07/03/2012

Séarlas Mór

I mí Dheireadh Fómhair seo caite tharla i bPáras mé don chéad uair le cúpla bliain anuas. D’fhilleas abhaile le lasta leabhar agus físeán - a bhformhór acu bainteach leis an stair ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Ina measc bhí an tríú imleabhar de chuimhní cinn Charles de Gaulle, imleabhar dar teideal Le salut: 1944-1946, agus dhá scannán faoin bhfear céanna a deineadh don bhealach teilifíse France 2. Ní hé an 20ú céad an tréimhse is mó a bhfuil suim agam inti – dix-huitièmiste go smior is ea mé – ach tá suim ar leith agam i saol agus i bpearsantacht le grand Charles le fada.

De Gaulle i gcló agus i bhfíor


      Ba é an rud a mhúscail an tsuim sin ionam ná an chéad imleabhar dá chuimhní cinn, L’appel 1940-42, leabhar a léas tuairim is fiche bliain ó shin – chím gur sa bhliain 1989 a clóbhuaileadh an chóip atá agam. Ba dheacair d’úrscéalaí eachtra a bheadh chomh corraitheach le scéal de Gaulle a chumadh. Oifigeach airm ba ea é a thuig an tábhacht a bhainfeadh le tancanna sa chéad chogadh eile agus scríobh sé leabhar dar teideal Vers l’armée de métier (‘I dtreo airm ghairmiúil’) ar an ábhar sa bhliain 1935, leabhar nár tharraing mórán airde sa bhFrainc ach a léadh go cúramach lastoir den Réin. Cúig bliana dár gcionn, d’úsáid an Wehrmacht na taicticí a bhí molta ag de Gaulle chun línte cosanta na bhFrancach a réabadh. Fuair de Gaulle post sóisearach i rialtas Paul Reynaud ag an nóiméad deireanach nuair a bhí na Gearmánaigh ag druidim le Páras. Ba léir do chách go raibh ‘cath na Fraince’ caillte um an dtaca sin, ach bhí de Gaulle ar an mbeagán a thuig nárbh ionann cath na Fraince a chailliúint agus an cogadh a chailliúint. Mhol sé go n-aistreofaí an rialtas go dtí an Ailgéir; go gcúlódh an cabhlach, a raibh fágtha den aerfhórsa, is an méid den arm a d’fhéadfaí a shábháil, go dtí an Afraic thuaidh nó go Sasana; agus – thar aon rud eile – go leanfaí leis an troid. Ba léir dó go gcuirfeadh na Sasanaigh a gcosa i dtaca, nach fada a mhairfeadh an tsíocháin mhínádúrtha idir an Naitseachas agus an Cumannachas, agus go dtarraingeofaí na Stáit Aontaithe isteach sa chogadh luath nó mall. Dearcadh eile ar fad a bhí ag formhór na bpolaiteoirí agus na gceannairí míleata: ní raibh sa Dara Cogadh Domhanda, dar leosan, ach an cogadh ba dhéanaí i sraith cogaí a fearadh idir an Fhrainc agus an Ghearmáin le trí ghlúin anuas. Chaill an Fhrainc an chéad chogadh sa tsraith, bhuaigh sí an dara ceann, agus anois bhí an tríú ceann caillte aici. Ba mhillteanach an buille é, gan amhras, ach chaithfí glacadh leis an saol mar a bhí. Thiocfadh an Fhrainc chuici féin in athuair mar a dhein sí tar éis bhriseadh na bliana 1871; i gceann glúine nó dhó eile, cá bhfios nach mbeadh an bua aici sa cheathrú cogadh den tsraith? Iarradh sos cogaidh agus bhronn an Assemblée nationale cumhacht iomlán ar an Marascal Philippe Pétain, laoch mór an Chéad Chogaidh Dhomhanda.

      Ach Charles de Gaulle, leas-aire cosanta le coicís agus ginearál dhá réalta nach raibh iomrá ar bith air i measc an phobail, dhiúltaigh sé glacadh le breith an mhóraimh. Thug sé a chúl le rialtas bunaithe a thíre – rialtas a d’aithin tíortha an domhain (Éire is na Stáit Aontaithe, an tAontas Sóivéadach is an Vatacáin ina measc) – agus thug sé a aghaidh ar Shasana. Ní raibh ina theannta ach a aide de camp, an Leifteanant Geoffroy de Courcel, amhail Don Quijote agus Sancho Panza na nua-aoise. Seo mar a scríobh de Gaulle faoin am sin:
je m’apparaissais à moi-même, seul et démuni de tout, comme un homme au bord d’un océan qu’il prétendrait franchir à la nage. (L’Appel, 86) 
[chonacthas dom féin go rabhas i m’aonar agus fágtha gan taca, mar a bheadh duine ar imeall aigéin agus é ag iarraidh snámh trasna.]
Ba bheag uchtach a tugadh dó nuair a chuaigh sé i gcomhairle leis na Francaigh mór le rá a bhí i Londain roimhe. Jean Monnet, éarlamh na nEorpach, chuir sé i gcoinne an rúin a bhí ag an nGinearál údarás polaitiúil agus fórsa míleata Francach a chruthú chun leanúint ar aghaidh leis an gcogadh:
« Vous avez tort ! m’écrivait M. Jean Monnet, de constituer une organisation qui pourrait apparaître sous la protection de l’Angleterre ... » (L'Appel, 104) 
[‘Is botún duit é’, a scríobh an tUasal Jean Monnet chugam, ‘eagraíocht a bhunú a mbeidh an chuma uirthi go bhfuil sí faoi choimirce Shasana ...’]
Níor chuir lagmhisneach a gcomhthíreach isteach ná amach ar an nGinearál agus chraol an BBC a ghairm scoile, an 18 Meitheamh 1940, craoladh inar impigh sé ar na Francaigh a bhí ag iarraidh leanúint leis an troid dul i dteagmháil leis. Thosaigh daoine ag cloí leis an France Combattante, mar a ghlaofaí ar an ngluaiseacht, ina nduine agus ina nduine ar dtús, ansin ina mbaicle agus ina mbaicle. Dhá mhí dár gcionn, thiontaigh an chéad mhír d’impireacht na Fraince a cóta nuair a thug na húdaráis choilíneacha i Sead a ndílseacht do ghluaiseacht de Gaulle seachas do rialtas an Mharascail Pétain. Faoin 18 Meitheamh 1942, nuair a labhair an Ginearál ag slógadh dá lucht leanúna san Albert Hall i Londain, bhí 70,000 fear ag troid i bhfórsaí armtha na Fraince Saoire. Bhí dhá rannán armúrtha ina measc, agus bhí ceann de na rannáin sin tar éis meanma na bhFrancach ar fud na cruinne a ardú trí chath a bhriseadh ar Afrikakorps na Gearmáine ag Bir-Hakeim. Labhair de Gaulle leis an slua a bhí bailithe san Albert Hall agus lena chomhthírigh sa bhaile a bhí ag éisteacht lena óráid ar an raidió:
Je constate, qu’en dépit de tout, la France Combattante émerge de l’océan. « Quand, à Bir-Hakeim, un rayon de sa gloire renaissante est venu caresser le front sanglant de ses soldats, le monde a reconnu la France ... » (L’Appel, 321-2) 
[D’áitíos go raibh, in ainneoin gach rud, la France Combattante ag teacht as an aigéan. ‘Ag Bir-Hakeim, nuair a dhealraigh gath dá glóir athbheoite ar éadan fuilteach a saighdiúirí, d’aithin an saol an Fhrainc ...’]
Dhá bhliain ní ba luaithe, ba ridire buile é a bhí tógtha le seifteanna mire, ach faoi lár na bliana 1942 bhí meas speisialta tuillte ag de Gaulle, an meas sin a thugtar ar an bhfáidh a chuir i gcoinne chiall na coitiantachta ach ar léirigh imeacht na haimsire gur aige a bhí an ceart ón tús.

      Léas an dara imleabhar de chuimhní cinn an Ghinearáil, L’unité 1942-1944, tamall gairid tar éis dom an chéad imleabhar a chríochnú. Níor imigh sé i gcion orm ar an mbealach céanna áfach: ní ag snámh in aghaidh easa a bhí an t-údar sna blianta 1943-4, ar ndóigh, ach ag seoladh roimhe le cóir ghaoithe a bhí ag dul i dtreis an t-am ar fad – rud a d’fhág nach raibh an eachtraíocht rómánsúil chéanna ag baint lena chuntas. Sin an fáth gur shleamhnaigh fiche bliain eile thart sular chríochnaíos an tríú imleabhar dá chuimhní cinn an tseachtain seo caite. Ní fhéadfainn a rá go bhfuil Le salut: 1944-1946 chomh spreagúil leis an gcéad imleabhar sa tsraith, ach tá ábhar tábhachtach ann don té ar mhaith leis polaitíocht na hEorpa sa ré iar-chogaidh a thuiscint. I mí na Samhna sa bhliain 1944 thug Winston Churchill, príomh-aire na Breataine, cuairt oifigiúil ar Pháras don chéad uair ó saoradh an chathair agus d’impigh de Gaulle air comhghuaillíocht bhuan a shnaidhmeadh leis an bhFrainc:
« Vous le voyez, la France se reprend. Mais, quelle que soit ma foi en elle, je sais qu’elle ne retrouvera pas de sitôt sa puissance d’autrefois. Vous, Anglais, de votre côté, terminerez cette guerre couverts de gloire. Cependant, dans quelle mesure – si injuste que cela soit – votre situation relative risque-t-elle d’être diminuée, étant donné vos pertes et vos dépenses, les forces centrifuges qui travaillent le Commonwealth et, surtout, l’ascension de l’Amérique et de la Russie, en attendant celle de la Chine ! Voilà donc que, pour affronter un monde tout nouveau, nos deux anciens pays se trouvent affaiblis simultanément. S’ils demeurent, en outre, séparés, pour combien comptera chacun d’eux ? » (La salut, 77-8) 
[‘Mar a chíonn tú, tá an Fhrainc ag téarnamh. Ach dá mhéad mo mhuinín aisti, tuigim nach bhfaighidh sí an chumhacht a bhíodh aici ar ais go luath. Sibhse, na Sasanaigh, beidh sibh clúdaithe le glóir ag deireadh an chogaidh seo. Ach fós féin – cé nár cheart é b’fhéidir – tá baol ann go mbeidh laghdú áirithe ar bhur stádas, i bhfianaise a bhfuil caillte agus caite agaibh, i bhfianaise na bhfórsaí scarúnaíocha atá gníomhach sa Chomhlathas agus, thar aon rud eile, i bhfianaise teacht chun cinn Mheiriceá agus na Rúise, agus an tSín fós le teacht! Dá bharr sin, agus iad ag dul i ngleic le domhan atá go hiomlán nua, tá ár dhá dtír seanda lagaithe ag an am céanna. Má fhanann siad scartha, anuas air sin, cén tionchar a bheidh ag ceachtar acu?’]
Níorbh ionann an dearcadh a bhí ag Churchill, áfach. Buadh ar an bhFrainc in 1940, in éineacht leis an Ísiltír agus an Bheilg; buadh ar an Iodáil in 1943; buadh ar an nGearmáin in 1945. Ach níor buadh ar an mBreatain riamh, rud a d’fhág gur chreid Churchill gur chumhacht mhór í go fóill. Thairis sin, bhí seift eile aige a bhí níos tarraingtí ná comhghuaillíocht leis an bhFrainc – ‘caidreamh speisialta’ a bhunú lena chomh-Angla-Shacsanaigh. Seo mar a mhínigh sé an scéal don Ghinearál:
« J’ai noué avec Roosevelt des relations personnelles étroites. Avec lui, je procède par suggestion afin de diriger les choses dans le sens voulu. » (Le salut, 79) 
[‘Tá caidreamh pearsanta an-dlúth agam ar Roosevelt. Ina chás-san, tugaim leideanna dó chun cúrsaí a stiúradh sa dtreo a theastaíonn.’]
Bheadh ar na Francaigh teacht ar bheartas eile dá mba mhian leo suíochán a choinneáil i measc na gcumhachtaí móra, agus mhínigh de Gaulle an straitéis sin go gonta ina leabhar:
Amener à se grouper, aux points de vue politique, économique, stratégique, les États qui touchent au Rhin, aux Alpes, aux Pyrénées. Faire de cette organisation l’une des trois puissances planétaires et, si’il le faut un jour, l’arbitre entre les deux camps soviétique et anglo-saxon. (Le salut, 258) 
[Na stáit a bhaineann leis an Réin, leis na hAlpa, leis na Piréiní a stiúradh agus a chomhdhlúthú ó thaobh na polaitíochta, na heacnamaíochta agus na straitéise de. Ceann de na trí chumhacht dhomhanda a dhéanamh den eagras seo a bheidh – más gá é lá éigin – ina réiteoir idir an dá champa, na Sóivéadaigh agus na hAngla-Shacsanaigh.]
Sin é an síol ónar fhás an tAontas Eorpach. Is minic a chloistear bolscairí an Aontais ag maíomh gurb í an ghluaiseacht i dtreo aontais pholaitiúil a chuir deireadh leis an gcogaíocht in iarthar na mór-roinne ó 1945 i leith. Níl aon dealramh leis an maíomh sin. Ní leomhfadh an Fhrainc, an Ghearmáin, ná stát ar bith eile san Eoraip an pax Americano-Sovietica a bunaíodh sa bhliain 1945 a bhriseadh – ná níor theastaigh uathu é sin a dhéanamh ach an oiread. Thuig ceannairí na dtíortha go léir ar buadh orthu sna blianta idir 1940 agus 1945 nárbh acmhainn dóibh iad féin a iompar mar chumhachtaí móra a thuilleadh gan cur le chéile.

De Gaulle (Bernard Farcy) agus a bhean in Éirinn


      Cheannaíos dhá fhíseán nuair a bhíos i bPáras chomh maith. Is é Le grand Charles an ceann is sine (2006), is faide (207 nóiméad), agus is tathagaí. Bernard Farcy atá i bpáirt an Ghinearáil agus tá an aisteoireacht go maith ó thús deireadh. Ag tús an scannáin, chímid de Gaulle agus a bhean Yvonne ag spaisteoireacht ar an tráigh ag Doire Fhionnáin, tar éis dó éirí as an uachtaránacht sa bhliain 1969. Ina dhiaidh sin, léirítear na heachtraí ba thábhachtaí a bhain dó i rith an chogaidh, ach is ar na blianta idir 1946 agus 1958 nuair a bhí sé as cumhacht (‘la traversée du désert’ nó ‘an turas trasna an fhásaigh’ mar a thugtar ar an tréimhse) is ábhar don scannán seo i ndáiríre. Theip ar an Rassemblement du peuple français, gluaiseacht pholaitiúil a bhunaigh de Gaulle sna blianta sin, ach glaodh ar ais é nuair a bhí cogadh cathartha ar tí briseadh amach de bharr ghéarchéim na hAilgéire. Ceann díoróin na staire is ea é gur chinn polaiteoirí na Fraince cumhacht iomlán a bhronnadh ar an nGinearál de Gaulle nuair a chlis ar an 4ú poblacht, go díreach mar a bhronnadar cumhacht iomlán ar an Marascal Pétain nuair a chlis ar an 3ú poblacht ocht mbliana déag roimhe sin.

Celui qui a dit « non ! »


      Níl an dara físeán, L’appel du 18 juin, chomh domhain, chomh mionchúiseach ná chomh cruinn leis an gcéad cheann, ach tá sé i bhfad níos eachtrúla. Scannán 90 nóiméad is ea é a deineadh in 2010 agus atá dírithe ar an dá lá déag idir an 6 Meitheamh 1940 nuair a ceapadh de Gaulle ina leas-aire cosanta, agus an 18 Meitheamh nuair a chraol an BBC a ghairm scoile. Michel Vuillermoz atá sa phríomhpháirt an babhta seo agus tá sé ar fheabhas. Go deimhin, tá an aisteoireacht agus an script go maith tríd is tríd, ach cuirtear fíricí na staire as a riocht uaireanta ar mhaithe leis an drámatacht: níor ionsaigh an Luftwaffe an t-eitleán inar eitil de Gaulle go Londain, mar shampla, ná ní raibh Churchill i láthair nuair a dhein de Gaulle an craoladh cinniúnach. Thairis sin, caithfear a rá nach bhfuil an dearadh saor ó locht.

Folcadh à la française


Tá de Gaulle á fholcadh féin sa radharc thuas – in óstán i Londain mar dhea. Ach tá ball áirithe troscáin le feiscint nach bhfacthas a leithéid i seomra folctha Angla-Shacsanach riamh! Sa radharc thíos, tá de Gaulle tar éis dul ar bhord eitleáin de chuid an Royal Air Force le dul go Sasana – ach féach an suaitheantas dearg faoin bhfuinneog ar thaobh an eitleáin: ní féidir a shéanadh gur suaitheantas Angla-Shacsanach atá i gceist an uair seo, ach ní fhágann sé sin gur suaitheantas Briotanach é ...

De Gaulle parmi les Anglo-Saxons


Ach in ainneoin na mbotún deartha seo, is fiú súil a chaitheamh ar L’appel du 18 juin toisc gur léiriú éifeachtach é ar an teannas agus ar an mearbhall, ar an éadóchas agus ar an gcrógacht, a bhain le titim na Fraince.

      Má chaith Charles de Gaulle an 18 Meitheamh 1940 i Londain, is i mBaile Átha Cliath a chaith sé an lá céanna sa bhliain 1969. Bhí sé ar tí Éire a fhágáil tar éis dó mí a chaitheamh ar saoire i gCiarraí agus i nGaillimh, ach chaith sé cúpla lá cois Life ag deireadh a thurais ar chuireadh an uachtaráin, Éamon de Valera. Ag cruinniú a bhí aige le baill den rialtas, fiafraíodh de cén chomhairle a bheadh aige do mhuintir na hÉireann. Is fiú machnamh a dhéanamh ar an bhfreagra a thug sé:
« Vous avez votre indépendance politique. Il faut que vous obteniez votre indépendance économique et intellectuelle. » 
[‘Tá bhur neamhspleáchas polaitiúil agaibh. Caithfidh sibh bhur neamhspleáchas eacnamaíoch agus intleachtúil a fháil.’]
Tá scríobh na staire ar cheann de na réimsí ina bhfuil gá leis an neamhspleáchas intleachta sin.