungáir; ní
bheadh ann ach fonóta eile sa stair ar aon dul leis an gCéad Chogadh (Deireadh
Fómhair 1912-Bealtaine 1913) agus an Dara Cogadh (Meitheamh-Lúnasa
1913) sna Balcáin.
Tá súil agam go mbeidh freagra na
ceiste lenar thosaíos soiléir faoin am seo. An amhlaidh go raibh
Impireacht na Breataine ag troid ar son ár saoirse sa Chéad Chogadh
Domhanda? Bí cinnte de nach raibh!
Is í an fhírinne céad taismeach an chogaidh i gcónaí.
Is í an fhírinne céad taismeach an chogaidh i gcónaí.
Meon impiriúil na linne |