An t-údar agus a leabhar |
Go deimhin, b’shin ceann amháin den dá chúis ar chuireas an chlóscríbhinn chucu seachas chuig aon fhoilsitheoir acadúil eile. An chúis eile a bhí agam, dála an scéil, go bhfoilsíonn Cló Ollscoile Chorcaí leabhair i nGaeilge agus i mBéarla. Bhí súil agam, mar sin, go gcaithfí an dua céanna leis na sleachta i nGaeilge is a chaithfí leis na haistriúcháin nó leis an tráchtaireacht i mBéarla. Ní raibh dul amú orm.
Is gearr go mbeidh an leabhar le fáil sna siopaí maithe leabhar go léir. Ach má éiríonn tú mífhoighneach idir an dá linn, is féidir é a cheannach go díreach ó na foilsitheoirí. Ní gá dom a rá gur sladmhargadh é ar €39.
Aucun commentaire:
La publication de nouveaux commentaires n'est pas autorisée.