Edwards (ar chlé), Moody agus an iris a bhunaíodar |
Is beag athrú eile a bhí tagtha ar chúrsaí faoin uair a cuireadh bonneagar gairmiúil faoin stair in Éirinn. Sa bhliain 1936 bhunaigh beirt staraithe óga, T.W. Moody agus R.D. Edwards, an Ulster Society for Irish Historical Studies i mBéal Feirste agus an Irish Historical Society i mBaile Átha Cliath faoi seach. Dhá bhliain dár gcionn, cuireadh Irish Historical Studies ar bun faoi choimirce an dá chumann, le Moody agus Edwards ina gcomh-eagarthóirí ar an iris nua. Bhí staraithe mór le rá in Éirinn roimhe sin, gan amhras: Eoin Mac Néill, mar shampla, údar Phases of Irish History (1919) agus Celtic Ireland (1921), a bhunaigh luathstair na hÉireann mar ábhar acadúil; nó Edmond Curtis, a scríobh an History of Mediaeval Ireland (1923), leabhar ar foilsíodh leagan Gaeilge de faoin teideal Stair na hÉireann sa Mheánaois (1956), agus A History of Ireland (1936), suirbhé ginearálta atá i gcló i gcónaí. Ach chuir Moody agus Edwards struchtúir ar bun a chruthaigh gairm san áit a raibh scoláirí aonair roimhe sin.
Ar an drochuair, bhí oiliúint faighte ag an mbeirt acu san Institute of Historical Research i Londain agus ghlacadar scun scan le cleachtas na Sasanach mar eiseamláir den stair acadúil. D’fhág an oiliúint chúng seo agus an dearcadh dolúbtha a ghin sé go raibh easpa neamhspleáchais agus easpa úire le brath ar an ngairm in Éirinn go ceann i bhfad. San áit ina raibh tuiscint mhaith ag Mac Néill agus ag Curtis (fear a rugadh agus a tógadh i Sasana ach a d’fhoghlaim an Ghaeilge nuair a tháinig sé go hÉirinn) ar chultúr, ar theanga, ar litríocht, ar bhéaloideas na hÉireann, bhí Edwards agus Moody sásta cur chuige lucht Oxbridge a leanúint go dlúth. In ionad clár oibre, cúrsaí oiliúna agus modhanna taighde a fhorbairt a d’oirfeadh do chúinsí na tíre seo – rud a mbeifí ag súil leis ós rud é go raibh cúrsa na staire in Éirinn chomh héagsúil sin le cúrsa na staire i Sasana – is amhlaidh gur dhein siad aithris dhílis ar chur chuige na Sasanach.
Is áirithe gur bhain cuid den mheon proibhinseach seo leis an gcúinge intinne a ghabhann leis an aonteangachas. Iata laistiar d’fhál cumarsáide an Bhéarla, is beag aird a thug staraithe na hÉireann ar na hathruithe bunúsacha a bhí ag teacht ar a ndisciplín i dtíortha eile, go mór mór sa bhFrainc. Is sa bhliain 1929 a bunaíodh an iris a raibh Annales d’histoire économique et sociale uirthi i dtús báire agus ar tugadh Annales: économies, sociétés, civilisations uirthi tar éis 1946. I measc na staraithe cáiliúla a raibh baint acu leis an tionscnamh seo bhí Marc Bloch (résistant ar mharaigh an Gestapo é i rith an chogaidh) agus Lucien Febvre sna laethanta tosaigh, Fernand Braudel agus Emmanuel Le Roy Ladurie ar ball. Thug lucht Annales céim síos don histoire événementielle – ‘stair na n-imeachtaí’ – a fuaireadar rompu. Níorbh é iompar an lucht rialaithe ba chás leis na húdair seo ach struchtúir na sochaí i gcoitinne. Bhaineadar leas as modh idirdhisciplíneach a raibh gnéithe den tíreolaíocht, den eacnamaíocht, den tsocheolaíocht agus den antraipeolaíocht le brath air chun histoire totale a scríobh – is é sin le rá, stair chuimsitheach ina mbeadh an tsochaí ina iomláine faoi chaibidil, idir bhonneagar ábhartha, chóras sóisialta, agus chultúr an phobail – agus chreid staraithe Annales go raibh dearcadh (mentalité) na coitiantachta gach pioc chomh tábhachtach is a bhí dearcadh na n-uaisle nó na cléire.
Níor thug staraithe Shasana mórán airde ar an leathnú a bhí déanta ar an stair laisteas de Mhuir nIocht roimh na 1970í agus thóg sé deich mbliana eile sular shroich tuairiscí iontaofa an tír seo, ach bhí an stair i Sasana féin tar éis athrú faoin am sin. Fearacht chás na Fraince, bhí baint ag iris nua leis an dul chun cinn: iris dar theideal Past & Present a bhunaigh baill den Communist Party Historians’ Group sa bhliain 1952. Níor dheineadar neamhshuim den stair pholaitiúil, ach chuir na staraithe a scríobh don iris – leithéidí Christopher Hill, Eric Hobsbawm, E.P. Thompson agus George Rudé – chuireadar béim úr ar stair na cosmhuintire. Bhíodar sásta níos mó suntais a thabhairt don histoire événementielle ná mar a thug lucht Annales agus ba lú an tsuim a bhí acu i gcúrsaí cultúir, ach thugadar aird ar leith ar aicmí sóisialta a raibh neamart déanta orthu roimhe sin. Más é histoire totale an mana a shamhlaím le staraithe Annales, is é history from below (‘an stair aníos’) an mana a shamhlaím le staraithe Past & Present.
Roinnt d’irisí scolártha an lae inniu |
Ní raibh aon bhac teanga le sárú ag staraithe na hÉireann i gcás na staire sóisialta nua a bhí á scríobh i Sasana, ach ní fhéadfadh scoil staire a raibh blas an Mharxachais uirthi mórán tionchair a imirt sa tír seo a fhad is a bhí an saol acadúil abhus á fhaire go géar ag cliarlathas na heaglaise Caitlicí. Is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann áfach, agus thosaigh cúrsaí ag feabhsú de réir a chéile sna 1960í. Sampla luath de chur chuige idirdhisciplíneach a bhí neamhchoitianta ag an am ba ea an iris Studia Hibernica a bunaíodh sa bhliain 1961. Foilsíodh Irish Economic and Social History, iris an Economic and Social History Society of Ireland, don chéad uair sa bhliain 1974 agus tháinig Saothar, iris Chumann Staire Lucht Saothair na hÉireann, ar an saol an bhliain dár gcionn. Ach b’fhéidir go raibh an éifeacht is mó ar fad ag Eighteenth-Century Ireland: Iris an Dá Chultúr a d’fhoilsigh Cumann Éire an 18ú Céad ón mbliain 1986 amach. Faoi lár na n-ochtóidí bhí síolta an history from below agus an histoire totale ag péacadh in ithir na hÉireann.
Níl na laincisí a cuireadh ar stair na hÉireann sna 1930í scaoilte go fóill, ná baol air, ach tá dul chun cinn nach beag déanta le glúin anuas. Chun an fhorbairt a tharla sa tréimhse sin a mheas is leor comparáid a dhéanamh idir trí shuirbhé ar an 18ú céad a foilsíodh le mo linn. I gcás gach ceann acu, déanfaidh mé líon na dtagairtí iontu do na téamaí seo a leanas a chomhaireamh:
Seacaibíteachas (tar éis Chonradh Luimnigh)Roghnaíos na téamaí seo toisc go mbaineann siad leis an gcoitiantacht seachas leis an uasaicme; thairis sin, baineann siad leis an rud ar a dtugann na Francaigh an imaginaire social (‘samhlaíocht an phobail’) ar bhealach amháin nó eile.
Scoileanna/oideachas
Gorta
Buachaillí Bána
Údair Ghaeilge
Cosantóirí
An 18ú céad mar a bhí: Johnston (1974) agus Dickson faoi dhó (1987, 2000) |
Nuair a bhíos i mo mhac léinn staire sa chéad bhliain ar an ollscoil, ba é an t-aon suirbhé ar stair na hÉireann san 18ú céad a bhí le fáil ná Ireland in the Eighteenth Century le Edith Mary Johnston, saothar a foilsíodh mar chuid de shraith dar theideal an Gill History of Ireland sa bhliain 1974. Leabhar tur leamh traidisiúnta is ea é. Seacht gcaibidil ar fad atá ann: baineann ceann acu le Cogadh an Dá Rí, ceann eile le cúrsaí creidimh, ceann eile fós leis an eacnamaíocht, agus ceithre cinn ar fad leis an ‘ardpholaitíocht’. Is leor a rá go bhfuil ‘The age of the “undertakers”’ mar theideal ar chaibidil amháin. Seo iad na staitisticí don leabhar (más féidir brath ar an innéacs):
Seacaibíteachas: 0Casadh Edith Mary Johnston orm uair amháin. Bhíos sa dara nó sa tríú bliain ar an ollscoil, i rang beag d’ochtar mac léinn a bhí ag dul do chéim sa stair amháin (bhí formhór na mac léinn staire ag plé le dhá ábhar). Thagadh aoichainteoirí ó ollscoileanna eile isteach chun labhairt linn ó am go ham agus bhí Johnston ar dhuine acu. Ní cuimhin liom cén t-ábhar cainte a bhí aici ach bhain sé le gné éigin den staireolaíocht. Tar éis na cainte, dhein sí dreas comhrá leis na mic léinn agus d’fhiafraigh sí dínn cérbh iad na staraithe a raibh suim againn iontu. Níor fhreagair aon duine. B’fhéidir go rabhamar beagáinín cúthalach, ach tá tuairim agam nach gcuireann fochéimithe mórán spéise i staraithe agus gur rud é sin a thagann le haois – má thagann sé ar chor ar bith. Mise a bhris an tost sa deireadh: ‘I think Geoffrey Keating is very interesting’ arsa mé. D’fhéach sí orm gan focal a rá. Níl a fhios agam ar chuir mo fhreagra alltacht uirthi, nó déistin b’fhéidir, nó an amhlaidh nár chuala sí trácht ar an gCéitinneach riamh, ach d’aontaigh an tOllamh Donal McCartney liom go raibh an Céitinneach tábhachtach agus gur mhithid staidéar a dhéanamh air.
Scoileanna/oideachas : 0
Gorta: 0
Buachaillí Bána: 1
Údair Ghaeilge: 0
Cosantóirí: 1
Bhíos sa dara bliain ar an ollscoil nuair a foilsíodh suirbhé eile ar an 18ú céad, New Foundations: Ireland 1660-1800 le David Dickson, mar imleabhar i sraith dar theideal an Helicon History of Ireland. Ba léir láithreach go raibh cuntas i bhfad níos iomláine ann ar struchtúr na sochaí agus ar chúrsaí eacnamaíochta ná mar a bhí i saothar Johnston. Má tá níos mó faoi Phrotastúnaigh ná faoi Chaitlicigh sa leabhar seo, bhí sé de leithscéal ag an údar go raibh imleabhar eile sa tsraith chéanna, The Catholic Community in the Seventeenth and Eighteenth Centuries le Patrick Corish, a bhí dírithe ar an bpobal Caitliceach. Seo iad na staitisticí do leabhar Dickson de réir innéacs an dara eagrán a foilsíodh sa bhliain 2000:
Seacaibíteachas: 15Is iad Dáibhí Ó Bruadair agus Tomás Ó Míocháin na húdair Ghaeilge a bhfuil tagairtí dóibh (tá tagairt eile d’Eoghan Rua Ó Súilleabháin i bhfonóta a cuireadh leis an dara eagrán). Más beag an líon é seo, is cóir a rá gur dhein Dickson cúiteamh ina neamart ar ball: sa mhonagraf téagartha leis dar teideal Old World Colony: Cork and South Munster 1630-1830 (2005) tá tagairtí aige do na húdair seo a leanas: Piaras Feirtéir, Ceallachán Mac Cárthaigh, Diarmaid Mac Cárthaigh, Seán Clárach Mac Dónaill, Seán Ó Coileáin, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Micheál Óg Ó Longáin, Seán Ó Murchú na Ráithíneach, Aogán Ó Rathaille, Eoghan Rua Ó Suilleabháin, Tadhg Gaelach Ó Súilleabháin agus ... Geoffrey Keating. Níl aon amhras ach gurb é Old World Colony an sampla is cumasaí den histoire totale a scríobhadh in Éirinn go dtí seo.
Scoileanna/oideachas: 9
Gorta: 8
Buachaillí Bána: 3
Údair Ghaeilge: 2
Cosantóirí: 6
An 18ú céad mar atá: Dickson (2005), McBride (2009), Kelly agus Mac Murchaidh (2012) |
Ní tréad caora, ar ndóigh, ach cruthaíonn an suirbhé is déanaí ar Éirinn san 18ú céad – Eighteenth-Century Ireland: The Isle of Slaves le Ian McBride a foilsíodh mar chuid den New Gill History of Ireland sa bhliain 2009 – cruthaíonn sé nach bhfuil beann ag staraithe na linne seo ar shean-teorainneacha an disciplín mar a leag lucht bunaithe Irish Historical Studies amach iad. Seo iad na staitisticí don suirbhé nua-aoiseach is fearr ar Éirinn san 18ú céad:
Seacaibíteachas: 9Agus seo iad ainmneacha na n-údar Gaeilge a bhfuil trácht orthu sa leabhar: Diarmaid Mac Cárthaigh, Aindrias Mac Craith, Séamas Dall Mac Cuarta, Art Mac Cumhaigh, Aodh Buí Mac Cruitín, Raghnall Dall Mac Dónaill, Seán Clárach Mac Dónaill, Eibhlín Dubh Ní Chonaill, Máire Bhuí Ní Laoire, Dáibhí Ó Bruadair, Eoghan Ó Caoimh, Uilliam Ó Dábhoireann, Uilliam Ó Lionnáin, Micheál Óg Ó Longáin, Tomás Ó Míocháin, Seán Ó Muláin, Uilliam Ó Murchú, Seán Ó Neachtain, Tadhg Ó Neachtain, Aogán Ó Rathaille, Pádraig Ó Riada, Eoghan Rua Ó Suilleabháin agus ... Geoffrey Keating (a bhfuil ocht dtagairt dó sa leabhar – cé nach bhfuil ach ceithre thagairt ann do na undertakers). Mar atá scríofa ar chlúdach cúil an leabhair, is stair é seo ‘in which Protestant, Catholic and Dissenter all receive due attention’. Má tá suim agat sa tréimhse, déan gar duit féin agus léigh an leabhar seo!
Scoileanna/oideachas: 3
Gorta: 9
Buachaillí Bána: 8
Údair Ghaeilge: 38
Cosantóirí: 10
Is é an rud a spreag na smaointe thuas ná cóip réamhfhoilsithe de chnuasach aistí a fuaireas sa phost le déanaí: Irish and English: Essays on the Irish Linguistic and Cultural Frontier, 1600-1900 an teideal atá air agus is iad James Kelly (staraí) agus Ciarán Mac Murchaidh (scoláire Gaeilge) na heagarthóirí. Ní déarfaidh mé mórán faoin leabhar toisc go bhfuil aiste liom féin ann (ar Fhoras Feasa an Chéitinnigh!), ach ba mhaith liom dhá phointe a dhéanamh. Is é an chéad phointe nach móide go scríobhfaí leabhar mar seo glúin ó shin nuair a bhíos féin i mo mhac léinn staire. Is é an dara pointe gur mithid do staraithe an cultural frontier a thrasnú agus taighde a dhéanamh ar na Gaeil allta a raibh cónaí orthu lastall den teorainn atá faoi chaibidil sa leabhar seo. Much done, more to do, mar adúirt an té adúirt.