03/07/2016

Bunús na gcúirteanna éigse

Dúnfort na gCárthach: caisleán na Blarnan

Ba ghné shainiúil de shaol liteartha na Mumhan í an chúirt éigse san 18ú céad. Sa leabhar cáiliúil leis dar teideal The Hidden Ireland (1924), d’áitigh Domhnall Ó Corcora gur fhás na cúirteanna éigse ó na bardscoileanna:
as time went on and the strength of the Gaels declined, one change overtook another, and gradually the bardic school became a Court of Poetry.
Daniel Corkery, The Hidden Ireland (BÁC, 1956), 107-8.
Níor mhaith liom a rá go bhfuil an tuairim seo áiféiseach ar fad, ós rud é gur mhair na scoileanna filíochta isteach sa 17ú céad i gceantair áirithe, ach tá deacrachtaí móra leis an téis mar sin féin. Más féidir Ó Corcora a chreidiúint, is de réir a chéile a d’iompaigh na scoileanna filíochta ina gcúirteanna éigse, ach níor mhínigh sé cad ba chúis leis an bpróiseas athraithe, ná cérbh iad na céimeanna idir an scoil agus an chúirt, ná cad a spreag an t-aos liteartha chun gothaí aduaine lucht an dlí Ghallda a chur orthu féin, ná cén fáth a raibh an próiseas athraithe teoranta don Mhumhain amháin cé go raibh teaghlaigh léannta i gceithre cúigí na hÉireann ag deireadh an 16ú céad. Sa Mhumhain féin, níl aon choibhneas idir na ceantair a raibh baint ag teaghlaigh léannta leo go stairiúil agus na ceantair inar tháinig cúirteanna éigse chun cinn (féach an mapa thíos). Insint na fírinne, níor thug Ó Corcora oiread is blúire amháin fianaise dúinn a thacódh leis an teoiric gur eascair cúirteanna éigse an 18ú céad ó na scoileanna filíochta a bhí ann rompu.

Ó Corcora, Caerwyn Williams agus leabhair thábhachtacha leo

     Ghlac Caerwyn Williams, scoláire Ceiltise ón mBreatain Bhig, le teoiric Uí Chorcora sa leabhar a scríobh sé ar thraidisiún liteartha na nGael. Sa chás seo, áfach, thoiligh an t-údar mír amháin fianaise a chur faoi bhráid a léitheoirí: scríobh Williams gur deineadh cúirt éigse de ‘dhámhscoil na Blarnan’ nuair a thug Tadhg Ó Duinnín—file deireanach na gCárthach, más fíor—cúl lena ghairm. Thairis sin, dhein Williams iarracht a mhíniú cén fáth ar ghlac na filí le nósanna imeachta na gcúirteanna dlí. Tá an bunsaothar i mBreatnais, teanga nach dtuigim, ach seo daoibh sleachta as na haistriúcháin a réitigh Máirín Ní Mhuiríosa agus Patrick K. Ford:
Nuair a ghabh Tadhg Ó Duinnín le feirmeoireacht bhí deireadh, do réir cosúlachta, leis an scoil fhilíochta ar an sean-nós sa Bhlarnain. Ach tharla gur mhair an traidisiún san áit faoi mhalairt crutha. Na filí úd a raibh taithí acu ar chomrádaíocht na seanscoile, níorbh ionadh fonn a bheith orthu an chomrádaíocht agus an teagmháil a chaomhnú. Rinne siad é sin trí theacht le chéile i gcomhthionóil ar ócáidi agus bhain siad feidhm as téarmaíocht an dlí i ngach ar bhain leis na comhthionóil seo: ‘cúirt’ a tugadh mar ainm ar an gcomhthionól agus gairmeadh ‘sirriam’ nó ‘ard-shirriam’ don té a bhíodh i gceannas ar na cruinnithe.
J. E. Caerwyn Williams agus Máirín Ni Mhuiríosa,
Traidisiún Liteartha na nGael (BÁC, 1979), 286.

When Tadhg Ó Duinnín turned to farming, the bardic school of Blarney (Damhscoil na Blarnann) was doomed; the tradition, however, was carried on in a different form. As might be expected, the poets that enjoyed the warm society of their own schools were bound to want some kind of relationship with one another, and they did succeed in holding assemblies. Interestingly enough, the name they gave to these assemblies was cúirt, that is, a law court or court of judgment, and the notion of giving a verdict, passing judgment is implicit in every reference to the cúirt found in poems.
J. E. Caerwyn Williams, The Irish Literary Tradition (Cardiff, 1992), 225.
Más féidir brath ar na tagairtí sna haistriúcháin, is cosúil nach raibh ach foinse amháin ag Caerwyn Williams don insint seo: an réamhrá a chuir Tadhg Ó Donnchadha (‘Torna’) leis an gcéad eagrán de dhánta Sheán na Ráithíneach, díolaim a foilsíodh sa bhliain 1907. Thug Torna dhá líne as dán a chum Tadhg Ó Duinnín agus é ag fágáil sláin ag a cheird, mar aon le dhá líne as dán eile inar fhreagair Eoghan Ó Caoimh é. Ní féidir liom an tuairim seo a chruthú, ach is dóichí ná a mhalairt go raibh cuntas Uí Chorcora bunaithe ar an réamhrá céanna.

     Tá Caerwyn Williams le moladh as an bhfianaise a bhí aige a chur faoinár mbráid, ach caithfear a rá nach bhfuil cuma na dóchúlachta uirthi. Ar an gcéad dul síos, níorbh fhilí oidhreachtúla iad na Duinnínigh in aon chor, ach seanchaithe. Go deimhin, deinim amach go bhfuil tagairt don ghairm sin sa dán a leag Torna ar Thadhg Ó Duinnín, dán a chuir T. F. O’Rahilly in eagar sa bhliain 1925:
Má tá gur chaitheas seal dom aois aerach,
is gur ghnáthas stair ar racht na bhfíor-Ghael so,
mo cheard ó mheath le malairt dlí i nÉirinn,
mo chrá go rach gan stad le bríbhéireacht!
T. F. O’Rahilly (eag.), Búrdúin Bheaga (BÁC, 1925), 43.
Bhíodh stair na n-uaisle á ríomh ag Ó Duinnín tráth, de réir cosúlachta, ach chaill sé an obair sin de bharr athraithe polaitiúla. Is údar suntais é gur meadaracht aiceanta agus teanga nua-aimseartha atá sa cheathrú seo agus nach bhfuil an rian is lú den Ghaeilge chlasaiceach le brath uirthi. Más é Eoghan Ó Caoimh (1656-1726) a scríobh an freagra ar aiste Uí Dhuinnín, ba dheacair a chreidiúint gur cumadh é roimh 1680 ar a luaithe. Agus is féidir dáta níos déanaí fós a chur ar aiste eile le Tadhg Ó Duinnín: dán is ea é inar chaoin sé briseadh na nGael i gCogadh an Dá Rí. Timpeall na bliana 1700 a cumadh an iarracht seo, de réir dealraimh, mar bhí Donncha Mac Cárthaigh (1668-1734), Iarla Chlainne Cárthaigh, Bíocunta Mhúscraí agus Barún na Blarnan, ar deoraíocht in Hamburg ag am a cumtha. Thug Ó Duinnín le fios gur chaill sé féin an chéim a bhí aige sa saol nuair a coigistíodh eastát an iarla tar éis an chogaidh:
Is léan liom leagadh na bhflatha is na bhfíoruaisle
féastach, freastalach, fleasc-chupach, fíon-chuachach,
do bhéarfadh fearann dom shamhailse faoi dhualgas
saor ó shraithibh gan tabhairt ar chíos uaimse.
P. S. Dinneen, Dánta Aodhagáin Uí Rathaille (Londain, 1900), 252.
Is léir, mar sin, gur bhain Tadhg Ó Duinnín leis an aos léinn ó dhúchas. Seanchaithe oidhreachtúla na gCárthach ba ea a shinsir, rud a thug stádas ar leith dó in Éirinn an ancien régime—an tsochaí uaslathach thraidisiúnta a treascraíodh sa réabhlóid a bhain an choróin de rítheaghlach na Stíobhartach agus a n-eastáit d’uaisle Caitliceacha na hÉireann. Níl aon fhianaise ann gurbh fhile gairmiúil é Tadhg Ó Duinnín, áfach, agus is féidir talamh slán a dhéanamh de nach raibh sé i mbun bardscoile chomh déanach leis an mbliain 1691. Is é is dóichí go mbíodh obair chléireachais ar son na gCárthach idir lámha aige roimh an gcogadh agus gur chaill sé an cúram sin faoin réimeas úr—an ‘mhalairt dlí’ mar a thug sé air—a bunaíodh tar éis chonradh Luimnigh. Timpeall an ama sin a chum sé an cheathrú a chuir O’Rahilly in eagar, de réir dealraimh. Níos déanaí fós, thart ar na blianta 1726-28, luadh Tadhg Ó Duinnín sa dán cáiliúil le Tadhg Ó Neachtain inar liostáil sé na scoláirí Gaeilge a raibh aithne aige orthu i mBaile Átha Cliath:
Thriall ’nár ndáil Ó Duinnín donn
le barr eagna is foghluim:
     ón Mhumhain dom Thadhg, ní cóir a chleith,
     oide fíorghaoiseach na Gaoidhilge.
Alan Harrison, Ag Cruinniú Meala (BÁC, 1988), 135.
Cé gur thug Ó Neachtain ‘file’ agus ‘údar’ ar Aodh Buí Mac Cruitín agus ar Sheán Ó Neachtain faoi seach, ba é ‘oide’ an focal a roghnaigh sé mar chur síos ar an Duinníneach. Más ionann iad an Tadhg Ó Duinnín a bhí i mBaile Átha Cliath agus an fear den ainm céanna a bhí sa Bhlarnain, ní dhéanfadh Ó Neachtain neamhshuim dá chúlra liteartha dá mba fhile gairmiúil na gCárthach é anuas go dtí aimsir an chogaidh.

Teaghlaigh léannta na Mumhan timpeall na bliana 1600 (gorm); cúirteanna éigse an 18ú céad (dearg)

     Níl ach ceann amháin de na cúirteanna éigse pléite agam go dtí seo, ach baineann tábhacht ar leith le cúirt na Blarnan ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, ghlac líon mór filí páirt inti: Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh, Uilliam Mac Cairteáin an Dúna, Conchúr Ó Briain, Éamonn de Bhál, Seán na Ráithíneach, agus tuilleadh nach iad. Is mór idir sin agus roinnt de na cúirteanna eile nach raibh páirteach iontu ach file aitheanta amháin agus dornán dá chairde: féach, mar shampla, Seán Clárach Mac Dónaill agus cúirt na Rátha, Piaras Mac Gearailt agus ‘cúirt na mburdún’ in Uí Mac Coille, Pádraig Mac Giobúin agus an chúirt i nGarrán an Ridire, Uilliam Ó Lionnáin agus an chúirt in Oireacht Uí Chonchúir, nó Tomás Ó Míocháin agus cúirt éigse Inis. Tá an fhianaise chomh tearc sin i gcás roinnt de na cúirteanna gur deacair dom a chreidiúint go dtagaidís le chéile go rialta—má bhíodar ann riamh lasmuigh de shamhlaíocht na bhfilí agus de leathanaigh na lámhscríbhinní. Is cinnte go raibh saol gearr ag an gcúirt éigse a thionóil Tomás Ó Míochain in Inis, mar shampla. Is é béaloideas an cheantair an t-aon teist atá againn go raibh cúirt éigse i mBaile Bhuirne san 18ú céad. Cé is moite de chúirt na Blarnan, níl ach cúirt amháin eile a bhfuil fianaise againn ina taobh atá tathagach agus iontaofa: mar atá, cúirt éigse na Máighe a raibh Seán Ó Tuama agus Aindrias Mac Craith páirteach inti.

     Is é an dara cúis go mbaineann tábhacht ar leith le cúirt na Blarnan go raibh sí faoi lánseol glúin iomlán sula raibh trácht ar aon chúirt éigse eile. Is féidir a rá le cinnteacht go raibh cúirt na Blarnan ag feidhmiú faoin mbliain 1703 ar a dhéanaí, agus is cosúil nach bhfuil tagairt do chúirt ar bith eile le fáil roimh 1730 ar a luaithe. Tar éis dom an fhianaise go léir ar na cúirteanna éigse a thiomsaigh Breandán Ó Conchúir san aiste leis dar teideal ‘Na cúirteanna éigse i gcúige Mumhan’ a scagadh, deinim amach gurbh í cúirt na Blarnan an chéad chúirt éigse riamh agus gur ag déanamh aithrise ar nósanna imeachta an réamhshampla seo a bhí comhaltaí gach cúirte eile dá raibh ann ina diaidh—bíodh na cúirteanna sin fíor nó samhalta. Má tá an ceart agam sa mhéid sin, is leor bunús chúirt éigse na Blarnan a mhíniú chun bunús na gcúirteanna éigse uile a mhíniú. Creidim gur féidir an míniú sin a thabhairt, ach caithfimid finscéal rómánsach na mbardscoileanna a chaitheamh i dtraipisí agus an lorg a leanúint i treo eile ar fad.

Baill an ‘court baron and leet’ in Henley, Warwickshire

     Bhí cur amach nár bheag ag aos liteartha an 18ú céad ar an dlí Gallda. Léiríonn an ‘barántas’, seánra liteartha a bhfuil mórán samplaí de curtha in eagar ag Pádraig Ó Fiannachta, go raibh filí na linne sin eolach ar obair na gcúirteanna. Tá aiste scríofa ag Damien Ó Muirí ar chúlra dlíthiúil an bharántais agus scríobh Úna Nic Éinrí alt ar na ‘pasanna’ nó na ‘paitinní’ filíochta, seánra liteartha eile a raibh baint aige leis an dlí. San aiste leis ar an mbarántas, thug Damien Ó Muirí cuntas mionchúiseach ar na cúirteanna dlí mar a bhíodar san 18ú céad: thagair sé do na ‘ceithre cúirteanna’ i mBaile Átha Cliath, luaigh sé na cúirteanna seisiúin a shuíodh dhá uair sa bhliain i ngach contae chun cásanna tromchúiseacha coiriúla (felonies) a éisteacht, agus níor dhein sé faillí sna cúirteanna ceathrú-sheisiúin a d’éisteadh cásanna a bhain le mion-choireanna (misdemeanours). Ach bhí cúirteanna faoina mbun sin arís nár thagair sé dóibh: mar atá, na cúirteanna mainéaracha.

     De réir chóras feodach na Meánaoise, bhí sé de cheart ag gach barún cúirt a bhunú ina mhainéar féin chun cásanna sibhialta a bhain le muintir an mhainéir a éisteacht. ‘Court de baron’‘court baron’ an téarma oifigiúil ar na cúirteanna feodacha seo agus ba é tiarna an mhainéir a cheap oifigigh na cúirte. Ba iad na hoifigigh ba thábhachtaí sna cúirteanna barúin an ‘seanascal’ (seneschal) a bhí ina bhreitheamh ar an gcúirt, an ‘báille’ a chuir gairmeacha cúirte ar dhaoine agus a dhein obair riaracháin na cúirte, agus an ‘constábla’ a choinnigh ord sa chúirt. Níorbh fhéidir cásanna coiriúla a éisteacht sna cúirteanna príobháideacha seo toisc gur bhain an chumhacht sin leis an rí amháin, ach bhí an choróin sásta paitinní a bhronnadh ar thiarnaí áirithe a thug cead dóibh mionchásanna coiriúla a éisteacht ina gcúirteanna féin. ‘Court leet’ a glaodh ar an gcúirt bharúin a raibh paitinn ríoga den saghas seo aici agus ‘view of frankpledge’ a tugadh ar an gcumhacht féin. Is ionann ‘frank’ sa chomhthéacs seo agus ‘síocháin’. Chiallaigh an ‘view of frankpledge’ go raibh sé d’údarás ag court leet an tsíocháin a chaomhnú sa chomharsanacht ina raibh an chúirt suite trí phionóis bheaga a ghearradh ar lucht clampair, ach b’éigean do na cúirteanna logánta seo cásanna tromchúiseacha a sheoladh ar aghaidh chuig ceann nó eile de na cúirteanna ríoga a luadh thuas.

Eilís I
     Bhí níos mó ná teideal uaisleachta amháin ag Cárthaigh Mhúscraí. Is é an teideal is sine acu, ‘Barún na Blarnan’, an ceann ba lú stádas cé gurb é is mó a bhaineann le hábhar i gcomhthéacs na gcúirteanna dlí. Nuair a thugas an teideal seo faoi deara, rith sé liom go mb’fhéidir go raibh cúirt mhainéir dá gcuid féin ag barúin Ghaelacha na Blarnan. Dheineas roinnt taighde agus d’aimsíos an fhianaise a bhí uaim sna páipéir stáit. Sa bhliain 1589, eisíodh paitinn ríoga a thug cead do Chormac mac Diarmada Mac Cárthaigh (1552-1616), Barún na Blarnan, cúirt bharúin a bhunú i mainéar na Blarnan. Ní hamháin sin, ach tugadh an view of frankpledge do Mhac Cárthaigh chomh maith:
Grant (under queen’s letter, 13 Jan., xxx.) to Cormac Carty fitz Derby alias Cormac m‘Dermode m‘Teige M‘Carty, of the Blarny, co Cork; of the manor of Blarny, Twhoneblarny, and the whole country of Muskry ... Also grant of the lands of Carricknevar, co. Cork. To hold for ever in common socage. Rent, 10s. He may hold, once a quarter, a court baron and view of frank pledge.
The Irish Fiants of the Tudor Sovereigns, imleabhar III (BÁC, 1994), uimhir 5333.
D’fhéadfaí idir chásanna sibhialta agus mhionchásanna coiriúla a éisteacht i gcúirt mhainéir na Blarnan. Ach baineann an fhianaise seo le deireadh an 16ú céad. Is iomaí cor a chuir stair na hÉireann de sa chéad leath den 17ú céad, agus bhí tuilleadh fianaise ag teastáil uaim sula mbeinn sásta a rá gur mhair cúirt bharúin na Blarnan chomh fada le ré Shéamais II. Ní sna páipéir stáit a tháinig mé ar an bhfianaise an iarraidh seo, ach i litríocht na Gaeilge. Sa bhliain 1686, beagnach céad bliain tar éis eisiúint na paitinne a thug aitheantas ríoga do chúirt na Blarnan, scríobh Dáibhí Ó Bruadair dán inar thug sé a bheannacht d’ógfhear a bhí ag fágáil Chontae Luimnigh agus ag tabhairt aghaidh ar an mBlarnain chun liostáil i reisimint a bhí á hearcú ag Iarla Chlainne Cárthaigh ar son Shéamais II. Seo véarsa as an dán sin:
Ós fonn libh id chúrsa dul d’amas trátha
go longphurt an chúinge do chlannaibh Cárthaigh
do shrúithibh na cúirte is dá seanascál sil
is d’fhear iomchuir an Dúilimh mo bheatha sláinte.
J. C. MacErlean (eag.) Duanaire Dhaibhidh Uí Bhruadair, III (Londain, 1917), 42.
Nó, chun friotal níos sothuigthe a chur ar na línte thuas:
Ós rud é gur mian leat dul ag saighdiúireacht ar feadh tamaill go dtí caisleán an ghaiscígh de chlanna Cárthaigh, do shaoithe na cúirte is dá breitheamh beir mo bheannacht—is d’fhear taca Dé (.i. sagart na Blarnan).
Cruthaíonn an tagairt seo do sheanascal na cúirte go raibh cúirt bharúin na gCárthach ag feidhmiú sa Bhlarnain chomh déanach leis an mbliain 1686.

     Chuir an bua a bhain Uilliam III i gCogadh an Dá Rí ‘malairt dlí’ ar bun in Éirinn agus chaill Iarla Chlainne Cárthaigh an t-eastát mór a bhí aige i ndeisceart na Mumhan. Ba é an Hollow Sword Blade Company, comhlacht amhantraíochta ó Londain, a fuair seilbh ar thailte an iarla i dtús báire agus ligeadh mainéar na Blarnan ar cíos leis an Urramach Rowland Davies, déan Chorcaí. Ach cuireadh an Bhlarna ar ceant sa bhliain 1702 agus cheannaigh Sir Richard Pyne, príomhbhreitheamh na hÉireann, é ar £3,000. An bhliain dár gcionn, dhíol an breitheamh an sealúchas don Ghinearál Sir James Jefferyes, saighdiúir a bhí ina cheannfort ar gharastún Chorcaí ag an am. Seo mar a scríobh Conchúr Ó Briain timpeall na bliana 1703:
Mar bharr ar leagadh is ar leathadh na dtriatha san
’na n-áit ní fhaicim ach fleascaigh is fia-bhodaigh,
is an Bhlarna mhaiseach ’nar chleachtaitheach cliara i gcion
’na fásach ceannaigh á stracadh acu siar is soir.
Risteárd Ó Foghludha (eag.), Carn Tighearnaigh (BÁC, 1938), 16.
Bhí deireadh le cúirt na Blarnan—nó, le bheith níos cruinne, bhí deireadh le cúirt dlí na Blarnan.

     Cúirt de shaghas nua a tionóladh sa Bhlarnain tar éis na réabhlóide. Cúirt ba ea í a bhí beag beann ar an réimeas nua. Níor chúirt dlí í a thuilleadh, ach b’ionann cúirt na Blarnan a bhuanú i bhfoirm eile agus ráiteas polaitiúil a dhéanamh. B’ionann cúirt a thabhairt le chéile sa Bhlarnain in athuair agus dílseacht a fhógairt don bharún Seacaibíteach a bhí ar deoraíocht. B’ionann cúirt neamhoifigiúil a ghairm agus dlisteanacht ‘mhalairt dlí’ na Whigs a shéanadh. B’ionann cúirt éigse a choinneáil ar siúl sa Bhlarnain agus iarsma beag den ancien régime a scriosadh i gcath Eachroma a chaomhnú.

[Léadh leagan den aiste thuas ag comhdháil bhliantúil Chumann Éire an 18ú Céad in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an 11 Meitheamh 2016.]