12/11/2012

Albain agus Éire

Go luath tar éis do TG4 (nó TnaG mar a bhí air ag an am) teacht ar an aer, craoladh clár dar theideal Éire agus Alba – nó Alba agus Éire b’fhéidir – tá mo chuimhne ag dul in olcas de réir mar a théim in aois. Bhí radhairc bhreátha ar an dá thír le feiscint sa chlár agus labhair roinnt de na scoláire ba mhó le rá – leithéidí Bhreandáin Uí Bhuachalla as Éirinn agus Donald Meek as Albain – ar stair agus ar chultúr an dá thír. Ba é téis an chláir gur daoine deasa iad na hÉireannaigh, gur daoine deasa iad na hAlbanaigh, gur tíortha deasa iad an dá thír, agus gur deas an rud é sin. Ba dheacair a leimhe a shárú. Cúpla seachtain tar éis a chraolta, casadh Breandán Ó Buachalla orm i halla na Leabharlainne Náisiúnta. Bhí an clár chomh lagmheasartha sin go raibh drogall orm é a lua leis, ach bhí tuairim agam go mbeadh léamh suimiúil aige ar an scéal agus ní raibh dul amú orm. ‘An diabhal cláir sin!’ arsa an Buachallach agus d’inis sé an scéilín seo a leanas dom. Ag deireadh an agallaimh a cuireadh air, fiafraíodh de cad iad na cosúlachtaí ba mhó, dar leis, idir Éire agus Albain. D’fhreagair an t-ollamh go raibh na héagsúlachtaí i bhfad níos suntasaí agus níos suimiúla ná na cosúlachtaí: cé go bhféadfaí a rá gur eascair an dá thír ón bpréamh chéanna i bhfad siar, bhíodar ag dul i dtreonna contrártha le fada an lá. B’fhiú do scoláirí ceisteanna bunúsacha a chur mar sin: cén fáth a raibh bua cuimsitheach ag an Reifirméisean in Albain cé go raibh teip iomlán i ndán dó in Éirinn; cén fáth ar éirigh (go dtí seo) leis an aontas idir Albain agus Sasana cé gur dhiúltaigh na hÉireannaigh dó scun scan; cén fáth go bhfuil tromlach na nAlbanach dílis don choróin go fóill cé go bhfuil tromlach na nÉireannach ina bpoblachtaigh, etc. D’éist an t-agallóir leis an bhfreagra agus chuir an cheist in athuair: cad iad na cosúlachtaí is mó idir Éire agus Albain? Mhínigh an Buachallach arís go dtugann cúrsa na staire in Albain léargas úr dúinn ar stair na hÉireann agus go gcuidíonn sé linn na cúinsí cinniúnacha a sheol an dá thír i dtreonna éagsúla a aithint. Bhain an t-agallóir triail eile as: dá mbeadh ort cosúlacht amháin idir na hÉireannaigh agus na hAlbanaigh a lua, cad a roghnófá? ‘Dúil sa bhfuisce!’ arsa an t-ollamh. Ní gá dom a rá nár craoladh an freagra.

      Bíonn an stair casta, aimhréidh, cointinneach; ní bhíonn sí deas agus ba chóir dóibhsean ata ar thóir na deise í a sheachaint.

An dá DVD agus Fergal Keane i lár baill

      Smaoiníos ar an scéilín sin arís le gairid nuair a bhreathnaíos dhá shraith teilifíse de chuid an BBC atá le fáil anois i bhfoirm DVD. A History of Scotland agus The Story of Ireland atá orthu – agus is suimiúil an ní é gur ‘stair’ atá ag na hAlbanaigh cé gur ‘scéal’ atá againne. Is ionann an dá théarma ó thaobh na sanasaíochta de, i nGaeilge agus i mBéarla, ach braithim gur mó an gradam a bhaineann leis an staraí ná leis an scéalaí mar sin féin. (Má tá paranóia orm, ní fhágann sé sin nár roghnaigh an BBC na teidil go cúramach.) Ós rud é go bhfuil siad dírithe ar an bpobal i gcoitinne – nó ar an gcuid sin den phobal a bhfuil dóthain suime acu sa stair chun staonadh ó shíor-bhrú an chnaipire nuair a fheiceann siad clár staire ar an scáileán – ní raibh súil agam go bhfoghlaimeoinn mórán ó cheachtar den dá shraith, ach bhraitheas nár mhiste iad a chur i gcomórtas le féachaint an bhféadfainn aon difríocht a aithint idir na bealaí inar cuireadh an stair i láthair ar an dá bhruach de Shruth na Maoile.

An n-aithníonn tú na hAlbanaigh fhéasógacha thuas? (Tá na freagraí le fail ag bun na haiste seo)


      Is cosúil go raibh níos mó airgid le caitheamh ag BBC na hAlban ná mar a bhí ag a gcomhghleacaithe i dTuaisceart Éireann: deich gclár a mhaireann 580 nóiméad ar fad atá ina sraithsan i gcomórtas le cúig chlár a mhaireann 294 nóiméad i gcás The Story of Ireland. Thairis sin, úsáideadh aisteoirí anuas go dtí tús ré na scannánaíochta. Ní raibh an sparán ró-theann, áfach, mar ní fheictear ach duine nó dhó i bhformhór na radharc, agus níl a fhios agam cé chomh minic a taispeánadh fuil ag sileadh, lanna á mbualadh, nó deochanna á ndoirteadh.

What a bloody awful place!

Glacaim leis gur cleasa saora drámata iad seo chun an scáileán a líonadh, ach baineadh i bhfad an iomarca úsáide astu. Rud beag eile a ghoill orm ná caighdeán na mapaí: chreid duine éigin go gcuirfí le beocht an chláir dá mbeadh scamaill ag snámh trasna na mapaí. Aon duine a bhfuil cur amach aige ar aimsir na hAlban, admhóidh sé gur chuir an tseift seo le réaltacht na radharc; ar an drochuair, níor chuir sí le hinléiteacht na mapaí.

Thug na mapaí léiriú cruinn ar an aimsir in Albain

Ar an láimh eile, deineadh cuid mhaith scannánú ón aer agus bhí roinnt de na radhairc go hálainn ar fad. Mura mbeadh a fhios agam gur measa doineann na hAlban ná doineann na hÉireann chuirfidís fonn orm athchuairt a thabhairt ar an tír sin gan mhoill.

Tìr nam beann agus nan lochan

      Chomh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach, ní raibh aon staraí aitheanta bainteach le A History of Scotland. Neil Oliver, craoltóir gairmiúil a bhfuil céim aige sa tseandálaíocht, a chuir an tsraith i láthair. Cé gur chuir Oliver agallamh ar roinnt daoine i rith na sraithe, ba choimeádaithe iarsmalainne nó leabharlannaithe iad a bhformhór. Dearcadh duine aonair nach staraí gairmiúil é a chuirtear i láthair sa tsraith mar sin: mhíneodh an cur chuige seo úsáid an ailt éiginnte (A History) seachas an t-alt cinnte i dteideal na sraithe. Bhí an láithreoir sásta tús áite a thabhairt do théamaí áirithe a raibh suim aige féin iontu agus níor leasc leis báidh ar leith a léiriú le dreamanna áirithe. Bhraitheas go raibh téagar ar leith sa chéad chlár, clár a thosaigh le tús na staire scríofa nuair a bhí na Rómhánaigh ag iarraidh na Cruithnigh a cheansú, agus a chríochnaigh le bunú ríocht na hAlban sa 10ú céad. Fágadh bearna mhór sa stair ina dhiaidh sin, áfach, óir insíodh scéal William Wallace sa dara clár agus scéal Roibeard de Brús sa tríú clár, ach níor míníodh conas a tháinig na Normannaigh go hAlbain idir an dá linn. Bhí suim ar leith agam sa cheathrú clár, clár ar thighearnas nan eilean agus ar linn nan creach. Ba phearsa lárnach í Máire, banríon na nAlbanach, sa chúigiú clár ach is beag aird a tugadh ar an Reifirméisean – athrú ollmhór a luadh ach nár míníodh. B’fhéidir gur shíl Oliver gur chuir sé an neamart sin ina cheart nuair a dhírigh sé a aird ar na Cúnantóirí sa séú clár; ach má dhírigh, léirigh sé iad mar fhanaicigh mhire. Caithfidh gur ghoill tuairimí an láithreora ar sciar maith den phobal in Albain – an dream sin ar coimeádaigh bhunchreidmheacha iad – ach táim sásta a admháil nach bhfuil an bunchreidmheachas tolgtha agam agus go mbeinn ar aon fhocal le Oliver. Ba tharraingtí go mór an phortráid a tharraing sé de na Seumasaich sa seachtú clár agus ní fhéadfainn gan teideal cliste an chláir sin a lua: ‘let’s pretend’! Pléadh Eagnaíocht na hAlban sa chéad chlár eile: má bhí Adam Smith dosheachanta nach mór, tugadh an iomarca airde ar John Witherspoon – fear a shínigh forógra neamhspleáchais na Stát Aontaithe. Sa naoú clár, pléadh Sir Walter Scott agus gluaiseacht an rómánsachais (portráid eile a bhí naimhdeach go leor), radacachas an lucht oibre, agus fuadach nan Gaidheal. Sa chlár deireanach, agus an ceann is fearr ar fad dar liom, deineadh cur síos ar mheath tionsclaíoch na hAlban sa 20ú céad, ar fhás mall an náisiúnachais, agus ar athbhunú pharlaimint na hAlban. D’fhág Oliver slán ag a lucht féachana leis an gceist seo a leanas: ‘Is Scotland’s journey to self-determination now at an end, or is there more to come on the road ahead?’

Cé adeir nach raibh stair na hÉireann dubh agus bán?

      Mar a luadh thuas, is cosúil go raibh na hacmhainní níos teoranta nuair a thug an BBC faoi The Story of Ireland, ach braithim gur mhó an luach a fuaireadar ar a gcuid airgid. Ní raibh aisteoir le feiscint, ach ina ionad sin baineadh úsáid as líníochtaí canta a dhear David Rooney.

Mapaí soléite mar is cóir

Ní raibh aon ghalamaisíocht ag baint leis na mapaí sa tsraith seo agus b’fhearrde iad an tsimplíocht. Ar an láimh eile, ní raibh Muicinis baileach chomh taibhseach le Garbhchríocha na hAlban, de cheal sléibhte arda, ach is breá an tír í mar sin féin. Murach an bháisteach úd ...

Oileáinín iathghlas na hÉireann


      Craoltóir gairmiúil eile is ea Fergal Keane, an té a chuir The Story of Ireland i láthair. Ach an babhta seo is léir go raibh comhairle ghairmiúil faighte aige: luadh Roy Foster mar ‘series consultant’ agus cuireadh agallaimh ar staraithe mór le rá i rith na sraithe. Orthusan a labhair bhí Dáibhí Ó Cróinín (a thug ‘Dáibhi Ó Cróin’ air féin ar chúis éigin nach dtuigim), Donnchadh Ó Corráin (fear nár bhac lena ainm a ghiorrú), Seán Duffy, Ciaran Brady, Micheál Ó Siochrú, Ian McBride, Marianne Elliott, Cormac O’Gráda (nó Cormac Ó Gráda mar is fearr aithne air in Éirinn), Joe Lee – agus Roy Foster. D’fhág an cur chuige seo go raibh níos mó éagsúlachta le brath ar na cláir agus gur meascán de thuairimí éagsúla a cuireadh i láthair iontu. Ach bhí tionchar Foster le brath thall is abhus mar sin féin. Baineadh ró-úsáid as an bhfocal ‘Irishness’, cuirim i gcás, agus chuathas thar fóir ar fad leis seo sa chlár deireanach den tsraith. Téarma teibí gan chruinneas is ea é a chlúdaíonn (nó a léiríonn) easpa machnaimh an chainteora; má chloiseann tú ‘Irishness’ ó bhéal staraí, mholfainn duit a bheith san airdeall. Mar an gcéanna, bhí an iomarca tagairtí sa chlár deireanach do W.B. Yeats. Cuireadh an cheist amaideach úd arís, ‘did that play of mine send out certain men the English shot?’ Gach seans gur ag freagairt na ceiste céanna a bhí Maud Gonne nuair a dúirt sí ‘Willy can be so silly!’ Bheadh sé sin dona go leor, ach chualathas na focail uafásacha ‘a terrible beauty is born’ chomh maith.

Roinnt de na usual suspects a labhair

      Roinneadh an cúig chlár sa tsraith go réasúnta cothrom agus ní féidir a rá gur fágadh mór-théama ar bith ar lár. Sa chéad chlár, pléadh ré órga na luath-Chríostaíochta, Leabhar Gabhála Éireann agus cogaí na Lochlannach. Bhain an dara clár leis an tréimhse idir ionradh na Sasanach agus Imeacht na nIarlaí. An 17ú agus an 18ú céad a bhí faoi chaibidil sa tríú clár, clár ina raibh tagairt aisteach do ‘rebellion against Cromwell’ a bheith ar siúl in Éirinn! Bhí an claonadh i leith na nGall a mbeifí ag súil leis le brath ar an gclár seo: luadh Edmund Burke (fear a d’fhág Éire chomh luath ina shaol agus a d’fhéad sé) agus Jonathan Swift (fear a d’fhill ar Éirinn toisc gur theip air post sásúil a fháil i Sasana), ach níor luadh aon údar Gaeilge. Sílim gurb é an ceathrú clár, an ceann inar pléadh an 19ú céad, an ceann is laige sa tsraith. Ba í an mhoill tríocha bliain a tharla idir Acht an Aontais agus fuascailt na gCaitliceach a chuir borradh faoin náisiúnachas in Éirinn dar le Thomas O’Connor, staraí a mhúineann in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad – tuairim a léiríonn nach bhfuil cur amach aige ar na foinsí príomha a bhaineann le hábhar. (Mholfainn dó staidéar a dhéanamh ar Ó Chéitinn go Raiftearaí ach tá imní orm go ngoillfeadh a leithéid de product placement mínáireach ar léitheoirí áirithe.) D’áitigh Fergal Keane sa chlár seo go mbeadh Éire ina cuid d’impireacht na Breataine fiú dá bhfaigheadh sí Home Rule. Go deimhin, dúirt sé an rud céanna arís sa chlár deireanach, clár i dtaobh an 20ú céad. Tá an ráiteas seo fíor, ar ndóigh, ach ní féidir a rá go bhfuil iomlán na fírinne ann: chiallódh Home Rule go mbeadh Éire fós ina cuid, ní hamháin d’impireacht na Breataine (amhail Ceanada nó an Astráil), ach ina cuid den Ríocht Aontaithe (amhail Albain nó Tuaisceart Éireann sa lá atá inniu ann). Is mór idir an dá rud anois agus ba mhór idir an dá rud an tráth úd. Chuir Keane clabhsúr ar an tsraith le habairt a bhí i bhfad Éireann níos scaoilte agus níos saoire ó smál na polaitíochta ná an abairt a roghnaigh Neil Oliver: ‘Ireland today is an island of possibility, an open island’. Is ea agus ní hea, nó b’fhéidir é. Cá bhfios?

      An molfainn daoibh airgead a chaitheamh ar cheachtar den dá DVD seo? Is deacair a rá. Bheadh fonn orm aithris a dhéanamh ar an méid a dúirt Samuel Johnson faoi Chlochán na bhFomhórach fadó: gur fiú é a fheiscint ach nach fiú turas a dhéanamh lena fheiscint. Is cinnte gur fiú an dá shraith seo a bhreathnú má tá suim agat sa stair – nó, níos tábhachtaí fós b’fhéidir, i ndearcadh an phobail ar an stair. Ach an fiú iad a cheannach? Táim idir dhá chomhairle. Níl ceachtar acu go dona, agus i gcás A History of Scotland is leis an scannánaíocht seachas an script a bhaineann na lochtanna is mó. D’fhéadfaí a áiteamh gurb é an locht is mó ar The Story of Ireland ná a laghad: sílim féin go mbeadh sraith níos faide ag teastáil chun cuntas sásúil a thabhairt ar stair na hÉireann. Is dóigh liom go bhfuil níos mó ná sin i gceist, áfach, agus go bhfuil lochtanna níos bunúsaí ar chur chuige an BBC.

Eagráin éagsúla de The Course of Irish History

      Ar ámharaí an tsaoil, tá eiseamláir den saghas sraithe a theastaíonn le fáil cheana. Sa bhliain 1966 chraol RTÉ sraith teilifíse ar stair na hÉireann ina raibh aon chlár is fiche. Tríocha nóiméad a mhair gach clár, rud a d’fhág go raibh deich n-uaire go leith sa tsraith go léir. Ach bhí difríocht níos tábhachtaí ná sin idir The Course of Irish History, an teideal a bhí ar shraith na bliana 1966, agus The Story of Ireland: níor chuir an scoláire céanna aon dá chlár i láthair agus ba shaineolaithe iad go léir ar an ábhar a bhí faoi chaibidil acu. Mar shampla, chuir Kathleen Hughes clár ar ‘ré órga’ na Críostaíochta i láthair, chuir Brian Ó Cuív clár ar an tréimhse idir teacht na Lochlannach agus teacht na Sasanach i láthair, chuir Maureen Wall clár ar ré na bPéindlíthe i láthair, etc. Níl cuimhne ró-shoiléir agam ar an tsraith teilifíse – ní raibh ionam ach páiste bunscoile nuair a craoladh é – ach tá cóip den leabhar a ghabh leis an tsraith agam agus sílim gur éacht a bhí ann ag an am. Is mithid do RTÉ (nó do TG4 – ní fiú TV3 a lua sa chomhthéacs seo) iarracht eile den saghas céanna a dhéanamh. Dá dtosófaí ar na hullmhúcháin anois, bheadh an tsraith réidh le craoladh sa bhliain 2016.

AGUISÍN: Cérbh iad na hAlbanaigh fhéasógacha?


1. Naomh Colm Cille
2. Roibeard de Brús
3. John Knox
4. Séamas VI (nó Séamas I mar a bhí air in Éirinn).