16/07/2020

Teacht na Lochlannach

Tá Caibidil 3 den leabhar atá á scríobh agam réidh anois: an tréimhse idir 795 agus 1002 atá i gceist. Is féidir tús na caibidle a léamh anseo thíos. Foilseofar sliocht eile aisti amach anseo.

Sliocht as Caibidil 3

Éire i dtreo na bliana 800.

Faoi dheireadh an 8ú céad ba iad Cinéal nEoghain agus Clann Cholmáin na ríshleachta ba threise in Éirinn agus, le himeacht aimsire, thángthas ar chomhthuiscint go ndéanfadh an dá ghéag seo de Chlanna Néill sealaíocht ar a chéile i ríocht na Teamhrach. Ach má bhí na ríshleachta ba thábhachtaí ag daingniú a gcumhachta, bhí a mhalairt fíor i gcás mórán sleachta eile. Bhí stádas na ríthe tuaithe ag dul i léig leis na céadta bliain agus b’amhlaidh do na ruireacha é faoin 9ú céad. Tá tagairtí do ‘toisech’ (‘taoiseach’) Mhughdhorna, do ‘dux’ (‘ceannasaí’) Chinéal gConaill agus do ‘dux’ Ard Ciannachta le léamh in Annála Uladh faoi na blianta 869, 870 agus 879, mar shampla, cé gur ruireacha iad na flatha sin ó cheart. Is ar éigean má bhí deich ríshliocht ann ag tús an 9ú céad a d’fhéadfadh flaitheas cúige a éileamh; ba lú fós líon na sleachta a raibh tionchar acu lasmuigh dá gcúige féin. Níor chuir ionsaithe na Lochlannach tús leis an gcruinniú cumhachta seo ach bhí éifeacht nár bheag acu ar a thoradh: is iad na Lochlannaigh a bhris cath ar Fhlann Sionna, rí na Teamhrach, in 888; is iad a mharaigh beirt dá chomharbaí, Niall Glúndubh († 919) agus Conghalach Cnoghbha († 956); agus is iad a rinne sléacht ar arm Dhomhnaill uí Néill, rí na Teamhrach, in 970. Ní hé go raibh straitéis ag Lochlannaigh ríthe na Teamhrach a chloí; is amhlaidh nach bhféadfadh na ríthe ba chumhachtaí in Éirinn gan dul i ngleic leo. Ach d’éirigh le ríshleachta áirithe teacht i dtír ar na Lochlannaigh: is cinnte gur cuireadh go mór le hacmhainní Dhál gCais (ainm a ghlac Déise Tuaiscirt sa 10ú céad) nuair a tháinig calafort na nGall ag Luimneach faoina smacht.
Córas scríofa na Lochlannach - an fuþark
     Níorbh fheiniméan nua é nuair a thug sceimhealta ó chríocha Lochlann faoi na tíortha máguaird. Tháinig na Gotaigh, cine a rinne ionradh ar impireacht na Róimhe idir an 3ú agus an 5ú céad, ó réigiún Götaland in iardheisceart na Sualainne. Mar an gcéanna, tháinig na hAnglaigh agus na hIútaigh, ionróirí a lonnaigh ar chósta thoir na Breataine sa 5ú céad, ó Iútlainn na Danmhairge. Thosaigh brúchtaíl nua ag deireadh an 8ú céad: ghluais Sualannaigh soir trasna Mhuir Bhailt i dtreo na Rúise; bhog Danair siar agus ó dheas i dtreo Shasana agus impireacht na bhFranc; agus sheol Ioruaigh siar ó dheas i dtreo na hAlban agus na hÉireann. Cé gur ríocht aontaithe í an Danmhairg faoin mbliain 800, bhí an Iorua roinnte i líon mór lander a bhí inchurtha le tuatha na hÉireann. Bhí creideamh dúchasach na nGearmánach fós á chleachtadh agus bhí leithéidí Óðinn, Þórr agus Frigg – triúr a bhfuil ‘Wednesday’, ‘Thursday’ agus ‘Friday’ ainmnithe astu – i measc na ndéithe ba thábhachtaí. Mar is léir ó na samplaí seo, bhí gaol gairid idir an Lochlainnis, an Sean-Bhéarla a bhí á labhairt ag Angla-Shacsanaigh sa Bhreatain, agus canúintí éagsúla na Gearmáinise Íochtaraí a bhí á labhairt ag Freaslannaigh, ag Sacsanaigh agus ag ciníocha eile ar mhór-thír na hEorpa. Bhí córas scríofa ag na Lochlannaigh – an fuþark nó an rúnscríbhinn – ach, fearacht na hoghamchraoibhe, b’oiriúnaí é don ghreanadh ná don ghrafnóireacht. Ní féidir a rá go raibh sochaí na hIorua níos forbartha ná sochaí na hÉireann ag tús an 9ú céad: bhí an chríoch fós gan bhailte, mar shampla, agus ní raibh mona in úsáid inti. Ach bhí buntáiste amháin ag Lochlannaigh ar Eorpaigh eile na linne: bhí dul chun cinn mór déanta acu i ndearadh agus i dtógáil long. Faoi dheireadh an 8ú céad, bhí báid chlinse in úsáid acu ina raibh an chíle agus an creat déanta as dair. Bhí na strácaí nasctha don chreat le téada ceangail, daingnithe le seamanna iarainn, agus cácáilte le pic agus olann. D’fhág an modh tógála seo go raibh soithigh na Lochlannach teann agus solúbtha in éineacht. Bhí crann seoil déanta as giúis suite i lár gach loinge ach níor dheacair na hárthaigh a ionramháil le maidí rámha nuair ba ghá. Bhí snámh éadomhain ag na longa: ba leor méadar de tharraingt dóibh cé go bhféadfadh na cinn ba mhó caoga nó seasca fear a iompar, agus ba mhór an bua é seo ar aibhneacha agus ar locha intíre.
Macasamhail de long Lochlannach
     Báid chraicinn is mó a bhí in úsáid ag Gaeil na linne ach d’éirigh leo oileáin a bhí suite i bhfad ó thuaidh a bhaint amach. Timpeall na bliana 815, scríobh  Díochuill, Éireannach a bhí ina oide i gcúirt Louis le Pieux, impire na bhFranc, scríobh sé leabhar tíreolaíochta inar thagair sé do mhanaigh as Éirinn a thug cuairt ar ‘Inis Tuile’:
Trigesimus nunc annus est a quo nuntiaverunt mihi clerici, qui a kl. febroarii usque kl. augusti in illa insula manserunt, quod, non solum in æstivo solstitio, sed in diebus circa illud, in vespertina hora, occidens sol abscondit se quasi trans parvulum tumulum ...

(Tá sé tríocha bliain ó shin anois ó dúirt manaigh liom, a chuir fúthu ar an oileán ón gcéad lá d’Fheabhra go dtí an chéad lá de Lúnasa, go dtéann an ghrian faoi san oíche – ní ar ghrianstad an tsamhraidh amháin ach ar na laethanta timpeall air – amhail is dá mbeadh sí i bhfolach laistiar de thulach bheag ...)
Díthreabh shéasúrach a bhí ag na manaigh san Íoslainn ach thug an t-údar céanna le fios go raibh lonnaíocht níos seasta acu ar na Scigirí le cúpla glúin anuas:
Illæ insulæ sunt aliæ parvulæ. Fere cunctæ simul angustis distantes fretis, in quibus in centum ferme annis heremitæ ex nostra Scotia navigantes habitaverunt. Sed, sicut a principio mundi desertæ semper fuerunt; ita, nunc causa latronum Normannorum, vacuæ anachoritis, plenæ innumerabilibus ovibus, ac diversis generibus multis nimis marinarum avium.

(Tá oileáin bheaga eile ann a bhfuil caolais chúnga eatarthu uile nach mór, oileáin a raibh cónaí ag díthreabhaigh a thaistil ó Éirinn seo againne orthu le beagnach céad bliain anuas. Ach, mar a bhíodar i gcónaí tréigthe ó thús an domhain, d’fhág na díthreabhaigh iad de dheasca na n-amhas Normannach, agus tá siad dubh le caoirigh gan áireamh agus le hiliomad cineálacha éagsúla d’éanlaith mhara.)
Tháinig ‘Normanni’ na Laidine ó ‘Norðmenn’ na Lochlainnise, comhfhocal a chiallaigh ‘fir an tuaiscirt’. Uair éigin timpeall na bliana 785 a theith na manaigh, de réir dealraimh. Níorbh fhada gur chuir Lochlannaigh fúthu sna Scigirí agus tá sé nach mór cinnte go raibh cónaí ar na hoileáin arís faoin am a scríobh Díochuill an tuairisc thuas. Lean na Lochlannaigh orthu ó dheas go dtí Sealtainn agus Inse Orc, oileáin a raibh Cruithnigh ina gcónaí orthu, agus tá an iontráil lom seo a leanas le léamh ar Annála Uladh don bhliain 794: ‘vastatio omnium insolarum Britannie a gentilibus’ (‘oileáin uile na Breataine scriosta ag gintlithe’). An bhliain dár gcionn ionsaíodh an t-Eilean Sgitheanach, oileán eile de chuid na gCruithneach, agus Reachlainn, oileán a bhain le Dál Riada.