24/12/2019

Tabulae ex magno opere meo

Seo chuid den mhéid a bhí le léamh in aiste liom a foilsíodh anseo i mí na Nollag 2015:
Tá cinneadh déanta agam le déanaí agus táim chun é a fhógairt anois: tá beartaithe agam ar stair na hÉireann a scríobh, i nGaeilge. Aon chaibidil déag a bheidh ann—caibidil amháin ar an réamhstair agus deich gcaibidil ar na tréimhsí staire a leagas amach anseo i mí Lúnasa—agus beidh idir 12,000 agus 16,000 focal i ngach caibidil. Timpeall 150,000 focal, nó 300 leathanach, a bheidh sa saothar ar fad. Sílim go dtógfaidh sé idir ceithre mhí agus sé mhí orm caibidil a scríobh. Má mhairim, agus mura rachaidh mé as mo mheabhair idir an dá linn, beidh an chéad dréacht den magnum opus réidh i gceann cúig bliana.
Ní gá dom a rá go raibh an sprioc sin i bhfad ró-uaillmhianach. Go deimhin, ní raibh dul chun cinn ar bith déanta agam an bhliain dár gcionn. Seo sliocht as an aiste a foilsíodh anseo i mí na Nollag 2016:
Nuair a bhíos ag scríobh anseo anuraidh, thugas le fios go raibh sé i gceist agam tabhairt faoi stair na hÉireann a scríobh ó thús aimsire go dtí ár linn féin, agus go dtógfadh sé tuairim is cúig bliana orm an obair sin a chur i gcrích. Ach go luath ina dhiaidh sin, chinneas gurbh fhearr dá gcuirfinn leabhar gairid eile díom i dtús báire. Tuairim is seachtó nó ochtó faoin gcéad den téacs sin atá scríofa agam anois agus is cosúil go mbeidh an chlóscríbhinn réidh le cur i lámha foilsitheora um Cháisc.
D’éirigh liom tús a chur leis an obair in 2017, áfach, agus foilsíodh mír as an gcéad chaibidil den magnum opus anseo i mí Aibreáin na bliana seo caite. Chríochnaíos an chéad dréacht den dara caibidil i mí Lúnasa i mbliana. Bhí taighde don tríú caibidil idir lámha agam le cúpla mí anuas agus táim réidh anois chun luí isteach ar an scríobh in athuair. Nuair a bhí an obair sin ar siúl agam, thapaíos an deis chun mapaí a ullmhú do chaibidlí 1-3. Ocht mapa ar fad ata i gceist agus tá siad le fáil mar chomhaid PDF anseo thíos:

Na mapaí a ghabhann le Caibidil 1 (an réamhstair)

Mapa 1: Láithreacha seandálaíocha atá luaite sa téacs
Mapa 2: Dúnta cnoic sa chré-umhaois, c. 1000 R.Ch.
Mapa 3: Éire de réir Claudius Ptolemaeus, c. A.D. 150 

Na mapaí a ghabhann le Caibidil 2 (400-795)

Mapa 4: Éire de réir fhianaise na litríochta
Mapa 5: Mainistreacha tábhachtacha faoi lár an 7ú céad
Mapa 6: Éire i dtreo na bliana 550 

Na mapaí a ghabhann le Caibidil 3 (795-1002)

Mapa 7: Éire i dtreo na bliana 800
Mapa 8: Tionchar na Lochlannach: taiscí airgid ón 9ú céad agus ón 10ú céad

Bainigí sult as na mapaí, agus go mbeirimid beo ag an am seo arís!