24/12/2013

Seo, siúd agus eile

1. Seo

In ainneoin an fhotheidil atá le léamh ag barr an leathanaigh seo, ní bhaineann aiste na míosa seo leis an stair, le staraithe, ná le scríobh na staire. Caithfidh gur thuig sibh i bhfad ó shin nár chóir mórán a léitear ar an idirlíon a chreidiúint – agus murar thuig sibh an méid sin cheana tá súil agam go bhfoghlaimeoidh sibh an ceacht uaim anois. Fillfidh mé ar an saghas stuif a bhíonn idir chamáin agam go hiondúil an mhí seo chugainn, ach ós rud é gur saolaíodh Cúrsaí Staire i mí Eanáir 2012 agus go gcuirfidh an aiste seo clabhsúr ar an dara bliain dá théarma, sílim gur mithid scrúdú beag imleacáin agus coinsiasa a dhéanamh. Caithfidh mé súil ar roinnt staitisticí i dtús báire.

Na haistí liom is mó a léadh (thuas) agus na haistí liom is lú a léadh (thíos)


      Más cruinn iad na huimhreacha a sholáthraíonn Blogger, tugadh 5,960 cuairt ar an suíomh le dhá bhliain anuas. B'fhéidir go dtuigfí ón méid sin gur tugadh tuairim is 250 cuairt ar an meán ar na ceithre aiste fichead atá le léamh anseo. Níl sé sin fíor ná baol air. Cuireann Blogger staitisticí ar fáil do gach aiste ar leith chomh maith, agus nuair a dheineas na huimhreacha sin a shuimiú cúpla nóiméad ó shin ní raibh ach 1,737 cuairt i gceist. Ní raibh dul amú ar an té a mhaígh go raibh trí shaghas bréag ann: ‘bréaga, deargbhréaga agus staitisticí’. Is cosúil go gcuireann Blogger gach cuairt san áireamh sa bhfigiúr iomlán ach go gcaithfidh cuairteoir méid áirithe ama a chaitheamh ag breathnú ar aiste amháin sula n-áireofar an chuairt leis an aiste sin – nó sin é mo thuiscintse ar an scéal. Más féidir brath ar an dara staitistic, chiallódh sé gur léadh gach aiste 72 uaire ar an meán. Bheinn breá sásta leis an bhfigiúr seo dá mbeadh sé fíor ach tá éagsúlacht mhór idir líon na gcuairteanna a tugadh ar na haistí éagsúla. Seo iad na haistí atá ag barr an liosta: ‘Slí na fírinne’ (Bealtaine 2012) a léadh 125 uaire; ‘Ceist na teanga’ (Aibreán 2013) a léadh 115 uaire; agus ‘Fear darb ainm Pearse’ (Meitheamh 2013) a léadh 114 uaire. Dá mba mhian liom an líon is mó léitheoirí a mhealladh, ba chríonna an beart dom é aiste a scríobh ar ‘úsáid na Gaeilge i rith Chogadh na Saoirse’! Agus seo iad na haistí atá ag bun an liosta: ‘Dea-stair ar an Drochshaol’ (Deireadh Fómhair 2012) a léadh 43 uaire; ‘Léirmheas agus athmheas’ (Samhain 2013) a léadh 31 uaire; agus ‘Mo ghinealach, cuid I’ (Deireadh Fómhair 2013) nár léadh ach 30 uair. Más mian liom léitheoirí a chur ó dhoras, níl le déanamh agam ach scríobh fúm féin ...

Bréaga, deargbhréaga agus staitisticí 

Mar is léir ón ngraf thuas, is ag dul i méid a bhí líon na gcuairteoirí go dtí le fíordhéanaí. Seo iad na tíortha is mó ina bhfuil lucht léite an tsuímh lonnaithe: Éire (2,560), na Stáit Aontaithe (1,181), an Rúis (629), an Ríocht Aontaithe (351), an Spáinn (126) agus an Ghearmáin (115). Tá na figiúirí le haghaidh gach tír eile faoi bhun 100. Ní cúis iontais é go bhfuil formhór na gcuairteoirí in Éirinn, agus glacaim leis gur i dTuaisceart Éireann atá cuid mhaith den dream atá luaite leis an Ríocht Aontaithe. B’fhéidir go gcuirfeadh líon ard na gcuairteanna ó Mheiriceá agus ón Rúis iontas ar dhuine, ach is cosúil gur róbait seachas daoine iad formhór na gcuairteoirí seo. Tá léitheoirí dílse agam áfach: fear anaithnid (sílim go mbeadh rudaí níos fearr le déanamh ag bean) a thugann grád dom gach mí; Aonghus Ó hAlmhain a dhéanann gach aiste liom a fhógairt ar Twitter; an fear anaithnid (arís, táim cinnte go mbeadh rudaí níos fearr le déanamh ag bean) a chuireann liosta dá bhfuil léite aige in airde ar shuíomh Politics.ie – táim buíoch díobh uile.

      Cuirtear ceisteanna orm ó am go chéile. Go deimhin, tá ceisteanna áirithe a cuireadh orm níos mó ná uair amháin agus freagróidh mé iad anseo thíos.
1. Cén fáth nach dtugaim cead do chuairteoirí teachtaireachtaí a bhreacadh ar an suíomh seo?
Dá ligfinn do chuairteoirí teachtaireachtaí a fhágaint anseo bheadh dualgas orm breathnú ar an suíomh go rialta agus déarfainn go mbeadh orm roinnt mhaith teachtaireachtaí a bhaint anuas óir is minic a éiríonn plé na staire teasaí. Ach ós rud é go mbeidh deis agam súil a choinneáil ar an suíomh gach lá i rith saoire na Nollag, táim chun eisceacht bheag a dhéanamh agus beidh cead ag cuairteoirí teachtaireachtaí a scríobh ag bun an leathanaigh seo go ceann seachtaine ar a laghad.
2. Cén fáth nach bhfuil naisc agam le suímh eile i nGaeilge?
Is suíomh staire é seo. Tarlaíonn sé gurb í an Ghaeilge teanga an tsuímh, ach ní suíomh teanga ná suíomh cúise é. Ina dhiaidh sin is uile táim tar éis géilleadh beagáinín d’éileamh na léitheoirí agus tá ‘Cúrsaí Staire’ nasctha anois leis an liosta de blogs na Gaeilge a chuir Kevin Scannell i dtoll a chéile.
3. Cén fáth nach scríobhaim i mBéarla sa chaoi go dtuigfeadh níos mó daoine mé?
Táim ar aon fhocal le V.I. Lenin i dtaobh na ceiste seo: b’fhearr liom go mbeadh níos lú léitheoirí agam ach iad a bheith níos fearr.

2. Siúd

Na trí leabhar is fearr dar le Comhar

Más fíor-Ghael thú beidh a fhios agat go bhfuil alt in Comhar na míosa seo dar teideal ‘na deich leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh ó chasadh na mílaoise’. Agus más fíor-Ghael grinnsúileach thú beidh a fhios agat go rabhas féin ar dhuine den dream ar iarradh orthu leabhair a ainmniú. Seo iad na leabhair is fearr, dar le Comhar (tá mo bhuíochas tuillte ag Aonghas Ó hAlmhain arís mar ghoideas an téacs thíos óna bhlog):

1. Trén bhFearann Breac le Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
2. An Cléireach le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2007)
3. Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
4. An Fuíoll Feá: Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)
5. An Fear Nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 2003)
6. An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin (Coiscéim, 2007)
7. An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson (Coiscéim, 2008)
8. Leabhar Mór na nAmhrán le Lochlainn Ó Tuairisg, Micheál Ó Conghaile, Peadar Ó Ceannabháin (eag.) (Cló Iar-Chonnacht, 2013)
9. Úlla le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2005)
10. Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2012)

      Ar mhaithe leis an oscailteacht, leis an bhféinchosaint agus leis an gconspóid, ba mhaith liom na deich leabhar a roghnaíos féin a chur i láthair anseo thíos. Ach déarfaidh mé cúpla rud faoin liosta oifigiúil i dtús báire. Is é an chéad rud a ritheann liom gur ábhar suntais é go bhfuil trí cinn d’úrscéalta stairiúla i measc na leabhar a roghnaíodh – rud a léiríonn, cheapfá, go bhfuil suim ar leith ag údair agus ag léitheoirí na Gaeilge sa stair. Ach ina dhiaidh sin is uile, níl aon leabhar staire ar an liosta. Sílim gurbh fhiú d’aos liteartha na Gaeilge machnamh a dhéanamh ar an gcodarsnacht sin. De réir na dtreoracha a tugadh dom, bhí cead agam ‘leabhar filíochta, ficsin nó neamhfhicsin a chur ar [an] liosta, fad is go bhfuil an leabhar i nGaeilge agus gur foilsíodh é i ndiaidh an 1 Eanáir 2000’. Thuigeas ón méid sin nach nglacfaí le leabhar dátheangach – le leithéid An Fuíoll Feá cuirim i gcás. Mar an gcéanna, bhraitheas nár chóir dom díolaimí móra filíochta nach raibh iontu ach dánta a foilsíodh i mionchnuasaigh roimh an bhliain 2000 a mholadh – leithéidí Máirtín Ó Direáin: Na Dánta (Cló Iar-Chonnacht, 2010) nó Seán Ó Ríordáin: Na Dánta (Cló Iar-Chonnacht, 2011) abraimis. Níl Leabhar Mór na nAmhrán léite agam go fóill, cé go bhfuil sé i gceist agam é sin a dhéanamh sara i bhfad. Admhaím go neamhbhalbh nach gcuirim mórán suime sa ghearrscéalaíocht. Ní raibh aon leabhar filíochta ar mo liosta ach an oiread, cé go raibh cathú mór orm Péacadh le hAilbhe Ní Ghearbhuigh (Coiscéim, 2008) a mholadh. Seo é an liosta a bhí agam i ndeireadh na dála más ea:

1. Fontenoy, Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
2. Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2011)
3. Canfar an Dán: Uilliam English agus a Chairde, Úna Nic Éinrí (An Sagart, 2003)
4. Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
5. An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí (1881-1965), Pádraig Ó Siadhail (Coiscéim, 2007)
6. Bláth ’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí, Tríona Ní Shíocháin (Coiscéim, 2012)
7. Éigse Chairbre: Filíocht ó Chairbreacha i gCo. Chorcaí agus ón gCeantar Máguaird 1750-1850, Bláthnaid Uí Chatháin (An Clóchomhar, 2006)
8. An Cléireach, Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2007)
9. Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge, Fionnuala Uí Fhlannagáin (Coiscéím, 2008)
10. Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire, Aindrias Ó Cathasaigh (Coiscéim, 2007)

Is suntasach an ní é go bhfuil baint ag naoi gcinn de na leabhair seo, go díreach nó go hindíreach, le cúrsaí staire: ‘briseann an dúchas trí shúile an chait’ mar adeirtear. Dheineas cur síos ar Scéal Ghearóid Iarla in aiste dar teideal ‘Tíortha iasachta’ a foilsíodh anseo i mí Eanáir 2012, agus phléas Canfar an Dán agus Bláth ’s Craobh na nÚdar in aiste dar teideal ‘Guthanna ón stair’ a foilsíodh i mí Iúil na bliana céanna.

3. Eile

Roinnt de na leabhair a bheidh á léamh agam go luath

Tá saoire na Nollag romham agus tá carn mór leabhar le léamh agam. Tá roinnt acu léirithe sa phictiúr thuas agus tá seans maith ann go mbeidh siad faoi chaibidil agam anseo go luath san athbhliain. Ní leabhar clóbhuailte é an téacs is tábhachtaí atá le léamh agam an Nollaig seo, áfach, ach clóscríbhinn a bheidh á léamh agam ar iarratas an údair. Is é atá ann beathaisnéis ar dhuine de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Ní sceithfidh mé ainm an té atá i gceist – ná ainm an údair ach an oiread – ach is fiúntach an saothar é agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an bheathaisnéis ar fáil sna siopaí leabhar in am do Nollaig na bliana seo chugainn. Ar an drochuair, agus ar eagla na míthuisceana, is i mBéarla atá sí.