10/07/2013

Cathair an tsolais

Níor luaithe casóg an gheimhridh crochta i vardrús agus mo scairf caite i dtarraiceán gur chinneas go raibh sé in am smúit na hÉireann a ghlanadh de mo bhróga agus geábh a thabhairt thar lear. Leis an ngéarchúis is dual dom, dhíríos m’aghaidh ar Pháras an lá céanna a chuaigh stiúrthóirí aerthráchta na Fraince ar stailc – ach ós rud é gur ceardchumannaí dílis mé bhíos breá sásta cúpla uair a chloig a chaitheamh san eitleán sular tugadh cead dúinn aerfort Átha Cliath a fhágaint. Mar an gcéanna, bhí lúcháir orm nuair a chuaigh oibrithe iarnróid an SNCF ar stailc an lá dár gcionn, cé nach raibh deis agam tacú le mo chomhbhráithre Francacha an dara uair mar níor bhain an stailc seo leis an métro. Aithnítear go forleathan gur ceann de dhualgais an taistealaí é a chuid pictiúr a thaispeáint dá lucht aitheantais ar filleadh abhaile dó. Níor mhaith liom an nós sin a bhriseadh. Seo daoibh, mar sin, an t-aon phictiúr amháin a thógas agus mé i bPáras. Níl sé iontach soiléir, ach is é atá ann Seamus Heaney (ar an ardán ar chlé) ag léamh a chuid filíochta i gColáiste na nÉireannach.

Seamus Heaney i gColáiste na nÉireannach, Páras, an 13 Meitheamh 2013


      Bhí an ócáid saor in aisce agus bhí cead isteach ag an bpobal i gcoitinne. Mar a bheifí ag súil leis, bhí slua mór i láthair. Ar an drochuair, b’éigin dúinn éisteacht le hóráid leadránach ó Jimmy Deenihan, an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacha, sular labhair an file: ‘we punch way above our weight’ i gcúrsaí cultúir, dar leis an aire – a labhair as Béarla ó thús go deireadh. Nuair a thug banríon na Breataine cuairt orainn chualathas cúpla focal i nGaeilge uaithi, ach is cosúil go gcuirfeadh an méid sin (gan trácht in aon chor ar quelques mots Fraincise) an iomarca stró ar aire na Gaeltachta. ‘Why keep a dog and bark yourself?’ an mana atá aige, is dócha. Ach chruthaigh Séamus Heaney níos fearr. Ní hamháin gur léigh sé aistriúchán ar dhán de chuid Eoghain Rua Uí Shúilleabháin, ach nuair a thosaigh éan ag ceiliúradh sna crainn i gclós an choláiste d’aithris sé aistriúchán ar dhán Sean-Ghaeilge. Seo daoibh an bunleagan agus leagan nua-aimseartha:

Int én bec
ro léic feit
do rinn guip
      glanbuidi
fo-ceird faíd
ós Loch Laíg
lon do chraíb
      charn buidi. 
An t-éan beag
do lig fead
de rinn goib
      ghlanbhuí;
scaoileann faí
os Loch Lao—
lon de chraoibh
      charnbhuí.

Tabhair faoi deara nach bhfuil ach focal amháin (‘fo-ceird’) sa dán seo – dán a cumadh sa 9ú céad – nach bhfuil beo i nGaeilge an lae inniu.

Caspar David Friedrich (1814), Anton von Werner (1893), George Grosz (1921), Hubert Lanzinger (1935)

      Roghnaíos dul go Páras seachas aon áit eile toisc go raibh taispeántas ealaíne dar theideal De l’Allemagne, 1800-1939 ar siúl sa Louvre. Chothaigh an taispeántas seo go leor conspóide agus ní gá dul thar an teideal le cúis na conspóide a thuiscint: má tá dáta breá cruinn ag tús na tréimhse a bhí faoi chaibidil sa taispeántas, dhírigh an dáta corr ag deireadh na tréimhse aird an lucht féachana ar ghné amháin de stair na Gearmáine. Is é a bhí sa taispeántas i ndáiríre ná léiriú físiúil ar choincheap an Sonderweg (‘bealach speisialta’) – is é sin le rá, an tuairim gur lean an Ghearmáin conair ar leith ó thús an 19ú céad (ar a dhéanai) a d’fhág go raibh an córas parlaiminteach, an mheánaicme, is an tsochaí shibhialta níos laige, agus go raibh an stát, an t-arm is an maorlathas níos treise sa tír sin, ná mar a bhíodar i dtíortha forbartha eile. Ba í an ealaín seachas an pholaitíocht ábhar an taispeántais, ar ndóigh, ach bhí sé le tuiscint gur lean ealaín na Gearmáine Sonderweg dá cuid féin – conair a shín ón rómánsachas a chuir béim ar an Heimat (dúchas) mar aisfhreagra ar réabhlóid na Fraince, go clasaiceas an Kaiserreich a dhein stádas nua na Gearmáine mar Weltmacht (cumhacht dhomhanda) a mhóradh, go eispriseanachas na 1920í a léirigh uafáis an Chogaidh Mhóir agus duairceas an tsaoil iarchogaidh, go réalachas Sóisialach Náisiúnta na 1930í arbh é ceann scríbe an taispeántais é. Is údar conspóide í teoiric an Sonderweg i gcónaí. Is beag staraí a mhaífeadh anois gur thoradh dosheachanta é an Sóisialachas Náisiúnta ar stair na Gearmáine: aithnítear go bhfuil stair shainiúil ag gach náisiún ar domhan agus gur fhás gluaiseachtaí faisisteacha go rábach ar fud na hEorpa sna 1930í. Ach ina dhiaidh sin is uile, is deacair éalú ón tuairim go raibh préamhacha an daonlathais níos éadoimhne sa Ghearmáin ná mar a bhí in iarthar nó i dtuaisceart na hEorpa; b’ísle dá réir iad na baic a bhí le sárú ag Adolf Hitler ná ag leithéidí Anton Mussert, Léon Degrelle, Jacques Doriot nó Oswald Mosley. Níor chinntigh cúrsa na staire sa Ghearmáin go dtiocfadh na Naitsithe i gcumhacht, ach bheinn sásta a rá gur dhein sé an bealach níos réidhe dóibh. Ach is í an cheist is mó a spreag taispeántas an Louvre ionam ná seo: más fíor go dtugann gach leabhar staire léargas dúinn ar an tréimhse inar scríobhadh é, an féidir a rá gur thug an taispeántas seo léargas dúinn ar an dearcadh atá ag muintir na Fraince ar an nGearmáin?

Haute couture à l'Hôtel de Ville

      Chuas chuig taispeántas eile an lá dár gcionn agus bhí an scuaine chun dul isteach ann beagnach chomh fada leis an gceann sa Louvre. Paris Haute Couturean teideal a bhí air agus bhí sé ar siúl san Hôtel de Ville. Bhí samplaí de dhéantús na ndearthóirí faisin is tábhachtaí le céad bliain anuas le feiscint ann: Paul Poiret ó bhlianta tosaigh an 20ú céad, Madelaine Vionnet ó na 1920í, Coco Chanel nach gá aon rud a rá fúithi, Elsa Schiaparelli ó na 1930í, Christian Dior a chruthaigh an ‘new look’ sa bhliain 1947, Yves Saint Laurent a fuair bás cúpla bliain ó shin, agus grands couturiers nach iad. De na gúnaí go léir a bhí ar taispeáint, thabharfainn an chraobh do GBD (nó PRN, mar adeir na Francaigh) a dhear Jeanne Lanvin sa bhliain 1929 - tá sé ar dheis sa phictiúr thuas. Ní dóigh liom go bhfuil an haute couture ar cheann d’ealaíona móra an tsaoil, ach ní rud neafaiseach é ach an oiread: gnó is ea é atá suite ar an teorainn idir an ealaín agus an cheardaíocht – mar atá an cineama, an dearadh grafach nó an ailtireacht. Bíodh sin mar atá, bhí cúis eile agam le freastal ar an taispeántas: tá áit thábhachtach ag an Hôtel de Ville i stair na cathrach agus theastaigh uaim é a fheiscint ón taobh istigh. Gan dul siar níos faide ná an 20ú céad, is ann a labhair an Marascal Pétain nuair a thug sé sciuird ar Pháras, an 28 Aibreán 1944 (‘Soyez sûrs que, dès que je le pourrai, je viendrai, et alors, ce sera une visite officielle. Alors, à bientôt j'espère!’); agus is ann a labhair an Ginearál de Gaulle, an 25 Lúnasa 1944 (‘Il y a des minutes, nous le sentons tous, qui dépassent chacune de nos pauvres vies. Paris! Paris outragé! Paris brisé! Paris martyrisé! Mais Paris – libéré!’). Is fada an tréimhse ceithre mhí sa pholaitíocht! Ach is dócha gurb é an pictiúr is cáiliúla ar fad ina bhfuil an Hôtel de Ville le feiscint an ceann a dhein Robert Doisneau sa bhliain 1950. Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach, agus táid ann adeir gur Duibhlinneach darbh ainm Jack Costello an fear atá ag gabháil thar an gcuaille lampa ar chlé ...

Le maréchal, le général, et M. Costello à l'Hôtel de Ville

      Is annamh a thugaim cuairt ar na siopaí leabhar i bPáras gan suntas a thabhairt do shaothar scríbhneora éigin nár léas cheana. Níorbh eisceacht é turas na míosa seo caite agus is é Stéphane Hessel (1917-2013) an t-údar nua atá á léamh agam faoi láthair. Dá mba charachtar in úrscéal é, déarfainn go raibh scéal a bheatha dochreidte. Berliner de bhunadh Giúdach, bhí a thuismitheoirí thar a bheith bóiheimeach (tá an scannán Jules et Jim bunaithe ar scéal a bpósta) agus chaith sé an chuid ba mhó dá óige i bPáras mar a raibh a mháthair ina comhfhreagraí faisin don Frankfurter Zeitung, príomh-nuachtán liobrálach na linne sa Ghearmáin. Bronnadh saoránacht na Fraince ar Hessel sa bhliain 1937 agus throid sé in arm na Fraince sa bhliain 1940. Deineadh príosúnach cogaidh de ach d’éalaigh sé gan mhoill, bhain sé an zone libre amach sular shroich sé Londain mar ar liostáil sé in aerfhórsa an Ghinearáil de Gaulle. D’aistrigh sé ón aerfhórsa go dtí seirbhís rúnda na Fraince Saoire sa bhliain 1942 nuair a bhí an tseirbhís sin ag lorg cainteoirí líofa Gearmáinise, agus seoladh ar ais chun na Fraince é mar ghníomhaire rúnda i Márta na bliana 1944. Ghabh an Gestapo é i bPáras i mí Lúnasa na bliana céanna agus céasadh é sa baignoire – céasadh uisce a bhí inchurtha leis an waterboarding a chleachtann na Stáit Aontaithe – ach níor sceith sé rún. Aisteach go leor, in ionad é a chur chun báis ar an toirt, sheol an Gestapo go campa Buchenwald é. Shíl Hessel go raibh mearbhall ar lucht an Gestapo toisc gur labhair sé Gearmáinis leo, agus go raibh roinnt acu tagtha ar an tuairim go raibh an cogadh caillte faoin am a gabhadh é. Bíodh sin mar atá, bhí an t-ádh air nach raibh tuismitheoirí cráifeacha aige agus nár timpeallghearradh é. I mBuchenwald dó, d’éirigh leis áiteanna a mhalartú le príosúnach a bhí ag fáil báis den tífeas; shíl na Gearmáinigh go raibh Stéphane Hessel marbh agus sheoladar an príosúnach eile chuig campa oibre - campa ónar éalaigh Hessel. Tar éis an chogaidh, d’oibrigh sé do na Náisiúin Aontaithe agus do Roinn Gnóthaí Eachtracha na Fraince. Nuair a chuaigh sé amach ar pinsean sa deireadh, lean sé air ag plé le cearta daonna ar fud na cruinne agus le forbairt an ‘tríú domhan’. Ghlac se páirt ghníomhach sa bhfeachtas idirnáisiúnta i gcoinne choilíniú chríocha gafa na Palaistíne: ba dheacair do bholscairí Iosrael na gnáth-líomhaintí gránna a bhíonn acu a chaitheamh le fear de bhunadh Giúdach a tháinig slán ó champa Buchenwald. 

Trí leabhar le Stéphane Hessel

      Is é an rud is mó a thuill cáil do Stéphane Hessel, afach, leabhrán beag leis dar teideal Indignez-Vous! (‘bíodh fearg oraibh!’) a foilsíodh i bhfómhar na bliana 2010 nuair a bhí sé os cionn nócha bliain d’aois. Ní raibh ach 8,000 cóip sa chéad chló, ach tá níos mó ná ceithre mhilliún cóip díolta ar fud na cruinne idir an dá linn. Is é an teachtaireacht a bhí aige don ghlúin óg gur chóir dóibh diúltú don déine atá á brú orthu ag rialtais ar tábhachtaí leo saint lucht an rachmais ná bunriachtanais an phobail. Ach ligfidh mé do Hessel labhairt:

On ose nous dire que l’État ne peut plus assurer les coûts de ces mesures citoyennes. Mais comment peut-il manquer aujourd'hui de l’argent pour maintenir et prolonger ces conquêtes alors que la production de richesses a considérablement augmenté depuis la Libération, période où l’Europe était ruinée? Sinon parce que le pouvoir de l’argent, tellement combattu par la Résistance, n’a jamais été aussi grand, insolent, égoïste, avec ses propres serviteurs jusque dans les plus hautes sphères de l’État. Les banques désormais privatisées se montrent d’abord soucieuses de leurs dividendes, et des très haut salaires de leurs dirigeants, pas de l’intérêt général. L’écart entre les plus pauvres et les plus riches n’a jamais été aussi important; et la course à l’argent, la compétition, autant encouragée.
      Le motif de base de la Résistance était l’indignation. Nous, vétérans des mouvements de résistance et des forces combattantes de la France libre, nous appelons les jeunes générations à faire vivre, transmettre, l’héritage de la Résistance et ses idéaux. Nous leur disons: prenez le relais, indignez-vous! Les responsables politiques, économiques, intellectuels et l’ensemble de la société ne doivent pas démissionner, ni se laisser impressionner par l’actuelle dictature internationale des marchés financiers qui menace la paix et la démocratie.
Stéphane Hessel, Indignez-Vous!, 16ú eagrán, 5.
[Tá sé de dhánacht iontu a rá linn nach féidir leis an Stát íoc a thuilleadh as na beartais seo ar son na saoránach. Ach conas a tharlaíonn sé nach bhfuil airgead ann inniu chun na leasa seo a bhuanú agus a leathnú cé go bhfuil fás mór tagtha ar chruthú na maoine ó aimsir an Libération, tráth a raibh an Eoraip scriosta? Is amhlaidh atá toisc go bhfuil cumhacht an airgid – ar throid an Résistance chomh dian sin ina coinne – níos treise, níos sotalaí, níos santaí ná riamh, agus go bhfuil na céimeanna is airde sa Stát bainte amach ag a cuid giollaí. Deineann na bainc, atá i seilbh phríobháideach anois, cúram dá gcuid díbhinní agus de thuarastail ró-mhóra a lucht stiúrtha, seachas den mhaith choiteann. Ní raibh an bhearna idir an daibhir agus an saibhir chomh mór riamh; ná níor cuireadh an oiread béime ar charnadh airgid, ar an iomaíocht.
      Ba í an fhearg bunús an Résistance. Táimid, seanbhaill de ghluaiseachtaí an Résistance agus d’fhórsaí armtha na Fraince Saoire, ag iarraidh ar an nglúin óg oidhreacht an Résistance agus na hidéil a bhain leis a choinneáil beo agus a chur ar aghaidh. Deirimid leo: glacaigí ar láimh í agus bíodh fearg oraibh! Níor chóir do threoraithe polaitiúla, eacnamaíocha ná intleachtúla, ná don tsochaí i gcoitinne, seasamh siar ná géilleadh don deachtóireacht idirnáisiúnta atá ag na margaí airgeadais, deachtóireacht ar baol í don tsíocháin is don daonlathas.]

Cheannaíos Danse avec le siècle, dírbheathaisnéis Hessel, agus cuid mhaith leabhar eile i siopa FNAC i Montparnasse. Bhí an chuma ar an mbean óg ag an gcuntar amach go raibh sí leath ina codladh agus is ar éigean a chaith sí súil thar na leabhair a bhí á gceannach agam – Irlande: histoire, société, culture le Maurice Goldring is Clíona Ní Riordáin, agus Histoire de l’Irlande et des Irlandais le Pierre Joannon ina measc – ach nuair a chonaic sí aghaidh Stéphane Hessel ar cheann de na clúdaigh tháinig aoibh uirthi: ‘C’était un héros, lui!’ ar sise. Laoch ba ea é, gan aon agó.

AGUISÍN - 4 Meán Fómhair 2013


Fuair Seamus Heaney bás an 30 Lúnasa 2013. Suaimhneas síoraí dá anam uasal.