18/08/2018

An chré-umhaois

Is iad an t-ór, an t-airgead agus an copar na miotail ba thúisce ar baineadh úsáid astu, ní nach ionadh ós rud é go bhfuil na miotail dhúchasacha le fáil sa nádúr. Lena chois sin, leánn an copar ag 1084 °C, teocht atá insroichte i dtine adhmaid, agus leánn an dá mhiotal eile ag teochtaí atá níos ísle fós. Is eol dúinn go raibh mianta copair á mbruithniú agus earraí copair á dteilgean sa Mheánoirthear faoin mbliain 5000 R.Ch. Leath ceard na miotalóireachta go dtí na Balcáin agus bhí mianadóireacht copair ar siúl chomh fada siar leis an Iodáil faoin mbliain 3300 R.Ch. Scaip an mhiotalóireacht ó thuaidh, leis, agus tháinig an teicneolaíocht nua chomh fada leis an steip – an machaire fairsing féir a shíneann ó chósta thuaidh na Mara Duibhe go Muir Chaisp. Tá an t-ór agus an t-airgead róbhog chun uirlisí fónta a dhéanamh astu. Ní hamhlaidh don chopar é, áfach, agus bhí lanna copair, mar aon le seodra óir is airgid, in úsáid ag cultúr úr a tháinig chun cinn ar an steip c. 3400 R.Ch. Bhaist seandálaithe na Rúise ‘an cultúr Yamnaya’ (Ямная культура) ar an bpobal seo toisc go gcuiridís na mairbh ina n-aonar i bpoill adhlactha: is aidiacht é ‘yamnaya’ a chiallaíonn ‘pollach’ sa Rúisis.

Dúiche an chultúir Yamnaya agus a thuras siar.
     Bhí muintir na steipe ag brath ar an tréadaíocht agus d'aistrídís go minic ó thalamh féarach go talamh féarach lena gcuid beithíoch. Bhí baill an chultúir Yamnaya in inmhe chuig an saol fáin mar bhain sóchán géiniteach dóibh a chuir ar a gcumas an lachtós i mbainne milis a dhíleá agus chinntigh sé seo go mbeadh soláthar bia acu agus iad ag taisteal. Ina theannta sin, bhí an capall ceansaithe acu mar bheithíoch marcaíochta agus bhí feithiclí rotha in úsáid acu. D’fhág na forbairtí fuaimintiúla seo – an capall agus an roth i dteannta a chéile – go raibh treibheanna iomlána in ann gluaiseacht níos faide agus ar luas níos tapúla ná riamh cheana. B’shin a tharla: scaip an cultúr Yamnaya siar agus soir, rud a d’athraigh cultúr na hEorpa agus na hIndia ó bhonn. Is ón teanga a labhair muintir na steipe cúig mhíle bliain ó shin a shíolraigh na teangacha Ind-Eorpacha atá á labhairt inniu ag níos mó ná trí mhíle milliún duine ar fud na cruinne. Cé nár theanga scríofa í an Ind-Eorpais riamh, is féidir cuid mhaith d’fhoclóir na teanga a athchruthú trí fhoclóirí na dteangacha éagsúla a shíolraigh uaithi a chur i gcomórtas le chéile. Mar shampla, áirítear gur tháinig ‘olla’ na Gaeilge, ‘lana’ na Laidine agus ‘wool’ an Bhéarla ó *wolna na hInd-Eorpaise, agus gur tháinig ‘líon’ na Gaeilge, ‘linum’ na Laidine agus ‘linen’ an Bhéarla ó *leinom. Mar an gcéanna, thug *ekwos na hInd-Eorpaise ‘each’ na Gaeilge agus ‘equus’ na Laidine dúinn;  tháinig ‘roth’ na Gaeilge agus ‘rota’ na Laidine ó *rotos na hInd-Eorpaise; agus shíolraigh ‘ais’ na Gaeilge, ‘axis’ na Laidine agus ‘axle’ an Bhéarla ón téarma Ind-Eorpach *aksis.

     Ghluais lucht labhartha na hInd-Eorpaise suas gleann na Danóibe chomh fada le machaire na hUngáire sa tréimhse idir 3100 agus 2800 R.Ch. Léiríonn líon mór na n-uaigheanna i stíl shainiúil an chultúir Yamnaya atá aimsithe ag seandálaithe go ndearna na sluaite an t-aistear ón steip siar go ceartlár na hEorpa. Mar a bheifí ag súil leis, tharla crosphórú idir na hinimircigh nua agus na pobail dhúchasacha a fuaireadar rompu. Le blianta beaga anuas, thaispeáin tástálacha géiniteacha a rinneadh ar thaisí daonna ó thús na coparaoise gur tháinig athrú tobann ar ghéanóm na nEorpach agus gurbh í an inimirce ón steip ba chúis leis. Nuair a rinneadh tástáil ar DNA an Y-chrómasóim (an crómasóm fireann a thagann anuas ó athair go mac) fuarthas amach go raibh haplaghrúpa R1b coitianta i measc fhir an chultúir Yamnaya. Ní raibh haplaghrúpa R1b le fáil i measc Eorpaigh na nua-chlochaoise in aon chor, ach ba é an haplaghrúpa ba choitianta é in iarthar na hEorpa (lasmuigh de leithinis na hIbéire) ó thús na coparaoise amach. Timpeall na bliana 2600 R.Ch., tháinig na hinimircigh ón steip chomh fada le híochtar na Réine mar ar ghlacadar le soitheach de shaghas nua: soitheach cré ba ea é a raibh an cruth céanna air agus a bheadh ar chlog a iompaíodh bun os cionn. Is ar chósta thiar na hIbéire a thosaigh an nós seo, de réir cosúlachta, ach leath na soithí clogchruthacha ar fud iarthar na hEorpa ar luas. Má tá bunús leis an teoiric gur scaipeadar in éineacht le hól na beorach, b’éasca an tóir a bhí orthu a thuiscint. Bíodh sin mar atá, thóg sliocht na steipe an mhiotalóireacht agus na soithí clogchruthacha leo nuair a bhaineadar an Bhreatain amach thart ar 2450 R.Ch. Léirigh staidéar géiniteach a rinneadh ar thaisí daonna ón gcré-umhaois a fuarthas ansiúd gur bhain níos mó ná 90 % acu le haplaghrúpa R1b. Ach má d’imigh pobail na nua-chlochaoise i léig gan mhoill sa Bhreatain, is cosúil go raibh an t-athrú a tharla in Éirinn níos réidhe.

Mianach copair Oileán an Rois.
     Is eol dúinn go raibh mianadóireacht copair faoi lánseol ag Oileán an Rois, ar bhruach Loch Léin i gCiarraí, faoin mbliain 2400 R.Ch. Is díol suime é go bhfuarthas soithí clogchruthacha i gcampa na mianadóirí agus go raibh a modhanna oibre in úsáid sa Bhriotáin cheana féin; is dóichí ná a mhalairt gur thángadar ó mhórthír na hEorpa ar thóir copair. Bruithníodh an mhian ar an láthair agus seoladh an miotal i bhfad agus i ngearr: chruthaigh tástálacha ceimiceacha gur úsáideadh copar ó Oileán an Rois chun uirlisí a dhéanamh, ní ar fud na hÉireann amháin, ach sa Bhreatain, sa Bhriotáin agus san Ísiltír chomh maith. Bhí an copar flúirseach in Éirinn agus níl sé deacair teacht air mar tá mianta an mhiotail daite agus so-aitheanta: aimsíodh fosuithe eile copair ag Cnoc Osta in iarthar Chorcaí, ag Bun Machan i gcontae Phort Láirge, agus ag Abhóca i gcontae Chill Mhantáin. Rinne an mhiotalóireacht dul chun cinn suntasach nuair a tuigeadh go bhféadfaí uirlisí níos crua agus níos marthanaí a dhéanamh ach naoi bpáirt copair a mheascadh le páirt amháin stáin: ‘cré-umha’ a thugtar ar an gcóimhiotal seo. Cé go raibh stán gann in Éirinn, níor dheacair do mhiotalóirí na linne teacht air mar bhí an fosú ba thábhachtaí san Eoraip suite i gCorn na Breataine. Faoin mbliain 2000 R.Ch. bhí uirlisí cré-umha á dteilgean ag ceardaithe na hÉireann. Ar na hearraí miotail ba choitianta sa choparaois agus i dtús na cré-umhaoise bhí tuanna a teilgeadh i múnlaí oscailte a gearradh as píosa amháin cloiche.  Bhí an t-ór le fáil mar mhiotal dúchasach in Éirinn, go háirithe i Sliabh Speirín agus i sléibhte Chill Mhantáin, agus tá réimse leathan de sheoda óir tagtha anuas chugainn ón gcré-umhaois: ina measc seo tá dioscaí maisithe, luanlaí, fáiscíní éadaigh, toirc, iodha agus dualfháinní. Cé gur bhain miotalóirí na hÉireann ardchaighdeán ceardaíochta amach go luath, bhí earraí miotail tearc go leor ar feadh i bhfad: comharthaí stádais ba ea iad, agus d’fhan an choitiantacht taobh leis na huirlisí cloiche a bhí in úsáid ag deireadh na nua-chlochaoise.

Tuama dingeach ón gcré-umhaois luath.
     Mar an gcéanna, leanadh leis an traidisiún a bhí ann na mairbh a chréamadh agus a chur i dtuamaí meigiliteacha ag tús na cré-umhaoise. Tá níos mó na cúig chéad tuamaí ann a tógadh sa tréimhse idir 2500 agus 1300 R.Ch., a bhformhór acu suite laistiar de líne ó Dhoire go Corcaigh. ‘Tuamaí dingeacha’ a thugtar ar na tuamaí seo toisc go mbíonn cruth dinge ar na seomraí adhlactha: bíonn siad ard agus leathan chun tosaigh ach íseal agus cúng sa chúl. Luíonn leaca an dín go díreach ar chlocha ingearacha na mballaí agus bíonn leac ingearach ag béal an tuama lena dhúnadh. Bíonn an tuama ar fad folaithe faoi charn cloch ar uairibh, ach is minic a bhíonn aghaidh an tuama fágtha gan chlúdach. Níl tuamaí den déanamh seo le fáil áit ar bith lasmuigh d’Éirinn agus is cosúil gur fhorbairt áitiúil iad ar thuamaí meigiliteacha na nua-chlochaoise. Ach má tá na tuamaí dingeacha líonmhar san iarthar, thosaigh nós nua adhlactha ag dul i dtreis ar fud an oileáin tar éis 2200 R.Ch.: adhlacadh na mairbh ina n-aonar, i poill mar a dhéanadh muintir na steipe, nó i mboscaí cloiche a dtugtar ‘cistí’ orthu. Tá sé le tuiscint ón éagsúlacht seo go raibh ciníocha éagsúla ag cur fúthu in Éirinn sa chré-umhaois luath. Réitíonn an tuairim seo le fianaise na géineolaíochta: nuair a rinneadh anailís ghéiniteach ar thaisí triúr fear a adhlacadh i gcistí ar Reachlainn, amach ó chósta Aontroma, ag uaireanta éagsúla idir 2000 agus 1500 R.Ch., fuarthas amach gur bhaineadar go léir le haplaghrúpa R1b. Ach in ainneoin sin, thaispeáin géanóim an triúir go raibh sinsearacht mheasctha acu: áiríodh gur bhain 39 % dá sinsir leis an gcultúr Yamnaya, 35 % le feirmeoirí na nua-chlochaoise, agus 26 % le sealgairí na meán-chlochaoise. Thairis sin, léirigh an tástáil ghéiniteach go raibh an té ba luaithe den triúr in ann bainne milis a ól. Más ón mBriotáin a tháinig sliocht an chultúir Yamnaya go hÉirinn ar dtús, níl aon amhras ach gur thángadar ón mBreatain ina dhiaidh sin. Adhlacadh an triúr as Reachlainn in éineacht le ‘soithí bia’, cineál soithigh a tháinig chun cinn in Éirinn agus a bhfuil gaol aige leis na soithí clogchruthacha a bhí coitianta ar fud na hEorpa. Ach tá soithí bia den saghas céanna le fáil in iardheisceart na hAlban chomh maith, rud a chruthaíonn go raibh caidreamh rialta idir daoine ar an dá thaobh de Shruth na Maoile i dtosach na cré-umhaoise. Tháinig stíleanna eile criadóireachta isteach ón mBreatain ar ball: bhí an ‘síothal muinceach’, soitheach cré a bhí coitianta ar fud na Breataine, in úsáid ar chósta thoir na hÉireann faoin mbliain 1900 R.Ch., mar shampla, agus tháinig an ‘síothal iomaireach’, stíl eile soithigh a bhí coitianta in Albain, go hÉirinn roimh 1700 R.Ch. agus leath sé ar fud an oileáin. Is dóichí ná a mhalairt gur thóg treibheanna nua na hearraí seo leo nuair a bhogadar go hÉirinn agus go raibh sruthanna imirceach ag teacht agus ag imeacht idir an dá oileán i rith na cré-umhaoise. Bheifí ag súil go mbeadh an chuid ba mhó den trácht i dtreo na hÉireann, áfach, ós rud é go bhfuil an Bhreatain níos mó ná Éire agus níos gaire do mhórthír na hEorpa.

     Caithfidh go raibh teanga Ind-Eorpach á labhairt in Éirinn agus sa Bhreatain ón uair a chuir inimircigh de bhunadh na steipe fúthu sna hoileáin. Canúint iartharach den Ind-Eorpais a bhí acu nuair a thángadar, ach d’fhás teanga nua ón gcanúint sin roimh dheireadh na cré-umhaoise: mar atá, an Cheiltis. Ní fios cathain a chuaigh na teangacha dúchasacha i léig, ach is dóichí ná a mhalairt gur phróiseas mall é an t-athrú teanga in Éirinn i bhfianaise an leanúnachais chultúir a luadh cheana. Ní foláir nó go raibh tionchar ag an athrú teanga ar fhorbairt na Ceiltise. Simplíodh córas fuaimnithe na hInd-Eorpaise, rud a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn teanga nua á sealbhú ag pobal: cailleadh consain laraingeacha na hInd-Eorpaise, mar shampla, agus rinneadh gutaí nó consain de na leath-ghutaí. Tharla ceann de na hathruithe is suntasaí a dhealaíonn an Cheiltis ó theangacha Ind-Eorpacha eile déanach go leor nuair a cailleadh an consan ‘p’: freagraíonn ‘athair’ agus ‘iasc’ na Gaeilge do ‘pater’ agus ‘piscis’ na Laidine, nó do ‘father’ agus ‘fish’ an Bhéarla. Mar a míníodh thuas, tá dealramh leis an tuairim go raibh teangacha Afráiseacha á labhairt ar fud iarthuaisceart na hEorpa ó thús na nua-chlochaoise amach agus síleann teangeolaithe áirithe gur féidir lorg na dteangacha úd a aithint ar an gCeiltis. I measc na gcosúlachtaí gramadaí a luann siad tá: áit an bhriathair ag tús na habairte, an forainm réamhfhoclach, an t-ainm briathartha agus an briathar saor. Is gnéithe sainiúla de ghramadach na Ceiltise iad seo nach raibh san Ind-Eorpais riamh ach tá siad go léir le fáil sa Bheirbeiris. Níl na teangeolaithe ar aon intinn, áfach, agus tá daoine eile den tuairim nach bhfuil dóthain fianaise ar fáil chun foshraith na Ceiltise a aithint. Is fíor nach bhfuil tionchar na foshraithe le brath ar fhoclóir na Ceiltise, ach d’fhéadfaí easnamh na n-iasachtaí a thuiscint dá mbeadh líon mór teangacha a raibh líon beag cainteoirí ag gach ceann acu in iarthuaisceart na hEorpa roimh theacht na hInd-Eorpaise. Níor mhionteanga áitiúil í an Cheiltis ach mórtheanga a labhraíodh ar fud na hÉireann agus na Breataine, sa chuid ba mhó den Fhrainc, agus i réigiúin áirithe san Ibéir. Tugann fairsinge an limistéir inar labhraíodh an Cheiltis le fios go raibh pobail iomlána ag aistriú anonn is anall idir Éire agus an Bhreatain, idir na hoileáin agus an mhórthír, go ceann i bhfad. Murach an teacht agus an imeacht leanúnach seo, ní mhairfeadh aontacht na Ceiltise chomh fada agus a mhair.

Teach i stíl na cré-umhaoise (is i Sasana atá an ceann seo).
     Mar a luadh thuas, is beag fianaise atá ann go raibh tithe buana in úsáid sa mhíle bliain deireanach den nua-chlochaois. Níor tháinig mórán athraithe ar dhálaí beatha na ndaoine sa choparaois ná i dtosach na cré-umhaoise. Bhí taithí ag sliocht mhuintir na steipe ar an tréadaíocht: is cosúil  gur leanadar leis an saol fáin tar éis dóibh teacht go hÉirinn agus gur mhaireadar i mbothanna so-aistrithe nár fhág lorg ina ndiaidh a tharraingeodh aird na seandálaithe. Bhí méid áirithe curaíochta ar siúl i rith an ama – an chéad chruthúnas go raibh an líon á shaothrú in Éirinn, tá sé le feiceáil sa taifead pailine go gairid roimh 2000 R.Ch. – ach ba leor leathbhliain a chaitheamh in aon áit amháin chun barra a chur agus a bhaint. Tharla athrú a bhí sách tobann thart ar 1800 R.Ch. nuair a cuireadh tús le tógáil na dtithe adhmaid in athuair. Tithe ciorclacha ba ea iad a bhí seacht méadar ó thaobh go taobh ar an meán; bhí teallaigh ina leath acu agus bhíodar níos líonmhaire ó dheas ná ó thuaidh i dtús báire. Is annamh a bhí fál timpeall ar na láithreacha cónaithe. Thairis sin, bhí an chuma ar na tithe nár deisíodh iad mórán, rud a thacaíonn leis an tuairim nach gcaitheadh teaghlaigh ach dornán blianta in áit áirithe sula mbogaidís ar aghaidh go dtí an chéad suíomh eile. Tháinig méadú mór ar líon na bhfulachtaí fia timpeall an ama chéanna, cé gur tógadh iad ó thús na coparaoise ar aghaidh. Is é is ‘fulacht fia’ ann clais a bhfuil líneáil cloiche nó adhmaid inti agus atá suite láimh le foinse uisce. Líontaí an chlais le huisce, théití clocha i dtine, agus thumtaí na clocha dearga san uisce lena fhiuchadh. Tá an méid sin soiléir ós rud é go mbíonn carn de chlocha dóite taobh leis an bhfulacht fia i gcónaí. Níl sé cinnte cén fáth a mbíodh uisce beirithe ag teastáil, áfach, ach thug Seathrún Céitinn dhá mhíniú ina stair: gur úsáideadh na fulachtaí le haghaidh cócaireachta agus le haghaidh folctha. Níl tuairim níos fearr ag seandálaithe na linne seo agus thiocfadh dó go bhfuil bunús leis an dá mhíniú. D’éirigh tithe níos líonmhaire, níos buaine agus níos téagartha le himeacht ama. Ba nós coitianta é fál a thógáil timpeall orthu faoin mbliain 1500 R.Ch. agus d’fhás gráigeanna beaga thall is abhus nuair a tógadh cúpla teach le hais a chéile. Cuireadh dlús le tógáil na dtóchar trasna na bportach tar éis 1600 R.Ch. agus is fianaise láidir é seo go raibh an daonra ag méadú agus go raibh ceannairí i sochaí na linne a raibh sé d’údarás acu oibreacha móra a leagan amach agus a chur i gcrích. Tharla athruithe bunúsacha eile sa tréimhse chéanna. Maidir le cultúr an phobail, chuaigh adhlacadh na marbh i léig de réir a chéile tar éis 1700 R.Ch. agus is cosúil go raibh an créamadh á chleachtadh ag cách faoi mbliain 1500 R.Ch. Ó thaobh na talmhaíochta de, is léir gur éirigh an déiríocht agus an olann níos tábhachtaí sa chré-umhaois dhéanach ós rud é go mbíodh ba agus caoirigh á marú ag aois ní ba shine. Ina theannta sin, léiríonn anailísí pailine a rinneadh ar fud na hÉireann gur tháinig méadú agus leathnú ar an gcuraíocht – ar shaothrú an arbhair go háirithe – sa tréimhse idir 1300 agus 800 R.Ch., sular thit sí siar arís ar chúiseanna nach bhfuil soiléir. Ach tharla an t-athrú ba shuaithinsí thart ar 1400 R.Ch. nuair a cuireadh tús le tógáil na ndúnta cnoic. Tá na foirgnimh seo chomh tábhachtach dár dtuiscint ar shochaí na cré-umhaoise go gcaithfear suntas ar leith a thabhairt dóibh.

Dún Aonghasa.
     Is é is ‘dún cnoic’ ann imfhálú fairsing ar mhullach cnoic nó ar bhruach aille. Bhí éagsúlacht mhór i ndearadh na ndúnta agus d’fhéadfaí claíocha fód, sonnaidh adhmaid nó ballaí cloiche a úsáid sna múrtha cosanta. Aon fhál amháin maille le díog atá ar an gcuid is mó de na dúnta cnoic, ach tá dúnta a bhfuil roinnt fálta comhlárnacha timpeall orthu coitianta go leor. Ní hionann scála na ndúnta ach oiread: achar ceithre hectare ar an méan atá sna dúnta aon-fháil, i gcomórtas le seacht hectare ar an meán i gcás na ndúnta ilfhálta, ach tá suas le fiche hectare sna dúnta is mó. Áirítear go bhfuil tuairim is céad láthair in Éirinn ar féidir ‘dúnta cnoic’ a thabhairt orthu agus bhí formhór na suíomh in úsáid sa tréimhse idir 1400 agus 800 R.Ch. I measc na samplaí is aithnidiúla tá: Dún na Rátha Gile i gcontae Chill Mhantáin; Dún Uí Eochaidh le hais Eamhain Mhacha i gcontae Ard Mhacha; Dún an Mhúcháin i gcontae an Chláir; agus Dún Aonghasa atá suite go hard os cionn na farraige in Árainn. Ní fhéadfaí struchtúir ar scála na ndúnta cnoic a thógáil mura mbeadh údarás rialaithe ann chun an obair a stiúradh – agus chun iallach a chur ar oibrithe drogallacha nuair ba ghá. Go deimhin, tá múrtha na ndúnta chomh fada sin i gcásanna áirithe nárbh fhéidir iad a chosaint go héifeachtach i gcoinne ionsaithe; dhealródh sé gur tógadh iad d’aon turas chun cumhacht na rialtóirí a chur ina luí ar an gcoitiantacht. Lena chois sin, is cosúil gur lárionad treibhe é an dún cnoic agus gur úsáideadh é le haghaidh deasghnáth nó searmanas. Is áirithe go raibh treibheanna ann. Luadh roinnt téarmaí Ind-Eorpaise a bhaineann le hearraí agus le trealamh cheana, ach tugann fianaise na teangeolaíochta léargas dúinn ar eagar sóisialta na cré-umhaoise freisin. Mar shampla, tá gaol sanasaíochta idir ‘tuath’ na Gaeilge, téarma a thagair do mhuintir na treibhe, agus ‘Deutsch’ na Gearmáinise: tháinig an dá fhocal ó *teutā na hInd-Eorpaise. Mar an gcéanna, tháinig ‘rí’ agus ‘dia’ na Gaeilge (nó ‘rex’ agus ‘deus’ na Laidine) ó *regs agus *deiwos na hInd-Eorpaise faoi seach. Má ghlactar leis go raibh dún dá chuid féin ag gach rí tuaithe, chiallódh sé go raibh timpeall céad tuath in Éirinn i dtreo dheireadh na cré-umhaoise. Níl sé as an áireamh go raibh an daonra chomh mór le ceathrú milliún ag an am, rud a chiallódh go raibh suas agus anuas le dhá mhíle duine sa tuath chothrom. Chinnteodh a leithéid de dhaonra go mbeadh foireann oibre de chúpla céad fear ag an rí chun dún a thógáil nó a dheisiú, agus bheadh sé d’acmhainn aige díorma beag óglach a choinneáil.

Taisce earraí ón gcré-umhaois dhéanach.

     Is suntasach an ní é go bhfuil téarmaí sa Ghaeilge a bhaineann leis an gcogaíocht agus a bhfuil bunús Ind-Eorpach leo: meastar gur tháinig ‘cuire’ agus ‘cath’, focail a bhfuil gaol acu le ‘Heer’ agus le ‘Hader’ na Gearmáinise, ó *koryos agus *katus faoi seach. Tacaíonn fianaise na seandálaíochta leis an tuairim go raibh aicme mhíleata ar leith ann i ré na ndúnta cnoic. Cé go raibh tuanna, saigheada agus sceana le fáil sa chré-umhaois luath, ní féidir a rá cé chomh minic a úsáideadh iad mar airm seachas mar uirlisí chun crainn a leagan, chun ainmhithe a mharú, nó chun feoil a ghearradh. Ach d’éirigh airm shainiúla flúirseach tar éis 1400 R.Ch. Táirgeadh miodóga, claimhte, gathanna agus sciatha ag am nuair a bhí fás as cuimse ag teacht ar líon, ar éagsúlacht agus ar chastacht na n-earraí cré-umha trí chéile. Claimhte chun sáite a raibh lanna caola orthu a rinneadh i dtús báire, ach iompaíodh ar chlaimhte chun gearrtha a raibh lannaí níos leithne orthu thart ar 1100 R.Ch. Mar an gcéanna, d’éirigh an sleá trom a bhí le hiompar níos coitianta ná an ga éadrom a bhí le caitheamh. Bhí forbairt ag teacht ar mhodhanna troda i gcaitheamh an ama, mar sin, agus léiríonn líon mór na n-arm atá ar fáil ón gcré-umhaois dhéanach gur dhlúthchuid de shaol na linne í an chogaíocht. De réir áirimh amháin, thángthas ar 660 claíomh cré-umha in Éirinn go nuige seo; is ionann é sin agus ocht gclaíomh in aghaidh an 1000 km2, uimhir atá i measc na rátaí is airde san Eoraip.  Thairis sin, fuair seandálaithe amach gur cuireadh roinnt de na dúnta cnoic trí thine agus is ar éigin a tharlódh a leithéid de thaisme.

     Cruthaíonn torthaí an dátú radacarbóin gur thosaigh an bonneagar daonna ag meath thart ar an mbliain 1000 R.Ch. I bhfocail eile, tá láithreacha seandálaíochta de gach saghas níos teirce tar éis an dáta sin, rud a thugann le tuiscint go raibh an daonra ag titim. Bhí an cúlú mall go leor ar dtús ach ghéaraigh an luas timpeall na bliana 750 R.Ch. Níl sé soiléir cad ba chúis leis an gclaochlú sóisialta seo. De réir teoirice amháin, bhí an ithir spíonta agus chlis an churaíocht toisc nach raibh tuiscint ag feirmeoirí na linne ar leasú na talún ná ar uainíocht na mbarr. Is eol dúinn gur éirigh an aimsir níos fliche, in Éirinn agus ar fud iarthar na hEorpa, ón mbliain 750 R.Ch. amach. Caithfidh gur chuir an t-athrú aeráide leis an titim siar a bhí ag tarlú cheana, ach níorbh é ba chúis leis. De réir teoirice eile, bhí geilleagar na sochaí bunaithe ar tháirgeadh agus ar dháileadh an chré-umha agus na n-earraí a rinneadh as an miotal sin: fuarthas coirí agus coirn de dhéantús na hÉireann chomh fada ar shiúl leis an Danmhairg agus an Ibéir, mar shampla. Ach baineadh an bonn ón ngeilleagar nuair a thosaigh earraí iarainn, miotal atá níos crua ná an cré-umha, ag teacht isteach. Os a choinne sin, is eol dúinn nach raibh an mhiotalóireacht forleathan sa tsochaí. Ceird ba ea í a chleacht miotalóirí gairmiúla i líon beag láithreacha agus is deacair a shamhlú go ndéanfadh teacht an iarainn difear mór don phobal i gcoitinne. Caithfear éifeacht na cogaíochta a chur san áireamh freisin: cá bhfios nárbh iad díormaí catha na ríthe tuaithe faoi deara creachadh agus bánú na tíre? Ar ndóigh, níl na mínithe éagsúla seo ag teacht salach ar a chéile agus d’fhéadfadh sé go raibh baint acu uile leis an gclaochlú sóisialta a tharla ag deireadh na cré-umhaoise.