29/11/2018

Ar imeall na staire

Caius Iulius Caesar
Rinne léigiúin na Róimhe concas ar an nGaill sna blianta idir 58 agus 50 R.Ch. Cé go ndearna ceannasaí na Rómhánach, Caius Iulius Caesar, ionradh ar an mBreatain faoi dhó sna blianta 55 agus 54 R.Ch., ní raibh sé de rún aige an Bhreatain a thabhairt faoi smacht: níor theastaigh uaidh ach cumhacht na Róimhe a chur ar a súile do threibheanna Briotanacha ar an gcósta theas a bhí ag cuidiú leis na Gallaigh. Scríobh Caesar cuntas ar an gcogadh sa Ghaill ina bhfuil ceann de na tagairtí is luaithe d’Éirinn sa litríocht chlasaiceach: ní raibh in Éirinn, dar leis, ach leath d’achar na Breataine agus bhí sí chomh fada ar shiúl ón mBreatain is a bhí an t-oileán úd ón nGaill: ‘Hibernia, dimidio minor, ut aestimatur, quam Britannia, sed pari spatio transmissus atque ex Gallia est in Britanniam’. Tá na meastacháin seo cruinn go leor agus tugann siad le fios dúinn go raibh teagmháil éigin idir críocha na Meánmhara agus Éire faoi lár an chéid roimh Chríost. Ar an láimh eile, thug Strabo, údar Gréagach, tuairisc mhíchruinn ar Éirinn sa leabhar tíreolaíochta a scríobh sé timpeall na bliana A.D. 19. Dar le Strabo, bhí ‘'Ίέρνη (‘Ierne’) suite lastuaidh den Bhreatain agus bhí an fuacht chomh feanntach sin gurbh ar éigean a bhí daoine in ann maireachtáil ann: ‘άθλίως δὲ διά ψύχος οἰκουμένην, ῶστε τά έπέκεινα νομίζειν άοίκητα’. D’áitigh Strabo freisin gur chanablaigh iad muintir na hÉireann agus go raibh ciorrú coil coitianta ina measc. Bhí cuntas níos iontaofa ag Pomponius Mela, údar a rugadh i ndeisceart na Spáinne, in De Chorographia, leabhar tíreolaíochta a scríobhadh timpeall an ama a chuir an tImpire Claudius tús le concas na Breataine (A.D. 43). Níor fheil aeráid na hÉireann do shaothrú an arbhair, de réir Mela, ach bhí an féarach inti chomh méith sin nár ghá don eallach ach cuid bheag den ló a chaitheamh ag iníor: ‘caeli ad maturanda semina iniqui, verum adeo luxuriosa herbis non laetis modo sed etiam dulcibus, ut se exigua parte diei pecora impleant’. Ina dhiaidh sin féin, mhaígh Mela gur dhream aineolach mí-ionraic iad na hÉireannaigh. Is de réir a chéile a ghlac na Rómhánaigh forlámhas ar an mBreatain. Nuair a chuir Gnaeus Iulius Agricola, gobharnóir Rómhánach an oileáin, cogadh ar na Cruithnigh i ndeisceart na hAlban sna blianta A.D. 82-83, d’fhéach sé trasna Sruth na Maoile ar chósta na hÉireann. D’fhág Publius Cornelius Tacitus, cliamhain Agricola agus staraí, an tuairisc seo a leanas ar Éirinn:
Spatium eius, si Britanniae comparetur, angustius, nostri maris insulas superat. Solum caelumque et ingenia cultusque hominum haud multum a Britannia differunt; in melius aditus portusque, per commercia et negotiatores cogniti. Agricola expulsum seditione domestica unum ex regulis gentis exceperat ac specie amicitiae in occasionem retinebat. Saepe ex eo audivi legione una et modicis auxiliis debellari obtinerique Hiberniam posse ...

(Ó thaobh achair de, tá sí níos caoile le hais na Breataine agus níos mó ná oileáin ár mara. Maidir le talamh is aeráid, meon is cultúr na ndaoine, is beag idir í agus an Bhreatain; tá eolas níos fearr curtha ar a hinbhir agus ar a cuanta trí thrádáil is trí cheannaithe. Thug Agricola coimirce do dhuine dá ríthe tuaithe a díbríodh de bharr ceanairce sa bhaile, á choinneáil le comharthaí cairdis is ag faire na faille. Is minic a chualas é á rá go bhféadfaí Éire a cheansú is a ghabháil le léigiún amháin agus líon beag comhghuaillithe ...) 
Níl aon fhianaise gur tháinig Agricola ná aon saighdiúir Rómhánach eile i dtír in Éirinn riamh, ach bhí lucht trádála na himpireachta ag taithí margaí na hÉireann roimh dheireadh an chéid tar éis Chríost. Is é an cruthúnas is soiléire air sin an mionchuntas Gréigise ar Éirinn a scríobh Claudius Ptolemaeus, tíreolaí a raibh cónaí air i gCathair Alasdair na hÉigipte.

Éire de réir Claudius Ptolemaeus
     Timpeall na bliana A.D. 150, scríobh Ptolemaeus leabhar inar liostáil sé na cinn tíre, na hinbhir, na treibheanna agus na ‘cathracha’ ba thábhachtaí in Ίουερνία (‘Iwernia’). Luaigh sé fad agus leithead gach ceann tíre, agus fágann sé seo gur féidir mapa garbh den oileán a tharraingt. Cúig abhainn déag a bhí ar liosta Ptolemaeus agus tá an tSionainn, an Bhearú, an Bhóinn agus Loch Lao so-aitheanta: ‘Σήνου’ (‘Sēnu’), ‘Βίργου’ (‘Birgu’), ‘Βουουίνδα’ (‘Buwinda’) agus ‘Λογία’ (‘Logia’) a bhí orthu faoi seach. Thug Ptolemaeus ainmneacha sé threibh déag a bhí lonnaithe feadh an chósta agus bhí dhá cheann de na ciníocha ba thábhachtaí sa luathstair ina measc: mar atá, na hUltaigh (‘Οὐολούντιοι’ nó ‘Woluntioi’) ó thuaidh agus na hÉrainn (‘᾿Ιούερνοι’ nó ‘Iwernoi’) ó dheas. Thagair Ptolemaeus do phobal eile, na ‘Βρίγαντες’ (‘Brigantes’), agus bhí críoch fhairsing ag treibh den ainm céanna i dtuaisceart Shasana. Dhealródh sé gur choilíneacht ón mBreatain iad Brigantes na hÉireann. Thairis sin, síleann teangeolaithe go bhfuil bunús Briotainise le roinnt de na hainmneacha eile a luaigh Ptolemaeus, rud a thacaíonn leis an tuairim go raibh treibheanna ón mBreatain ag lonnú in Éirinn ar feadh i bhfad. Go deimhin, bhí pobail éagsúla in Éirinn a áiríodh mar ‘Chruithin’ ag tús ré na staire: orthu seo bhí Dál nAraidi i gcontae Aontroma; Uí Echach Cobo i gcontae an Dúin; agus na Loígis, an treibh as ar ainmníodh contae Laoise. Glaodh ‘Cruithin’ chomh maith ar na Briotanaigh i dtuaisceart na hAlban a d’fhan neamhspleách ar impireacht na Róimhe. Ní hé go raibh gaol gairid idir Cruithin na hÉireann agus na hAlban, ach go bhfreagraíonn ‘Cruithin’ do *Pritani na Briotainise, an focal ónar tháinig ‘Britannia’ na Laidine agus ‘Prydain’ na Breatnaise. Déanach go leor sa réamhstair a chuir na Cruithin fúthu in Éirinn, de réir dealraimh. Cé nach raibh bailte ar bith in Éirinn sa dara céad, luaigh Ptolemaeus deich gcinn de πόλεις, agus is téarma é ‘πόλις’ (‘polis’) a chiallaigh ‘cathair’ nó ‘stát cathrach’ sa Ghréig chlasaiceach. Is cinnte go raibh láithreacha ríoga i gceist i gcomhthéacs na hÉireann mar thug Ptolemaeus ‘῾Ρηγία’ (‘Rhēgia’) ar dhá áit: ceann amháin i gcúige Uladh agus an ceann eile sa Mhumhain. Is ionann an t-ainm seo agus ‘regia’ na Laidine, téarma a chiallaíonn ‘cúirt ríoga’. Is cosúil gurbh é Eamhain Mhacha an suíomh thuaidh. Lena chois sin, is cosúil gurbh é Dún Ailinne a bhí i gceist le ‘Δοὐνον’ (‘Dunon’), an focal Ceiltise ónar tháinig ‘dún’ na Gaeilge.

An ceann tíre ag Droim Meánach


     Fuair Ptolemaeus an t-eolas a bhí aige ó mhairnéalaigh agus ó cheannaithe agus bheifí ag súil go mbeadh ionaid trádála agus láithreacha aonaigh ar a liosta in éineacht leis na suímh ríoga. Más amhlaidh atá, tá seans maith gur thagair ‘᾿Έβλανα’ (‘Eblana’), ‘polis’ a bhí suite ar an gcósta thoir idir an Life agus an Bhóinn, do dhún ceann tíre ag Droim Meánach, áit inar aimsíodh réimse leathan earraí de dhéantús na Róimhe. Ina measc seo bhí boinn airgid a d’eisigh na himpirí Titus (A.D. 74-81), Traianus (A.D. 98-117) agus Hadrianus (A.D. 117-138), mar aon le tinní copair, umha agus práis. Cé nach bhfuil tochailt sheandálaíoch déanta ar an suíomh go fóill, tá sé le tuiscint ón ábhar a aimsíodh cheana gur ionad trádála é a thaithíodh ceannaithe ó impireacht na Róimhe sa dá chéad tar éis Chríost. Níl aon amhras ach go mbeadh éileamh ag Rómhánaigh ar sheithí is ar olann na hÉireann, agus ag Éireannaigh ar fhíon (focal a tháinig ó ‘vinum’ na Laidine) is ar éadaí fíneálta na himpireachta. Ar na hiasachtaí ba luaithe a ghlac an Ghaeilge ón Laidin bhí ‘caille’ agus ‘corcair’, focail a tháinig ó ‘pallium’ agus ó ‘purpura’ faoi seach; baineann na téarmaí seo le héadaí agus glacadh leo sula raibh an litir ‘P’ le fáil sa Ghaeilge. Is iasachtaí luatha iad ‘muidhe’ agus ‘uinge’ freisin, téarmaí a bhaineann leis an miosúireacht agus a tháinig ó ‘modius’ is ó ‘uncia’ faoi seach. Agus is cosúil gur ghlac an Ghaeilge le hiasacht níos tábhachtaí fós ón Laidin: mar atá, an scríbhneoireacht.

     Is í an oghamchraobh an modh scríofa is sine in Éirinn. Cé gur cumadh an aibítir chun freastal ar riachtanais na Gaeilge, bhí sí faoi anáil na Laidine ón tús: fiche ‘fiodh’ nó litir a bhí san oghamchraobh agus bhíodar roinnte i gceithre aicme, mar a rinne gramadóirí na Róimhe i gcás litreacha na Laidine. Tháinig an oghamchraobh chun cinn i dtimpeallacht dhátheangach ina raibh an Ghaeilge is an Laidin in úsáid agus tá sé seo ag teacht leis an tuairim gur lucht trádála a mbíodh plé acu le ceannaithe ón impireacht a thionscain an aibítir. Lena chois sin, tá cosúlacht nach beag idir na hoghaim agus na bataí scóir a bhí in úsáid ag ceannaithe i gcaitheamh na gcianta mar níl sna litreacha éagsúla ach eangaí nó línte comhthreomhara (‘fleasca’ mar a tugadh orthu). Tá sé le tuiscint ón téarmaíocht a bhaineann leis an aibítir gur ar adhmad a ghearrtaí í go hiondúil: tá na téarmaí ‘craobh’, ‘fiodh’ agus ‘fleasc’ luaite cheana, agus bhí ‘beith’, ‘fearn’, ‘sail’, ‘dair’ agus ‘coll’ ar na litreacha a d’fhreagair do ‘B’, ‘F’, ‘S’, ‘D’ agus ‘C’. De réir an chuntais in Auraicept na nÉces, graiméar Gaeilge a scríobhadh sa 7ú céad, ‘is amlaid im-drengar ogum amal im-drengar crann’ (‘is amhlaidh go ndreaptar ogham mar a dhreaptar crann’); is é sin le rá, is ón mbun aníos a léitear ogham. Tá Gaeilge na n-ogham is luaithe gar go leor don chanúint Cheilteach a bhí á labhairt sa Ghaill roimh choncas na Rómhánach agus is féidir gur cumadh an aibítir chomh luath leis an dara céad tar éis Chríost. Go deimhin, tá cuma na hársaíochta ar an oghamchraobh féin: tá ‘Q’ ar fáil inti, mar shampla, ach tá ‘F’ agus ‘P’ in easnamh toisc nach raibh na fuaimeanna seo sa Ghaeilge ag am a cumtha. Mar an gcéanna, bhí trí cinn de na litreacha imithe as feidhm faoin am ar tosaíodh ar chlocha oghaim a ghearradh sa 4ú céad de bhrí gur chaill an Ghaeilge na fuaimeanna a bhain leo idir an dá linn. Dar le saineolaí amháin, is iad ‘Y’, ‘St’ agus ‘Gw’ na fuaimeanna a cailleadh. Tá formhór na clocha oghaim sa Mhumhain, i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge go háirithe, ach tá samplaí fánacha ar fud an oileáin. Caithfidh go raibh eolas ar an oghamchraobh scaipthe go fairsing, más ea, agus is dócha go raibh an aibítir in úsáid go forleathan ar earraí adhmaid. Ar an drochuair, dreonn an t-adhmad agus níl ar fáil againn anois ach na hoghaim a gearradh ar chloch. Ba liaga cuimhneacháin iad na clocha oghaim agus, mar a bheifí ag súil leis i gcomhthéacs ómósach mar é, cleachtadh litriú orthu a bhí níos coimeádaí ná teanga labhartha na linne. Ainm pearsanta sa tuiseal ginideach a greanadh ar fhormhór na gcloch mar bhí an focal ‘lia’ intuigthe ag tús na n-inscríbhinní. Tá ‘DALAGNI MAQI DALI’ (nó ‘Dalláin mac Daill’ mar a bheadh air sa tSean-Ghaeilge) le léamh ar chloch ag Móin an tSagairt i gcontae Chorcaí, mar shampla, agus tá ‘CUNAMAQQI AVI CORBBI’ (‘Conmaic uí Chuirb’ sa tSean-Ghaeilge) greanta ar chloch eile ag Baile an tSagairt i gcontae Chiarraí. Luaitear an tuath lenar bhain an té a ainmníodh i gcásanna áirithe: mar shampla, tá an nath ‘MUCCOI DOVVINIAS’ (‘de threibh Dhuibhne’) le léamh ar chlocha oghaim a tógadh i gCorca Dhuibhne.

An oghamchraobh agus cloch oghaim


     Léiríonn na clocha oghaim go raibh caidreamh nár bheag ag Éireannaigh le himpireacht na Róimhe: tá leithéidí ‘AMADU’ (‘Amatus’), ‘MARIANI’ (‘Marianus’), ‘MARIN’ (‘Marinus’), ‘SAGITTARI’ (‘Sagittarius’) agus ‘VITALIN’ (‘Vitalinus’) i measc na n-ainmneacha Laidine a greanadh orthu. Anuas air sin, thángthas ar earraí Rómhánacha in uaigheanna a thugann le fios go raibh dlúthbhaint ag na mairbh leis an impireacht. Fuarthas boinn chopair ó réimis na n-impirí Traianus (A.D. 98-117) agus Hadrianus (A.D. 117-138) in uaigheanna i mBré, contae Chill Mhantáin, agus ba nós ag na Rómhánaigh é suim bheag airgid a adhlacadh leis na mairbh sa chaoi go mbeidís in ann táille Charon, an bádóir a bhéarfadh a n-anam trasna na habhann go Hades, a íoc. Mar an gcéanna, fuarthas réimse earraí Rómhánacha ón dara céad i reilig ar Reachrainn, amuigh ó chósta Fhine Gall. Go deimhin, níl sé as an áireamh go ndeachaigh nósanna adhlactha na Rómhánach i gcion ar na Gaeil: cé nár cleachtadh ach an créamadh in Éirinn ón gcré-umhaois i leith, d’éirigh an t-adhlacadh coitianta arís sa chéad tar éis Chríost. Chuirtí coirp a bhí cromtha ina luí ar a dtaobh i dtús ama, ach ba ghnáth na mairbh a shíneadh ar a ndroim ón 4ú céad amach. Is de réir a chéile a chuaigh nós seanbhunaithe an chréamtha i léig ach, is léir go raibh Éireannaigh áirithe ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na nósanna adhlactha a bhí i réim i gcúige Rómhánach na Breataine. Is féidir go raibh baint ag creideamh nua leis an athrú a tharla, óir bhí pobal daingean Críostaí sa Bhreatain faoi thús an 4ú céad: nuair a ghair Constantinus (A.D. 306-337), an chéad impire Críostaí, comhairle eaglasta ag Arles sa bhliain 314, bhí easpaig i láthair ó eaglais na Breataine.

     Faoin am sin, bhí cósta thiar na Breataine á ionsaí ag creachairí Éireannacha. Timpeall na bliana A.D. 260, thóg na Rómhánaigh dún ag Caerdydd chun inbhir na Sabhrainne a chosaint; is cosúil gur sa 3ú céad freisin a tógadh dhá dhún eile den saghas céanna ar an gcósta thiar, ag Caergybi agus ag Lancaster. Earraí luachmhara agus sclábhaithe a bhí á lorg ag na hÉireannaigh, ní foláir, agus chuaigh na ruathair i ndéine sa 4ú céad. Thagair Latinius Pacatus Drepanius, údar Gallach, don bhua a rug Theodosius Flavius sa bhliain A.D. 367 ar Shacsanaigh agus ar Ghaeil a bhí ag ionsaí cóstaí thoir agus thiar na Breataine faoi seach. Ar an gcuma chéanna, d’áirigh Ammianus Marcellinus, staraí, na Gaeil i measc na gciníocha barbartha a bhí ag buaireamh teorainneacha na himpireachta i gcuntas a scríobh sé timpeall na bliana A.D. 392:
Gallias Raetiasque simul Alamanni populabantur ... Picti Saxonesque et Scotti, et Attacotti Britannos aerumnis vexavere continuis.

(A fhad is bhí na hAlamanni ag bánú na Gaille agus Raetia ... bhí Cruithnigh, Sacsanaigh, Gaeil agus Attacotti ag buaireamh na mBreatnach le himreas gan stad.) 
Ba mhinic an t-ainm nua Scotti ag údair Laidine agus iad ag tagairt do na Gaeil ón 4ú céad amach, ach cérbh iad na Attacotti a luadh ina dteannta? Bunaíodh coilíneachtaí Éireannacha in dhá áit sa Bhreatain ag deireadh an 4ú céad nó ag tús an 5ú céad: lonnaigh na Laighin in Gwynedd i dtuaisceart na Breataine Bige, mar a bhfuil leithinis Llŷn ainmnithe astu, agus d’aistrigh roinnt de na Déise ó oirdheisceart na Mumhan go Dyfed, i ndeisceart na Breataine Bige. Aitheach-thuath ba ea na Déise – is sin le rá, ba threibh iad a d’íocadh cíos le ríocht a bhí níos cumhachtaí ná iad féin. Go deimhin, tá an méid sin le tuiscint óna n-ainm: is ionann ‘déis’ agus ‘aitheach’. Síleann údair áirithe gur leagan truaillithe den téarma ‘aitheach-thuatha’ é Attacotti. Má tá bunús leis an tuairim sin, luíodh sé le réasún gurbh iad na Laighin na Scotti ar thagair Ammianus dóibh sa sliocht thuas. Ruaigeadh na Laighin as Gwynedd tar éis glúine nó dhó, ach bhunaigh na Déise ríocht in Dyfed a mhair go ceann i bhfad agus a comhshamhlaíodh leis an bpobal dúchasach de réir a chéile. D’fhág an dá dhream lorg ar thírdhreach na Breataine Bige, mar thóg coilínigh as Éirinn daichead cloch oghaim sa tír. Is suntasach an ní é go bhfuil inscríbhinní dátheangacha ar an mórchuid acu: cé gur úsáideadh an oghamchraobh don téacs Gaeilge, is í aibítir na Laidine a úsáideadh don téacs Laidine.

     Ach má bhí Gaeil áirithe ag éirí cleachtach ar theanga na himpireachta, bhí an impireacht féin ar tí titim as a chéile: tarraingíodh arm na Róimhe siar ón mBreatain sa bhliain A.D. 407 chun an Ghaill a chosaint i gcoinne na nGearmánach. Bhí deireadh ré ann ar fud iarthar na hEorpa agus níor thaise d’Éirinn é. Chinntigh teacht na Críostaíochta, creideamh ina bhfuil áit lárnach ag an scrioptúr, go mbeadh taithí ag cléir an chreidimh nua ar théacsaí fada lámhscríofa. Bhí deireadh ré ann, ach bhí tús ré ann chomh maith: b’ionann peann a chur le pár agus tús a chur le ré na staire.