Idir an dá linn, tá díolaíocht mhaith ar The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland i gcónaí agus tá áthas orm a fhógairt go mbeidh leagan faoi chlúdach bog le fáil sna siopaí i gceann seachtaine nó dhó. Ar ndóigh, beidh an leagan bog cuid mhaith níos saoire ná an leagan crua. Athchló seachas eagrán nua atá i gceist agus níl athscríobh déanta ar an téacs, ach bhí deis agam botúin chló a cheartú. Anseo thíos tá liosta de na hathruithe go léir a dheineas:
Leathanach 43: they were slain > who were slainMá cheannaigh tú an leagan crua, tig leat na ceartúcháin a bhreacadh i do chóip féin.
Leathanach 63, fonóta: (9 William, c.1) > (9 William III, c.1)
Leathanach 102, fonóta: an Talfhuil > an Tálfhuil
Leathanach 112: Turgéisius > Turgésius
Leathanach 112: dá gcéasadh > á gcéasadh
Leathanach 112: Értoin > Éarton
Leathanach 203: foresaking > forsaking
Leathanach 229: bheith ‘na > bheith ’na
Leathanach 229: Ó Dóirnín > Ó Doirnín
Leathanach 252: monarch, George II was > monarch, George II, was
Leathanach 268: of Gadelus who > of Gadelus, who
Leathanach 300: scéal díbh > scéal daoibh
Leathanach 300: baol díbh > baol daoibh
Leathanach 302 he’ll topple > they’ll topple
Leathanach 311 Habsberg > Habsburg
Leathanach 315, nóta 26: an t-Aos > an tAos
Leathanach 315, nóta 29: agus an taos > agus an t-aos
Leathanach 315, nóta 33: Penal laws > Penal Laws
Leathanach 315, nóta 35: Ó Cheitinn > Ó Chéitinn
Leathanach 317, nóta 43: an t-Aos > an tAos
Leathanach 337: an t-Aos > an tAos
Clúdach cúil an leagain úir |
Go n-éirí go geal leis an leabhar nua, a chara!
RépondreSupprimerGo raibh maith agat a Áine. Deirtear liom go bhfuil an díolaíocht go maith agus níor foilsíodh léirmheas diúltach air go fóill ...
SupprimerAg súil go mór leis an leabhar Gaeilge, agus tá mé cheana ag coigilt na bpínn go gceannóidh mé an blockbuster béarla faoina chraiceann bog.
RépondreSupprimerMo sheacht mh'anam thú!
Fearn
Go raibh maith agat a Fhearn! Chím go mbeidh an leagan bog le ceannach ar amazon.co.uk ón 1 Meán Fómhair ar £17.50 (i gcomórtas le £28 don leagan crua).
Supprimer