Joe Lee agus a mhórshaothar |
Nuair a bhíos ag scríobh anseo cúpla mí ó shin thugas sliocht gairid nach n-aontaím leis as an leabhar a scríobh Joe Lee ar stair na hÉireann sa 20ú céad:
That the history of mentalité made such little impression on the IHS [Irish Historical Studies] school may have owed something to its revulsion at the work of Daniel Corkery, Professor of English in UCC, and particularly at his Hidden Ireland (1927) [recte: 1924].
J.J. Lee, Ireland 1912-1985 (Cambridge, 1989), 594.
Níor thuigeas conas a
d’fhéadfadh an leabhar sin le Corkery balbháin a dhéanamh de
staraithe na hÉireann go ceann daichead éigin bliain. Más fíor gur chuir The Hidden Ireland olc orthu, cén fáth nár spreag an leabhar
iad le tuairimí Uí Chorcora a bhréagnú? Ach ina ionad sin, is
amhlaidh gur sheachain staraithe na hÉireann cultúr na
coitiantachta mar ábhar taighde ar feadh i bhfad. Sílim féin go raibh (agus go bhfuil) cúiseanna eile le patuaire na staraithe:
cúiseanna a bhain (agus a bhaineann) lena n-oiliúint acadúil, lena gcúlra
sóisialta, le struchtúr na gairme, le faisin intleachtúla, agus
leis an bhfeiniméan a dtugann na síceolaithe groupthink air.
San aiste seo, ba mhaith
liom díriú ar fhocal amháin a d’úsáid Joe Lee sa sliocht thuas - mar atá, ‘revulsion’. An
fíor a rá go bhfuil leabhar Uí Chorcora chomh dona sin go
gcuirfeadh sé déistin ar an staraí leochaileach a chaithfeadh súil
air? Is le déanaí a léas The Hidden Ireland don chéad uair le cúig bliana
fichead anuas agus bhí an cheist sin i gcúl mo chinn i
rith an ama. Caithfear a admháil i dtús báire nach féidir seasamh
leis an gcur síos a dhein Ó Corcora ar chúinsí eacnamaíocha is sóisialta an 18ú céad:
And between high and low there was, all authorities agree, no middle class; and consequently a dearth of the virtues for which that class stands.
Daniel Corkery, The Hidden Ireland (BÁC, 1956), 10.
One thinks of Seán Clárach Mac Domhnaill as a sort of gentleman farmer; but then he lived in the first half of the eighteenth century … before the Gaels had become utterly destitute.
Corkery, The Hidden Ireland, 257.
Ní aon bhunús leis an
ráiteas nach raibh meánaicme ar bith ann san 18ú céad (cé go
raibh sí scáinte go leor in iarthar na tíre) ná leis an ráiteas go
raibh an pobal dúchais go léir sáite i bportach na haimléise
faoin dara leath den chéad. Cheartaigh an tOllamh Louis Cullen
tuairimí den saghas seo san aiste leis dar teideal ‘The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept’, aiste a
foilsíodh san iris Studia Hibernica sa bhliain 1969
agus a eisíodh i bhfoirm leabhráin sa bhliain 1988.
Níl sa mhéid seo ach ceist
imeallach, áfach: níor staraí eacnamaíoch ná staraí sóisialta é
an Corcorach agus ba shaonta an mhaise é d’aon duine – ní áirím
staraí gairmiúil – eolas cruinn ar dhála socheacnamaíocha na
hÉireann a lorg i leathanaigh The Hidden Ireland. Staidéar ar shaol liteartha na Mumhan san 18ú céad is ea an
leabhar agus is ar an mbonn sin is cóir é a mheas. Arís, is fíor gur dhein Ó
Corcora botúin - cinn mhóra ina measc - nuair a bhí cúrsaí
litríochta faoi chaibidil aige:
... as time went on and the strength of the Gaels declined, one change overtook another, and gradually the bardic school became a Court of Poetry.
Corkery, The Hidden Ireland, 107-8.
After the terror of 1798 the aisling poem is heard no more; though the genre may still survive, it is used now to comfort some lover’s heart, and not the heart of the nation.
Corkery, The Hidden Ireland, 144.
… everything Irish in that stricken land was decaying; the language itself was, of course, decaying, declining everywhere almost into a patois, and the learning that it enshrined was shrinking, until, in the end, a true peasant’s brain could easily comprehend it.
Corkery, The Hidden Ireland, 157-8.
Má tá fianaise ann a thacódh leis an teoiric gur eascair cúirteanna éigse an 18ú
céad ó scoileanna filíochta an tseanreachta, níl sí feicthe
agamsa; beidh mé sásta an fhianaise a scrúdú más ann di, ach
gheibhim blas an rómánsachais anacrónaigh ar theoiric Uí Chorcora.
Mar an gcéanna, níl aon amhras ach gur mhair an aisling pholaitiúil isteach
sa 19ú céad – rud a thaispeánfar thíos. Agus níl aon bhunús leis
an tuairim gur tháinig deireadh le léann na Gaeilge uair éigin i
rith an 18ú céad: bhí scríobhaithe na lámhscríbhinní Gaeilge
chomh hoilte céanna, agus i bhfad níos líonmhaire, sa céad leath
den 19ú céad – rud atá léirithe agam cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí.
Níl The Hidden Ireland gan locht, ach is beag locht
a fuair na staraithe acadúla air agus is beag tagairt a deineadh dó
sna leabhair staire go ceann i bhfad. Tuigeadh dóibh, de réir
dealraimh, gur bhain saothar Uí Chorcora le léann na Gaeilge –
ábhar nár bhain leosan toisc gur i mBéarla a scríobhadh páipéir
stáit an 18ú céad. Agus nuair a thug staraí mór le rá faoin
leabhar sa deireadh thiar, níorbh iad tuairimí eacnamaíocha,
sóisialta ná liteartha Uí Chorcora ba chás leis go príomha, ach
an tuiscint a nocht sé ar dhearcadh polaitiúil an phobail san 18ú
céad. Sílim go bhfuil éirim na haiste a
scríobh Louis Cullen le fáil san abairt seo a leanas:
The rise of the Gaelic League and later of Sinn Féin led to a heightened national consciousness. Identifying certain elements in the poetry of the eighteenth century, it quickly read into those elements its own preoccupations.
Louis Cullen, The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept (An Muileann gCearr, 1988), 7.
Dar leis an staraí, bhain Ó Corcora
míthuiscint as na tuairimí polaitiúla atá le léamh i litríocht
Ghaeilge an 18ú céad. San áit a bhfaca sé naimhdeas na
coitiantachta le bunaíocht pholaitiúil agus shóisialta na linne,
ní raibh ann i ndáiríre ach gangaid a bhain le haicme chúng a raibh stádas ard caillte aici i rith an 17ú céad:
The Munster poetry, it is argued here, reflects the outlook of a far from insubstantial though still restricted class. The sense of oppression that it has suggested to many should be attributed rightly to identification by the group with the landed class uprooted in the social and political upheavals of the seventeenth century.
Cullen, The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept, 27-8.
Scríobh Cullen ‘the
aisling
was a literary form; not a message for the people’
- ráiteas míloighciúil a ndéanfadh Breandán Ó Buachalla spior spear
de ar ball. Ach ghlac staraithe eile leis an léamh úr seo. Níor
chóir údar a cháineadh mar gheall ar sheafóid a bhreac an foilsitheoir ar chlúdach a leabhair ach ba dheacair postúlacht na
bolscaireachta atá le léamh ar chúl leabhrán an Chuileánaigh a
shárú:
In 1969 Professor Louis Cullen exposed Corkery’s uncomplicated view of the period, coloured by the early twentieth-century national revival, in this classic of revisionism (the name whereby historians interpret Ireland’s mythologies).
Cullen, The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept, clúdach cúil
Ar ndóigh, d’oir breith an
Chuileánaigh go seoigh dóibhsean a raibh drogall orthu dul i ngleic
le fianaise na bhfoinsí Gaeilge. An fuath sin don stát, don eaglais bhunaithe agus don aicme cheannais a léiríodh i litríocht an 18ú céad, ba chóir
neamhshuim a dhéanamh de mar ní raibh de bhunús leis i ndáiríre
ach searbhas na bhfilí:
What Corkery had taken as the voice of a whole people Cullen was able to present instead as the jaundiced outlook of a particular interest group, the Gaelic poets, lamenting the overthrow of a social order in which their profession had enjoyed privileged status.
S.J. Connolly, ‘Eighteenth-century Ireland’ in Boyce agus O’Day (éag.),Modern Irish History: Revisionism and the Revisionist Controversy (Londain, 1996), 21.
Ní raibh filí an 18ú
céad ag cleachtadh gairme, ar ndóigh, ach ná tagadh fíric fhánach idir sinn agus an teoiric atá caoithiúil.
Táim sásta gur fearr an
léargas a thug Ó Corcora, tráchtaire cultúir, ar litríocht an
18ú céad sa bhliain 1924 ná an léargas a thug Cullen, staraí sóisialta, ar an
litríocht chéanna sa bhliain 1969. Ní shin le rá nach bhfuil anáil na ré inar
scríobhadh é le brath ar The Hidden Ireland: dhein an
Corcorach beag is fiú den Seacaibíteachas, mar shampla, agus
sheachain sé an t-ábhar seicteach atá le fáil go flúirseach i
bhfilíocht an 18ú céad. Ach is minic a bhuail sé a
mhéar go cruinn ar ghné thábhachtach de chultúr na tréimhse a
bhí faoi chaibidil aige:
The place that the Stuarts themselves occupy in the Scottish poems is occupied in the Irish poems by Ireland herself.
Corkery, The Hidden Ireland, 134.
Chuir an abairt thuas an
méid a scríobh Wilson McLeod, scoláire Albanach, i gcuimhne dom:
In profound contrast to Ireland, Scotland (or its various parts) is never given any kind of human personality—never, for example, addressed as a living being in the manner so commonly used for Ireland.
Wilson McLeod, Divided Gaels: Gaelic Cultural Identities in Scotland and Ireland c.1200-c.1650 (Oxford, 2004), 136.
Nó cuir an
sliocht seo a leanas:
The Aisling is lyric poetry at its most lyrical … they were the popular songs of the period: they passed quickly from mouth to mouth, were hankered after, were stored in the brain, were given down from father to son.
Corkery, The Hidden Ireland, 136.
i gcomórtas
leis an gcur síos seo a scríobh saineolaí ar bhéaloideas na hÉireann:
Aon áit a dtagadh daoine le chéile ann, d’fhéadfaí tuairimí a scaipeadh. Bhí genres faoi leith níos tábhachtaí ná a chéile chuige sin. Scaip aislingí an 18ú haois machnamh seacaibíteach ó bhéal go béal i bhfoirm amhráin Ghaeilge, agus i scríbhinn freisin.
Diarmuid Ó Giolláin, An Dúchas agus an Domhan (Corcaigh, 2005), 96.
Agus nuair a scríobh Ó
Corcora an abairt seo thíos:
Some at least of those tutoring years had gone by before the next great Munster poet, Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin was born: he was naturally, then, as democratic in feeling as Ó Rathaille was aristocratic.
Corkery, The Hidden Ireland, 168.
bhí sé ag cur smaoineamh in iúl
a dtacódh Breandán Ó Buachalla leis ar ball:
Agus mar sin, cé gur mar reitric choimeádach ag cosaint luachanna traidisiúnta an Ancien Régime a nocht an Seacaibíteachas é féin ar dtús, is mar reitric cheannairceach a thug dúshlán an status quo a d’fheidhmigh sí in Éirinn ar deireadh.
Breandán Ó Buachalla, ‘An cúlra ideolaíoch’ inGearóid Ó Tuathaigh (eag.), Éirí Amach 1798 in Éirinn (Indreabhán, 1998), 34.
Beirt a bhfuil trácht orthu in aislingí a chuir Diarmaid Ó Muirithe in eagar |
An teoiric sin a bhí ag Louis Cullen – an teoiric nach raibh san aisling ach seánra liteartha agus gur ag breathnú siar i dtreo an 17ú céad a bhí lucht a cumtha, is furasta í a bhréagnú. Ní gá ach ceann a thógaint do theachtaireachtaí polaitiúla na n-aislingí a cumadh sa 19ú céad. Seo mar a labhair Donncha Ó Súilleabháin, file, leis an spéirbhean a casadh air [is ionann ‘go dtí’ sa líne dheireanach agus ‘go dtaga’]:
Dá dtiocfadh trúp go cuan an DainginRoinnt blianta ina dhiaidh sin arís, bhí ‘Dónall binn Ó Conaill caoin’ á mholadh go dátheangach ag spéirbhean in aisling nach fios cé a chum ach a cuireadh i gcló ar mhórbhileog:
is súgach mar a léimfinn,
ba radharc sa dúthaigh búir á dtreascairt
agus póirt dá lasadh in éineacht;
mar go deimhin táid siúd ar a gcúrsa ag teacht
le cúnamh ceart an Aonmhic,
is domhain do chumha gan fonn, a bhean,
go dtí Bonaparte lá gréine.
Diarmuid Ó Muirithe (eag.), An tAmhrán Macarónach (BÁC, 1980), 112.
Do fhreagair sí mise go tapa le meidhir,Seánra liteartha ba ea an aisling gan aon agó, ach is iomaí teachtaireacht don phobal a scaipeadh trína meán.
“I’m none of those damsels, O’Kelly, you mean,
ach Éire, cé fada mé ag taisteal i gcéin
but now I’ll come over to my own native isle”.
Á insint le mórtas go mbeidh Dónall faoi mheidhir,
exalted, victorious, most glorious in style,
ag rúscadh clann Luther go tapa thar faill,
agus fágaimis siúd mar atá sé.
Ó Muirithe, An tAmhrán Macarónach, 103.
An léargas ar dhearcadh an phobail a tugadh i leabhar Uí Chorcora, tá sé níos cruinne ná an léargas a thug Louis Cullen breis agus daichead bliain dár gcionn. Ní féidir a shéanadh go bhfuil idir bhotúin agus bhearnaí le brath ar The Hidden Ireland, ach ní saothar é a chuir déistin ar scoláire maith riamh. Saothar ceannródaíoch ba ea é ag am a fhoilsithe agus is cloch mhíle é le fada i stair intleachtúil na hÉireann.