10/11/2014

An baile seo agamsa

Anna Livia agus gúna oíche á chaitheamh aici

Baile a ainmníodh faoi dhó ar a fheabhas atá i gceist agam: mar atá, Baile Átha Cliath – baile ris a ráitear ‘Duibhlinn’ ar uairibh. Saolaíodh mé sa Rotunda, an t-ospidéal máithreachais is sine ar domhan; tógadh mé ar an taobh ó thuaidh den chathair i bhfoisceacht trí mhíle do Dhroichead Uí Chonaill; agus níor chaitheas achar níos faide ná mí go leith lasmuigh den chathair riamh. Bheadh sé de cheart agam ‘cives Dublinensis sum!’ a rá suas le béal an tsaoil mhóir. Rud nach ndeinim, óir is duine béasach mé agus níor mhaith liom éad a chur ar stróinséirí neamhurchóideacha, ach is mór an t-údar sásaimh dom é mar sin féin. Tarlaíonn sé ó am go chéile go meallann cnoic, tránna agus uaigneas siar mé go Contae an Chláir nó go Ciarraí; uaireanta eile meallann dánlanna, siopaí leabhar agus fuadar soir mé go Londain nó go Páras. Ach tar éis dom seachtain nó dhó a chaitheamh as baile, bím sásta aghaidh a thabhairt ar mo chathair dhúchais i gcónaí. Is seanchairde liom iad mullach Bhinn Éadair, Oileán an Bhulla, Garraithe na Lus, Páirc an Fhionnuisce, Gailearaí Náisiúnta na hÉireann, Cnoc 16 agus seomra léitheoireachta na Leabharlainne Náisiúnta – gan trácht in aon chor ar dhornán tithe tábhairne nach luafad a n-ainm ar eagla go mbeadh na sluaite ag tarraingt orthu. Le mí nó dhó anuas, tá cuid mhaith ama caite agam ag déanamh mo mharana ar stair aimhréidh na cathrach seo cois Life, ar chúiseanna a mhíneofar thíos.

David Dickson agus leabhair leis

     Is é an rud is mó a tharraing m’aird ar stair na hardchathrach le déanaí leabhar le David Dickson a foilsíodh níos luaithe i mbliana. Níl aon amhras ach go bhfuil Dickson ar dhuine de na staraithe is fearr in Éirinn: má chuireann sé níos mó béime ar an mbonn ábhartha ná mar a chuirfinnse, tá dearcadh leathan uilíoch aige mar sin féin agus deineann sé iarracht i gcónaí cuntas cuimsitheach a scríobh ar an limistéar nó ar an ré atá faoi chaibidil aige. Níl Dublin: The Making of a Capital City chomh mór leis an leabhar deireanach a scríobh sé, Old World Colony: Cork and South Munster 1630-1830, ach tá sé téagartha go leor mar sin féin: beagán le cois seacht gcéad leathanach atá ann. Caithfear a rá go bhfuil an cur síos ar an gclúdach cúil míchruinn: is é seo ‘the first history of Dublin from Viking settlement to millennium city’ más féidir an blurb a chreidiúint. Ach pléitear an tréimhse go léir roimh 1600 sa réamhrá agus tosnaíonn caibidil dar teideal ‘The fashioning of a capital: 1600-47’, ar leathanach 42. Is é is ábhar don leabhar i ndáiríre stair na cathrach le ceithre chéad bliain anuas. Mar a bheifí ag súil leis ón údar seo, tá saothar tathagach tuisceanach scríofa aige atá soléite agus mionchúiseach ag an am céanna. Nílim chun léirmheas air a scríobh anseo ach má tá a leithéid ag teastáil uait mholfainn an ceann le Jim Smyth atá le léamh ar an Dublin Review of Books.

Saighdiúirí agus Duibhlinnigh i ngleic lena chéile, c.1782   © Trustees of the British Museum

     Tagaim leis an moladh a thug Smyth don leabhar, ach ní hionann sin is a rá go bhfuilim ar aon intinn le David Dickson i ngach cás. Mar shampla, ní fhéadfainn teacht leis an méid a scríobh sé i dtaobh na gcíréibeacha a tharlaíodh go rialta idir na Liberty Boys ó dheisceart na cathrach agus na Ormond Boys ó thuaisceart na cathrach san 18ú céad:
the great confrontations in the 1730s and 1740s were between the ‘Liberty Boys’ and ‘Ormond Boys’, the former group Protestant and linked to the textile trades, the latter mainly Catholic and associated with the slaughter yards and tallow chandleries north of the river around Smithfield. Every few years there was a flare-up, and an alarmed response by the city authorities. But the violence was limited, stylised and geographically contained, and the contests were recreational, not political.
Dickson, Dublin, 174.
Bíonn leisce ar staraithe an lae inniu an dlúthcheangal a bhí idir an creideamh agus an pholaitíocht san 18ú céad (agus go ceann i bhfad ina dhiaidh sin) a aithint. Ní thuigim bunús na leisce seo i gceart, ach is ann di. Níl amhras dá laghad ann ach gur dhílseoirí iad na Liberty Boys ó thaobh na polaitíochta de. Is cosúil go mbeidh orm alt a scríobh ar an ábhar seo luath nó mall, ach seo blaiseadh den fhianaise atá le fáil ach í a lorg. Is é atá ann, fógra mairbh a foilsíodh ar an Irish Magazine sa bhliain 1812 nuair a fuair fear darbh ainm William Gibson bás agus céad bliain slánaithe aige. Ní gá breathnú thar ainm an mhairbh le tuiscint cén dream lenar bhain sé:
In his youth he was a very distinguished liberty-boy; a vulgar appellation bestowed on individuals who were organized in those days, by the advice of Archbishop Boulter, as a protestant mob, who, at any public festival anniversary, were allowed to give club-law to popish tradesmen who manifested any uneasiness at the annual insults they were exposed to, and the regular and unremitting state of poverty, privation, and exclusion, they were subjected to by penal and brutal statutes.
Irish Magazine, Meán Fómhair 1812, 431.
A mhalairt a bhí fíor faoi na Ormond Boys. Búistéirí Caitliceacha ba ea iadsan agus is iomaí saighdiuir a speir búistéirí an Ormond Market i rith chogadh Mheiriceá. Sa chás seo chomh maith, is leasc le Dickson an bhaint a bhí idir na hionsaithe agus polaitíocht na linne a aithint, cé go nglacann sé leis mar fhéidearthacht:
‘Houghing’ incidents such as these were not unprecedented, but their upsurge in 1774-5 and again in 1777 was much commented on. The temporary employment of soldiers by master butchers to break a cattle-skinners ‘combination’ [.i. ceardchumann] in 1774 was probably the catalyst, but there had been a forty-year history of ugly sparring between soldiers and butchers. Vincent Morley has suggested that the intensification of army recruitment on the eve of war may have ratcheted up these tensions.
Dickson, Dublin, 194-5.
Deacracht amháin a bhaineann leis an míniú a thug Dickson ar dtús – go raibh nimh sa bhfeoil ag búistéirí na hardchathrach do shaighdiúirí de bharr stailce a bhriseadar – ná gur speireadh saighdiúirí i mbailte móra eile ar fud an deiscirt. Tharla ionsaithe den saghas céanna i gCorcaigh, i nGaillimh, i bPort Láirge, i gCill Chainnigh agus i gCluain Meala: gheofar cuntas ar na hionsaithe seo sa leabhar liom dar teideal Irish Opinion and the American Revolution 1760-1783, ar leathanaigh 90-4, 127-9, 181-3, 255-7 agus 271-2. Ní féidir liom a shamhlú gur spreag stailc áitiúil i mBaile Átha Cliath na hionsaithe seo go léir. Nó féach an litir a sheol Lord Harcourt, fear ionaid an rí in Éirinn a bhí ar tí an tír a fhágáil, chuig Lord North, príomh-aire na Breataine, an 11 Meán Fómhair 1776:
Before I leave this Kingdom I feel it a Duty incumbent upon me to request the favor of your Lordship to lay before H[is] M[ajesty] the Names of some of the respectable Magistrates of this City who have been particularly active in defeating & crushing at the peril of their Lives & to the manifest prejudice of their Properties the many popular Commotions which at different Times have been endeavored to be excited by turbulent People in this Metropolis in favour of the Cause of the American Rebels ... And upon this Occasion I shall beg of your Lordship to submit to H.M. the inclosed List of some of the unfortunate Soldiers who were inhumanely houghed in the Streets of Dublin.
Leabharlann Gilbert, Ls. 93, 442.
An bhféadfadh sé gur pharanóia é seo? Cá bhfios, ach is áirithe go raibh foinsí faisnéise ag Harcourt nach bhfuil ar fáil anois. Gan amhras, is mionsonraí iad seo nach mbaineann de luach an leabhair: saothar is ea é a mbainfidh an staraí gairmiúil agus an gnáthléitheoir ar aon idir thairbhe agus thaitneamh as. Má tá suim agat i bhforbairt na cathrach ón 17ú céad i leith, faigh an leabhar seo mar bhronntanas Nollag duit féin – ní bheidh aiféala ort.

Lee Miller mar mhainicín agus i bhfolcadán an Führer, Bealtaine 1945

     Rud eile a tharraing m’aird ar stair Bhaile Átha Cliath le déanaí an taispeántas grianghraf atá ar siúl sa James Joyce Centre faoi láthair. Ní cois Life a thosnaíonn an scéal seo ach cois Tamaise. Tharla i Londain mé i bhfómhar na bliana 2007 agus thugas cuairt ar an V&A, an músaem mór dearaidh in Kensington. Bhí sé ar intinn agam spléachadh a thabhairt ar na leabhair i siopa an mhúsaeim ach nuair a chonac na fógraí le haghaidh ceann de na taispeántais a bhí ar siúl, ‘The art of Lee Miller’, d’athraíos m’intinn ar an toirt. Isteach liom chun breathnú ar shaothar an ghrianghrafadóra Mheiriceánaigh. Cheannaíos leabhar faoina saol sular fhágas an V&A agus tá sí ar liosta na ndaoine a ‘leanaim’ ó shin i leith – is é sin le rá, léim gach rud fúithi a chastar i mo threo. Chaith sí saol (1907-77) a bhí as an ngnáth ar mhórán slite. Bhí sí ina mainicín cáiliúil sna 1920í, agus ní deacair a thuiscint cén fáth! Thosaigh sí ag obair ar an taobh eile den lionsa sna 1930í, mar ghrianghrafadóir faisin i dtús báire agus mar ghrianghrafadóir ealaíne ar ball. Chaith sí blianta tosaigh an Dara Cogadh Domhanda i Londain agus chláraigh sí mar ghrianghrafadóir cogaidh, rud a thug deis di pictiúir a ghlacadh ar fud na Fraince agus na Gearmáine i dtreo dheireadh an chogaidh. Ba í a ghlac roinnt de na pictiúir is cumhachtaí a tógadh nuair a saoradh campaí Buchenwald agus Dachau, ach bhí sí os comhair an lionsa arís sa phictiúr is conspóidí a bhaineann léi: pictiúr a tógadh di agus í á ní féin i bhfolcadán Adolf Hitler ina árasán in München. Grianghrafadóir cogaidh eile, David Scherman, a bhrúigh cnaipe an cheamara, ar ndóigh, ach ba í Miller a cheap an pictiúr. Sílim gur chóir breathnú air mar shaothar ealaíne: ní réiteoidh sé le gach aon duine, ach is deacair neamhshuim a dhéanamh de.

Pictiúir a ghlac Lee Miller i mBÁC, mí na Samhna 1946

     Is le déanaí a fuaireas amach gur tháinig Miller go Baile Átha Cliath an bhliain dár gcionn. Turas oibre ba ea é: bhí alt ar shaothar James Joyce le foilsiú ar Vogue agus thug an iris coimisiún di pictiúir a ghlacadh d’fhoirgnimh agus de shráideanna atá luaite in Dubliners, in A Portrait of the Artist as a Young Man agus in Ulysses, nó a raibh baint ag an Seoigheach leo. Ghlac sí níos mó ná dhá chéad grianghraf san iomlán. Ní nach ionadh, bhain sciar maith acu le lár na cathrach: Teach Newman i bhFaiche Stiabhna, an Leabharlann Naisiúnta, teach tábhairne Davy Byrne, etc., ach bhog Miller ó thuaidh chomh maith chun pictiúir a ghlacadh de choláiste Belvedere, den teach ina raibh cónaí ar Leopold Bloom i Sráid Eccles, agus i reilig Ghlas Naíon. Ní hamháin sin, ach ghlac sí pictiúr den teach i Sráid Richmond Thuaidh ina bhfuil an scéal dar teideal ‘Araby’ in Dubliners suite. Is iomaí uair a ghabhas thar an teach úd agus mé i mo dhalta i Scoil Uí Chonaill ar an tsráid chéanna. Tá ceithre cinn de na pictiúir a ghlac Miller le feiscint thuas: seanóir ag ól tigh Barney Kiernan, bean ag díol bláthanna ar Shráid Grafton, báirse ar an Life, agus lucht imeartha cártaí. Seo nóta a bhreac sí i dtaobh an chéad phictiúir:
The old bird sitting in the back room is one of the regulars from Joyce’s day. He remembers him well but is not vastly interested as his favourite people are all the political assassins etc. 
Tuigim dó. Beidh an taispeántas dar teideal ‘Lee Miller in James Joyce's Dublin’ ar siúl go dtí an 10 Nollaig: ná caill é má tá suim agat i bpríomhchathair Éireann mar a bhí sí beagnach seachtó bliain ó shin.

Dhá leabhar nuafhoilsithe ar ardchathair Éireann

     Is le coicís anuas a cheannaíos dhá leabhar eile ar ghnéithe éagsúla de stair na cathrach. Níl siad scagtha agam go fóill ach luafaidh mé anois iad mar sílim go ndéanfaidís bronntanais bhreátha i gcomhair na Nollag. Cé go bhfuil dintiúir acadúla ag na húdair go léir, tá téamaí agus cur chuige an dá leabhar thar a bheith oiriúnach don ‘léitheoir cothrom’ a bhfuil spéis aige sa stair. Lisa Marie Griffith, duine d’eagarthóirí an bhlog ar shuíomh Chumann Éire an 18ú Céad, a scríobh Stones of Dublin. Tá téama an leabhair mínithe sa bhfotheideal: is é atá ann ‘a history of Dublin in ten buildings’. Is iad na foirgnimh a roghnaigh sí ná Ardeaglais Chríost, Caisleán Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, Banc na hÉireann (.i. seanteach na parlaiminte), Halla na Cathrach, príosún Chill Mhaighneann, grúdlann Guinness, Ard-Oifig an Phoist, Amharclann na Mainistreach agus Páirc an Chrócaigh. Bhí roinnt acusan do-sheachanta nach mór, ach ní bheadh foirgneamh gránna Amharclann na Mainistreach ar mo liostasa, agus d’áireoinn ‘Croker’ mar pháirc imeartha seachas mar fhoirgneamh. Sílim go mbeadh na Ceithre Cúirte agus Teach Laighean nó an Rotunda istigh dá mbeinnse ag dréachtú an liosta, ach ní lia duine ná tuairim i gcás mar seo. Is cnuasach aistí é an dara leabhar, Tales of Medieval Dublin, ina bhfuil sraith de mhion-bheathaisnéisí le húdair éagsúla. I measc na ndaoine a bhfuil scéal a mbeatha inste anseo tá naomh, óglach Lochlannach, sclábhaí, feirmeoir, bailitheoir cánach, saor cloiche, dlíodóir, agus file. Chuireas suim ar leith sa duine deireanach, fear darbh ainm Maoilín Óg Mac Bruaideadha (1550?-1602), toisc gur mise a scríobh an aiste faoi don Dictionary of Irish Biography. Katharine Simms a scríobh an chaibidil air sa leabhar seo agus b’údar sásaimh dom é nár bhréagnaigh sí aon rud a bhí scríofa agam don fhoclóir beathaisnéise. Is díol suime é gur luaigh sí claonadh i leith an náisiúnachais leis an bhfile (‘what little we know or can guess about Maoilín Óg suggests that he was more decidedly Catholic and nationalist’). Ní úsáidfinn féin an téarma go ceann glúine nó dhó eile: ní bheadh sé as áit in aon chor i gcás file a rugadh timpeall na bliana 1600 – i gcás Phádraigín Haicéad (c.1604-1654) mar shampla – ach sílim gur mhair Maoilín Óg Ó Bruadair roimh ré an náisiúnachais. Bíodh sin mar atá, is cnuasach soléite inspéise é seo.

Glas Naíon: ‘every plot has a story’

     An chúis dheireanach go bhfuil stair Bhaile Átha Cliath á plé agam an mhí seo ná scannán dar teideal ‘One Million Dubliners’ a chonac an tseachtain seo caite. Scannán faisnéise is ea é ar reilig Ghlas Naíon agus tá tagairt sa teideal don líon mór daoine atá curtha sa reilig. Cheapfá go mbeadh scannán ar an ábhar seo leadránach, tur, duairc, ach a mhalairt ar fad atá fíor: is scannán é seo atá beoga, suimiúil, greannmhar, agus tá an scannánú go hálainn ar fad. Ní luafaidh mé ach mír bheag amháin as mar léiriú air sin: cuireadh agallamh ar bhean ón bhFrainc a thagann go hÉirinn cúpla uair in aghaidh na bliana d’aonghnó chun bláthanna a leagan ar uaigh Michael Collins. Fear cumasach díograiseach feiceálach ba ea an Coileánach gan amhras. Thairis sin, fuair sé bás go hóg, rud a chuir go mór lena íomhá. Ach cheapfá go bhféadfadh Francach mná laoch eile a aimsiú níos gaire dá baile. Nach raibh na buanna céanna ag Jean Moulin atá curtha sa Panthéon i bPáras, cuirim i gcás? Tá radharc nó dhó sa scannán atá brónach, mar a bheifí ag súil leis, agus tá cealg san eireaball a bhainfidh stangadh as aon duine nár chuala faoi roimh ré. Thar aon rud eile, áfach, cuirfidh an scannán neamhghnách seo daoine ag machnamh ar na ceisteanna is bunúsaí sa saol: ‘cad is fiú staidéar a dhéanamh ar an stair?’, ‘an fiú aon rud eile seachas scríobh na staire?’, agus ceist nó dhó eile b’fhéidir.