12/04/2015

Peann ar pár

Timothy O'Neill agus na heagráin dá leabhar

Nuair a foilsíodh an dara eagrán de The Irish Hand le Timothy O’Neill anuraidh, cheannaíos cóip ar an toirt mar bhronntanas Nollag dom féin. Bhí cóip den chéad eagrán a chuir Dolmen Press amach sa bhliain 1984 i mo leabharlann le fada ach bhraitheas gurbh fhiú an t-eagrán úr a fháil ós rud é go bhfuil na léaráidí go léir ann lándaite: dubh agus bán atá siad sa chéad eagrán. Thairis sin, tá na leathanaigh níos leithne agus tá roinnt de na léaráidí méadaithe dá réir. Tá moladh ag dul do Chló Ollscoile Chorcaí as imleabhar chomh slachtmhar leis an gceann seo a fhoilsiú ar phraghas réasúnta.

     Tá leagan amach an tsaothair ar aon dul leis an gcéad eagrán ach caithfear athrú amháin chun donais a lua: fágadh réamhrá tathagach leis an Ollamh F. J. Byrne ar lár agus cuireadh réamhrá atá níos giorra agus níos éadroime ina áit. Tá corp an leabhair roinnte in dhá chuid, mar a bhí an chéad eagrán. Sa chéad chuid, tá pictiúir de leathanaigh iomlána as aon lámhscríbhinn is tríocha a scríobhadh idir an 6ú céad agus an 19ú céad. Ar na leathanaigh os comhair na bpictiúr seo tá cur síos ar chúlra, ar stair agus ar thábhacht na lámhscríbhinní. Tá cíona móra na hÉireann go léir san áireamh agus iad leagtha amach in ord ama: ina measc tá an Cathach, Leabhar Dharú, Leabhar Ard Mhacha, Leabhar Cheanannais, Leabhar Dhíoma, Annála Inis Faithleann, Leabhar na hUidhre, an Leabhar Laighneach, Leabhar Ua Maine, Leabhar Bhaile an Mhóta, Leabhar Leacáin, an Leabhar Breac, Leabhar Leasa Mhóir, agus Annála Uladh. Cóip d’Annála Ríochta Éireann a chuir críoch ar an suirbhé sa chéad eagrán ach tá ceithre lámhscríbhinn sa bhreis san eagrán úr: mar atá, Leabhar Mór na nGinealach a scríobh Dubhaltach Mac Firbhisigh sa 17ú céad, cóip de stair an Chéitinnigh i láimh Aogáin Uí Rathaille ón 18ú céad, cóip de ‘Chúirt an Mheon-Oíche’ a scríobhadh sa bhliain 1847, agus lámhscríbhinn a bhreac Seosamh Ó Longáin in Acadamh Ríoga na hÉireann sa bhliain 1874. Sa dara cuid den leabhar tá pictiúir de shleachta ar leith as gach ceann de na lámhscríbhinní, mar aon le leagan tras-scríofa agus aistriúchán Béarla ar an mbuntéacs.

     Bainfidh gach duine a bhfuil suim aige i bpeannaireacht na hÉireann taitneamh as an leabhar seo, ach is beag an chabhair é don té ar mian leis na lámhscríbhinní a léamh. Níl ach tagairt fhánach amháin sa réamhrá d’úsáid na nod – bhí cur síos níos faide sa chéad eagrán – cé go bhféadfaí tábla a chur isteach gan mórán dua chun na noda is coitianta sna lámhscríbhinní a mhíniú. Mar an gcéanna, cé go bhfuil leabhair a scríobhadh idir an 6ú agus an 19ú céad faoi chaibidil ag O’Neill, caithfear a rá go bhfuil an bhéim ar an tréimhse roimh 1500 agus go bhfuil neamart áirithe déanta sa nua-Ghaeilge. Níl ach lámhscríbhinn amháin ón 18ú céad agus dhá cheann ón 19ú céad pléite, mar shampla, i gcomórtas le trí lámhscríbhinn ón 14ú céad agus sé cinn ón 15ú céad. Is fíor go bhfuil tábhacht ar leith leis na leabhair a bhfuil trácht orthu anseo, ach is fíor chomh maith go bhfuil lámhscríbhinní na nua-Ghaeilge i bhfad níos líonmhaire ná na seanleabhair: tuairim is 250 lámhscríbhinn ar fad a tháinig anuas chugainn ón tréimhse roimh 1600 agus tá an méid céanna ar fáil ón 17ú céad, ach tá ceithre mhíle lámhscríbhinn i nGaeilge ar fáil ón 18ú céad agus ón 19ú céad. Os a choinne sin, caithfidh mé a admháil nach bhfuil formhór na lámhscríbhinní déanacha chomh maisiúil leis na sean-chíona: is mór idir an cnuasach amhrán a bhreac máistir scoile i leabhar nótaí chun a úsáide féin, agus an téacs de ‘Agallamh na Seanórach’ a chóipeáil scríobhaí oilte go cúramach ar phár mar choimisiún do thiarna dúiche. Glacaim leis gur ar bhonn ealaíne seachas ar bhonn staire nó litríochta a roghnaigh Timothy O’Neill na léaráidí dá leabhar agus tá an cur chuige sin inchosanta. Tar éis an tsaoil, tá sé de cheart aige hata an ghrafnóra a chaitheamh nuair is mian leis. Ní air atá an locht mura bhfuil treoirleabhar le fáil chun léamh na lámhscríbhinní Gaeilge a mhúineadh do lucht labhartha na teanga.

Tá pailéagrafaíocht na Gaeilge fágtha in áit na leithphingine le fada

     Athraíonn an pheannaireacht ó aois go haois. Go deimhin, bíonn an pheannaireacht ag síorathrú i gcás gach teanga atá beo. Ní féidir liomsa lámhscríbhinní i bhFraincis ná i mBéarla a scríobhadh roimh lár an 17ú céad a léamh go saoráideach. Ní hé nach dtuigim na focail, ach nach n-aithním iad toisc go bhfuil peannaireacht na sean-cháipéisí an-éagsúil le peannaireacht an lae inniu. Féach an léaráid thíos mar shampla. Sliocht is ea é as cáipéis a scríobhadh i Meaux na Fraince, an 19 Lúnasa 1595:

Peannaireacht Fhraincise ó dheireadh an 16ú céad

Tá an léaráid thuas le fáil in Gabriel Audisio agus Isabelle Rambaud, Lire le français d’hier (Páras, 2001) agus seo mar a tras-scríobhadh an téacs:
     du XIXme jour daoust
     mil 5c IIIIxx quinze
Veu la requeste presentee par Jehan Lemaire archer de nostre prevost
en la residence de Meaulx par laquelle il nous auroyt remonstre
que lors de la monstre faicte par devant nous par nostre dit prevost de
Meaulx le sixieme jour de janvier dernier passé pour le
quartier doctobre novembre et decembre de lannee derniere mil ... 
Agus seo téacs i mBéarla ón aois chéanna. Sliocht is ea é as litir a scríobhadh sa bhliain 1589:

Peannaireacht Bhéarla ó dheireadh an 16ú céad

Tógadh an pictiúr thuas as L. C. Hector, The Handwriting of English Documents (Londain, 1966) agus seo í an tras-scríbhinn (seasann ‘L’ do na focail ‘lord’‘lordship’):
My very good L: Whereas by my late letters
yor L was advertised of hir maties pleasure for the
respiting of the repair of the souldiers appointed to be
levied in those Counties unto london from the xxth of
this month untill the 25th: Thease are now to
signifie unto yor L that for some great considerations ... 
Roghnaíos na léaráidí thuas toisc go bhfuil siad níos soléite ná mórán samplaí eile sna téacsleabhair, creid é nó ná creid. D’fhéadfainn téacsanna atá i bhfad níos doiléire ná na cinn thuas a úsáid dá mba mhian liom. Ach is leor na samplaí seo le taispeáint go gcaithfidh na staraithe a bhíonn ag plé le tréimhse ar bith roimh an 17ú céad staidéar ar leith a dhéanamh ar an tsean-pheannaireacht – ar an bpailéagrafaíocht (palaeography), chun an téarma acadúil a úsáid. Ní nach ionadh, tá téacsleabhair le fáil chun an t-ábhar sin a mhúineadh do mhic léinn staire i Sasana, sa bhFrainc, agus i dtíortha eile ina bhfuil an cultúr faoi mheas.

     Bítear ag maíomh gurb í litríocht na Gaeilge an litríocht dhúchais is sine san Eoraip. Ní fheadar an fíor é sin i ndáiríre, ach is cinnte go bhfuil líon mór lámhscríbhinní Gaeilge ar fáil ón 18ú céad agus ón gcéad leath den 19ú céad, lámhscribhinní a bhfuil cóipeanna digiteacha díobh á bhfoilsiú ar an suíomh Meamram Páipéar Ríomhaire de réir a chéile. Ar an drochuair, níl aon téacsleabhar le fáil a chuirfeadh ar a chumas don té a bhfuil Gaeilge mhaith aige peannaireacht stairiúil na teanga a léamh. Má shíleann tú nach bhfuil gá lena leithéid, féach an sampla thíos. Giota is ea é as lámhscríbhinn a bhreac Mícheál Óg Ó Longáin i mblianta tosaigh an 19ú céad.

Peannaireacht Ghaeilge ó thús an 19ú céad

Is é atá sna línte thuas, véarsa as amhrán a chum Eoghan Rua Ó Súilleabháin. Chuireas an t-amhrán in eagar sa leabhar liom dar teideal Washington i gCeannas a Ríochta: Cogadh Mheiriceá i Litríocht na Gaeilge (Baile Átha Cliath, 2005) ach tá difríochtaí idir an leagan a foilsíodh agus leagan an Longánaigh. Seo é an téacs thuas agus é athscríofa i gcló a dhearas roinnt blianta ó shin, cló a dtugaim Seanchló na Nod air:

An téacs céanna i bhfoirm chlóite

Agus seo é an téacs céanna i litriú an lae inniu:
     I Sacsaibh na séad i gcéin óm dhúchas
     faoi bharra na gcraobh cois cé na stiúrbharc
is mé ag machnamh ar éag na bhflatha is na laoch
          i bhfearannaibh Chéin do turnadh
          le Danair i spéirling concais,
          dá gcabhair cé tréan mé i bhfiontar
ag fearadh mo dhéar gan aiteas faoi léan
     go hatuirseach faon gan subhachas. 
Má tá téacsleabhair ag teastáil chun pailéagrafaíocht na Fraincise agus an Bhéarla a mhúineadh do lucht labhartha na dteangacha sin, tá téacsleabhar ar phailéagrafaíocht na Gaeilge chomh riachtanach céanna.

     Is é an áis is úsáidí dá bhfuil ann faoi láthair alt gearr a foilsíodh ar Irisleabhar na Gaedhilge sa bhliain 1904; cé nár cuireadh ainm an údair leis an alt, tá tuairim agam gurb é Pádraig Ó Briain a scríobh. Éacht oibre ba ea é ag an am, ach is bocht an teist é ar aos léinn na hÉireann nár scríobhadh saothar níos téagartha ar phailéagrafaíocht na Gaeilge le céad bliain anuas. Ós rud é go bhfuil an cóipcheart in éag le fada, sílim nár mhiste alt an Bhrianaigh a fhoilsiú arís i bhfoirm digiteach: féach anseo. Ar an drochuair, níl caighdeán an chló go maith sa bhunchóip a úsáideadh chun an PDF a chruthú, rud a fhágann go bhfuil an téacs doiléir in áiteanna. An té nach bhfuil scuab aige, bíodh sé buíoch as sop!