16/07/2020

Teacht na Lochlannach

Tá Caibidil 3 den leabhar atá á scríobh agam réidh anois: an tréimhse idir 795 agus 1002 atá i gceist. Is féidir tús na caibidle a léamh anseo thíos. Foilseofar sliocht eile aisti amach anseo.

Sliocht as Caibidil 3

Éire i dtreo na bliana 800.

Faoi dheireadh an 8ú céad ba iad Cinéal nEoghain agus Clann Cholmáin na ríshleachta ba threise in Éirinn agus, le himeacht aimsire, thángthas ar chomhthuiscint go ndéanfadh an dá ghéag seo de Chlanna Néill sealaíocht ar a chéile i ríocht na Teamhrach. Ach má bhí na ríshleachta ba thábhachtaí ag daingniú a gcumhachta, bhí a mhalairt fíor i gcás mórán sleachta eile. Bhí stádas na ríthe tuaithe ag dul i léig leis na céadta bliain agus b’amhlaidh do na ruireacha é faoin 9ú céad. Tá tagairtí do ‘toisech’ (‘taoiseach’) Mhughdhorna, do ‘dux’ (‘ceannasaí’) Chinéal gConaill agus do ‘dux’ Ard Ciannachta le léamh in Annála Uladh faoi na blianta 869, 870 agus 879, mar shampla, cé gur ruireacha iad na flatha sin ó cheart. Is ar éigean má bhí deich ríshliocht ann ag tús an 9ú céad a d’fhéadfadh flaitheas cúige a éileamh; ba lú fós líon na sleachta a raibh tionchar acu lasmuigh dá gcúige féin. Níor chuir ionsaithe na Lochlannach tús leis an gcruinniú cumhachta seo ach bhí éifeacht nár bheag acu ar a thoradh: is iad na Lochlannaigh a bhris cath ar Fhlann Sionna, rí na Teamhrach, in 888; is iad a mharaigh beirt dá chomharbaí, Niall Glúndubh († 919) agus Conghalach Cnoghbha († 956); agus is iad a rinne sléacht ar arm Dhomhnaill uí Néill, rí na Teamhrach, in 970. Ní hé go raibh straitéis ag Lochlannaigh ríthe na Teamhrach a chloí; is amhlaidh nach bhféadfadh na ríthe ba chumhachtaí in Éirinn gan dul i ngleic leo. Ach d’éirigh le ríshleachta áirithe teacht i dtír ar na Lochlannaigh: is cinnte gur cuireadh go mór le hacmhainní Dhál gCais (ainm a ghlac Déise Tuaiscirt sa 10ú céad) nuair a tháinig calafort na nGall ag Luimneach faoina smacht.
Córas scríofa na Lochlannach - an fuþark
     Níorbh fheiniméan nua é nuair a thug sceimhealta ó chríocha Lochlann faoi na tíortha máguaird. Tháinig na Gotaigh, cine a rinne ionradh ar impireacht na Róimhe idir an 3ú agus an 5ú céad, ó réigiún Götaland in iardheisceart na Sualainne. Mar an gcéanna, tháinig na hAnglaigh agus na hIútaigh, ionróirí a lonnaigh ar chósta thoir na Breataine sa 5ú céad, ó Iútlainn na Danmhairge. Thosaigh brúchtaíl nua ag deireadh an 8ú céad: ghluais Sualannaigh soir trasna Mhuir Bhailt i dtreo na Rúise; bhog Danair siar agus ó dheas i dtreo Shasana agus impireacht na bhFranc; agus sheol Ioruaigh siar ó dheas i dtreo na hAlban agus na hÉireann. Cé gur ríocht aontaithe í an Danmhairg faoin mbliain 800, bhí an Iorua roinnte i líon mór lander a bhí inchurtha le tuatha na hÉireann. Bhí creideamh dúchasach na nGearmánach fós á chleachtadh agus bhí leithéidí Óðinn, Þórr agus Frigg – triúr a bhfuil ‘Wednesday’, ‘Thursday’ agus ‘Friday’ ainmnithe astu – i measc na ndéithe ba thábhachtaí. Mar is léir ó na samplaí seo, bhí gaol gairid idir an Lochlainnis, an tSean-Bhéarla a bhí á labhairt ag Angla-Shacsanaigh sa Bhreatain, agus canúintí éagsúla na Gearmáinise Íochtaraí a bhí á labhairt ag Freaslannaigh, ag Sacsanaigh agus ag ciníocha eile ar mhór-thír na hEorpa. Bhí córas scríofa ag na Lochlannaigh – an fuþark nó an rúnscríbhinn – ach, fearacht na hoghamchraoibhe, b’oiriúnaí é don ghreanadh ná don ghrafnóireacht. Ní féidir a rá go raibh sochaí na hIorua níos forbartha ná sochaí na hÉireann ag tús an 9ú céad: bhí an chríoch fós gan bhailte, mar shampla, agus ní raibh mona in úsáid inti. Ach bhí buntáiste amháin ag Lochlannaigh ar Eorpaigh eile na linne: bhí dul chun cinn mór déanta acu i ndearadh agus i dtógáil long. Faoi dheireadh an 8ú céad, bhí báid chlinse in úsáid acu ina raibh an chíle agus an creat déanta as dair. Bhí na strácaí nasctha don chreat le téada ceangail, daingnithe le seamanna iarainn, agus cácáilte le pic agus olann. D’fhág an modh tógála seo go raibh soithigh na Lochlannach teann agus solúbtha in éineacht. Bhí crann seoil déanta as giúis suite i lár gach loinge ach níor dheacair na hárthaigh a ionramháil le maidí rámha nuair ba ghá. Bhí snámh éadomhain ag na longa: ba leor méadar de tharraingt dóibh cé go bhféadfadh na cinn ba mhó caoga nó seasca fear a iompar, agus ba mhór an bua é seo ar aibhneacha agus ar locha intíre.
Macasamhail de long Lochlannach
     Báid chraicinn is mó a bhí in úsáid ag Gaeil na linne ach d’éirigh leo oileáin a bhí suite i bhfad ó thuaidh a bhaint amach. Timpeall na bliana 815, scríobh  Díochuill, Éireannach a bhí ina oide i gcúirt Louis le Pieux, impire na bhFranc, scríobh sé leabhar tíreolaíochta inar thagair sé do mhanaigh as Éirinn a thug cuairt ar ‘Inis Tuile’:
Trigesimus nunc annus est a quo nuntiaverunt mihi clerici, qui a kl. febroarii usque kl. augusti in illa insula manserunt, quod, non solum in æstivo solstitio, sed in diebus circa illud, in vespertina hora, occidens sol abscondit se quasi trans parvulum tumulum ...

(Tá sé tríocha bliain ó shin anois ó dúirt manaigh liom, a chuir fúthu ar an oileán ón gcéad lá d’Fheabhra go dtí an chéad lá de Lúnasa, go dtéann an ghrian faoi san oíche – ní ar ghrianstad an tsamhraidh amháin ach ar na laethanta timpeall air – amhail is dá mbeadh sí i bhfolach laistiar de thulach bheag ...)
Díthreabh shéasúrach a bhí ag na manaigh san Íoslainn ach thug an t-údar céanna le fios go raibh lonnaíocht níos seasta acu ar na Scigirí le cúpla glúin anuas:
Illæ insulæ sunt aliæ parvulæ. Fere cunctæ simul angustis distantes fretis, in quibus in centum ferme annis heremitæ ex nostra Scotia navigantes habitaverunt. Sed, sicut a principio mundi desertæ semper fuerunt; ita, nunc causa latronum Normannorum, vacuæ anachoritis, plenæ innumerabilibus ovibus, ac diversis generibus multis nimis marinarum avium.

(Tá oileáin bheaga eile ann a bhfuil caolais chúnga eatarthu uile nach mór, oileáin a raibh cónaí ag díthreabhaigh a thaistil ó Éirinn seo againne orthu le beagnach céad bliain anuas. Ach, mar a bhíodar i gcónaí tréigthe ó thús an domhain, d’fhág na díthreabhaigh iad de dheasca na n-amhas Normannach, agus tá siad dubh le caoirigh gan áireamh agus le hiliomad cineálacha éagsúla d’éanlaith mhara.)
Tháinig ‘Normanni’ na Laidine ó ‘Norðmenn’ na Lochlainnise, comhfhocal a chiallaigh ‘fir an tuaiscirt’. Uair éigin timpeall na bliana 785 a theith na manaigh, de réir dealraimh. Níorbh fhada gur chuir Lochlannaigh fúthu sna Scigirí agus tá sé nach mór cinnte go raibh cónaí ar na hoileáin arís faoin am a scríobh Díochuill an tuairisc thuas. Lean na Lochlannaigh orthu ó dheas go dtí Sealtainn agus Inse Orc, oileáin a raibh Cruithnigh ina gcónaí orthu, agus tá an iontráil lom seo a leanas le léamh ar Annála Uladh don bhliain 794: ‘vastatio omnium insolarum Britannie a gentilibus’ (‘oileáin uile na Breataine scriosta ag gintlithe’). An bhliain dár gcionn ionsaíodh an t-Eilean Sgitheanach, oileán eile de chuid na gCruithneach, agus Reachlainn, oileán a bhain le Dál Riada.

06/06/2020

Croinic na hÉireann go dtí 795

'Do chum glóire Dé agus onóra na hÉireann'

An Réamhstair
c. 23000 R.Ch. An chuid ab fhuaire den oighearaois; Éire uile faoi bhrat oighir.
c. 14000 R.Ch. Téamh na haeráide agus cúlú an oighir.
c. 10700 R.Ch. Sealgairí na sean-chlochaoise in Éirinn.
c. 10600 R.Ch. Fuarú na haeráide; Éire cosúil le tundra an lae inniu.
c. 9700 R.Ch. Ardú buan ar an teocht agus deireadh na hoighearaoise.
c. 9000 R.Ch. Ardú ar leibhéal na mara; Éire ina hoileán.
c. 8000 R.Ch. Sealgairí na meán-chlochaoise in Éirinn.
c. 4000 R.Ch. Teacht na gcéad fheirmeoirí go hÉirinn; tús na nua-chlochaoise.
c. 3500 R.Ch. An phlá bhúbónach ar fud ha hEorpa.
c. 2400 R.Ch. Teacht lucht labhartha na hInd-Eorpaise go hÉirinn agus tús na cré-umhaoise.
c. 1400-800 R.Ch. Tógáil na ndúnta cnoic.
c. 700 R.Ch. Tús na hiarannaoise in Éirinn.
c. 400-300 R.Ch. Tógáil na láithreacha ríoga.
c. A.D. 150 Mapa d’Éirinn le Ptolemaeus.

4ú céad
367 Cósta thiar na Breataine faoi ionsaí ag Gaeil.

5ú céad
c. 400 Coilíneachtaí Éireannacha in Gwynedd agus in Dyfed.
431 Palladius seolta go hÉirinn ag an bPápa mar easpag chuig na Gaeil a chreid i gCríost.
c. 455 Tús curtha le misean Phádraig mhic Calprainn.
c. 463 Bás Laoghaire mhic Neill, rí na Teamhrach.
c. 493 Bás Phádraig mhic Calprainn.
c. 500 Coilíneacht ag Dál Riada in Earraghaidheal.

6ú céad
516 Cath Dhroma Dearga: bua ag Uibh Néill ar Laighnibh.
536 Ganntanas mór bia.
539 Ganntanas mór bia.
544-9 ‘Blefed’ nó plá bhúbónach ar fud na hÉireann.
561 Cath Chúil Dreimhne inar bhuaigh Uí Neill an Tuaiscirt agus na Connachta ar Dhiarmaid mac Cearbhall, rí na Teamhrach.
563 Cath Mhóin Doire Lothair inar bhuaigh Cinéal nEoghain ar Dhál nAraidhe.
        Bunú mhainistir Í.
565 Bás Dhiarmada mhic Cearbhaill, an rí págánach ba dhéanaí ar Theamhair de réir an traidisiúin.
c. 590 Rídháil ag Droim Ceat idir Aodh mac Ainmireach, rí na Teamhrach, agus Aodhán mac Gabhráin, rí Dhál Riada; aithníodh neamhspleáchas Dhál Riada na hAlban.
597 Bás Choluim Chille.
598 Cath Dhún Bolg inar bhuaigh Brandubh mac Eochadha, rí Laighean, ar Aodh mac Ainmireach, rí na Teamhrach.

7ú céad
627 Cath Charn Fhearaígh inar bhuaigh Failbhe Flann mac Aodha Dhuibh, rí na Mumhan, ar Ghuaire Aidhne mac Colmáin, rí Chonnacht.
633 Litir le Coimín Fada, ab Chluain Fearta, ar cheist na Cásca.
        Cath Átha Goan inar bhuaigh Conall mac Suibhne, rí na Mí, ar Chriomhthann mac Aodha, rí Laighean.
637 Cath Mhaigh Rath inar bhuaigh Uí Néill an Tuaiscirt ar Ultaibh.
649 Cath Charn Conaill inar bhuaigh Diarmaid mac Aodha Sláine, rí na Teamhrach, ar Ghuaire Aidhne mac Colmáin, rí Chonnacht.
664-8 ‘Buí Chonaill’ nó plá bhúbónach ar fud na hÉireann.
670 Gorta de bharr sneachta.
680 Ráig den bholgach ar fud na hÉireann.
684 Slad déanta i mBreaghaibh ag slua ó Northumbria Shasana.
697 Cáin Adhamhnáin fógartha ag Adhamhnán, ab mhainistir Í, ag sionad i mBiorra.
700 Gorta.

8ú céad
704 Cath Chorainn inar bhuaigh Ceallach mac Raghallaigh, rí Chonnacht, ar Loingseach mac Aonghusa, rí Chinéal gConaill agus na Teamhrach.
721 Slad déanta ag Cathal mac Fionghaine, rí na Mumhan, agus ag Murchadh mac Brain, rí Laighean, ar Bhreaghaibh.
722 Cath Alúine inar bhuaigh Murchadh mac Brain, rí Laighean, ar Fhearghal mac Maoldúin, rí na Teamhrach.
735 Cath Fhochairde inar bhuaigh Aodh Ollán, rí Chinéal nEoghain agus na Teamhrach, ar Ultaibh.
737 Rídháil idir Aodh Ollán, rí na Teamhrach, agus Cathal mac Fionghaine, rí na Mumhan; fógraíodh go raibh Cáin Phádraig i bhfeidhm ar fud na hÉireann.
738 Cath Átha Sheanaigh inar bhuaigh Aodh Ollán, rí na Teamhrach, ar Aodh mac Colgan, rí Laighean.
742 Ráig den bholgach ar fud na hÉireann.
743 Cath Mhaigh Seiridh inar mharaigh Domhnall Midhe, rí Chlann Cholmáin, Aodh Ollán, rí na Teamhrach.
764 Cath idir mainistir Chluain Mhic Nóis agus mainistir Dharú.
765 Ganntanas mór bia.
769 Ráig den bholgach ar fud na hÉireann.
775-6 Slad déanta ag Donnchadh Midhe mac Domhnaill, rí na Teamhrach, ar chúige Mumhan.
777 Ár mór bólachta.
779 Ráig den bholgach ar fud na hÉireann.
789 Mórán daoine agus beithíoch marbh de bharr sneachta.
792 Bás Mhaolruain, céile Dé agus ab Thamhlachta.
        An chéad tagairt do ríocht Bhréifne sna hannála.
795 Ionsaithe na Lochlannach ar Í agus ar Reachlainn.

15/04/2020

‘What’s in a name?’

Is annamh a fhoilsítear leabhar staire i nGaeilge. B’fhéidir nár mhiste dhá abairt a bhí le léamh anseo cúig bliana ó shin a chur os bhur gcomhair arís:
Is amhlaidh nár foilsíodh oiread is suirbhé téagartha amháin ar stair na hÉireann i nGaeilge ó thús deireadh an 20ú céad. Cuireadh Gaeilge ar chorr-stair a scríobhadh i mBéarla, gan amhras, ach ní hionann an saghas staire a scríobhtar le haghaidh lucht léite an Bhéarla (bíodh Gaeilge ag an údar nó ná bíodh) agus an saghas staire a scríobhfaí i mbunsaothar Gaeilge.
Bíonn an fhírinne searbh go minic ach is cóir í a admháil i gcónaí. Tá tuairim agam go bhfuil leabhair staire i nGaeilge chomh tearc sin, agus gur mhair an ganntanas chomh fada sin, go nglactar leis mar fheiniméan nádúrtha anois. An té ar mian leis eolas a chur ar an réalteolaíocht nó ar an dlí, ar an micribhitheolaíocht nó ar an gcuntasaíocht, ar an ríomhchlárú nó ar an bhfealsúnacht, caithfidh sé tiontú ar an mBéarla nó ar theanga éigin eile. Ní dóigh liom go séanfadh aon duine é sin. Ní taise don stair é, ach tá difríocht shuntasach ann i gcás na staire: is é sin, go mbíonn drogall ar dhaoine an fhírinne a admháil. B’fhearr leo púicíní a chaitheamh agus ligean orthu féin gur nós coitianta é an stair a scríobh trí mheán na Gaeilge.

Portráidí d'údair Ghaeilge


     An bhfuilim ag dul thar fóir? Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil ach is deacair dom aon tátal eile a bhaint as an líon mór údar atá áirithe mar staraithe ar shuíomh gréasáin ‘Portráidí’. Seo iad:
Angela Bourke, Diarmuid Breathnach, Liam Mac Amhlaigh, Séamas Mac Annaidh, Séamus Mac Gabhann, Breandán Mac Gearailt, Tomás Mac Síomóin, Liam Mac Uistín, Ríona Nic Congáil, Máire Ní Mhurchú, Pádraig Ó Baoighill, Dónall Ó Baoill, Leon Ó Broin, Mícheál Ó Conghaile, Ruairí Ó hUiginn, Pádraig B. Ó Laighin, Séamas Ó Maitiú, Nollaig Ó Muraíle, Alan Titley, Vivian Uíbh Eachach, Regina Uí Chollatáin.
Is cinnte go bhfuil idir scríbhneoirí maithe agus scoláirí maithe ar an liosta sin. Ach an staraithe iad? Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil dhá chiall leis an bhfocal ‘staraí’: mar atá, ‘scéalaí’ agus ‘údar staire’ (sa chiall ‘history’ seachas sa chiall ‘story’). Bheinn sásta ‘story-teller’ a thabhairt ar chuid mhaith de na húdair atá luaite ar an liosta thuas. Ar an láimh eile, níl ach duine amháin ina measc a dtabharfainn ‘historian’ air: is é sin Leon Ó Broin, fear atá ar shlí na fírinne le tríocha bliain anuas. Glacaim leis go bhfuil leabhair fhiúntacha ar ghnéithe éagsúla den am atá caite scríofa ag údair eile ar an liosta, ach ní leor é sin chun iad a iompú ina staraithe. An teangeolaí a scríobhann faoi stair teanga, an scoláire litríochta a scríobhann faoi stair na litríochta, an béaloideasaí a scríobhann faoi stair an bhéaloidis, an saineolaí ceoil a scríobhann faoi stair an cheoil, is ag saothrú laistigh dá gcuibhreann féin a bhíonn siad. Is iomaí staraí a scríobh beathaisnéis, ach ní leor beathaisnéis a scríobh le bheith i do historian mar tá saol an duine aonair ró-chúng mar ábhar. Is féidir an rud céanna a rá faoin scoláire a chuireann téacs stairiúil in eagar: is obair thábhachtach é seo, gan aon agó, ach ní hionann staidéar a dhéanamh ar théacs – dá thábhachtaí é – agus staidéar a dhéanamh ar an stair. Mar an gcéanna, an t-údar a scríobhann cuntas ar eachtra nó ar thréimhse éigin atá bunaithe ar fhoinsí tánaisteacha, ní historian é. Bíonn réimse suime an staraí scóipiúil leathan; ní bhíonn sé teoranta do ghné amháin den am atá imithe ná do shaol pearsan ar leith. Bíonn sochaí ina iomláine faoi chaibidil ag an staraí, cé gur minic a leagfaidh sé béim ar ghnéithe áirithe seachas ar ghnéithe eile den tsochaí. Thairis sin, bíonn an staraí ag taighde, ag plé le foinsí príomha agus ag cur lenár dtuiscint ar an am atá imithe. Tá an fhairsinge agus an fhionnachtain de dhlúth agus d’inneach na staire.

     Tá líon beag údar ag scríobh sa Ghaeilge faoi láthair ar staraithe iad sa chiall chruinn den téarma: beirt a ritheann liom ar an toirt ná Aindrias Ó Cathasaigh agus Cormac Ó Comhraí. Ach is í an nua-stair – stair an 20ú céad go háirithe – a bhíonn faoi chaibidil acu. Go bhfios dom, níl aon duine ag plé le stair na meánaoiseanna ná leis an luathstair trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Dá mbeadh an stair á cleachtadh mar ba chóir sa Ghaeilge, bheadh cleachtais staireagrafaíochta bunaithe faoin am seo a chuideodh leis an staraí a bheadh ag teacht chuig na tréimhsí sin don chéad uair. D’fhéadfadh an staraí nach mbeadh taithí aige ar na tréimhsí leas a bhaint as na nósanna a bheadh ann roimhe, aithris a dhéanamh orthu, nó iad a leasú beagáinín dá mba ghá. Ní bheadh air tosú as an nua, ag cumadh rialacha dá chuid féin.

Dhá leabhar ina bpléitear ceist na n-ainmneacha

     Ach b’shin an cás ina raibh mé nuair a thosaíos ag scríobh caibidil a dó (faoin tréimhse A.D. 400–795) agus caibidil a trí (faoin tréimhse A.D. 795–1002) den leabhar atá ar na bacáin agam faoi láthair. Bhí fadhb agam maidir le foirmeacha na n-ainmneacha dílse agus b’éigean dom polasaí a leagan amach a d’fheilfeadh do shaothar a bheidh dírithe ar léitheoirí Gaeilge an lae inniu. Dá mbeinn ag scríobh i mBéarla, bheadh polasaí réamhdhéanta le fáil. Seo mar a míníodh an polasaí sin sa New History of Ireland:
For Irish proper names, an Old Irish standard has been adopted up to A.D. 900, no attempt being made to restore older or proto-Irish forms, and a Middle Irish standard for 901-1333. The year 1333 has been selected as a demarcation point, on the ground that the death of the Brown Earl of Ulster in this year can be seen as marking the start of the Gaelic resurgence; Modern Irish orthography does not commonly occur in manuscripts until the end of the fourteenth century. Classical Modern Irish forms are used for 1334-1534, after which English forms are used except for individuals who are best known under the Irish form of their name.
T. W. Moody, F. X. Martin agus F. J. Byrne (eag.) A New History of Ireland, VIII (Oxford 1982), 4.
Ní féidir a rá go raibh gach staraí go hiomlán sásta leis an gcur chuige seo. Mar shampla, shíl A. B. Scott go seachnódh sé ‘the twin charges of pedantry and nationalistic chauvinism’ dá bhféadfadh sé leaganacha Galldaithe d’ainmneacha Gaelacha a úsáid (tuigimid uile gur saoithíní agus náisiúnaithe buile iad an dream a úsáideann an Ghaeilge). Ach ghéill an tOllamh Scott don pholasaí oifigiúil sa deireadh, más go drogallach féin é. Seo mar a mhínigh sé an cruachás ina raibh sé:
But if the familiar Anglicized versions of Irish names are retained, what is to be done with the many personal names which have no easily recognized English equivalent, like Machelanus Ophelan [Maoilseachlainn Ó Faoláin] or Gillemeholmoch [Mac Giolla Mocholmóg]?  ... I have kept the traditional form of Norman names, e.g. ‘De Courcy’ rather than ‘De Curci’. Fortunately there are as yet no Norman nationalists to insist that I toe this particular line.
A. B. Scott (eag.), Expugnatio Hibermica: The Conquest of Ireland (Baile Átha Cliath, 1978), ix-x.
Is i Somerset Shasana a rugadh John de Courcy (†1219), dála an scéil, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil náisiúnaithe na Normainne ciúin go leor faoi láthair. Is cinnte gur ciallmhar an beart é ainmneacha Gaelacha a thabhairt ar phearsana stairiúla ar tugadh ainmneacha Gaelacha orthu nuair a baisteadh iad. Tréaslaím a stuaim leis an Ollamh Scott agus geallaim dó nach gcuirfidh mé saoithíneacht ná náisiúnachas buile ina leith.

     An polasaí a oireann do staraithe an Bhéarla, ní oireann sé don údar Gaeilge. Ní bheadh sé caoithiúil litriú na n-ainmneacha a athrú chomh minic is atá molta sa pholasaí thuas: bheadh an t-innéacs ina chíor thuathail dá bharr. Thairis sin, ní bheadh sé inghlactha in aon chor ainmneacha Gaelacha a thiontú go Béarla ón 16ú céad amach. Seo daoibh roinnt de na leaganacha achrannacha atá i gcló in imleabhar VIII den New History of Ireland:

  • Ruaidrí Ua Conchobair (1136); Ruaidrí Ó Conchobair (1239); Ruaidhrí Ó Conchobhair (1494).
  • Toirrdelbach Ua Briain (1184); Toirrdelbach Ó Briain (1277); Toirdhealbhach Ó Briain (1496).
  • Domnall Ua Domnaill (1207); Domnall Ó Domnaill (1232); Domhnall Ó Domhnaill (1452).

Ní léir dom go bhfuil aon ghá leis an meascán seo agus tá cinneadh déanta agam go n-úsáidfidh mé litriú na Nua-Ghaeilge Moiche (Ruaidhrí Ó Conchobhair, Toirdhealbhach Ó Briain, Domhnall Ó Domhnaill, etc.) ón 5ú céad anuas go dtí an bhliain 1691. Ní chuirfidh an litriú traidisiúnta seo mearbhall ar ghnáth-léitheoirí agus beidh scoláirí ina ann foirmeacha na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge a athchruthú gan stró más mian leo. Ar ndóigh, is é litriú an lae inniu (Ruairí Ó Conchúir, Toirealach Ó Briain, Dónall Ó Dónaill, etc.) a bheidh agam ón mbliain 1691 amach. Scríobhfaidh mé ‘ua’ nuair is garmhac atá i gceist agus ‘Ó’ nuair is sloinne atá i gceist.

Ainmneacha dílse ar mhapai
     Braithim gur réiteach sásúil é sin ar litriú na n-ainmneacha pearsanta, ach tá ainmneacha dílse eile ann atá níos cigiltí fós. Ina measc seo tá logainmneacha agus ainmneacha a bhaineann le ciníocha. Seo é an polasaí a leagadh síos sa New History of Ireland:
Place names have been given in their current English form (as used by the Ordnance Survey), except where obscure or unidentifiable. Welsh proper names are normaly given in the Modern Welsh form (e.g. Rhigyfarch rather than Ricemarch).
T. W. Moody, F. X. Martin agus F. J. Byrne (eag.) A New History of Ireland, VIII (Oxford 1982), 4.
Is suimiúil an ní é gur tugadh níos mó aitheantais don Bhreatnais ná don Ghaeilge, ach fágaimis siúd mar atá sé. Maidir le logainmneacha atá fós in úsáid, glacfaidh mé leis na leaganacha atá molta ag an mBrainse Logainmneacha ar shuíomh logainm.ie. Mar shampla, scríobhfaidh mé ‘Darú’ seachas ‘Darmhagh’, ‘Glas Naíon’ seachas ‘Glas Naoidhean’, agus ‘Inis Muirígh’ seachas ‘Inis Muireadhaigh’. Tá an chuid sin den obair simplí go leor. Ach cad is cóir a dhéanamh le logainmneacha nuair is cuid d’ainmneacha pearsanta iad? Conas is cóir ainm rí na Teamhrach a fuair bás sa bhliain 797 a litriú: mar ‘Donnchadh Midhe mac Domhnaill’ nó mar ‘Donnchadh Mí mac Domhnaill’? Nó cén litriú is fearr ar ainm an rí a d’éag sa bhliain 956: ‘Conghalach Cnoghbha mac Maoilmithigh’ nó ‘Conghalach Cnóbha mac Maoilmithigh’? Sílim gurb é an rud is loighciúla litriú na Nua-Ghaeilge Moiche a úsáid tríd síos i gcásanna den sórt. Bheadh codarsnacht inmheánach sna hainmneacha dá ndéanfainn a mhalairt. Mar an gcéanna, nuair a thagraíonn ainm do chine, do thuath nó do ríocht, is é an litriú stairiúil a úsáidfidh mé: scríobhfaidh mé ‘Osraighe’ seachas ‘Osraí’, ‘Breagha’ seachas ‘Breá’, ‘Oirghialla’ seachas ‘Oirialla’. Ciallóidh sé seo go mbeidh dhá leagan den ainm céanna in úsáid taobh le taobh i gcásanna áirithe: leagan seanda (‘Ciarraighe’, ‘an Mhidhe’, ‘Uí Fhailghe’, etc.) nuair is tagairt stairiúil atá i gceist, agus leagan comhaimseartha (‘Ciarraí’, ‘an Mhí’, ‘Uíbh Fhailí’, etc.) nuair is logainm atá i gceist. Spreag an cinneadh seo ceist eile: ar chóir ainmneacha dílse atá litrithe de réir rialacha na Nua-Ghaeilge Moiche a infhilleadh de réir na rialacha céanna? Cé acu is fearr: ‘ar Uí Fhailghe’ nó ‘ar Uíbh Failghe’, ‘in Ulaidh’ nó ‘in Ultaibh’, ‘do Bhreagha’ nó ‘do Bhreaghaibh’? Bhraitheas sa deireadh gur loighciúla an beart é an t-infhilleadh stairiúil agus an litriú stairiúil a chleachtadh i dteannta a chéile.

     Nílim go hiomlán sásta leis an gcur chuige seo. Comhréiteach is ea é agus tá sé casta dá réir. B’fhearr liom dá mbeadh córas níos simplí agam. B’fhearr liom dá mbeadh polasaí éigin leagtha amach ag staraithe eile romham. Ach tá sé déanach sa ló agus is mithid tús a chur leis an obair. Mura dtaitníonn an polasaí atá agam leis an gcéad staraí eile a ghabhann an tslí, déanadh sé nó sí polasaí níos fearr a chumadh ...

11/02/2020

Ag cuimhneamh na bpílear

Pílir i mbun oibre i gContae an Chláir

Is mian leis an rialtas – an rialtas a chaill an toghchán a bhí ann Dé Sathairn seo caite – is mian leo go dtabharfaimis an Royal Irish Constabulary (RIC) chun cuimhne. Ós rud é gur saoránach dílis mé, táim sásta gar a dhéanamh dóibh, gan íocaíocht a lorg, agus cuirfidh mé cúpla tagairt do na pílir ó litríocht na Gaeilge faoi bhráid léitheoirí Chúrsaí Staire. Ach ar dtús, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin searmanas cuimhneacháin a bhí beartaithe ag Charlie Flanagan, an t-aire ‘dlí agus cirt agus comhionnanais’ (tá a fhios agam gur amscaí an teideal é ach ní mise a chum), don 17 Eanáir 2020. Chualathas cuid mhaith cur i gcéill ó fhoinsí oifigiúla, ó thráchtairí agus ó staraithe sna laethanta sular cuireadh an ócáid chuimhneacháin ar athló agus ba mhaith liom roinnt de na tuairimí a nochtadh ag an am a scrúdú.

  • ‘Ní theastaíonn uainn ómós a thabhairt do na pílir; nílimid ach ag iarraidh cuimhneamh a dhéanamh orthu’: Níl aon dealramh leis an argóint seo. Nuair a eagraítear cuimhneacháin stáit, is léiriú ómóis a bhíonn i gceist i gcónaí. Ní ócáid staire é cuimhneachán stáit ach ócáid pholaitiúil: léiriú oifigiúil ómóis thar ceann an náisiúin is ea é. Go deimhin, is focal é comóradh (‘comh-’ móide ‘móradh’) a chiallaíonn ‘móradh coiteann’. 
  • ‘Níor chóir dúinn gné ar bith de stair chasta na hÉireann a choinneáil faoi choim’: Níor chóir go deimhin, agus ní dóigh liom go bhfuil aon duine ag iarraidh an RIC a ligean i ndearmad. Is fiú staidéar a dhéanamh ar gach gné de stair na tíre agus ní bheadh conspóid ar bith ann dá n-eagrófaí comhdháil acadúil ar stair na póilíneachta in Éirinn faoi scáth na Roinne Dlí agus Cirt agus Comhionnanais. Níorbh shin an rud a bhí beartaithe ag an Aire Flanagan, áfach, ach searmanas comórtha.
  • ‘Ní raibh sé i gceist againn comóradh a dhéanamh ar na Black and Tans ná ar na Auxiliaries: is iad na gnáthbhaill den phéas a bhí i gceist againn’: Ar an gcéad dúl síos, ba bhaill den RIC iad na Tans agus na Auxies; mar bhaill den fhórsa, táid go léir cuimsithe san ainm sin ‘RIC’ agus tá sé mímhacánta (nó aineolach) a mhalairt a thabhairt le fios. Ní féidir an RIC ina iomláine a chomóradh gan na Tans agus na Auxies a chomóradh. Lena chois sin, ní féidir a rá go raibh gean ag an bpobal ar na péas úd nár Tans ná baill den Auxiliary Division iad: féach na sleachta litríochta anseo thíos.
  • ‘Ba ghnáthfhórsa póilíneachta é an RIC agus níor theastaigh ó na baill ach a gcuid a shaothrú agus leas an phobail a dhéanamh’: Níor ghnáthfhórsa póilíneachta é an RIC riamh, ach fórsa paramhíleata a bhí inchurtha le Guardia Civil na Spáinne nó le Carabinieri na hIodáile. Throideadar i gcoinne lucht Éire Óg sa bhliain 1848 agus i gcoinne na bhFíníní sa bhliain 1867. Faoin mbliain 1920, bhíodar ag troid i gcoinne Óglaigh na hÉireann. Is fíor gur éirigh sciar nár bheag de na baill as an bhfórsa de réir mar a  chuaigh an cogadh i ndéine – breis is trí mhíle acu a d’éirigh as i rith na bliana 1920 – ach thuig an dream a d’fhan san RIC go rabhadar ag troid chun Éire a choinneáil faoi smacht na Breataine i gcoinne thoil an phobail.
  • ‘Tá meas ag Aontachtaithe ar an RIC agus caithfimid mil a chuimilt leo má tá Éire aontaithe le bheith ann’: Tá meas ag Aontachtaithe ar bhanríon Shasana: an gcuirfimid deireadh leis an bpoblacht lena sásamh? Tá Aontachtaithe i gcoinne stádas oifigiúil a thabhairt don Ghaeilge: an gcuirfimid deireadh leis an nGaeilge mar theanga oifigiúil lena sásamh? Is í an fhírinne, ar ndóigh, gur réigiún ar leith é oirthear Uladh. Má bhíonn Éire aontaithe ann amach anseo (agus níl sé cinnte go mbeidh), beidh gá le socruithe ar leith sa limistéar sin chun bunús Briotanach an phobail Aontachtaigh a aithint, ach níl aon chúis go mbainfeadh na socruithe sin leis an gcuid eile den tír. Tá socruithe ar leith i Südtirol na hIodáile chun cúlra Ostarach an chúige sin a aithint, mar shampla, ach ní bhaineann na socruithe sin leis an gcuid eile den Iodáil.
Pílir i mbun oibre i gContae na Gaillimhe

     An raibh tionchar ag an gconspóid faoin RIC ar thoradh an toghcháin atá thart? Ní féidir freagra cinnte a thabhairt ar an gceist seo, ach déarfainn go raibh. Féach gur toghadh Cathal Crowe – iarrthóir de chuid Fhianna Fáil agus méara an Chláir – a bhí ar dhuine de na polaiteoirí ba thúisce a cháin an searmanas cuimhneacháin, agus gur chaill Timmy Dooley, an teachta dála a bhí ag an bpáirtí sin roimh an toghchán, a shuíochán. Seo mar a scríobh an Irish Times:
Fianna Fáil Mayor of Clare, Cathal Crowe, fired the first shots of general election 2020, when he decided to boycott the proposed commemoration of the Royal Irish Constabulary (RIC) in early January. This sudden capture of the public mood breathed life and momentum into his campaign, transforming him from a dark horse, into a candidate with a realistic chance of topping the poll.
Agus féach an rún ar ghlac Comhairle Chathrach Bhaile Átha Cliath leis:
Only a subservient government suffering from a post-colonial state of mind and ashamed of our revolutionary history would encourage this disgraceful event.
Níor chuireadar fiacail ann, ach thacaigh 38 comhairleoir leis an rún agus níor chuir ach deichniúr ina choinne. Is breith pholaitiúil seachas breith stairiúil é seo, gan amhras, ach bhí an Duibhlinneach seo thar a bheith sásta le seasamh na gcomhairleoirí.

Pílir i mbun oibre i gContae Mhaigh Eo

     Bhí stair an RIC casta go leor. Bhunaigh Robert Peel, príomhrúnaí na hÉireann, an Peace Preservation Force (PPF) sa bhliain 1814 le cur i gcoinne na rúnchumann talmhaíochta a bhí gníomhach ag an am. Gendarmerie láraithe ba ea é agus chuirtí díormaí amach chuig ceantair a bhí suaite. Is ón bhfocal ‘peace’ agus ó shloinne an phríomhrúnaí a tháinig na focail ‘péas’ agus ‘pílear’ isteach sa Ghaeilge. Bunaíodh fórsa eile póilíneachta, an County Constabulary, sa bhliain 1822: mar a thugann an teideal le fios, bhí baill an fhórsa seo scaipthe tríd an tír ar fad. Aontaíodh an dá fhórsa, an PPF agus an chonstáblacht áitiúil, i bhfórsa amháin, an Irish Constabulary, sa bhliain 1836. Cuireadh an aidiacht ‘royal’ le hainm an RIC sa bhliain 1867 nuair a chruthaigh an fórsa go maith i rith éirí amach na bhFíníní. Seo mar a scríobh an tOllamh Elizabeth Malcolm:
The RIC was a centrally controlled, paramilitary force: heavily armed, dressed in dark green, army-style uniforms, and subject to military drill and discipline. Its first inspector-general, a Waterloo veteran, compared it to a light infantry regiment. In this respect it differed markedly from other police forces in the United Kingdom, which were unarmed and locally controlled. The government clearly felt that policing in Ireland required military force rather than civilian regulation.
S. J. Connolly (ed.), The Oxford Companion to Irish History, 491
Dála an scéil, ba í Elizabeth Malcom an scrúdaitheoir inmheánach sa scrúdú béil a cuireadh orm nuair a bhí mo thráchtas dochtúireachta á chosaint agam in Ollscoil Learphoill sa bhliain 1999.

Pílir i mbun oibre i gContae Chiarraí
Co. na Gaillimhe
Véarsa as amhrán inar thacaigh Antaine Raiftearaí le Lucht Ribíní (‘Ribbonmen’), rúnchumann a bhí gníomhach i gContae na Gaillimhe sna 1820í
Cuirim impí ar an mnaoi nár pheacaigh ina saol
     is m’achainí ar Rí geal na nGrásta,
go bhfeice mé peelers lag marbh sínte
     scaipeadh is scaoileadh ar gharda.
Liberty tree cois balla gach aon oíche
     ag lucht ribíní is tinte cnámha,
Daly is Deely bhí ag mionnú ar an tír
     a gceann i mbarr spíce in airde.
Ciarán Ó Coigligh (eag.), Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, 105-6.
Co. Chill Chainnigh
Véarsa as amhrán a chum Séamas Ó Cathail ar an gcath a troideach idir muintir na háite agus an County Constabulary ag Carraig Seac, Co. Chill Chainnigh, an 14 Nollaig 1831:
Beidh parlaimint feasta aige Ó Conaill in Éirinn –
     caithfeas na tréanphoic seo géilleadh ’á ghlór!
Leagfaidh sé fearannta fairsinge ar Ghaelaibh,
     is cuirfeas sliocht Éibhir ón réal go dtí an choróin;
beas aige Hamilton treascartha créimeach –
     a theampall dá réabadh le saorthoil dá namhaid –
is gach pílear buí smeartha a thug a anam ón scléip leis
     ní raghas go Cill Chéise ag déanamh aeir ann go deo!
Dáithí Ó hÓgáin (eag.), Duanaire Osraíoch, 42.
Co. Chorcaí
Cumadh amhrán dí-ainm ar an gcath céanna a bailíodh in iarthar Chorcaí. Seo véarsa amháin as:
Féach thar n-ais ar Carraig Seac mar ar dheineadar an íospairt
mar ar scothadar na Laighnigh na cinn desna Peelers,
is mó fear láidir calma bhí i gceangal is i gcruatan
chun go dtáinig Dónall go mómharach thar mórchnoic dá bhfuascailt.
Míchéal Ó Cuileanáin, ‘Ráiseanna Bhláth Ubhla’ in Éigse, 1940, 93.