08/02/2015

Paisean agus réasún

Daniel Cordier, a chuimhní cinn agus Jean Moulin

Léas Alias Caracalla le Daniel Cordier le déanaí. Is é atá ann cuimhní cinn an údair ar an saol a chaith sé i rith an Dara Cogadh Domhanda. Bhí Cordier naoi mbliana déag d’aois, an mheánscoil díreach fágtha aige agus é ag feitheamh le glaoch ó arm na Fraince i samhradh na bliana 1940. Ach nuair a d’iarr an Marascal Pétain sos cogaidh ar an nGearmáin, dhein Cordier a bhealach óna bhaile i gcathair Pau go dtí calafort Bayonne, chuaigh sé ar bord an Leopold II, long Bheilgeach, ansiúd agus bhain sé Falmouth amach. I Sasana dó, liostáil sé in arm beag an Ghinearáil de Gaulle. D'éirigh sé mífhoighneach nuair a bhí a reisimint fós lonnaithe i gcampa míleata i ndeisceart Shasana an bhliain dár gcionn, chuaigh sé i dteagmháil leis an Bureau central de renseignements et d’action mar a glaodh ar sheirbhís rúnda na Fraince Saoire, agus dúirt gur theastaigh uaidh filleadh ar an bhFrainc chun cuidiú leis an résistance inmheánach. Glacadh lena thairiscint, oileadh é mar oibreoir raidió, agus pharaisiútáil sé isteach sa zone libre (an limistéar saor i ndeisceart na Fraince) i mí Iúil 1942. Bhí sé ina chúntóir ag Jean Moulin, ionadaí pearsanta an Ghinearáil de Gaulle sa bhFrainc, go dtí mí an Mheithimh 1943 nuair a ghabh an Gestapo Moulin. Tá idéalachas, soineantacht agus teaspach na hóige léirithe go paiteanta ag Cordier. D’fhéadfaí Alias Caracalla a léamh le sult mar scéal eachtraíochta nó le tairbhe mar shaothar staire, ach tá níos mó ná sin i gceist ann. Tugtar Bildungsroman (úrscéal oiliúna) ar úrscéal ina dtagann an carachtar lárnach in inmhe de bharr eachtraí a bhaineann dó. Níl a fhios agam an bhfuil an téarma Bildungsbiographie in úsáid ag na criticeoirí liteartha, ach d’oirfeadh sé go seoigh do leabhar Cordier má tá.

Charles Maurras agus bolscaireacht de chuid an Action française

     Dá óige é Daniel Cordier sa bhliain 1940, bhí tuairimí láidre polaitiúla aige. Ba bhall díograiseach é den Action française, gluaiseacht den eite dheis a bhí láidir sa tréimhse idir an dá chogadh, agus ba dhia beag aige Charles Maurras (1862-1952), príomh-intleachtóir na gluaiseachta. Is é an cuspóir a bhí ag lucht an Action française deireadh a chur le poblacht na máisiún – ‘la gueuse’ (an  straoilleog) mar a ghlaodar uirthi – agus ríocht na Fraince a thabhairt ar ais. Ríogaithe agus náisiúnaithe ba ea iad a bhí frithpharlaiminteach, frith-eachtrannach agus frith-Ghiúdach. Bhí neart cosúlachtaí idir an Action française agus na gluaiseachtaí faisisteacha a d’fhás ar fud na hEorpa sa tréimhse chéanna, ach bhí éagsúlachtaí nár bheag eatarthu chomh maith. Na gothaí réabhlóideacha a chuir na faisistigh orthu féin, ní raibh rian dá laghad díobh le brath ar an Action française ach a mhalairt ar fad: dhamnaigh Maurras réabhlóid na Fraince agus mhór sé na luachanna traidisiúnta a shamhlaigh sé leis an ancien régime. Arís, ní stát nua-aoiseach láraithe faoi stiúir ceannaire uilechumhachtaigh a theastaigh uaidh, ach ríocht den sean-déanamh ina mbeadh cúigí stairiúla na Fraince i mbun a ngnóthaí féin. Is cóir nationalisme intégral (náisiúnachas iomlán) an Action française a áireamh ar phréamhacha idé-eolaíochta an Front national atá ann faoi láthair. Féach mar a scríobh Maurras sa bhliain 1926 nuair a osclaíodh mosc i bPáras:
Mais, s’il y a un réveil de l’Islam, et je ne crois pas que l’on en puisse douter, un trophée de la foi coranique sur cette colline Sainte-Geneviève où tous les plus grands docteurs de la chrétienté enseignèrent contre l’Islam représente plus qu’une offense à notre passé : une menace pour notre avenir.
Action Française, 13 Iúil 1926
(Ach má bhíonn teacht aniar san Ioslam, agus ní dóigh liom go bhfuil aon amhras faoi sin, ní hamháin go mbeidh séadchomhartha de chreideamh an Chóráin ar chnoc sin Sainte-Geneviève, mar ar mhúin na dochtúirí ba mhó uile sa Chríostaíocht i gcoinne an Ioslam, ina mhasla dár stair ach beidh sé ina bhagairt dár dtodhchaí.)
Scaradh na gcompánach ba ea débâcle na bliana 1940 do bhaill an Action française: ba mhó an ghráin a bhí ag roinnt acu ar phoblacht na bpáirtithe ná ar an nGearmáin, ach a mhalairt a bhí fíor i gcásanna eile. ‘Divine surprise’ (iontas ó Dhia) ba ea bunú an État français ar fhothrach an tríú poblacht dar le Maurras, ach phreab Daniel Cordier agus cuid mhaith de na gnáthbhaill sa treo eile. Meas feallaire a bheadh ag Cordier ar Maurras feasta ach níor thréig sé an dearcadh polaitiúil a bhí aige ar an toirt. Ní raibh ann ach gur aimsigh sé meisias nua: ginearál airm darbh ainm de Gaulle.

     Is de réir a chéile a tháinig athrú meoin ar Cordier. Má bhí sé amhrasach i dtaobh perfide Albion ag tús an chogaidh, b’éigean dó a admháil go raibh fáilte ag muintir Shasana roimh theifigh ón bhFrainc agus ó na tíortha eile a bhí gafa ag an nGearmáin. Mar an gcéanna, b’éigean dó athmhachnamh a dhéanamh ar an dearcadh frith-Ghiúdach a bhí aige nuair a chuir sé aithne ar dhaoine ón gcúlra sin in arm na Fraince Saoire. Ar na Giúdaigh a casadh air bhí Stéphane Hessel (1917-2013), fear a bhí faoi chaibidil agam anseo cheana, agus Raymond Aron (1905-83), duine de na smaointeoirí polaitiúla ba thábhachtaí sa bhFrainc sna blianta iarchogaidh. Ach is mó an tionchar a bhí ag Jean Moulin air ná ag aon duine eile. An chéad lá ar casadh Moulin air i gcathair Lyon, bhí comhrá eatarthu i mbialann:
Je lui racontait ma famille royaliste, mon adolescence de militant, mon admiration pour Maurras. Pendant que je parle, il commence à dîner tout en m’observant avec bienveillance ... Enfin, je lui raconte ma révolte devant la trahison de Pétain, mon départ programmé de Pau, le Léopold II, ma déception de ne pas retrouver à Londres Maurras et l’Action française, le déshonneur de son ralliement au Maréchal et mon engagement dans la légion de Gaulle, dont j’avais appris qu’il était, comme moi, monarchiste.
Daniel Cordier, Alias Caracalla (Éditions Gallimard, 2009), 408-10.
(D’inis mé dó faoi ríogachas mo mhuintire, faoi m’óige mar dhíograiseoir, faoin meas a bhí agam ar Maurras. Nuair a bhí mé ag cur díom, thosaigh sé ag ithe, agus é ag amharc go lách orm i rith an ama ... Sa deireadh, d’inis mé dó faoin uafás a chuir tréas Pétain orm, mar a socraíodh m’imeacht ó Pau, faoin Leopold II, faoin díomá a bhí orm nuair nach raibh Maurras is an Action française romham i Londain, faoin tacaíocht náireach a thug sé don Mharascal, agus faoi mo liostáil i léigiún de Gaulle – ar chualas faoi gur ríogaí é, cosúil liom féin.)
Bhí Moulin fiche bliain níos sine ná Cordier. Fear den eite chlé ba ea é agus níor cheil sé an dearcadh a bhí aige: ‘en vous écoutant, je comprends la chance que j’ai eu d’avoir une enfance républicaine’ a d’fhreagair sé (‘ag éisteacht leat, tuigim an t-ádh a bhí orm gur tógadh mar phoblachtach mé’). Sa chomhrá céanna, d’inis Cordier dó faoi Raymond Aron, léachtóir ollscoile agus Giúdach a casadh air i Londain:
« Bien que mes opinions soient à l’opposé des siennes, j’ai été conquis par son intelligence. Il ne cède jamais rien de ses convictions, mais argumente aussi longtemps que nécessaire pour convaincre avec patience ses interlocuteurs. Pour moi, qui ne conçois la politique que sous forme de polémiques ponctuées de pugilats, c’était une révélation. Pourtant, avant mon départ, j’ai été affecté par son attitude antigaulliste.
— Ah oui ?
— J’ai du mal à comprendre son opposition au Général.
— C’est la démocratie : débattre et choisir. »
Cordier, Alias Caracalla, 413-14.
(‘Cé go bhfuil mo dhearcadh bun os cionn lena dhearcadhsan, mheall a intleacht mé. Níor chúlaigh sé óna chuid tuairimí riamh, ach leanadh sé leis ag argóint chomh fada agus ba ghá chun dul i gcion go foighneach ar an lucht agallaimh. Domsa, nár shamhlaigh aon saghas polaitíochta seachas sciolladh teanga in éineacht le buillí doirn, b’oscailt súl dom é. Ach, sular fhág mé, bhí a dhearcadh frith-Gaulliste ag goilliúint orm.’
— ‘Dáiríre?’
— ‘Is deacair dom an seasamh atá aige i gcoinne an Ghinearáil a thuiscint.’
— ‘Sin agat an daonlathas: deintear plé agus deintear rogha.’)
Bhí tús curtha le hoideachas polaitiúil Daniel Cordier!

Raymond Aron agus dhá shaothar leis

     Bhí cur amach agam ar Raymond Aron cheana. Go deimhin, tá sé luaite agam in Ó Chéitinn go Raiftearaí (féach leathanach 254), ach spreag an tagairt in Alias Caracalla mé lena léamh in athuair. Chualas iomrá ar Aron i bhfad ó shin, ach shamhlaíos é mar shaghas ‘frith-Sartre’: príomh-fhealsamh an liobrálachais agus cosantóir an status quo sa bhFrainc. Tig liom a rá nach raibh fonn orm tuileadh a léamh faoi. Ach nuair a bhíos i bPáras roinnt blianta ó shin cheannaíos cóip athláimhe den bheathaisnéis a scríobh Nicolas Baverez air mar bhí tuairim agam go mbeadh léargas úr le fáil ann ar chonspóidí intleachtúla an 20ú céad. Ní raibh dul amú orm, agus ba ghearr ina dhiaidh sin gur léas dhá shaothar de chuid Aron: a chuimhní cinn a foilsíodh sa bhliain 1983 – an bhliain chéanna inar éag sé – agus sraith agallamh a dhein sé don teilifís sa bhliain 1981 agus a foilsíodh faoin teideal Le Spectateur engagé. Fuaireas amach go raibh dearcadh Aron níos casta agus níos suimiúla ná mar a samhlaíodh dom ar dtús. Is amhlaidh gur bhain sé leis an eite chlé ina óige ach d’fhág sé an SFIO, páirtí sóisialach na Fraince, tar éis dó na blianta idir 1930 agus 1933 a chaitheamh sa Ghearmáin. Bhí sóisialaithe na Fraince go mór i bhfách leis an síochánachas ag an am, polasaí a cháin Aron nuair a d’fhill sé ón nGearmáin mar ba léir dó go raibh cogadh ag teacht agus go gcaithfí arm na Fraince a ath-armáil gan mhoill. Thairis sin, shíl sé go raibh polasaithe eacnamaíocha an Front populaire (comhrialtas den eite chlé a bhí i gcumhacht sa tréimhse 1936-37) místuama ar fad. D’éalaigh sé go Sasana sa bhliain 1940 agus liostáil in arm na Fraince Saoire, ach bhuail imní é ar ball gur ábhar deachtóra é an Ginearál de Gaulle. Ina theannta sin, shíl sé go raibh bolscaireacht a lucht leanúna ró-dhian orthusan a bhí dílis don Mharascal Pétain. In ionad an dream a thacaigh le réimeas Vichy – is é sin le rá, tromlach na bhFrancach – a mhealladh, is amhlaidh go raibh an síor-cháineadh a bhí ar siúl ag na Gaullistes ag tógáil fáil go haer idir an dá aicme. Seo mar a mhínigh sé a sheasamh san agallamh teilifíse:
« Je n’aimais pas le culte de la personnalité qui avait commencé de manière immédiate ... Je souhaitais que la propagande ne fût pas telle que les fonctionnaires et surtout les militaires fussent atteints dans leur honneur. Or, elle donnait le sentiment aux soldats, aux officiers qui étaient de l’autre côté, qu’ils étaient coupables, d’où la difficulté pour eux de se rallier au général de Gaulle. »
Raymond Aron, Le Spectateur engagé (Édition de Fallois, 2004), 119-20.
(‘Níor réitigh “cultas na pearsan” liom, agus ba rud é sin a thosaigh ar an toirt ... Bhí súil agam nach mbeadh an bholscaireacht den saghas a bhainfeadh d’onóir na státseirbhíseach – agus go háirithe na saighdiúirí. Ach tugadh le fios do na saighdiúirí, do na hoifigigh a bhí ar an taobh eile, go rabhadar ciontach, rud a d’fhág go raibh sé deacair dóibh gabháil leis an nGinearál de Gaulle.’)
Tá comharthaí sóirt a stíle le brath ar an sliocht thuas: chleacht sé pragmatachas eimpíreach a bhí contrártha ar fad le díograis lucht na cúise. Ach d’athraigh sé an tuairim a bhí aige ar de Gaulle sa deireadh:
Les Français, certains d’entre eux, étant ce qu’ils sont, la guerre étant ce qu’elle est, on ne pouvait être que dans l’extrême. Quand on s’y refuse, comme moi-même, on ne peut plus qu’écrire des livres et on est plus ou moins isolé ...
Aron, Le Spectateur engagé, 120.
(Ós rud é go bhfuil na Francaigh mar atáid – cuid acu – agus go bhfuil an cogadh mar atá sé, b’éigean dul thar fóir. An té a dhiúltaíonn dó sin, mar a dhein mise, ní bheidh ar a chumas ach leabhair a scríobh agus fágfar ina chadhan aonair é nach mór ...)
Is admháil é seo nach leor an réasún sa pholaitíocht i gcónaí.

     Má chuir Aron olc ar dhíograiseoirí an ghinearáil i rith an chogaidh, chuir sé olc as cuimse ar intleachtóirí na heite clé sa bhliain 1955 nuair a foilsíodh leabhar leis, L’opium des intellectuels, inar ionsaigh sé an córas Sóivéadach agus na sóisialaithe úd i dtíortha an iarthair nach raibh sásta locht a fháil air. Níl an saothar seo léite agam, ach tá géarchúis an údair le brath ar roinnt de na sleachta atá feicthe agam. Ní dóigh liom gur féidir cruinneas an ráitis seo a leanas a shéanadh. Insint na fírinne, sílim go bhféadfaí é a ghreanadh ar leac uaighe an Aontais Shóivéadaigh:
« Lorsque les gouvernements, fiers d’une révolution heureuse, accaparent un prophétisme pour fonder leur pouvoir et confondre leurs ennemis, la religion séculière naît, condamnée dès l’origine à se stériliser en orthodoxie ou à se dissoudre en indifférence ... »
Nicolas Baverez, Raymond Aron (Éditions Perrin, 2006), 362.
(‘Nuair a théann rialtais atá bródúil as réabhlóid rathúil i mbun na fáistine chun bonn a chur faoina gcumhacht agus chun mearbhall a chur ar a naimhde, gintear reiligiún saolta atá daortha ón tús chun seisce de bharr an cheartchreidimh nó chun cliseadh de bharr na patuaire ...’)
Deirtear go mbíodh an abairt ‘il vaut mieux avoir tort avec Sartre que raison avec Aron’ (‘is fearr a bheith mícheart i dteannta Sartre ná ceart i dteannta Aron’) le cloisteáil ar fud an rive gauche go ceann i bhfad, ach bhí bunaíocht na Fraince buíoch d’Aron as dúshlán na gCumannaithe a thabhairt ag am nuair a bhí 25 faoin gcéad den phobal ag vótáil don Pháirtí Cumannach. Dá mbeadh Aron ag tochras ar a cheirtlín féin, bheadh sé ina fhealsamh cúirte ag polaiteoirí an cheathrú poblacht feasta. Ach ina ionad sin, scríobh sé leabhrán eile sa bhliain 1957 a chuir an lasóg sa bharrach i gceart: La Tragédie algérienne a bhí air.

Trí phóstaer ó aimsir an chogaidh san Ailgéir

     Bhí éirí amach i gcoinne cheannas na Fraince ar siúl san Ailgéir ón mbliain 1954 i leith. Cogadh barbartha ba ea é inar maraíodh tuairim is leath-mhilliún de mhuintir na hAilgéire agus 25,000 ball d’fhórsaí míleata na Fraince. Cé gur tharraing na Francaigh amach as Maracó agus as an Túinéis sa bhliain 1956, dhiúltaigh siad cúlú ón Ailgéir, tír ina raibh breis is milliún duine de bhunadh na hEorpa ina gcónaí – na pieds noirs (cosa dubha) mar a tugadh orthu. Daonra de dheich milliún ar fad a bhí san Ailgéir agus bhí 45 milliún sa bhFrainc ag an am. D’éiligh lucht an Algérie française go ndéanfaí an dá thír a aontú: ‘de Dunkerque à Tamanrasset 55 millions de Français’ an ghairm chatha a bhí acu. Dhein Aron spior spear den phlean seo agus d’áitigh sé go neamhbhalbh go raibh neamhspleáchas na hAilgéire dosheachanta:
« L’intégration, quelque sens que l’on donne à ce mot, n’est plus praticable. Une représentation algérienne à l’Assemblée nationale, proportionnelle à la population, est le moyen le plus sûr d’achever la ruine du régime. Le taux de croissance démographique est trop différent des deux côtés de la Méditerranée pour que ces peuples, de race et religion différentes, puissent être fractions d’une même communauté. »
Raymond Aron, Mémoires (Éditions Robert Laffont, 2010), 477.
(‘Ní féidir an comhshamhlú, cibé ciall a bhainfí as an bhfocal seo, a chur i bhfeidhm a thuileadh. Dá mbeadh ionadaíocht na hAilgéire san Assemblée nationale de réir a daonra, ba é an bealach ba chinnte é chun an réimeas a scriosadh. Tá difríocht ró-mhór idir rátaí fáis an daonra ar an dá chósta den Mheánmhuir le go mbeadh na pobail seo, a bhaineann le ciníocha agus le reiligiúin éagsúla, ina gcodanna den chomhphobal céanna.’)
Ní miste a mheabhrú go bhfuil daonra de 38 milliún ag an Ailgéir anois! Ní nach ionadh, chuaigh lucht páirte na pieds noirs le báiní nuair a foilsíodh leabhrán Aron. Aon duine a thacaigh le neamhspleáchas na hAilgéire roimhe sin, d’fhéadfaí a chur ina leith gur chomhthaistealaí de chuid na gCumannaithe é, ach bhris Aron geis an tosta i measc lucht na heite deise. Aisteach go leor, ní raibh intleachtóirí na heite clé ró-bhuíoch de ach an oiread toisc nár cháin sé an coilíneachas ar bhonn na moráltachta. Seo mar a chosain sé an cur chuige sin:
« Un certain nombre de lecteurs en ont déduit une fois de plus que j’étais vraiment un homme de droite parce que je fondais ma politique sur la réalité. Mais je ne sais pas sur quoi d’autre on peut fonder une politique ... ce qui était important, ce n’était pas de convaincre les anticolonialistes, c’était de convaincre ceux qui étaient colonialistes. »
Aron, Le Spectateur engagé, 270.
(‘Dhein léitheoirí áirithe talamh slán de arís gur fhear den eite dheis mé i ndáiríre toisc go raibh mo pholasaí bunaithe ar an saol mar a bhí. Ach ní léir dom cén bonn eile ar féidir polasaí a bhunú air ... is é an rud a bhí ag teastáil, ní go rachfaí i bhfeidhm orthusan a bhí i gcoinne an choilíneachais, ach go rachfaí i bhfeidhm orthusan a bhí ar son an choilíneachais.’)
Is mór idir an réasún fuarchúiseach aronien seo agus an paisean buile maurassien a ghríosaigh Daniel Cordier agus cuid mhaith dá chomrádaithe chun troda sa bhliain 1940.

     Cúpla lá tar éis dom roinnt sleachta as Mémoires Raymond Aron a athléamh, tharla an t-ionsaí marfach ag oifig na hirise Charlie Hebdo i bPáras. Sílim go mbeidh an pragmatachas eimpíreach a chleacht Aron ag teastáil go géar ina thír dhúchais sna blianta atá romhainn.

Souvenirs de l’Algérie française

AGUISÍN 1


Má tá tuiscint na Fraincise agat, mholfainn an dá fhíseán thíos atá le fáil ar YouTube:
Daniel Cordier ag trácht ar Jean Moulin
Raymond Aron ag trácht ar chogadh na hAilgéire

AGUISÍN 2

Fuair Daniel Cordier bás an 20 Samhain 2020, agus é céad bliain d'aois.