02/08/2015

Imchuairt stairiúil na hÉireann

Tá sé de nós agam aiste neafaiseach nach gcuirfidh stró mór ar m’inchinn féin ná ar inchinní na léitheoirí a scríobh i mí Lúnasa gach bliain agus ní bhrisfidh mé an nós go ceann bliana eile ar a laghad.

     Is é an chéad ábhar a rith liom le haghaidh aiste na míosa seo ná liosta de na láithreáin stairiúla is tábhachtaí in Éirinn. Ach tar éis dom roinnt machnaimh a dhéanamh, tuigeadh dom go raibh éagsúlacht rómhór i gceist chun na láithreáin go léir a chur i gcóimheas le chéile: mar shampla, conas is féidir mainistir ón Meánaois a mheas le hais teach parlaiminte ón 18ú céad? Tharla go rabhas ag smaoineamh ar an tréimhsiú is oiriúnaí do stair na hÉireann le tamall anuas (ar chúiseanna a mhíneofar uair éigin eile), chinneas gur chríonna an beart é láithreán ionadaíoch a roghnú le haghaidh gach ceann de na tréimhsí a d’aithin mé. Ní hamháin go mbeadh sé níos fusa an liosta a chur le chéile ar an dóigh sin, ach an léitheoir a thabharfadh cuairt ar na láithreáin go léir gheobhadh sé léargas níos fearr ar chúrsa na staire le dhá mhíle bliain anuas. Sa deireadh, roinneas stair na hÉireann i ndeich dtréimhse agus bhraitheas nár mhiste an réamhstair a chur san áireamh chomh maith, rud a fhágann go bhfuil aon láithreán déag ar an liosta thíos. Dheineas iarracht foirgnimh a roghnú a bheadh oiriúnach mar shiombailí de na haoiseanna inar tógadh iad. Seo daoibh an liosta más ea.

1. An Réamhstair
Brú na Bóinne

     Timpeall na bliana 3200 R.Ch. a tógadh an tuama pasáiste ag Brú na Bóinne. Bhí sé deacair dom rogha a dhéanamh idir ‘Sí an Bhrú’ agus Eamhain Macha de bharr thábhacht an dá láthair sa mhiotaseolaíocht agus sa litríocht, ach thugas tús áite do Bhrú na Bóinne sa deireadh toisc gur suntasaí é mar struchtúr.

2.  Luathré na Críostaíochta (432-795)
Grainán Ailigh

     Thosaigh stair na hÉireann le teacht na Críostaíochta sa 5ú céad agus is féidir a rá gur tháinig deireadh le luathré na Críostaíochta in Éirinn nuair a thosaigh ionsaithe na Lochlannach ag deireadh an 8ú céad. Ar eagla go mbeadh na hUltaigh ag gearán faoin rogha a dheineas don réamhstair, chuas i bhfad ó thuaidh don ré seo agus roghnaíos Grianán Ailigh, caiseal a thóg Uí Néill an Tuaiscirt mar bhunáit ríoga san 8ú céad.

3. Ré na Lochlannach  (795-1002)
Cluain Mhic Nóis

     Chríochnaigh ré na Lochlannach nuair a ghabh Brian Bóramha flaitheas na hÉireann sa bhliain 1002. Is é an láithreán a roghnaíos don tréimhse seo ná Cluain Mhic Nóis, áit ar bhunaigh Naomh Ciarán mainistir i lár an 6ú céad. Bhí an mhainistir faoi bhláth idir an 8ú agus an 11ú céad agus tógadh ‘ardchros na scrioptúr’, an séadchomhartha is cáiliúla ar an láthair, timpeall na bliana 904 ar ordú rí na Teamhrach, Flann Sinna (†916).

4. Ré na nArdríthe (1002-1171)
Carraig Phádraig, Caiseal Mumhan

     Sa tréimhse seo bhí ríthe na gcúigí ag streachailt le chéile chun flaitheas na hÉireann a ghabháil, ach cuireadh cor gan choinne sa stair nuair a tháinig Anraí II Shasana i dtír sa bhliain 1171. Tá ‘séipéal Chormaic’, a tógadh ar Charraig Phádraig sa tréimhse 1127-34, ainmnithe as Cormac Mac Cárthaigh (†1138), rí na Mumhan agus fear a chaith cuid mhaith dá righe ag troid i gcoinne Thoirdhealbhaigh Uí Chonchobhair, rí Chonnacht agus ardrí na hÉireann ‘le freasúra’.

5. Ré an Tiarnais (1171-1318)
Caisleán Bhaile Átha Troim

     Is é an caisleán a thóg Hugh de Lacy ag Baile Átha Troim cúpla bliain tar éis ionradh na Sasanach an ceann is mó dá leithéid in Éirinn. Má tá sé soiléir cén uair a cuireadh tús le tiarnas Shasana in Éirinn, níl sé chomh furasta a rá cén uair a thosaigh taoide na nGall ag trá. Is léir go raibh na Gaeil ag athghabháil dúichí faoi lár an 14ú céad, áfach, agus caithfear dáta éigin a roghnú. Braithim go bhfuil an bhliain 1318 – nuair a bhris na Brianaigh cath ar Richard de Clare ag Díseart Uí Dheá agus nuair a maraíodh Éadbhard de Brús ag cath Fochairde – ina clochmhíle chomh maith le dáta ar bith eile.

6. Ré na dTaoiseach (1318-1485)
Caisleán Bhun Raite

     Tiarna Gallda a thóg an chéad chaisleán cloiche ag Bun Raite i dtreo dheireadh an 13ú céad, ach bhí an suíomh i seilbh na nGael arís faoin gcéad leath den 15ú céad nuair a thóg clann Mhic Conmara an caisleán atá le feiscint ann inniu. Níl sé éasca foirceann na tréimhse ina raibh an lámh in uachtar ag taoisigh Ghaelacha a dhéanamh amach, ach tháinig deireadh le ‘cogaí na rósanna’ nuair a maraíodh Risteard III i gcath Bosworth sa bhliain 1485 agus bhí cumhacht na corónach níos daingne agus níos seasmhaí ón uair a ghabh Anraí VII flaitheas Shasana.

7. Ré na Corónach (1485-1603)
Caisleán Urmhumhan

     Tá an féinmhuinín a bhraith uaisle na Sean-Ghall sa 16ú céad le léamh ar an áras sócúil a thóg Tomás de Buitléir, 10ú Iarla Urmhumhan, i gCarraig na Siúire ón mbliain 1560 amach. Bíodh sin mar atá, níor cloíodh na tiarnaí Gaelacha go léir go dtí blianta tosaigh an 17ú céad nuair a tháinig Séamas VI agus I, an chéad Stíobhartach a bhí ina rí ar Éirinn, i gcoróin.

8. Ré na Ríochta (1603-91)
Daingean Shéarlais


     Ó thús an 17ú céad amach, ba ríocht chomhtháite amháin í Éire don chéad uair riamh. Níl aon fhoirgneamh eile a léiríonn cumhacht an stáit sa 17ú céad níos fearr ná Daingean Shéarlais, dún a ainmníodh as rí na linne, Séarlas II (†1685). Tógadh an daingean sna 1670í chun calafort Chionn tSáile a chosaint ach ghabh an Duke of Marlborough é gan stró i rith Chogadh an Dá Rí: má bhí an dún sochosanta ar thaobh na mara, is ag bun cnoic a bhí sé suite ar thaobh na tíre ...

9. Ré na Parlaiminte (1691-1800)
Teach na Parlaiminte

     Is sean-nath ag staraithe é nach raibh sa pharlaimint i rith an 17ú céad ach ócáid agus gur deineadh institiúid aisti san 18ú céad. Is é an comhartha is feiceálaí den phróiseas seo an foirgneamh taibhseach a tógadh don pharlaimint i lár Bhaile Átha Cliath agus a d’oscail don chéad uair sa bhliain 1731. Inniu féin, tá sé ar cheann de na foirgnimh is suntasaí sa phríomhchathair – cé gur shiombail de chumhacht is de ghradam na mbaincéirí é le fada an lá.

10. Ré an Aontais (1801-1919)
Teach na mBocht i bPort Omna

     Chuir an pharlaimint lámh ina bás féin sa bhliain 1800 agus tháinig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann ar an saol, an 1 Eanáir 1801. Ní féidir liom siombail níos feiliúnaí d’éifeacht (nó de mhí-éifeacht) an ‘Aontais’ sin a shamhlú ná Unions de shaghas eile: mar atá, an céad go leith teach a tógadh le haghaidh na mbocht ar fud na hÉireann. Roghnaíos teach na mbocht i bPort Omna – an Portumna Poor Law Union mar a tugadh air go hoifigiúil – toisc go bhfuil sé ar oscailt don phobal anois.

11. Ré an Mhargaidh (1919 i leith)
Mall siopadóireachta Stigh Lorgan

     Táid ann a déarfadh gurb é an t-ionad siopadóireachta i nDún Droma an tsiombail is fearr d’Éirinn an lae inniu. Tuigim dóibh agus admhaím gurb é sin príomh-theampall an tomhaltachais faoi láthair, ach sílim gur chóir tús áite a thabhairt do Stigh Lorgan óir is ann a osclaíodh an chéad mall siopadóireachta in Éirinn sa bhliain 1967. Is in ithir thorthúil dheisceart Átha Cliath a cuireadh síolta an chórais spioradáltachta nua a phéacfadh agus a bhláthódh ar fud na tíre ar ball. Is ceannaitheoirí sinn uile anois: consumimus ergo sumus.

     Nára fada gurb í Éire an tír bheag is fearr ar domhan le haghaidh gnó. Is ansin a thiocfaidh Gráinne Mhaol thar sáile chun ionad barr feabhais a bhunú. Is ansin a mhúsclóidh Banba as tromluí a staire.