Tá an chéad lá den fhómhar buailte
linn arís agus caithfidh mé géilleadh d’fhoráil atá le léamh
i gceann de na Irish Grammatical Tracts – nó i gceann de na
Bardic Syntactical Tracts
b’fhéidir – níl
an fhoinse le m’ais faoi láthair:
Do chuir Colum Cille cáidh
de gheis ar gach aon tseanchaidh,
léigheamh lán-luath a liosta
le léigheann fá Lughnasa.
Liosta de na leabhair staire is fearr a bheidh agam i mbliana ach ní dhéanfaidh mé iad a ghrádú ó uimhir a deich go dtí uimhir a haon mar
a dheineas i gcás na scannán anuraidh. Sílim nach mbeadh an
cur chuige sin oiriúnach de bharr éagsúlacht na leabhar. Conas is
féidir cnuasach aistí le húdair éagsúla a chur i gcomórtas le
leabhar a scríobh staraí aonair? Nó conas is féidir stair
mór-roinne a chur i gcomórtas le beathaisnéis? Níl freagraí na gceisteanna sin agam. Dá bhrí sin, tá sé
beartaithe agam na leabhair a rangú i gcúig rannóg: mar atá, monagraif, suirbhéanna, cnuasaigh ilúdar,
beathaisnéisí agus leabhair staireolaíochta. Roghnóidh mé dhá
leabhar le haghaidh gach ceann de na haicmí sin – ceann amháin a
bhainfidh le hÉirinn agus ceann eile a bhainfidh leis an gcuid eile
den domhan. Sílim go sásóidh an chomhroinn chothrom sin gach aon duine. Sa deireadh thiar thall, ainmneoidh mé an leabhar staire
is fearr ar fad, dar liom.
Monagraif
Bunsaothar taighde is ea monagraf.
Bíonn sé bunaithe ar fhoinsí comhaimseartha don chuid is mó agus
bíonn a théama réasúnta cúng go hiondúil. Ní léitear a bhformhór lasmuigh den acadamh, ach tugann an pobal léitheoireachta suntas do roinnt de na monagraif is fearr.
Na monagraif is fearr |
Is annamh a léim leabhar faoi dhó agus níor chromas ar leabhar a athléamh a bhí díreach
léite agam ach uair amháin i mo shaol. Is é an leabhar atá i
gceist The Last European War: September 1939-December 1941
(1976) le John Lukacs. Tá ábhar an mhonagraif seo mínithe sa
teideal ach tháinig dhá ghné de shaothar Lukacs aniar aduaidh orm.
An chéad cheann, go raibh peirspictíocht an údair chomh leathan is
a bhí: mar a bheifí ag súil leis, tá trácht aige ar chumhachtaí móra na
hEorpa, ach tá trácht aige ar na tíortha beaga chomh maith: ar
ullmhúcháin mhíleata na hEilvéise, ar dhearcadh an phobail sa
Phortaingéil, ar chúrsaí eaglasta sa Rómáin, ar an ráta pósta
in Éirinn. Níos tábhachtaí fós, d’éirigh leis an údar mo chuid iarthuisceana a chur ar ceal agus an leabhar á léamh
agam. Is ionann an leabhar seo a léamh agus tú féin a thumadh i meon na nEorpach a bhí beo ag an am. Seo sliocht as:
It is not the business of the historian to speculate (not much, at any rate) about what may have happened when it did not happen. Yet his business is the mental reconstruction of the past. He must remember and record what people thought and knew at a certain time, even if they were to be proven wrong. He must understand that actuality and potentiality cannot always be separated, no more in the present than in the past.
Níl aon amhras orm ach gurb é Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn (1996) le Breandán
Ó Buachalla, iar-oide liom nach maireann, an monagraf is fearr ar
stair na hÉireann. Ní leasc liom a rá gur mó go mór an tionchar a bhí
ag Breandán orm ná ag aon údar eile dár léas riamh. Saothar
bunúsach taighde is ea Aisling Ghéar atá níos scóipiúla
ná mórán suirbhéanna: ní féidir cultúr polaitiúil na
hÉireann sa 17ú nó san 18ú céad a thuiscint gan é a léamh.
Thairis sin, is leabhar é atá beagnach do-aistrithe. D’fhéadfaí
tráchtaireacht an údair a aistriú, ar ndóigh, ach tá sleachta comhaimseartha liteartha fite fuaite sa téacs agus ní fhéadfaí iadsan a aistriú
gan chuid mhaith den chiall agus cuid mhór den bhrí iontu a
chailliúint. Seo sliocht as an leabhar:
Níl sna tuairiscí sin den chuid is mó ach ráflaí, gan amhras, ach is eilimint bhailí sa staireagrafaíocht ráflaí freisin; is minic gur mó an éifeacht a bhíonn acusan ná ag na ‘fíricí’. Ar na ‘fíricí’ sin – má tá a leithéid ann – a bhíonn an staireagrafaíocht bunaithe, is é a cheapann daoine a tharla is mó a mhúnlaíonn an stair féin.
Suirbhéanna
Bíonn ábhar an tsuirbhé níos
leithne ná ábhar an mhonagraif agus is minic a bhíonn siad
dírithe ar an gcuid sin den phobal léitheoireachta a bhfuil suim
acu sa stair. Má bhíonn an monagraf staire bunaithe ar fhoinsí príomha, bíonn údair na suirbhéanna ag brath cuid mhaith ar aistí agus ar mhonagraif a scríobh staraithe eile.
Na suirbhéanna is fearr |
Is eiseamláir den suirbhé é The Pursuit of Glory: Europe 1648-1815 (2007) le Tim Blanning.
Sintéis chuimsitheach is ea é ina scrúdaítear gach gné nach mór
de stair na hEorpa i rith an ‘18ú céad fada’. Gheofar cur síos
críochnúil anseo ar an mbonn ábhartha (an t-iompar, an
déantúsaíocht, an talmhaíocht), ar an bhfor-struchtúr
intleactúil (an creideamh, na healaíona, an smaointeachas) agus
ar imeachtaí polaitiúla (córais rialaithe, cogaí idir stáit, réabhlóidí)
araon. Thairis sin, cé gur nocht Blanning a chuid tuairimí
pearsanta go minic sa leabhar, bhí sé i gcónaí sásta fianaise nach raibh ag
teacht lena léamh féin a chur i láthair. Seo sliocht as:
For the mass of the population before the last decade of the eighteenth century, the ecclesiastical authorities came under fire not because they were too conservative but because their enlightened reforms were thought to be ungodly. As we have seen, from Brabant to Tuscany, from Moscow to the Tyrol, trouble only arose when attempts were made to interfere with traditional forms of religious practice. That could cause short-term problems for governments, but in the long term proved to be a great source of strength.
Níl aon ghanntanas suirbhéanna ann ar
thréimhsí éagsúla i stair na hÉireann agus tá roinnt acu ar
fheabhas – tapóidh mé an deis seo chun moladh eile a thabhairt
don suirbhé a scríobh Ian McBride ar Éirinn san 18ú céad. Braithim,
áfach, go bhfuil Ireland 1912-1985 (1989) le Joe Lee i bhfad
chun tosaigh ar gach suirbhé eile de bharr úire a mhachnaimh agus
fuinneamh a insinte. Thairis sin, tá níos mó foinsí príomha luaite ann ná mar a bhíonn i suirbhéanna go hiondúil: d’fhéadfaí a rá gur leabhar é a bhfuil gnéithe den suirbhé agus den mhonagraf ag baint leis. An bhfuilim claonta toisc go réitíonn insint
an údair le mo dhearcadh féin? Táim, gan amhras. Ach más líonmhar iad na tuairimí a nocht Lee sa leabhar seo, is líonmhaire fós iad
na fíricí a chuir sé i láthair chun tacú leo. Seo sliocht as:
The most rapidly-growing markets in the postwar world were located in different cultures, requiring command of different languages, familiarity with different consumption habits, different traditions of style and design, different mentalities. If Ireland failed to adjust to changing market opportunities, it was not because she clung to an obscure, petty, peasant patois. Ironically, her world language exerted a peripheralising influence on her perspectives.
Cnuasaigh ilúdar
Is in irisí léannta a fhoilsítear
aistí staire don chuid is mó, ach uaireanta tiomsaítear aistí le
húdair éagsúla i bhfoirm leabhair; baineann bua ar leith leis an
gcnuasach ilúdar nuair a dhéantar scrúdú idirdhisciplíneach ar
mhór-théama a bheadh thar acmhainn aon údair amháin.
Ós rud é go raibh sé faoi chaibidil
agam anseo le déanaí, ní gá dom mórán a scríobh faoin saothar
eachtrannach atá roghnaithe agam in aicme na gcnuasach ilúdar. Is é
atá ann Les Lieux de Mémoire (1984-92), sraith imleabhar a
chuir Pierre Nora in eagar. Ní déarfaidh mé anois ach gur éirigh
le heagarthóir na n-aistí seo teacht ar bhealach nua chun tionchar
na staire ar chultúr ár linne a thuiscint agus a léiriú. Seo
sliocht as an gcéad imleabhar den tsraith, sliocht a tógadh as
aiste le Pierre Nora dar teideal ‘Entre mémoire et histoire’
(‘idir cuimhne agus stair’):
Quand la mémoire n’est plus partout, elle ne serait nulle part si ne décidait de la reprendre en charge d’une décision solitaire, une conscience individuelle. Moins la mémoire est vécue collectivement, plus elle a besoin d’hommes particuliers qui se font eux-mêmes des hommes-mémoire. C’est comme une voix intérieure qui dirait aux Corses: «Tu dois être Corse», et aux Bretons: «Il faut être Breton!»
(Nuair nach mbíonn an chuimhne ar fáil go forleathan níos mó, ní bhíonn sí ann in aon chor mura ndeintear cinneadh aonair, in intinn duine, cúram a dhéanamh di. De réir mar a theipeann ar chomhchuimhne an phobail bíonn gá níos mó le daoine aonair a dhéanfaidh lucht cuimhnimh díobh féin. Tá sé amhail is dá ndéarfadh guth inmheánach leis na Corsacaigh ‘Ba chóir duit bheith i do Chorsacach’ agus leis na Briotánaigh ‘Ní foláir a bheith Briotánach!’)
Fearacht Les Lieux de Mémoire,
ní gá dom cur síos a dhéanamh ar an Atlas of the Great Irish Famine (2012) a chuir John Crowley, William J. Smyth agus Mike
Murphy in eagar, toisc gur phléas anseo é i mí Dheireadh Fómhair
seo caite, go gairid tar éis a fhoilsithe. Is leor aird a
tharraingt anois ar chur chuige idirdhisciplíneach na n-eagarthóirí
– rud nach bhfeictear minic go leor i leabhair staire na hÉireann:
i measc na n-údar a bhfuil aistí leo sa chnuasach seo tá
staraithe, tíreolaithe, scoláirí Gaeilge, bitheolaí, seandálaí,
eacnamaí, scoláire Fraincise, béaloideasóir agus scoláire
Béarla. Seo sliocht as aiste dar teideal ‘The longue durée –
imperial Britain and colonial Ireland’ le William J. Smyth:
Joel Mokyr’s conclusion seems entirely valid: ‘most serious of all, when the chips were down in the frightful summer of 1847, the British simply abandoned the Irish and let them perish’. One could never imagine an Irish Government of whatever hue – whether the Confederation Government at Kilkenny in the mid-seventeenth century, or Grattan’s late-eighteenth-century Parliament, or Dáil Éireann and the Northern Ireland Assembly today – turning their backs and ignoring ‘the cry of want’.
Beathaisnéisí
Is fo-aicme den mhonagraf staire í an
bheathaisnéis staire ó thaobh na loighce de, ach braithim gur fiú
rannóg ar leith a dhéanamh don bheathaisnéis anseo mar ní foláir don
bheathaisnéisí scileanna ar leith a bheith aige agus cur chuige ar
leith a chleachtadh. Dá chomhartha sin, is mó an t-éileamh a
bhíonn ag an léitheoir cothrom ar bheathaisnéisí ná ar
mhonagraif staire d’aon saghas eile.
Dá n-iarrfaí orm an phearsa is
suimiúla i stair an domhain a ainmniú, rithfeadh ainm amháin liom
ar an toirt: Tom Paine. An bhfuilim claonta? An amhlaidh gur suim
liom Citizen Paine toisc go bhfuil báidh agam lena chuid tuairimí?
An Caitliceach é an pápa? Ar ndóigh, d’fhéadfaí
drochbheathaisnéis a scríobh ar an té is suimiúla amuigh, ach is
beathaisnéis den scoth é Tom Paine: A Political Life (1995)
le John Keane. Ní cuntas lom ar imeachtaí shaol Tom Paine é seo ach
léiriú beoga ar phearsantacht an fhir agus anailís ghéarchúiseach
ar an tionchar polaitiúil a bhí aige i Meiriceá, sa bhFrainc, agus
i dtíortha eile nach iad. Seo sliocht as:
“The idea of hereditary legislators,” wrote Paine scathingly, is as “inconsistent as that of hereditary judges, or hereditary juries; and as absurd as an hereditary mathematician, or an hereditary wise man; as absurd as an hereditary poet laureate.”
Ní féidir a rá go raibh iomaíocht ghéar ann don ainmniúchán Éireannach sa rannóg
seo. Is fíor go bhfuil beathaisnéisí maithe ann ar mhionphearsana staire – is sampla breá é An Béaslaíoch (2007) le Pádraig Ó
Siadhail – ach tá formhór na mbeathaisnéisí a scríobhadh ar
phearsana móra ár staire lochtach ar bhealach amháin nó ar
bhealach eile. Bhraitheas nach raibh ach dhá iomaitheoir ann i ndáiríre: Wolfe Tone: Prophet of Irish Independence (1989) le
Marianne Elliott agus Charles Stewart Parnell (1977) le F.S.L.
Lyons. Ba dheacair dom rogha a dhéanamh eatarthu, ach thugas an
chraobh do leabhar Lyons sa deireadh. Tá sé sean-fhaiseanta,
dírithe ar an ard-pholaitíocht, ach is cumasach an saothar é mar
sin féin agus níl focal as alt sa téacs. Seo sliocht as:
But if it was Parnell’s initial obstructionism in the House of Commons which laid the foundation of his reputation and made him the obvious leader for a mass movement at home, then it was his leadership of that movement, combined with his majestic disdain for English political men and English political institutions, that elevated him to the position of commanding power he held between 1880 and 1882.
Leabhair staireolaíochta
Is é atá i gceist agam le leabhar
staireolaíochta ná leabhar ar ghné éigin d’obair an staraí;
ina measc seo tá treoirleabhair d’fhoinsí príomha, leabhair ar
an staireagrafaíocht, leabhair ar mhodhanna taighde, leabhair ar fhealsúnacht na staire, etc. Is
beag suim a chuirtear i leabhair staireolaíochta lasmuigh den
acadamh – seachas, b’fhéidir, nuair a bhíonn conspóid nó
scannal acadúil éigin faoi chaibidil iontu.
Cé gur scríobh Marc Bloch Apologie pour l’histoire, ou Metier d’historien idir 1941 agus 1943,
níor foilsíodh é go dtí an bhliain 1949. Bhí Bloch ina
eagarthóir ar nuachtán rúnda, Franc-Tireur, nuair a bhí an
leabhar idir lámha aige. Ghabh an Gestapo é i mí an Mhárta 1944,
céasadh é agus cuireadh chun báis é i mí Iúil 1944. Is geall le
míorúilt é gur éirigh le Bloch an cuntas glinn seo ar chuspóirí
agus ar mhodhanna oibre an staraí a scríobh sna cúinsí inar
scríobhadh é. Réitigh cara leis, Lucien Febvre, an chéad eagrán
don chló agus ba ghearr gur aithníodh é mar shaothar clasaiceach.
Seo sliocht as:
Un travailleur que j’ai quelque raison de bien connaître m’a raconté qu’à Dunkerque, comme il attendait, sans marquer trop d’impatience, sur la côte bombardée, un incertain embarquement, un de ses camarades lui dit, avec une mine d’étonnement: «C’est singulier! Vous n’avez pas l’air de détester l’aventure.» Mon ami aurait pu répondre qu’en dépit du préjugé courant l’habitude de la recherche n’est nullement défavorable, en effet, à une acceptation assez aisée du pari avec la destinée.
(Bhí scoláire ann a raibh aithne mhaith agam air ar chúis áirithe a d’inis dom go raibh sé in Dunkirk, ag feitheamh le tarrtháil nach raibh cinnte ar chladach a bhí á bhuamáil, gan mórán mífhoighne a léiriú, nuair a labhair duine dá chomrádaithe leis agus cuma an iontais air: ‘Tá sé dochreidte! Is cosúil nach bhfuil an eachtra seo ag cur as duit.’ D’fhéadfadh mo chara a fhreagairt, in ainneoin thuairim na coitiantachta, gurb amhlaidh go gcuidíonn taithí ar an taighde linn glacadh go réidh le crannchur na cinniúna.)
Ní raibh
mórán iomaíochta don ainmniúchán Éireannach san aicme seo ach oiread. Ba shaothar
den scoth é Early Christian Ireland: Introduction to the Sources
(1972) le Kathleen Hughes ag am a scríofa, ach tá cuid mhaith dul
chun cinn déanta i luathstair na hÉireann idir an dá linn. Táim chun an t-ainmniúchán don
leabhar staireolaíochta is fearr a thabhairt do dhíolaim aistí a thiomsaigh Ciaran Brady: Interpreting Irish History: The Debate on Historical Revisionism (1994). Is foinse úsáideach é seo ina
bhfuil aistí le húdair éagsúla a scríobhadh idir na 1930í agus
na 1990í. Seo sliocht as an aiste is fearr díobh, dar liom, ‘Irish
historical “revisionism”: state of the art or ideological
project’ le Gearóid Ó Tuathaigh:
Firstly, we need to apply ourselves more systematically to the study of popular historical consciousness in Ireland over the longue durée, with a view to establishing what constituted this ‘consciousness’ at different times; what factors shaped it, how did it manifest itself at different times, in different forms, to different purposes down through the centuries; what the evidence is for continuities and discontinuities, and what implications will follow from this enquiry for our assessment of the dynamics of popular politics in Ireland in the modern period.
An leabhar is fearr – 11 Lúnasa 2013
Gheallas go mbeadh ainm an
leabhair staire is fearr le léamh anseo. Dá fheabhas iad an deich
leabhar a luas an tseachtain seo caite, tá lochtanna ar naoi gcinn acu. I gcás na leabhar a scríobh
Lukacs agus Lee, tá claonadh chun suibiachtúlachta iontu a
chuireann le beocht na hinsinte ach a bhaineann de bharántúlacht na gconclúidí uaireanta. Is cuid de mhodh
oibre Uí Bhuachalla é míreanna fianaise a charnadh ar a chéile go dtí go ngéillfidh an té is amhrasaí amuigh dó – rud a
chuireann le luach an tsaothair mar fhoinse tagartha ach is
baolach go gcuireann sé léitheoirí mífhoighneacha ó dhoras chomh maith. Tá locht ar leabhar Blanning a bhíonn ar leabhair le húdair Shasanacha go minic: tá sé le tuiscint uaidh go raibh stair Shasana níos
eisceachtúla ná mar a bhí i ndáiríre. Tá na cnuasaigh ilúdar
go léir míchothrom: is é sin le rá go bhfuil aistí laga le fáil i measc na n-aistí atá ar fheabhas. Is saothar gleoite
é leabhar Bloch ach d’fhéadfaí a áiteamh gur seod
iarsmalainne é faoin am seo. Caithfear a rá gur fearr
an tuiscint a léirigh Lyons ar shaol polaitiúil na Breataine ná
ar shaol na coitiantachta in Éirinn.
Údar The Rights of Man agus The Age of Reason |
Ní fhágann sé sin ach
leabhar John Keane. Admhaím go raibh drogall orm an teideal a
bronnadh air mar tá claonadh ionam a rá nach mbíonn beathaisnéisí
chomh tábhachtach le leabhair staire eile toisc nach mbíonn ach duine amháin faoi chaibidil iontu. Is fusa iad a scríobh dá réir, agus is lú an t-eolas ar an stair a bheireann siad chugainn.
Ach níl aon dul as agam. Ní foláir dom aontú leis an mbreith a thug
léirmheastóir an THE:
It is based on real admiration and affection for its subject, and it sometimes echoes him. The narrative is stimulating, indeed stirring; the style is vigorous, even vulgar. But it is a work of true scholarship, involving long and deep research in a vast range of original sources, including many previously unused writings by Paine.
Bígí liom arís i mí Lúnasa na bliana 2014 nuair a bheidh na leabhair staire is measa á liostáil agam ...