Cnoc na Teamhrach |
Tá sé i gceist agam roinnt liostaí a fhoilsiú mar aguisín leis an leabhar atá á scríobh agam faoi láthair. Ina measc seo beidh liostaí de na hardríthe 'go bhfreasúra' a bhí ann san 11ú céad agus sa 12ú céad, d'fhir ionaid rí Shasana anuas go dtí Acht an Aontais, de phríomhrúnaithe na hÉireann faoin Aontas, agus de chinn rialtais ón gcéad Dáil i leith.
Anseo thíos tá an chéad liosta sa tsraith: ríthe na Teamhrach ó Laoghaire mac Néill, a bhí sa bhflaitheas nuair a chuir Pádraig Naofa tús lena mhisean, go Maol Seachlainn mac Domhnaill a d'aithin Brian Bóramha mar ardrí na hÉireann sa bhliain 1002.
Ní féidir brath ar na dátaí (ná ar ainmneacha na ríthe féin) roimh an 7ú céad. Tugtar dhá leagan de na hainmneacha: tá ceann amháin acu i litriú stairiúil na Nua-Ghaeilge agus an ceann eile i litriú na Sean-Ghaeilge. Is é an chéad cheann amháin a bheidh in úsáid i gcorp an leabhair - polasaí atá pléite agam anseo.
Nua-Ghaeilge |
Sean-Ghaeilge |
Ríshliocht |
Dáta báis [éirí as] |
|
1 | Laoghaire mac Néill |
Lóeguire mac Néill |
|
c. 461-3 |
2 |
Oilill Molt mac Nath Í |
Ailill Molt mac Nath Í |
Uí Fhiachrach |
c. 483 |
3 |
Lughaidh mac Laoghaire |
Lugaid mac Lóeguiri |
Cinéal Laoghaire |
c. 507 |
4 |
Muircheartach mac Muireadhaigh (= Mac Earca) |
Muirchertach mac Muiredaig (= Mac Ercae) |
Cinéal nEoghain |
c. 536 |
5 |
Tuathal Maolgharbh mac Cairbre |
Tuathal Máelgarb mac Coirpri |
Cinéal gCairbre |
c. 544 |
6 |
Diarmaid mac Cearbhaill |
Diarmait mac Cerbaill |
Uí Néill an Deiscirt |
c. 565 |
7 |
Domhnall mac Muircheartaigh |
Domnall mac Muirchertaig |
Cinéal nEoghain |
c. 566 |
" |
Fearghus mac Muircheartaigh |
Fergus mac Muirchertaig |
Cinéal nEoghain |
c. 566 |
8 |
Ainmhire mac Séadna |
Ainmere mac Sétnai |
Cinéal gConaill |
c. 569 |
9 |
Baodán mac Muircheartaigh |
Báetán mac Muirchertaig |
Cinéal nEoghain |
c. 572 |
" |
Eochaidh mac Domhnaill |
Eochaid mac Domnaill |
Cinéal nEoghain |
c. 572 |
10 |
Baodán mac Ninneadha |
Báetán mac Ninnedo |
Cinéal gConaill |
c. 586 |
11 |
Aodh mac Ainmhire |
Áed mac Ainmerech |
Cinéal gConaill |
c. 598 |
12 |
Aodh Sláine mac Diarmada |
Áed Sláine mac Diarmato |
Uí Néill an Deiscirt |
604 |
" |
Colmán Rímhidh mac Baodáin |
Colmán Rímid mac Báetáin |
Cinéal nEoghain |
604 |
13 |
Aodh Ollán mac Domhnaill |
Áed Allán mac Domnaill |
Cinéal nEoghain |
612 |
14 |
Maol Cobha mac Aodha |
Máel Cobo mac Áedo |
Cinéal gConaill |
614 |
15 |
Suibhne Meann mac Fiachna |
Suibne Menn mac Fiachnai |
Cinéal nEoghain |
628 |
16 |
Domhnall mac Aodha |
Domnall mac Áedo |
Cinéal gConaill |
642 |
17 |
Ceallach mac Maoil Chobha |
Cellach mac Máele Cobo |
Cinéal gConaill |
658 |
" |
Conall Caol mac Maoil Chobha |
Conall Cóel mac Máele Cobo |
Cinéal gConaill |
654 |
18 |
Diarmaid mac Aodha Sláine |
Diarmait mac Áedo Sláine |
Síol nAodha Sláine |
665 |
" |
Blathmhac mac Aodha Sláine |
Blathmac mac Áedo Sláine |
Síol nAodha Sláine |
665 |
19 |
Seachnasach mac Blathmhaic |
Sechnussach mac Blathmaic |
Síol nAodha Sláine |
671 |
20 |
Ceann Faoladh mac Blathmhaic |
Cenn Fáelad mac Blathmaic |
Síol nAodha Sláine |
674 |
21 |
Fíonnachta Fleadhach mac Dúnchadha |
Fínsnechtae Fledach mac Dúnchado |
Síol nAodha Sláine |
695 |
22 |
Loingseach mac Aonghusa |
Loingsech mac Óengusso |
Cinéal gConaill |
704 |
23 |
Conghal Ceannmhaghair mac Fearghusa |
Congal Cinn Magair mac Fergusso |
Cinéal gConaill |
710 |
24 |
Fearghal mac Maoil Dúin |
Fergal mac Máele Dúin |
Cinéal nEoghain |
722 |
25 |
Foghartach mac Néill |
Fogartach mac Néill |
Síol nAodha Sláine |
724 |
26 |
Cionaoth mac Íorghalaigh |
Cináed mac Írgalaig |
Síol nAodha Sláine |
728 |
27 |
Flaithbheartach mac Loingsigh |
Flaithbertach mac Loingsig |
Cinéal gConaill |
[734] |
28 |
Aodh Ollán mac Fearghail |
Áed Allán mac Fergaile |
Cinéal nEoghain |
743 |
29 |
Domhnall Midhe mac Murchadha |
Domnall Midi mac Murchado |
Clann Cholmáin |
763 |
30 |
Niall Frasach mac Fearghail |
Niall Frossach mac Fergaile |
Cinéal nEoghain |
[770] |
31 |
Donnchadh Midhe mac Domhnaill |
Donnchad Midi mac Domnaill |
Clann Cholmáin |
797 |
32 |
Aodh Oirdnidhe mac Néill |
Áed Oirdnide mac Néill |
Cinéal nEoghain |
819 |
33 |
Conchobhar mac Donnchadha |
Conchobar mac Donnchado |
Clann Cholmáin |
833 |
34 |
Niall ‘Caille’ mac Aodha |
Niall ‘Caille’ mac Áedo |
Cinéal nEoghain |
846 |
35 |
Maol Seachlainn mac Maoil Ruanaidh |
Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid |
Clann Cholmáin |
862 |
36 |
Aodh Finnliath mac Néill |
Áed Findliath mac Néill |
Cinéal nEoghain |
879 |
37 |
Flann Sionna mac Maoil Sheachlainn |
Flann Sinna mac Máele Sechnaill |
Clann Cholmáin |
916 |
37 |
Niall Glúndubh mac Aodha |
Niall Glúndub mac Áedo |
Cinéal nEoghain |
919 |
38 |
Donnchadh Donn mac Floinn |
Donnchad Donn mac Flainn |
Clann Cholmáin |
944 |
39 |
Conghalach Cnoghbha mac Maoil Mhithidh |
Congalach Cnogba mac Máel Mithig |
Síol nAodha Sláine |
956 |
40 |
Domhnall ua Néill |
Domnall ua Néill |
Cinéal nEoghain |
980 |
41 |
Maol Seachlainn mac Domhnaill |
Máel Sechnaill mac Domnaill |
Clann Cholmáin |
1022 |
Aucun commentaire:
Enregistrer un commentaire