Aidan Doyle, an leabhar leis agus Stair na Gaeilge |
Foilsíodh A History of the Irish Language: From the Norman Invasion to Independence le hAidan Doyle, léachtóir Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cúpla mí ó shin agus tá sé díreach léite agam. Chuireas suim ar leith sa leabhar seo mar is gearr go mbeidh aiste liom féin ar an ábhar céanna i gcló sa Princeton History of Modern Ireland. B’éigean dom dul i ngleic leis na fadhbanna stairiúla atá pléite ag Doyle agus b’údar spéise dom é toradh a chuid oibre. Caithfear a rá, áfach, gur mór idir scála an dá shaothar: trí chéad leathanach atá i leabhar Doyle i gcomórtas le fiche leathanach sa chaibidil a scríobhas. Thairis sin, tá scóip na caibidle níos cúinge: níor ghá dom bacadh le stair na hÉireann, ábhar atá pléite go mion ag údair eile sa Princeton History, agus níor bhain stair inmheánach na teanga (na hathruithe a tháinig ar an bhfoclóir, ar an ngramadach, ar an litriú, etc.) le mo chúram. Ach tá iarracht déanta ag Doyle dhá thrá a fhreastal trí stair inmheánach agus stair sheachtrach na Gaeilge a chuimsiú in aon imleabhar amháin. Béarlóirí nach mbeadh ar a gcumas Stair na Gaeilge le Kim McCone et al. a léamh, bainfidh siad tairbhe as an gcuntas comair ar éabhlóid na teanga ón 12ú céad go dtí tús an 20ú céad atá le fáil anois in A History of the Irish Language. Ní phléifidh mé an ghné sin den leabhar, áfach, mar ní hé ‘Cúrsaí Teangeolaíochta’ teideal an tsuímh seo. Ach tabharfaidh mé spléachadh ar an gcur síos a dhein Doyle ar stair na hÉireann, agus scrúdóidh mé an dearcadh sainiúil atá aige ar stair sheachtrach na Gaeilge.
De réir an nóta admhála i dtosach A History of the Irish Language, léigh staraí anaithnid lámhscríbhinn an leabhair sular ligeadh i gcló í. Más ea, caithfear a rá nár léamh cúramach é mar chuirfeadh líon na mbotún as do staraí gairmiúil ar bith. Ní fíor, mar shampla, gur éiligh rítheaghlach na Stíobhartach an choróin ‘right up to the death of James II’s son in 1766’ (lch. 81): is amhlaidh go raibh an choróin fós á héileamh ag an bPrionsa Séarlas, garmhac Shéamais II, nuair a d’éag sé sa bhliain 1788. Bhain Doyle míthuiscint as abairt i gcín lae Chathail Uí Chonchubhair nuair a d’aistrigh sé ‘athogbhail Dhúncerc’ mar ‘recapturing Dunkirk’ (lch. 93). Níor ghabh na Francaigh Dunkirk sa bhliain 1740, ach thosaigh siad ag atógáil dúnta cosanta an chalafoirt a leagadh de réir théarmaí chonradh Utrecht. Ba chóir ‘athogbhail’ a aistriú mar ‘rebuilding’, cé go mbeadh ‘refortifying’ níos soiléire fós. Ag trácht dó ar chín lae Uí Chonchubhair, scríobh Doyle an méid seo a leanas:
O’Conor’s vocabulary is mostly connected to farming and the weather, but he occasionally displays creativity, as when he uses the word nuaidheacht ‘newness’ in the sense of news ...Taitneoidh an ráiteas seo leosan a shíleann go raibh lucht labhartha na Gaeilge dall ar imeachtaí an tsaoil mhóir i rith an 18ú céad ach níl aon bhunús leis: níorbh aon nuaíocht í an chiall a chuir Ó Conchubhair leis an bhfocal. Seo sliocht as an eagrán den Tiomna Nua a réitigh Uilliam Uí Dhomhnaill—téacs a cuireadh i gcló chomh luath leis an mbliain 1602:
Doyle 104.
Agus ar bhfhreagra don aingel a dubhairt sé ris, is meisi Gabriél tsheasmhuigheas a bhfhiadhnuisi Dé: agus do cuireadh mé do labhairt riotsa, agus dinnisin na núaidhigheacht maith so dhuit.Thuig na Gaeil cad is brí le ‘nuaíocht mhaith’ (‘glad tidings’ atá sa King James Version) faoi thús an 17ú céad ar a dhéanaí. Ní fíor gur eagraigh Dónall Ó Conaill ‘so-called monster meetings’ (lch. 108) mar chuid den fheachtas ar son fhuascailt na gCaitliceach: is amhlaidh gur bhain na cruinnithe ollmhóra (agus bhíodar ollmhór) leis an bhfeachtas ar son Reipéil. Ná níl an ráiteas seo a leanas i dtaobh an Chonallaigh cruinn: ‘for the next seventeen years, until his death in 1847, he campaigned tirelessly for this cause’ (lch. 108); is é an fhírinne gur lig sé Reipéil le sruth sna blianta idir 1834 agus 1840 nuair a bhí sé ag obair i gcomhar le comh-aireacht an Tiarna Melbourne. Ní fheadar an botún staire nó botún mícribhitheolaíochta é ‘víreas’ a thabhairt ar dhúchan na bprátaí (lch. 124), ach is cinnte gur botún é. Mar an gcéanna, nuair a scríobh múinteoir taistil de chuid Chonradh na Gaeilge go raibh an talamh mhaith go léir i gceantar Iorrais ‘faoi bhuláin, agus tá na daoine bochta ar mhóintibh nó ar thaobh-sléibhe’, aistríodh é mar ‘any good land is covered by boulders, and the poor people are on moors or the mountain-side’ (lch 203). Ach cé thabharfadh ‘talamh mhaith’ ar fhearann a bhí breac le carraigeacha? Thabharfainn geall nach ‘bolláin’ a bhí i gceist ach ‘bulláin’: ‘any good land is raising bullocks, and the poor people are on moors or the mountain-side’.
Lúcás 1:19
Leabhair eile a bhaineann le hábhar |
Léireoidh na botúin thuas nach bhfuil an cháiréis le brath ar an leabhar seo a mbeifí ag súil léi i leabhar staire ó fhoilsitheoir acadúil. Ach d’fhéadfaí a áiteamh gur chóir slat tomhais eile a úsáid: gurb í stair sheachtrach na Gaeilge an t-aon ghné den stair is cás le hAidan Doyle i ndáiríre agus gurbh fhearr A History of the Irish Language a mheas ar an mbonn sin amháin. Faraoir, ní féidir liom an cuntas leis ar shocheolaíocht stairiúil na teanga a mholadh ach oiread. Insint na fírinne, tá dearcadh leithleach dá chuid féin curtha i láthair ag an údar seo atá beag beann ar na fíricí go minic. Thairis sin, braithim nár chaith sé go cothrom le daoine ná le dreamanna áirithe a bhfuil trácht orthu sa saothar. Tabharfaidh mé roinnt samplaí dá chur chuige ar ball beag, ach ba mhaith liom súil a chaitheamh ar cheann de mhórthéamaí an leabhair ar dtús.
Tá Aidan Doyle suite de gur phróiseas mall réidh é an t-athrú teanga a tharla in Éirinn:
The reason I have been at pains to stress the gradualness of the change is that this view of events has failed to filter down into popular consciousness. Indeed, the old view which saw language change as cataclysmic and sudden, even lingers on in academic debate on this subject.Dar leis an údar, is ar éigin a tugadh faoi deara go raibh athrú teanga ar siúl: ‘what is important is that Irish declined slowly and imperceptibly’ mar a scríobh sé (lch. 138). Ní shéanfadh aon duine go raibh eolas an phobail ar an mBéarla ag leathnú de réir a chéile ón 17ú céad amach, ach ní hionann smeadar éigin Béarla a fhoghlaim agus dearmad a dhéanamh ar an nGaeilge. Tá an téis go raibh laghdú mór tagtha ar líon na gcainteoirí Gaeilge roimh dheireadh an 18ú céad bunaithe ar an taighde a dhein Garret Fitzgerald ar staitisticí daonáireamh. I bhfocail Doyle:
Doyle 131-2
According to the estimates of Fitzgerald (1984), only 45 per cent of the children born in the decade 1771-81 were brought up speaking Irish.Ach ní fíor é sin. Is leor breathnú ar theideal an ailt inar fhoilsigh an Gearaltach torthaí a chuid taighde chun an mhíchiall a bhain Doyle astu a thuiscint (is liomsa an bhéim): ‘Estimates for baronies of minimum level of Irish-speaking amongst successive decennial cohorts: 1771-1781 to 1861-1871’. Níor scríobh Fitzgerald riamh nár tógadh ach 45 faoin gcéad de na páistí a rugadh sa tréimhse 1771-81 le Gaeilge. Is é an rud a scríobh sé gur tógadh 45 faoin gcéad ar a laghad de na páistí a rugadh sa tréimhse 1771-81 le Gaeilge. Is mór idir an dá ráiteas agus is deacair a thuiscint conas nár thug Doyle an difríocht faoi deara. D’aithin Fitzgerald go raibh claonadh ann sa 19ú céad ‘to encourage understatement of the capacity to speak Irish’ (Fitzgerald, 121). Thairis sin, bhain sé úsáid as daonáirimh a tógadh idir na blianta 1851 agus 1881—is é sin le rá, tar éis an Ghorta Mhóir. Mar is eol don saol, d’athraigh an gorta struchtúr na sochaí ó bhonn. De réir dhaonáireamh na bliana 1841, mar shampla, bhí cónaí ar 46.6% den daonra i gConnachta nó sa Mhumhain, an dá chúige ina raibh Gaeilge ag bunús an phobail, ach bhí an céatadán sin tite go dtí 43.8% deich mbliana dár gcionn. Más fíor gur bhain labhairt na Gaeilge le cúigí áirithe, bhain sí le haicmí áirithe laistigh de na cúigí sin chomh maith. Is iad na boicht is mó a raibh Gaeilge acu faoi lár an 19ú céad agus is iad na boicht is mó a fuair bás i rith an Ghorta. An 45 faoin gcéad úd a tógadh le Gaeilge idir 1771 agus 1781 de réir na ndaonáireamh, is é a bhí iontu i ndáiríre an sciar den phobal a rugadh sa tréimhse sin, a tháinig slán tríd an ngorta, a d’fhan in Éirinn, agus a bhí sásta a insint don chonstábla a bhailigh (nó a líon) foirm an daonáirimh go raibh Gaeilge ar a dtoil acu. Cad í an uimhir cheart le haghaidh líon na ndaoine a tógadh le Gaeilge sna blianta 1771-81 mar sin? Is é an t-aon fhreagra macánta ar an gceist sin nach bhfuil a fhios ag aon duine, ach is cinnte go raibh an uimhir cuid mhaith níos airde ná 45 faoin gcéad. Seo í breith mheáite an té a dhein an taighde bunaidh, Garret Fitzgerald:
Doyle, 97.
it can be deduced from these figures that something approaching half—perhaps even half or more—of the children in Ireland at the start of the nineteenth century spoke Irish.Maidir liom féin, sílim gur ghá 10 faoin gcéad sa bhreis (ar a laghad) a chur le figiúirí na ndaonáireamh chun teacht ar mheastacháin réalaíoch don tréimhse roimh an ngorta, rud atá déanta agam sa tábla thíos.
Fitzgerald, 126.
Líon na bpáistí a tógadh le Gaeilge: daonáirimh (gorm) agus meastacháin (dearg) |
Bhí tionchar as cuimse ag an ngorta ar labhairt na Gaeilge. Ní hamháin gur laghdaigh sé líon na ndaoine a raibh labhairt na Gaeilge acu, ach bhain sé an bonn den teanga ar bhealach eile: cé go raibh Gaeilge fós ag 23 faoin gcéad den daonra de réir dhaonáireamh na bliana 1851, bhí idir Bhéarla is Ghaeilge ag a bhformhór agus ní raibh ach 5 faoin gcéad den phobal fágtha a bhí taobh leis an nGaeilge amháin. Ba dheacair teacht ar Ghaeilgeoirí aonteangacha lasmuigh de na ‘ceantair chúnga’ feasta.
Má tá an anailís a dhein Aidan Doyle ar chúlú na Gaeilge lochtach, ní féidir a rá go bhfuil a chuntas ar an athbheochaint níos fearr. Is beag tuiscint atá aige ar lucht na hathbheochana:
In the twenty-first century, we find it hard to imagine that anybody would devote their time to the promotion of a dying language for little or no pay.Fágaimis an tuairim go raibh an Ghaeilge ag saothrú an bháis ag tús an chéid seo caite i leataobh go ceann tamaill, ach cé hiad an we seo a raibh an t-údar ag scríobh thar a gceann? Táim sásta a rá nach bhfuil deacracht dá laghad agam meon na gConraitheoirí a chaith dua leis an nGaeilge a thuiscint. Táim cinnte nach bhfuilim i m’aonar. Go deimhin, tá aithne agam ar dhaoine a chaitheann dua i gcónai ‘ar son na cúise’. In áit eile sa leabhar, thug Doyle sliocht as léacht le hOsborn Bergin a mhol úsáid an chló Rómhánaigh, agus lean sé leis mar seo a leanas:
Doyle, 187.
Unfortunately, Bergin’s appeal to sanity fell on deaf ears, and for many years after his lecture was delivered, most books continued to be printed in the Gaelic font.Gealtachas ba ea úsáid an chló Ghaelaigh, más féidir Doyle a chreidiúint, ach níl aon bhunús leis an tuairim sin. D’fhéadfaí a rá gur mhó na buntáistí a bhain leis an gcló Rómhánach (cé gur tuairim phearsanta seachas fíric oibiachtúil é sin) ach ní féidir a shéanadh go mbaineann buntáistí áirithe leis an gcló Gaelach—tá sé i bhfad níos gonta ná an cló Rómhánach, cuirim i gcás—agus ní fíor in aon chor go raibh lucht na céille agus na stuaime go léir ar thaobh amháin den chonspóid. Ach ní leasc le Doyle drochmheas a chaitheamh ar dhíograiseoirí na hathbheochana. Tar éis dó sliocht a thabhairt as eagarfhocal inar chomhairligh Pádraic Mac Piarais d’fhoghlaimeoirí na teanga gan Béarla a labhairt le muintir na Gaeltacha, thug Doyle an bhreith shearbhasach seo a leanas:
Doyle 218.
Even allowing for the differences in mentality between our own society and that of Edwardian Ireland, it is hard to avoid the conclusion that holidaying in the Gaeltacht in the company of Patrick Pearse and his ilk might have brought with it a certain amount of stress and tension.Ar an láimh eile, is eiseamláir den chaoinfhulaingt is den tuiscint é Doyle nuair a bhíonn naimhde na hathbheochana faoi chaibidil aige. Duine díobh ba ea Robert Atkinson, ollamh le Sanscrait i gColáiste na Tríonóide agus fear a chuir go tréan i gcoinne mhúineadh na Gaeilge sna meánscoileanna nuair a thug sé fianaise os comhair coimisiúin rialtais sa bhliain 1899. Seo cuid dá raibh le rá ag Atkinson:
Doyle 200
There is a story mentioned here—“Toruigheacht Dhiarmuda agus Ghrainne,” it is put in there, and they are examined in portions of it. Well, passages are selected, but I assure you the book itself is not fit for children, and I can only say I would allow no daughter of mine of any age to see it.Agus seo sliocht eile as an bhfianaise chéanna:
The Irish Language and Irish Intermediate Education, (BÁC, 1901), lch. 6.
If I were to express an opinion about it, I would say it would be difficult to find a book [in Irish] in which there was not some passage so silly or so indecent as to give you a shock from which you would never recover during the rest of your life.Tá Aidan Doyle sásta tuairimí Atkinson a chosaint:
The Irish Language and Irish Intermediate Education, (BÁC, 1901), lch. 6.
Within the context of the Victorian morality of the day, Atkinson was completely right when he described the text-book used in schools, The Pursuit of Diarmid and Gráinne, as indecent.Is deacair dom a chreidiúint go n-aontódh mórán staraithe a bhfuil cur amach acu ar mheon an fin-de-siècle leis an mbreith seo. An féidir a shamhlú go gcáinfeadh ollamh ollscoile in Oxford na linne an Iliad de bharr iompar Helen agus Paris? Nó an féidir a shamhlú go gcáinfeadh ollamh ollscoile in Cambridge na linne Le Morte d’Arthur de bharr iompar Guinevere agus Lancelot? Ní féidir, ar ndóigh, mar ba dhream réasúnta sofaisticiúil iad na hollúna ollscoile riamh anall agus níor dheacair dóibh an litríocht agus an mhoráltacht a dhealú óna chéile nuair ba mhian leo. Níor bhain clár oibre Atkinson le léiriú liteartha na collaíochta ach le stádas na Gaeilge sa chóras oideachais. Ní nach ionadh, thug lucht tacaíochta na Gaeilge íde na muc is na madraí dó. Ach ba Shasanach é Atkinson agus síleann Doyle gur leor é sin lena dhaoradh:
Doyle, 182.
The unfortunate professor was punished for his nationality, not his morals.Is áiféiseach an ráiteas é sin. Cáineadh Atkinson toisc gur chuir sé i gcoinne mhúineadh na Gaeilge. Thairis sin, bhí a chur chuige chomh leibideach nár dheacair do na Conraitheoirí ceap magaidh a dhéanamh de i súile an phobail—rud a dheineadar le fonn.
Doyle, 183.
B’fhéidir gurb í an tuairim is aistí ar fad i leabhar Aidan Doyle an tuairim go raibh muintir na Gaeltachta trí chéile beag beann ar athbheochaint na Gaeilge—is é sin mura raibh siad naimhdeach don teanga:
Despite the best efforts of the League, most of the inhabitants of the Gaeltachts remained hostile, or at best indifferent, to the language of their ancestors.Dá mbeadh sé sin fíor, ba dheacair a mhíniú conas a mhair an teanga sna Gaeltachtaí éagsúla anuas go dtí an lá inniu. Ach tá míniú simplí ag Doyle ar an scéal: dar leis, níor mhair an Ghaeilge. Síleann sé gur éag teanga dhúchasach na hÉireann timpeall na bliana 1922. Cheap bunaíocht úr Shaorstát Éireann teanga nua ach ní bhaineann stair na teanga nuachumtha sin le stair na Gaeilge:
Doyle 204.On the negative side, the single greatest failing of the Revival was that it did not manage to involve the native speakers, who were increasingly alienated and excluded from the decisions being made concerning their language. This was a fatal flaw.
Doyle, 261.
Future historians of Irish will be faced with the task of labelling and describing the new language which is still being shaped by second-language speakers, a language which is still in the process of becoming. In some ways, 1922 marks the end of Late Modern Irish, the last variety of the language to be spoken by communities as a first language, rather than as one they learned at school.Tá an teanga úr ‘still in the process of becoming’ nó, mar adeirtear sa Ghaeilge athbheoite seo a mhúin na Bráithre Críostaí dom fadó, tá sí ‘ag athrú go fóill’. Ar ndóigh, d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi theanga ar bith atá beo. Sílim go léireoidh an sliocht seo a leanas dearcadh aduain an údair ar Ghaeilge an lae inniu—agus ar lucht a labhartha:
Doyle, 8.this is a language which has been shaped by learners for other learners. With the passage of time, the new Irish is diverging further and further from the traditional Irish spoken until recently in Gaeltacht areas.
Doyle, 266.
Likewise, on trains in the Republic of Ireland, stations are announced in English and Irish. The phonetics of the voice recordings are heavily influenced by English, and place-names in Irish are unfamiliar to most Irish people. Consequently, a hypothetical Irish speaker who wished to disembark at a particular station would still have to check the English announcement to ensure that he was getting out at the the right stop.Fiú dá dtuigfeadh an Gaeilgeoir samhailteach leithéidí ‘Cill Dara’, ‘Ros Cré’ nó ‘Port Laoise’, is cinnte go gcuirfeadh ‘Cúil an tSúdaire’, ‘Cathair na Mart’ nó ‘an tInbhear Mór’ mearbhall ar an ainniseoir bocht. Ní déarfadh aon duine seachas language enthusiast a mhalairt.
Doyle, 266.
Le foilsiú go luath |
Níos mó na céad bliain ó shin, bhi an tOllamh Atkinson sásta a admháil gur theangacha breátha iad an tSean-Ghaeilge, an Mheán-Ghaeilge, agus an Nua-Ghaeilge Mhoch. Go deimhin, dhein sé féin staidéar orthu agus bhí sé áirithe ar dhuine de scoláirí móra na Gaeilge. Os a choinne sin, d’áitigh sé nach raibh i nGaeilge a linne féin ach dríodar teanga—sraith canúintí gan chaighdeán gan litríocht fhónta. Tá cosúlacht nach beag idir an dearcadh a bhí ag Atkinson an tráth úd agus an dearcadh atá ag Aidan Doyle anois. Tuigim, ar ndóigh, go gcleachtann údair acadúla an fhuarchúis. Deinim é chomh maith le cách. Tá súil agam go bhfuil caibidil fhuarchúiseach scríofa agam don Princeton History. Níor mhaith liom go mbeadh mo chuid claontaí le léamh ‘idir na línte’ agus deinim iarracht i gcónaí cibé báidh nó naimhdeas atá agam le pearsana nó le cúiseanna stairiúla a chur i leataoibh nuair a bhíonn an stair á scríobh agam. Ach is mór idir fuarchúis agus drochbhlas; is mór idir ceistiú agus cáineadh; is mór idir amhras agus searbhas.