18/06/2016

Ancien régime na hÉireann

‘The most potent and mighty king’: Séamas mac Shéarlais mhic Shéamais

Ba sa bhliain 1985 a foilsíodh leabhar le J. C. D. Clark, staraí Sasanach, a spreag conspóid i measc speisialtóirí an 18ú céad. English Society 1688-1832 a bhí ar an saothar agus seo mar a mhínigh an t-údar an sprioc a chuir sé roimhe:
My aim throughout has been to re-integrate religion into an historical vision which has been almost wholly positivist; to discard economic reductionism, to emphasise the importance of politics in social history, and to argue against the familiar picture of eighteenth century England as the era of bourgeois individualism by showing the persistence of the ancien régime until 1828-32, and the autonomous importance of religion and politics in its final demise.
J. C. D. Clark, English Society 1688-1832; Ideology, Social Structure and
Political Practice during the Ancien Régime
(Cambridge, 1985), ix-x.
Mórán staraithe a scríobh faoin 18ú céad i Sasana—go háirithe an dream úd a tháinig faoi thionchar an Mharxachais—leagadar béim ar chumhacht na parlaiminte, ar fhás na buirgéiseachta, ar dhul chun cinn na heolaíochta, agus ar bhorradh an gheilleagair. Is é sin le rá, thugadar suntas ar leith don fhorbairt is don fhorás, do lucht an chaipitil is do lucht an réasúin. Shíl Clark go raibh an saghas sin staire mí-aimseartha: na húdair a bhí á scríobh, ní ag iarraidh sochaí Shasana mar a bhí sí san 18ú céad a thuiscint a bhíodar in aon chor, dar leis, ach ag iarraidh préamhacha an domhain nua thionsclaíoch a thiocfadh ar an saol le linn an 19ú céad a aithint. Bhí léamh eile ar fad ag Clark ar Shasana an 18ú céad. Thug sé tús áite don ríogachas, do shuiteacht na creatlaí sóisialta agus, thar aon rud eile, don reiligiún: ‘gentlemen, the Church of England, and the crown commanded an intellectual and social hegemony’ mar a scríobh sé. Níor leasc leis síneadh a bhaint as an téarma Fraincise ancien régime trína bhaisteadh ar an gcóras rialaithe a bhí i réim i Sasana i rith an 18ú céad agus nár baineadh dó, ach ar éigean, idir réabhlóid na bliana 1689 agus leasú na parlaiminte sa bhliain 1832.

J. C. D. Clark agus an dara eagrán dá leabhar

     Chuaigh an t‑athbhreithniú a dhein Clark thar fóir in áiteanna, mar a tharlaíonn ar uairibh nuair a bhíonn leagan seanbhunaithe den stair le ceartú, ach bhí gá le hathrú béime chun éalú ón gcinnteachas eacnamaíoch agus aird a dhíriú ar ghnéithe den smaointeachas coimeádach a bhí neamhfhaiseanta ag an am. D’fhág a shaothar lorg ar staireagrafaíocht Shasana atá le brath uirthi i gcónaí. Níl aon amhras ach go dtugann staraithe an 18ú céad níos mó airde ar chúrsaí creidimh anois ná mar a thugaidís sular foilsíodh leabhar Clark. Níorbh fhada gur deineadh aithris ar an bhfaisean is déanaí ó choláistí Oxbridge abhus: féachadh le múnla an ancien régime, mar a cheap Clark é, a bhualadh anuas ar Éirinn an 18ú céad. Níor dheacair Éire na linne úd a chur i gcomórtas leis an tsamhail den ancien régime a chum Clark ach an staidéar a bheith teoranta don chomhphobal Angla-Éireannach, agus b’shin an rud a dhein S. J. Connolly sa leabhar leis dar teideal Religion, Law and Power: The Making of Protestant Ireland 1660-1760 (Oxford, 1992). Ach a luaithe a dhéantar iarracht an pobal dúchasach a chuimsiú laistigh den fhráma tagartha seo, titeann múnla an ancien régime as a chéile. Is leor spléachadh a thabhairt ar litríocht Ghaeilge na linne le tuiscint nach raibh ach meas gadaí ag na Gaeil ar an rí a bhí i gcoróin. Mar an gcéanna, féachadh ar na ‘huaisle’ Angla-Éireannacha mar fháslaigh choimhthíocha. Maidir le ministrí na heaglaise bunaithe, glacadh leis gan cheist gur eiriceacht a bhí á teagasc acu. Ba mhór idir an ‘intellectual and social hegemony’ a bhí ag an gcoróin, na huaisle agus an eaglais Anglacánach i Sasana i rith an 18ú céad, dar le Clark, agus an doicheall forleathan a bhí ag an gcoitiantacht roimh a macasamhla in Éirinn. In ionad ómós agus dílseacht a thabhairt don chinsealacht Angla-Éireannach, chreid bunadh na tíre go raibh córas polaitiúil, córas sóisialta agus córas eaglasta na linne mídhlisteanach ó bhonn. Níorbh aon ancien régime é an réimeas a bhí in Éirinn i rith an 18ú céad ach réimeas a aistríodh thar tír isteach agus a cuireadh ar bun anseo le láimh láidir.

     Más ea, an amhlaidh nach raibh ancien régime in Éirinn riamh? Caithfear a aithint nach bhfuil san ‘ancien régime’ seo ach coincheap teibí a cumadh in intinn J. C. D. Clark, ach sílim gur féidir an coincheap a úsáid i staireagrafaíocht na tíre seo (dá mbeadh an fonn sin ar dhuine) má bhogtar ré an tseanreachta siar go dtí an tréimhse roimh an réabhlóid—dála ancien régime na Fraince. Thug cath Eachroma buille an bháis don réimeas a mhol Dáibhí Ó Bruadair sa dán leis dar teideal ‘Caithréim an Dara Séamais’: réimeas ina raibh ‘ríghe don Scotfhuil chraoisigh chorcraigh’ ag cosaint na heaglaise fíre (‘atáid bhur bhfírchléir sámh gan dí-mhiadh’), ag tabhairt cúraimí stáit d’uaisle dílse na tíre, idir Ghaeil agus shean-Ghaill (‘atáid ar bínse Dálaigh, Rísigh’), agus ag brath ar thacaíocht an phobail dhúchasaigh (‘i ngarda a bhrataí atáid bhur macaomh’).

Cath Eachroma mar a shamhlaigh John Mulvany é

     Tá an t‑ábhar seo tarraingte anuas agam anois toisc gur chaitheas cúpla lá le déanaí ag léamh The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689 (BÁC, 2016), imleabhar a chuir John Bergin is Andrew Lyall in eagar agus a d’fhoilsigh Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann ar na mallaibh. Is é atá ann, eagrán nua-aimseartha scolártha de théacsanna na n-achtanna a ritheadh i bparlaimint na bliana 1689 agus ar thoiligh Séamas II leo. Go dtí seo, ní raibh le fáil ach eagrán bearnach a réitigh Thomas Davis sa 19ú céad agus a cuireadh amach faoin teideal The Patriot Parliament of 1689. Tá an díolaim nua i bhfad níos iomláine. Ar an drochuair, ní féidir a rá gur eagrán deifnídeach í mar tá deich gcinn de na cúig acht is tríocha a ritheadh sa bhliain 1689 fós ar iarraidh: d’ordaigh an pharlaimint a ghairm Uilliam III sa bhliain 1695 go ndófaí na taifid a bhain le parlaimint Rí Shéamais agus is cosúil nach bhfuil na téacsanna atá in easnamh ar fáil anois. Déarfainn go gcuirfí suim san acht dar theideal ‘An act for encouragement of strangers and others to inhabit and plant in the kingdom of Ireland’ dá mbeadh teacht air inniu. Tríd is tríd, áfach, is féidir a rá gur tháinig cóipeanna de na hachtanna ba thábhachtaí slán agus nach raibh an éifeacht chéanna ag na cinn a cailleadh: ‘An act for securing the water course for the castle and city of Dublin’, cuirim i gcásMá bhí a leithéid de rud agus ancien régime in Éirinn riamh, níl aon amhras ach gurbh í parlaimint na bliana 1689 buaicphointe an réimis úd. Má tá locht amháin agam ar an eagrán breá d’achtanna na parlaiminte atá curtha ar fáil anois ag Coimisiún Lámhscríbhinní na hÉireann, is é an locht sin nach bhfuil aon chuntas san imleabhair ar na baill—idir fheisirí agus thiarnaí—a ghlac páirt sa pharlaimint. Tá an t-eolas sin le fáil san imleabhar a scríobh Thomas Davis, áfach, rud a chiallaíonn go mbeidh mé á cheadú go ceann tamaill eile.

John Bergin agus an t-eagrán úr d’achtanna pharlaimint Shéamais II

     Sa chaoineadh a chum sé ar Shomhairle Mac Dónaill, coirnéal in arm Shéamais II a maraíodh i gcath Eachroma, scríobh Séamas Dall Mac Cuarta  gur throid an t-oifigeach:
Fá aon chreideamh Phádraig is ar ghrá Mhic na hóighe,
le fírinne dár náisiún is do shásamh na córa ...
Tá na príonsabail ba bhonn don ancien régime in Éirinn le léamh go soiléir ar na línte thuas: mar atá, an creideamh, an náisiúntacht, an dlisteanacht. Go deimhin, fógraíodh na prionsabail chéanna caoga bliain roimhe sin nuair a ghlac Caitlicigh na Comhdhála leis an mana ‘Hiberni unanimes pro Deo, rege et patria’ (‘Éireannaigh aontaithe ar son Dé, rí agus tíre dúchais’). Is mór idir Gaeilge chorraitheach an fhile agus Béarla tur na ndlíodóirí ó thaobh foirme de, ach tá an idé-eolaíocht chéanna le léamh ar achtanna pharlaimint na bliana 1689. Seo sliocht as an ‘Act for liberty of conscience’ a thug saoirse chreidimh do gach uile chineál Críostaí:
Whereas it is found by experience, that persecuting of people upon the account of religion, doth no way advance Christian faith or piety ... all and every person or persons whatsoever professing Christianity, shall have and enjoy liberty of conscience, and full and free exercise of their respective religion, ways, and forms of worship, within this kingdom, without any molestation, loss or penalty whatsoever.
Bergin agus Lyall, The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689 (BÁC, 2016), 19.
Mar an gcéanna, ghlac baill na parlaiminte le ‘Act of recognition’ a d’aithin gurbh é Séamas II, ‘the most potent and mighty king’ mar a tugadh air, rí dlisteanach na dtrí ríocht:
We therefore your majesties most loyal, and most dutifull subjects ... do recognize and acknowledge, and thereby express our unspeakable joys, that immediately upon the dissolution and decease of your royal brother King Charles the Second, of ever blessed memory, the imperial crown of this realm, and of all other your majesties kingdoms and dominions, did by inherent birth-right, and lawful and undoubted succession, descend, and come to your most excellent majesty, as being lineally, justly and lawfully, next and sole heir of the blood-royal of this realm ...
Bergin agus Lyall, The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689, 4-5.
Ach d’fhógair an ‘Act declaring that the parliaments of England cannot binde Ireland’ gur ríocht ar leith í Éire agus nach raibh sé de chumhacht ag an bparlaimint in Westminster dlíthe a dhéanamh di. Ba cheart é sin a bhain le parlaimint na hÉireann amháin:
Whereas this his majesties realme of Ireland is and hath always been a distinct kingdom from that of his majesties realm of England ... it is so hereby declared, that no act of parliament past, or to be past, in the parliament of England tho Ireland should be therein mentioned, can be, or shall be any way binding in Ireland, excepting such acts past, or to be past in England, as are, or shall be made into law by the parliament of Ireland.
Bergin agus Lyall, The Acts of James II’s Irish Parliament of 1689, 54.
Séalaíodh teastas báis an ancien régime in Éirinn nuair a síníodh conradh Luimnigh agus ní raibh restauration i ndán di. Mhair idé-eolaíocht an dlisteanachais go ceann i bhfad i litríocht na Gaeilge; ach má mhair, bhí difríochtaí suntasacha idir dearcadh na coitiantachta—mar a léiríodh é in amhráin agus i ndánta Seacaibíteacha an 18ú céad—agus an dearcadh a cuireadh in iúl in achtanna pharlaimint na bliana 1689.

‘Réx ceart na Féinne’: Séarlas mac Shéamais mhic Shéamais mhic Shéarlais mhic Shéamais

     Maidir le cúrsaí creidimh, dhein na filí talamh slán de go mbeadh an eaglais Chaitliceach faoi ghradam nuair a thiocfadh an rí ceart i gcoróin arís: ‘beidh dlí na Rómha i ngnás go mór’ (Seán Ó Tuama); ‘beidh a gcealla ag an Eaglais fhíre’ (Aindrias Mac Craith); ‘beidh cléir go seasamhach, talamhach, tóiceach’ (Piaras Mac Gearailt); ‘oird bhinne is cléirigh ina ndúchas’ (Dáibhí Ó hIarlaithe). Os a choinne sin, is deacair a dhéanamh amach ón litríocht cén stádas go díreach a bheadh ag Protastúnaigh tar éis bhua an Stíobhartaigh. Arís, d’aithin na húdair Ghaeilge go raibh ceart an Stíobhartaigh don choróin bunaithe ar shinsearacht a theaghlaigh, ach ba thábhachtaí leo Míle Easpáine ná aon duine eile dá shinsir sa chomhthéacs seo. Ba é an Stíobhartach ‘an duine ba ghile ar shliocht chine Scoit trí huaire’ (Aogán Ó Rathaille); ‘taoiseach na nGaoidheal nglan’ (Conchúr Ó Briain); ‘an réx de shaorshliocht cheap Ghaoidheal’ (Seán Ó Tuama); ‘réx ceart na Féinne’ (Liam Dall Ó hIfearnáin); an ‘ráib leabhair léidmheach d’ard-fhuil Mhilésius’ (Seán de Hóra). Bhain an difríocht ba thábhachtaí ar fad le stádas polaitiúil na hÉireann. Ní hamháin gur ríocht ar leith í an tír, dar le húdair Ghaeilge an 18ú céad, ach ba ríocht í a raibh coróin dá cuid féin aici chomh maith. Trí choróin a bhí ag na Stíobhartaigh, dar le filí an 18ú céad: ‘ag cailliúint a thrí gcorónach’ (Seon Ó hUaithnín); ‘go nglacathar thu i dtrí chróinnibh’ (Conchúr Ó Briain); ‘réidhfidh ar trí choróiníbh’ (Seán Ó Tuama); ‘ná hiarrfaidh acht trí chróinní’ (Liam Rua Mac Coitir); ‘seilbh trí gcoróin ag an leon ná habraim’ (Aindrias Mac Craith). Ba mhór idir an tuiscint seo agus dearbhú lom na bhfeisirí san ‘Act of recognition’ gur choróin impiriúil amháin a bhí os cionn ríochtaí uile Shéamais II. Ar ndóigh, ní raibh nuaíocht ar bith ag baint le tuiscint seo na bhfilí: chomh fada siar le blianta tosaigh an 17ú céad chuir file Ultach, Fearghal Óg Mac an Bhaird, fáilte roimh an rí nua, Séamas VI agus I, le dán dar thús ‘Trí coróna i gcairt Shéamais’.

     Conas is féidir na difríochtaí seo a mhíniú? Is cinnte gur choinnigh feisirí na bliana 1689 súil amháin ar thuairimí Shéamais II nuair a bhí billí á ndréachtú acu: níorbh fhiú dóibh bille a chur trí dhá theach na parlaiminte dá ndiúltódh an rí é a shíniú sa deireadh thiar thall—mar shampla, b’éigean dóibh éirí as an iarracht a deineadh dlí Poynings a aisghairm. Ach tá barúil agam go raibh níos mó ná sin i gceist. Tugaim faoi deara go raibh sloinnte Gaelacha ar mhionlach mór de na feisirí: bhí tuairim is ochtó Gael ar an dá chéad feisire a shuigh i dTeach na gComóntach. Ba laige go mór é guth na nGael i dTeach na dTiarnaí, áfach, áit nach raibh ach seachtar Gael as breis agus caoga ball, idir thiarnaí saolta agus easpaig den eaglais bhunaithe. Cé go raibh na Gaeil agus na sean-Ghaill ag druidim le chéile i rith an 17ú céad, is cosúil go raibh idirdhealú fós le brath ar dhearcadh an dá chine i leith choróin na hÉireann agus stádas na ríochta chomh déanach leis an mbliain 1689. Bhí na Gaeil suite de go raibh coróin ar leith ag gach ceann de na trí ríocht agus gur de thimpiste a tharla sé go raibh na corónacha go léir á gcaitheamh ag an rí céanna, ach ghlac na sean-Ghaill leis an tuiscint oifigiúil gur choróin impiriúil amháin a bhí ann agus go raibh rí Shasana ina rí ex officio ar Éirinn.

     Íorónta go leor, ba í an tuiscint Shasanach seo ar stádas bunreachtúil na hÉireann a chinntigh go bhféadfaí tiarnaí Seacaibíteacha na ríochta a eisreachtú agus a dtailte a choigistiú nuair a bhí an bua ag Uilliam III i gCogadh an Dá Rí.