Leanúnachas: Washington agus Kruger |
One of the marks of maturity in Irish historical studies has been a growing interest in pinpointing discontinuities rather than ironing out elisions.B’shin í an chéad abairt a scríobh Roy Foster san Oxford Illustrated History of Ireland, leabhar a foilsíodh sa bhliain 1989. Níl aon amhras orm ach go bhfuil an claonadh sin le brath ar staireagrafaíocht na hÉireann le glúin anuas. Ach an fíor gur comhartha é go bhfuil léann na staire in Éirinn tagtha in inmhe sa deireadh thiar thall? Seo mar a scríobhas sa leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí, leabhar a foilsíodh sa bhliain 2011:
R.F. Foster (eag.), The Oxford Illustrated History of Ireland (Oxford, 1989), v.
Dá mbeadh orm éirim an leabhair seo a chur i bhfocal amháin, is é ‘leanúnachas’ an focal a roghnóinn.Is éigríonna an staraí mé, más fíor don Ollamh Foster. Thairis sin, ós rud é gur foilsíodh an chéad leabhar liom chomh fada siar leis an mbliain 1995, níl ach caolseans go dtiocfaidh feabhas orm an tráth seo de mo shaol. Is dóichí ná a mhalairt go bhfuil sé i ndán dom an turas a dhéanamh ó leanbaíocht na hóige go dtí leanbaíocht na haoise gan an ghaois chothrom is dual don staraí aibí a bhaint amach. Insint na fírinne, braithim gur in olcas atáim ag dul. Is é sin le rá, gur léire dom leanúnachas na staire de réir mar a théim in aois. Thánag ar théacs le déanaí a bhaineann le hábhar agus sílim nár mhiste é a chur i láthair anseo.
Vincent Morley, Ó Chéitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011), 272.
Is é atá ann, amhrán Gaeilge a léas don chéad uair níos mó ná deich mbliana ó shin. Bhíos ag múineadh cúrsa in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le linn do bhall den fhoireann bhuan a bheith ar shaoire shabóideach. Ag an am céanna, bhíos ag scríobh an leabhair a foilsíodh faoin teideal Washington i gCeannas a Ríochta sa bhliain 2005. Rith sé liom gurbh fhiú dom an deis a thapú le spléachadh a thabhairt ar na lámhscríbhinní Gaeilge i gcnuasach Dhubhghlas de hÍde, cnuasach atá ar caomhú i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. Ar an drochuair, ní raibh aon aiste a bhain le réabhlóid Mheiriceá sa chnuasach ach, mar a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn taighde staire ar siúl, d’aimsíos cúpla téacs eile nár bhain leis an ábhar a bhí idir lámha agam ach a bhí fíor-shuimiúil mar sin féin. Bhí an t-amhrán atá le léamh thíos anseo ar cheann acu. Dheineas cóip den amhrán agus chuireas i dtaisce í go cúramach. Coicís ó shin, chinneas gur mhithid na nótaí taighde go léir a bhí caite isteach i bhfillteán ramhar a raibh ‘miscellaneous’ breactha ar a dhroim, gur mhithid dom iad a rangú de réir ábhair agus tréimhse sa chaoi go bhféadfainn teacht orthu go héasca amach anseo. Bhí an t-amhrán dar tús ‘Éistidh lem scéalsa’ ligthe i ndearmad agam, ach nuair a léas an téacs in athuair rith an smaoineamh céanna liom a rith liom an chéad uair a leagas súil air: cé gur amhrán é a bhaineann le blianta deireanacha an 19ú céad, tá an meon ceannann céanna léirithe ann is atá léirithe i litríocht pholaitiúil an 18ú céad. Dá gcloisfeadh Eoghan Rua Ó Súilleabháin an t-amhrán seo, thuigfeadh sé teachtaireacht an fhile ar an toirt.
Leanúnachas: Louis XVI agus Patrice de MacMahon |
Is i lámhscríbhinn 49 i gcnuasach de hÍde atá bunchóip an amhráin. Cóipleabhar is ea é a scríobhadh sa bhliain 1917. De réir nóta atá curtha leis an amhrán, ba é Tadhg Ó Crualaoich, file a bhí i mBaile Bhuirne, an t-údar agus bailíodh na focail ó amhránaí darbh ainm Tomás Ó Suilleabháin a raibh cónaí air i nGuagán Barra. Cuireadh na nótaí seo a leanas leis an téacs sa lámhscríbhinn:
véarsa 1, líne 7: ‘breacadh’ = ‘sean-iarainn chaite’Is sa tréimhse 1878-79 a cumadh an t-amhrán de réir dealraimh. Bhí impireacht na Breataine i mbarr a réime ag an am agus í sáite i gcaismirtí ar fud na cruinne. San Afraic Theas, d’fhógair an Bhreatain sa bhliain 1877 go raibh deireadh curtha le neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas (an Transvaal mar a ghlaoití uirthi go hiondúil) agus gur choilíneacht Bhriotanach a bheadh sa stát sin feasta. Ní mó ná sásta a bhí na Bóraigh, ach choinníodar guaim orthu féin go ceann tamaill. Thaistil ceannaire an Transvaal, Paul Kruger (féach véarsa 1, líne 7) go Londain faoi dhó sna blianta 1878 agus 1879 ach theip ar na cainteanna comhréitigh agus d’éirigh na Bóraigh amach an bhliain dár gcionn. Bhriseadar ar arm na Breataine i gcathanna Laing’s Nek agus Majuba i mí Eanáir agus i mí Feabhra na bliana 1881 faoi seach. Thuig rialtas na Breataine go mbeadh cogadh dian ag teastáil chun na Bóraigh a chloí agus chinneadar nárbh fhiú an tairbhe an trioblóid – cuimhnigh nár thángthas ar ór sa Transvaal go dtí an bhliain 1886. D’aithin an Bhreatain neamhspleáchas Phoblacht na hAfraice Theas in athuair. Níor chogadh mór é Céad Chogadh na mBórach ach bhain tábhacht shiombalach leis mar sin féin: bhí an taoide bhándearg a leath ar fud na cruinne i rith an 19ú céad tar éis cúlú in áit amháin. Níor tharla sé seo i ngan fhios do mhuintir Mhúscraí!
véarsa 3, líne 7: ‘Tadhg an Easna’ = ‘fonn clúmhail i gCúige Mumhan do chum duine de mhuintir Shúilleabháin’
véarsa 5, líne 6: ‘cataibh’ = ‘ní fheadar cé hiad na cait féin’
Sa chúigiú véarsa, thuar an file go raibh an Ghearmáin agus an Fhrainc ar tí iompú i gcoinne na Breataine. Bhí Comhdháil Bheirlín ar siúl i samhradh na bliana 1878 agus is iomaí údar easaontais a bhí idir cumhachtaí móra na hEorpa: an chnámh spairne ba mhó ar fad ná conas a roinnfí cúigí na nOtamánach tar éis an bhua a bhain na Rúisigh orthu i gcogadh na mblianta 1877-78. Bhí an Éigipt ar cheann de na cúigí sin agus tá tuairim agam nach é ‘cataibh’ an focal a bhí i gcúigiú véarsa an amhráin ó cheart ach ‘khedive’ - an teideal a bhí ar rialtóir na hÉigipte ag an am. Sa bhliain 1879, chuaigh an Bhreatain agus an Fhrainc i bpáirt le chéile chun an Khedive Iosma’il Paise a bhriseadh agus mac leis a bhí níos géilliúla a cheapadh mar khedive ina áit. Bhí Patrice de MacMahon (véarsa 6, líne 1), fear de bhunadh na hÉireann, ina uachtarán ar an bhFrainc ón mbliain 1873 go dtí an bhliain 1879. Bhí MacMahon ina oifigeach airm sular ghabh sé le polaitíocht agus thuill sé clú dó féin i rith Chogadh na Crimé (véarsa 6, líne 4) nuair a ghabh sé dún de chuid na Rúiseach ag léigear Sevastopol’. Bhí teannas idir impireachtaí na Rúise (véarsa 6, líne 5) agus na Breataine ag an am chomh maith. Sa bhliain 1878 sheol na Rúisigh ambasáid chun na hAfganastáine. Ar ndóigh, ní fhéadfadh rialtas na Breataine a leithéid d’easurraim a fhulaingt – bhí na hAfganastánaigh á n-iompar féin amhail is dá mbeidís neamhspleách. B’éigean fios a mbéasa a mhúineadh dóibh agus chuir na Briotanaigh tús leis an Dara Cogadh Angla-Afganastánach an bhliain chéanna. Bhí an bua acu agus nuair a síníodh conradh síochána sa bhliain 1880 ghlac na hAfganastánaigh leis go mbeadh polasaí eachtrach a dtíre faoi stiúir na Breataine feasta.
Leanúnachas: Géanna Fiáine agus Fíníní |
Seo é téacs an amhráin a chum Tadhg Ó Crualaoich:
Éistidh lem scéalsa a charaid
Éistidh lem scéalsa a charaid,
cé gurbh annamh ar siúl mo bhéal,
táim ag smaoineamh ar fhilíocht le tamall
is tá an-bhunús lem scéal;
tá rod iron Sheáin mhóir ag leaghadh
is go tapaidh mura mbuailfear é,
go mbainfidh Pól Kruger as breacadh
ar maidin le fáinne an lae.
Is a dhaoine, “cad é ’tá bhur ndalladh?”
nár abraimid linn féin,
is gur mithid dúinn tinteacha lasadh
is fada táimid gan spré;
abraimis an chré is an salm
agus iarraimis cúnamh Dé,
agus tógaimis suas ár gcuid airm
ar maidin le fáinne an lae.
Tá ór is stór faoinár dtalamh
dá gcnagfaí an slabhra tréan,
do dhein go dlúth sinn do cheangal
is d’fhág sinn dall gan léann;
caitear an báire suas feasta
tá an talamh go brách chun plé,
agus seinntear máirseáil Thaidhg an Easna
ar maidin le fáinne an lae.
is ár gcapaill tá umhal chun léim,
nuair cuirtear an púdar sa charraig
is tapaidh go bpléascann sé;
tá Clanna Gael láidir thar caise
is a bpící breá geal roimh ré,
is tiocfaidh siad chugainn faoi mhaise
ar maidin le fáinne an lae.
is ní fada go labharfaidh sé,
is tabharfaidh sé cúnamh dá charaid
is fada tá siúd dá léamh;
ach má chorraíonn an Francach mór fada
is ós na cataibh má gheibheann fair play,
déanfaidh sé poll tríd an bhfala
ar maidin le fáinne an lae.
Is ní maíte orthu claíomh géar MhacMahon,
tá a ainm go hard á léamh,
gur lena intleacht d’ísligh sé an fala,
le gaisce san ard-Chrimé;
má thagann an Rúiseach thar charraig
is go gcnapfaidh sé Seán mór méith,
beidh Kruger i Londain go tapaidh
ar maidin le fáinne an lae.
thar farraige chugainn go tréan,
is a thrúip lena ngéar-chlaimhtibh geala
is is tréan beidh caitheamh piléar;
traochfaimid béara na Sacsan
gan mhairg le grásta Dé
is beidh Éire againn féin chun ár sleachta
ar maidin le fáinne an lae.
Ó Donnabháin Rosa agus banna a d’eisigh Fíníní Mheiriceá |
Neamhaibí agus saonta mar atáim, chím leanúnachas soiléir idir dearcadh polaitiúil an amhráin thuas agus an dearcadh a léiríodh sa litríocht pholaitiúil a cumadh i rith an 18ú céad. Admhaím, áfach, go bhfuilim faoi mhíbhuntáiste mór: is amhlaidh go dtuigim na foinsí príomha agus cuireann an t-eolas sin srian nach beag ar mo chumas samhlaíochta. Dá mbeinn dall ar an nGaeilge, cá bhfios nach mbeadh easpa leanúnachais na staire chomh feiceálach domsa is atá sé do staraithe eile?