An t-óráidí, an leabhar atá le seoladh, agus an láthair |
Tá na socruithe déanta anois le haghaidh sheoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, agus tá áthas orm gurb é Alan Titley, iar-ollamh le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, duine de na húdair is céimiúla agus is bisiúla dá bhfuil ag scríobh sa Ghaeilge faoi láthair, agus colúnaí seachtainiúil de chuid an Irish Times, a bhrisfidh an buidéal seaimpéine.
Seolfar an leabhar Dé Máirt, an 11 Aibreán 2017 ag 6.00 p.m. i gceannáras Acadaimh Ríoga na hÉireann, 19 Sráid Dhásain, BÁC 2.
Cuirfear sólaistí ar fáil agus beidh fáilte is fiche roimh léitheoirí Chúrsaí Staire ag an ócáid.
Gach uile rath don ocáid, a Vincent,
RépondreSupprimerAr an drochuair, níl mé in Éirinn faoi láthair.
Guím rath díolacháin ar an leabhar.
Fearn
Go raibh maith agat a Fhearn: táim buíoch díot as an dea-ghuí.
RépondreSupprimer