13/12/2018

Duais Michel Déon

Na leabhair a ainmníodh agus na húdair a scríobh.

Bhí leabhar liom, The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland, ar an ngearrliosta a roghnaíodh i gcomhair dhuais Michel Déon le déanaí. Duais nua is ea í seo a bhronnfar gach re bliain don leabhar neamhfhicsin is fearr le húdar a bhfuil cónaí air in Éirinn. Cheap Acadamh Ríoga na hÉireann an coiste a roghnaigh na saothair don ghearrliosta agus, sa deireadh thiar thall, an saothar a bhuaigh. Seo iad na baill: Michael Cronin, ollamh le Fraincis, Coláiste na Tríonóide; Ruth Hegarty, oifigeach na bhfoilseachán san Acadamh Ríoga; Gerardine Meaney, ollamh le léann an chultúir, Coláiste na hOllscoile, BÁC; Hastings Donnan, ollamh le hantraipeolaíocht, Ollscoil na Ríona; Ciaran Brady, ollamh emeritus le stair, Coláiste na Tríonóide; Jane Conroy, ollamh le Fraincis, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; agus Claire Connolly, ollamh le Béarla, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh.

     Leabhair a foilsíodh sa dá bhliain idir Iúil 2016 agus Iúil 2018 a bhí cáilithe don duais i mbliana agus ainmníodh 240 saothar ar fad trí shuíomh gréasáin an Acadaimh Ríoga – ní nach ionadh mar bhí duais tharraingteach de €10,000 ag dul don bhuaiteoir. Roghnaigh na moltóirí na sé leabhar seo a leanas don ghearrliosta:


Is léir go bhfuil réimse leathan ábhar i gceist sna leabhair a roghnaíodh: is saothair dhírbheathaisnéise iad na leabhair le Fitzmaurice agus Pine; baineann leabhar MacDonald le saol ár linne féin; agus is saothair staire iad na trí cinn eile. Agus tá éagsúlacht le brath ar na startha chomh maith: baineann leabhar Gerwarth le polaitíocht na hEorpa sa 20ú céad; teannais shóisialta a phléasc i bparóiste tuaithe sa 19ú céad atá faoi chaibidil i leabhar Mhic Shuibhne; agus scrúdaíodh meon na coitiantachta i rith an 18ú céad i mo leabhar féin. Is é leabhar Bhreandáin Mhic Shuibhne a bhuaigh an duais: níor chúis iontais dom é cinneadh na moltóirí, mar d’éirigh le Mac Suibhne an dá thrá a fhreastal: cé gur leabhar scolártha é The End of Outrage, tá scéal daonna, scéal a mbeidh suim ag an bpobal trí chéile ann, ríofa go healaíonta aige freisin.

An duaisiarracht á fógairt, an 3 Nollaig 2018.


     Maidir liom féin, táim buíoch de go bhfuair The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland  aitheantas mar shaothar tábhachtach. Is ar mhaithe liom féin a bhím ag scríobh: toisc gur mian liom ceist stairiúil éigin nár cíoradh i gceart cheana a fhreagairt, nó toisc go dteastaíonn uaim cuntais iomrallacha atá le fáil sa staireagrafaíocht a cheartú. Ní bhím ag súil le moladh, ach is údar uchtaigh é nuair a fhaighim é gan choinne. Ní fhaigheann staraithe i gcoitinne mórán aitheantais ar na saolta seo, ach is measa fós é cás an staraí a bhíonn ag scríobh i nGaeilge. Ní féidir a shéanadh go bhfuil na meáin Ghaeilge ag crapadh leo de réir a chéile. Nuair a foilsíodh Washington i gCeannas a Ríochta: Cogadh Mheiriceá i litríocht na Gaeilge sa bhliain 2005, mar shampla, foilsíodh léirmheasanna ar Foinse is ar , agus cuireadh agallamh orm ar Raidió na Gaeltachta. Nuair a tháinig Ó Chéitinn go Raiftearaí: Mar a cumadh stair na hÉireann amach sa bhliain 2011, pléadh é ar chlár dar theideal ‘Comhluadar na leabhar’ ar Raidió na Gaeltachta agus foilsíodh léirmheas ar Gaelscéal. Níl aon nuachtán Gaeilge ann a thuilleadh, ná níl aon chlár faoi leabhair ar Raidió na Gaeltachta. Na meáin leictreonacha atá ann anois, is ag déanamh aithrise ar chur chuige na tabloids a bhíonn siad. Tá na hirisí acadúla ann i gcónaí, ar ndóigh, ach sílim gurb é Comhar an t-aon mheán anois a chuirfeadh monagraf scolártha i nGaeilge ar a shúile don léitheoir cothrom. O tempora o mores! Ní mhairfidh cultúr liteartha ar anraith caol na n-úrscéalta agus na liricí beaga.

Michel Déon agus dhá leabhar leis


     Ní foláir dom a admháil nach raibh saothar ar bith le Michel Déon (1919-2016) léite agam sular ainmníodh leabhar liom don duais. Ach spreag an t-ainmniúchán mé chun dhá leabhar leis a cheannach: mar atá, Cavalier, passe ton chemin !, cnuasach de chuimhní cinn ar an seal a chaith sé ina chónaí i gcontae na Gaillimhe, agus Les poneys sauvages, an t-úrscéal is cáiliúla dá chuid. Léifidh mé an dara saothar san athbhliain, ach tá an chéad cheann léite agam cheana agus cuirfidh mé clabhsúr air an aiste seo le sliocht gairid as:
Même privée de ses droits essentiels, dépossédé de ses terres st de ses maisons que les constables au service de l’occupant ont réduites à des tas de pierres et de chaumes pourris, un peuple a encore la parole pour défier son oppresseur et, si on le bâillonne, il conserve le remède à toute misère : la parole intérieure qui permet d’être soi-même ...
Michel Déon, Cavalier, passe ton chemin ! (Gallimard, 2005), 105.

Fiú má bhaintear a gcearta bunúsacha díobh, má chaitear amach iad as a dtailte agus as tithe a ndéanann pílir i seirbhís an ghabhálaí cairn de chlocha agus de thuí dhreoite astu, bíonn an friotal fós ag pobal chun dúshlán an lucht ansmachta a thabhairt, agus má chuirtear gobán ina mbéal bíonn réiteach gach cruachás acu: an friotal inmheánach a ligeann dóibh bheith mar atáid ...



29/11/2018

Ar imeall na staire

Caius Iulius Caesar
Rinne léigiúin na Róimhe concas ar an nGaill sna blianta idir 58 agus 50 R.Ch. Cé go ndearna ceannasaí na Rómhánach, Caius Iulius Caesar, ionradh ar an mBreatain faoi dhó sna blianta 55 agus 54 R.Ch., ní raibh sé de rún aige an Bhreatain a thabhairt faoi smacht: níor theastaigh uaidh ach cumhacht na Róimhe a chur ar a súile do threibheanna Briotanacha ar an gcósta theas a bhí ag cuidiú leis na Gallaigh. Scríobh Caesar cuntas ar an gcogadh sa Ghaill ina bhfuil ceann de na tagairtí is luaithe d’Éirinn sa litríocht chlasaiceach: ní raibh in Éirinn, dar leis, ach leath d’achar na Breataine agus bhí sí chomh fada ar shiúl ón mBreatain is a bhí an t-oileán úd ón nGaill: ‘Hibernia, dimidio minor, ut aestimatur, quam Britannia, sed pari spatio transmissus atque ex Gallia est in Britanniam’. Tá na meastacháin seo cruinn go leor agus tugann siad le fios dúinn go raibh teagmháil éigin idir críocha na Meánmhara agus Éire faoi lár an chéid roimh Chríost. Ar an láimh eile, thug Strabo, údar Gréagach, tuairisc mhíchruinn ar Éirinn sa leabhar tíreolaíochta a scríobh sé timpeall na bliana A.D. 19. Dar le Strabo, bhí ‘'Ίέρνη (‘Ierne’) suite lastuaidh den Bhreatain agus bhí an fuacht chomh feanntach sin gurbh ar éigean a bhí daoine in ann maireachtáil ann: ‘άθλίως δὲ διά ψύχος οἰκουμένην, ῶστε τά έπέκεινα νομίζειν άοίκητα’. D’áitigh Strabo freisin gur chanablaigh iad muintir na hÉireann agus go raibh ciorrú coil coitianta ina measc. Bhí cuntas níos iontaofa ag Pomponius Mela, údar a rugadh i ndeisceart na Spáinne, in De Chorographia, leabhar tíreolaíochta a scríobhadh timpeall an ama a chuir an tImpire Claudius tús le concas na Breataine (A.D. 43). Níor fheil aeráid na hÉireann do shaothrú an arbhair, de réir Mela, ach bhí an féarach inti chomh méith sin nár ghá don eallach ach cuid bheag den ló a chaitheamh ag iníor: ‘caeli ad maturanda semina iniqui, verum adeo luxuriosa herbis non laetis modo sed etiam dulcibus, ut se exigua parte diei pecora impleant’. Ina dhiaidh sin féin, mhaígh Mela gur dhream aineolach mí-ionraic iad na hÉireannaigh. Is de réir a chéile a ghlac na Rómhánaigh forlámhas ar an mBreatain. Nuair a chuir Gnaeus Iulius Agricola, gobharnóir Rómhánach an oileáin, cogadh ar na Cruithnigh i ndeisceart na hAlban sna blianta A.D. 82-83, d’fhéach sé trasna Sruth na Maoile ar chósta na hÉireann. D’fhág Publius Cornelius Tacitus, cliamhain Agricola agus staraí, an tuairisc seo a leanas ar Éirinn:
Spatium eius, si Britanniae comparetur, angustius, nostri maris insulas superat. Solum caelumque et ingenia cultusque hominum haud multum a Britannia differunt; in melius aditus portusque, per commercia et negotiatores cogniti. Agricola expulsum seditione domestica unum ex regulis gentis exceperat ac specie amicitiae in occasionem retinebat. Saepe ex eo audivi legione una et modicis auxiliis debellari obtinerique Hiberniam posse ...

(Ó thaobh achair de, tá sí níos caoile le hais na Breataine agus níos mó ná oileáin ár mara. Maidir le talamh is aeráid, meon is cultúr na ndaoine, is beag idir í agus an Bhreatain; tá eolas níos fearr curtha ar a hinbhir agus ar a cuanta trí thrádáil is trí cheannaithe. Thug Agricola coimirce do dhuine dá ríthe tuaithe a díbríodh de bharr ceanairce sa bhaile, á choinneáil le comharthaí cairdis is ag faire na faille. Is minic a chualas é á rá go bhféadfaí Éire a cheansú is a ghabháil le léigiún amháin agus líon beag comhghuaillithe ...) 
Níl aon fhianaise gur tháinig Agricola ná aon saighdiúir Rómhánach eile i dtír in Éirinn riamh, ach bhí lucht trádála na himpireachta ag taithí margaí na hÉireann roimh dheireadh an chéid tar éis Chríost. Is é an cruthúnas is soiléire air sin an mionchuntas Gréigise ar Éirinn a scríobh Claudius Ptolemaeus, tíreolaí a raibh cónaí air i gCathair Alasdair na hÉigipte.

Éire de réir Claudius Ptolemaeus
     Timpeall na bliana A.D. 150, scríobh Ptolemaeus leabhar inar liostáil sé na cinn tíre, na hinbhir, na treibheanna agus na ‘cathracha’ ba thábhachtaí in Ίουερνία (‘Iwernia’). Luaigh sé fad agus leithead gach ceann tíre, agus fágann sé seo gur féidir mapa garbh den oileán a tharraingt. Cúig abhainn déag a bhí ar liosta Ptolemaeus agus tá an tSionainn, an Bhearú, an Bhóinn agus Loch Lao so-aitheanta: ‘Σήνου’ (‘Sēnu’), ‘Βίργου’ (‘Birgu’), ‘Βουουίνδα’ (‘Buwinda’) agus ‘Λογία’ (‘Logia’) a bhí orthu faoi seach. Thug Ptolemaeus ainmneacha sé threibh déag a bhí lonnaithe feadh an chósta agus bhí dhá cheann de na ciníocha ba thábhachtaí sa luathstair ina measc: mar atá, na hUltaigh (‘Οὐολούντιοι’ nó ‘Woluntioi’) ó thuaidh agus na hÉrainn (‘᾿Ιούερνοι’ nó ‘Iwernoi’) ó dheas. Thagair Ptolemaeus do phobal eile, na ‘Βρίγαντες’ (‘Brigantes’), agus bhí críoch fhairsing ag treibh den ainm céanna i dtuaisceart Shasana. Dhealródh sé gur choilíneacht ón mBreatain iad Brigantes na hÉireann. Thairis sin, síleann teangeolaithe go bhfuil bunús Briotainise le roinnt de na hainmneacha eile a luaigh Ptolemaeus, rud a thacaíonn leis an tuairim go raibh treibheanna ón mBreatain ag lonnú in Éirinn ar feadh i bhfad. Go deimhin, bhí pobail éagsúla in Éirinn a áiríodh mar ‘Chruithin’ ag tús ré na staire: orthu seo bhí Dál nAraidi i gcontae Aontroma; Uí Echach Cobo i gcontae an Dúin; agus na Loígis, an treibh as ar ainmníodh contae Laoise. Glaodh ‘Cruithin’ chomh maith ar na Briotanaigh i dtuaisceart na hAlban a d’fhan neamhspleách ar impireacht na Róimhe. Ní hé go raibh gaol gairid idir Cruithin na hÉireann agus na hAlban, ach go bhfreagraíonn ‘Cruithin’ do *Pritani na Briotainise, an focal ónar tháinig ‘Britannia’ na Laidine agus ‘Prydain’ na Breatnaise. Déanach go leor sa réamhstair a chuir na Cruithin fúthu in Éirinn, de réir dealraimh. Cé nach raibh bailte ar bith in Éirinn sa dara céad, luaigh Ptolemaeus deich gcinn de πόλεις, agus is téarma é ‘πόλις’ (‘polis’) a chiallaigh ‘cathair’ nó ‘stát cathrach’ sa Ghréig chlasaiceach. Is cinnte go raibh láithreacha ríoga i gceist i gcomhthéacs na hÉireann mar thug Ptolemaeus ‘῾Ρηγία’ (‘Rhēgia’) ar dhá áit: ceann amháin i gcúige Uladh agus an ceann eile sa Mhumhain. Is ionann an t-ainm seo agus ‘regia’ na Laidine, téarma a chiallaíonn ‘cúirt ríoga’. Is cosúil gurbh é Eamhain Mhacha an suíomh thuaidh. Lena chois sin, is cosúil gurbh é Dún Ailinne a bhí i gceist le ‘Δοὐνον’ (‘Dunon’), an focal Ceiltise ónar tháinig ‘dún’ na Gaeilge.

An ceann tíre ag Droim Meánach


     Fuair Ptolemaeus an t-eolas a bhí aige ó mhairnéalaigh agus ó cheannaithe agus bheifí ag súil go mbeadh ionaid trádála agus láithreacha aonaigh ar a liosta in éineacht leis na suímh ríoga. Más amhlaidh atá, tá seans maith gur thagair ‘᾿Έβλανα’ (‘Eblana’), ‘polis’ a bhí suite ar an gcósta thoir idir an Life agus an Bhóinn, do dhún ceann tíre ag Droim Meánach, áit inar aimsíodh réimse leathan earraí de dhéantús na Róimhe. Ina measc seo bhí boinn airgid a d’eisigh na himpirí Titus (A.D. 74-81), Traianus (A.D. 98-117) agus Hadrianus (A.D. 117-138), mar aon le tinní copair, umha agus práis. Cé nach bhfuil tochailt sheandálaíoch déanta ar an suíomh go fóill, tá sé le tuiscint ón ábhar a aimsíodh cheana gur ionad trádála é a thaithíodh ceannaithe ó impireacht na Róimhe sa dá chéad tar éis Chríost. Níl aon amhras ach go mbeadh éileamh ag Rómhánaigh ar sheithí is ar olann na hÉireann, agus ag Éireannaigh ar fhíon (focal a tháinig ó ‘vinum’ na Laidine) is ar éadaí fíneálta na himpireachta. Ar na hiasachtaí ba luaithe a ghlac an Ghaeilge ón Laidin bhí ‘caille’ agus ‘corcair’, focail a tháinig ó ‘pallium’ agus ó ‘purpura’ faoi seach; baineann na téarmaí seo le héadaí agus glacadh leo sula raibh an litir ‘P’ le fáil sa Ghaeilge. Is iasachtaí luatha iad ‘muidhe’ agus ‘uinge’ freisin, téarmaí a bhaineann leis an miosúireacht agus a tháinig ó ‘modius’ is ó ‘uncia’ faoi seach. Agus is cosúil gur ghlac an Ghaeilge le hiasacht níos tábhachtaí fós ón Laidin: mar atá, an scríbhneoireacht.

     Is í an oghamchraobh an modh scríofa is sine in Éirinn. Cé gur cumadh an aibítir chun freastal ar riachtanais na Gaeilge, bhí sí faoi anáil na Laidine ón tús: fiche ‘fiodh’ nó litir a bhí san oghamchraobh agus bhíodar roinnte i gceithre aicme, mar a rinne gramadóirí na Róimhe i gcás litreacha na Laidine. Tháinig an oghamchraobh chun cinn i dtimpeallacht dhátheangach ina raibh an Ghaeilge is an Laidin in úsáid agus tá sé seo ag teacht leis an tuairim gur lucht trádála a mbíodh plé acu le ceannaithe ón impireacht a thionscain an aibítir. Lena chois sin, tá cosúlacht nach beag idir na hoghaim agus na bataí scóir a bhí in úsáid ag ceannaithe i gcaitheamh na gcianta mar níl sna litreacha éagsúla ach eangaí nó línte comhthreomhara (‘fleasca’ mar a tugadh orthu). Tá sé le tuiscint ón téarmaíocht a bhaineann leis an aibítir gur ar adhmad a ghearrtaí í go hiondúil: tá na téarmaí ‘craobh’, ‘fiodh’ agus ‘fleasc’ luaite cheana, agus bhí ‘beith’, ‘fearn’, ‘sail’, ‘dair’ agus ‘coll’ ar na litreacha a d’fhreagair do ‘B’, ‘F’, ‘S’, ‘D’ agus ‘C’. De réir an chuntais in Auraicept na nÉces, graiméar Gaeilge a scríobhadh sa 7ú céad, ‘is amlaid im-drengar ogum amal im-drengar crann’ (‘is amhlaidh go ndreaptar ogham mar a dhreaptar crann’); is é sin le rá, is ón mbun aníos a léitear ogham. Tá Gaeilge na n-ogham is luaithe gar go leor don chanúint Cheilteach a bhí á labhairt sa Ghaill roimh choncas na Rómhánach agus is féidir gur cumadh an aibítir chomh luath leis an dara céad tar éis Chríost. Go deimhin, tá cuma na hársaíochta ar an oghamchraobh féin: tá ‘Q’ ar fáil inti, mar shampla, ach tá ‘F’ agus ‘P’ in easnamh toisc nach raibh na fuaimeanna seo sa Ghaeilge ag am a cumtha. Mar an gcéanna, bhí trí cinn de na litreacha imithe as feidhm faoin am ar tosaíodh ar chlocha oghaim a ghearradh sa 4ú céad de bhrí gur chaill an Ghaeilge na fuaimeanna a bhain leo idir an dá linn. Dar le saineolaí amháin, is iad ‘Y’, ‘St’ agus ‘Gw’ na fuaimeanna a cailleadh. Tá formhór na clocha oghaim sa Mhumhain, i gcontaetha Chorcaí, Chiarraí agus Phort Láirge go háirithe, ach tá samplaí fánacha ar fud an oileáin. Caithfidh go raibh eolas ar an oghamchraobh scaipthe go fairsing, más ea, agus is dócha go raibh an aibítir in úsáid go forleathan ar earraí adhmaid. Ar an drochuair, dreonn an t-adhmad agus níl ar fáil againn anois ach na hoghaim a gearradh ar chloch. Ba liaga cuimhneacháin iad na clocha oghaim agus, mar a bheifí ag súil leis i gcomhthéacs ómósach mar é, cleachtadh litriú orthu a bhí níos coimeádaí ná teanga labhartha na linne. Ainm pearsanta sa tuiseal ginideach a greanadh ar fhormhór na gcloch mar bhí an focal ‘lia’ intuigthe ag tús na n-inscríbhinní. Tá ‘DALAGNI MAQI DALI’ (nó ‘Dalláin mac Daill’ mar a bheadh air sa tSean-Ghaeilge) le léamh ar chloch ag Móin an tSagairt i gcontae Chorcaí, mar shampla, agus tá ‘CUNAMAQQI AVI CORBBI’ (‘Conmaic uí Chuirb’ sa tSean-Ghaeilge) greanta ar chloch eile ag Baile an tSagairt i gcontae Chiarraí. Luaitear an tuath lenar bhain an té a ainmníodh i gcásanna áirithe: mar shampla, tá an nath ‘MUCCOI DOVVINIAS’ (‘de threibh Dhuibhne’) le léamh ar chlocha oghaim a tógadh i gCorca Dhuibhne.

An oghamchraobh agus cloch oghaim


     Léiríonn na clocha oghaim go raibh caidreamh nár bheag ag Éireannaigh le himpireacht na Róimhe: tá leithéidí ‘AMADU’ (‘Amatus’), ‘MARIANI’ (‘Marianus’), ‘MARIN’ (‘Marinus’), ‘SAGITTARI’ (‘Sagittarius’) agus ‘VITALIN’ (‘Vitalinus’) i measc na n-ainmneacha Laidine a greanadh orthu. Anuas air sin, thángthas ar earraí Rómhánacha in uaigheanna a thugann le fios go raibh dlúthbhaint ag na mairbh leis an impireacht. Fuarthas boinn chopair ó réimis na n-impirí Traianus (A.D. 98-117) agus Hadrianus (A.D. 117-138) in uaigheanna i mBré, contae Chill Mhantáin, agus ba nós ag na Rómhánaigh é suim bheag airgid a adhlacadh leis na mairbh sa chaoi go mbeidís in ann táille Charon, an bádóir a bhéarfadh a n-anam trasna na habhann go Hades, a íoc. Mar an gcéanna, fuarthas réimse earraí Rómhánacha ón dara céad i reilig ar Reachrainn, amuigh ó chósta Fhine Gall. Go deimhin, níl sé as an áireamh go ndeachaigh nósanna adhlactha na Rómhánach i gcion ar na Gaeil: cé nár cleachtadh ach an créamadh in Éirinn ón gcré-umhaois i leith, d’éirigh an t-adhlacadh coitianta arís sa chéad tar éis Chríost. Chuirtí coirp a bhí cromtha ina luí ar a dtaobh i dtús ama, ach ba ghnáth na mairbh a shíneadh ar a ndroim ón 4ú céad amach. Is de réir a chéile a chuaigh nós seanbhunaithe an chréamtha i léig ach, is léir go raibh Éireannaigh áirithe ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na nósanna adhlactha a bhí i réim i gcúige Rómhánach na Breataine. Is féidir go raibh baint ag creideamh nua leis an athrú a tharla, óir bhí pobal daingean Críostaí sa Bhreatain faoi thús an 4ú céad: nuair a ghair Constantinus (A.D. 306-337), an chéad impire Críostaí, comhairle eaglasta ag Arles sa bhliain 314, bhí easpaig i láthair ó eaglais na Breataine.

     Faoin am sin, bhí cósta thiar na Breataine á ionsaí ag creachairí Éireannacha. Timpeall na bliana A.D. 260, thóg na Rómhánaigh dún ag Caerdydd chun inbhir na Sabhrainne a chosaint; is cosúil gur sa 3ú céad freisin a tógadh dhá dhún eile den saghas céanna ar an gcósta thiar, ag Caergybi agus ag Lancaster. Earraí luachmhara agus sclábhaithe a bhí á lorg ag na hÉireannaigh, ní foláir, agus chuaigh na ruathair i ndéine sa 4ú céad. Thagair Latinius Pacatus Drepanius, údar Gallach, don bhua a rug Theodosius Flavius sa bhliain A.D. 367 ar Shacsanaigh agus ar Ghaeil a bhí ag ionsaí cóstaí thoir agus thiar na Breataine faoi seach. Ar an gcuma chéanna, d’áirigh Ammianus Marcellinus, staraí, na Gaeil i measc na gciníocha barbartha a bhí ag buaireamh teorainneacha na himpireachta i gcuntas a scríobh sé timpeall na bliana A.D. 392:
Gallias Raetiasque simul Alamanni populabantur ... Picti Saxonesque et Scotti, et Attacotti Britannos aerumnis vexavere continuis.

(A fhad is bhí na hAlamanni ag bánú na Gaille agus Raetia ... bhí Cruithnigh, Sacsanaigh, Gaeil agus Attacotti ag buaireamh na mBreatnach le himreas gan stad.) 
Ba mhinic an t-ainm nua Scotti ag údair Laidine agus iad ag tagairt do na Gaeil ón 4ú céad amach, ach cérbh iad na Attacotti a luadh ina dteannta? Bunaíodh coilíneachtaí Éireannacha in dhá áit sa Bhreatain ag deireadh an 4ú céad nó ag tús an 5ú céad: lonnaigh na Laighin in Gwynedd i dtuaisceart na Breataine Bige, mar a bhfuil leithinis Llŷn ainmnithe astu, agus d’aistrigh roinnt de na Déise ó oirdheisceart na Mumhan go Dyfed, i ndeisceart na Breataine Bige. Aitheach-thuath ba ea na Déise – is sin le rá, ba threibh iad a d’íocadh cíos le ríocht a bhí níos cumhachtaí ná iad féin. Go deimhin, tá an méid sin le tuiscint óna n-ainm: is ionann ‘déis’ agus ‘aitheach’. Síleann údair áirithe gur leagan truaillithe den téarma ‘aitheach-thuatha’ é Attacotti. Má tá bunús leis an tuairim sin, luíodh sé le réasún gurbh iad na Laighin na Scotti ar thagair Ammianus dóibh sa sliocht thuas. Ruaigeadh na Laighin as Gwynedd tar éis glúine nó dhó, ach bhunaigh na Déise ríocht in Dyfed a mhair go ceann i bhfad agus a comhshamhlaíodh leis an bpobal dúchasach de réir a chéile. D’fhág an dá dhream lorg ar thírdhreach na Breataine Bige, mar thóg coilínigh as Éirinn daichead cloch oghaim sa tír. Is suntasach an ní é go bhfuil inscríbhinní dátheangacha ar an mórchuid acu: cé gur úsáideadh an oghamchraobh don téacs Gaeilge, is í aibítir na Laidine a úsáideadh don téacs Laidine.

     Ach má bhí Gaeil áirithe ag éirí cleachtach ar theanga na himpireachta, bhí an impireacht féin ar tí titim as a chéile: tarraingíodh arm na Róimhe siar ón mBreatain sa bhliain A.D. 407 chun an Ghaill a chosaint i gcoinne na nGearmánach. Bhí deireadh ré ann ar fud iarthar na hEorpa agus níor thaise d’Éirinn é. Chinntigh teacht na Críostaíochta, creideamh ina bhfuil áit lárnach ag an scrioptúr, go mbeadh taithí ag cléir an chreidimh nua ar théacsaí fada lámhscríofa. Bhí deireadh ré ann, ach bhí tús ré ann chomh maith: b’ionann peann a chur le pár agus tús a chur le ré na staire.

07/10/2018

An iarannaois

Iarann tar éis a bhruithnithe
Cé go bhfuil an t-iarann ar cheann de na dúile is flúirsí ar domhan, tá an miotal dúchasach fíorghann toisc go ndéantar meirg de go tapa i láthair uisce agus aeir. Baineann deacrachtaí ar leith lena bhruithniú: teastaíonn teocht chomh hard le 1200 °C chun an miotal a bhaint as an mian agus caithfear sruth aeir a shéideadh tríd an bhfoirnéis i rith an ama. Ach tá sé tábhachtach gan an t‑iarann a théamh an iomarca: má leánn an miotal, meascfaidh sé leis an bhfioghual a dhóitear mar bhreosla agus ní bheidh fágtha ag deireadh an phróisis ach meall cruach a bheidh domhúnlaithe. Ina ionad sin, caithfear an t-iarann neamhleáite a thagann ón bhfoirnéis a ghoradh agus a lascadh le hord arís agus arís eile chun é a íonú agus a dhlúthú. Próiseas casta is ea é agus ní raibh na huirlisí iarainn ba luaithe puinn níos fearr ná na huirlisí cré-umha a bhí ann rompu. Ach tháinig feabhas ar an ngaibhneacht de réir a chéile. Ón uair a tuigeadh conas béal cruach a chur ar lann agus conas uirlisí iarainn a fhaghairt, bhíothas in ann táirgí a bhí níos géire agus níos crua a dhéanamh ar chostas a bhí níos ísle. Bhí uirlisí iarainn á ngaibhniú ag na Hitigh san Anatóil chomh luath leis an 14ú céad R.Ch. agus bhí an teicneolaíocht á cleachtadh sa Ghréig faoin mbliain 900 R.Ch. Timpeall lár an 8ú céad R.Ch. tháinig cultúr nua chun cinn lastuaidh de shléibhte na nAlp a bhain barr feabhais amach i saothrú an iarainn. ‘Cultúr Hallstatt’ a thugtar ar an gcultúr seo agus ainmníodh é as  baile beag san Ostair mar ar aimsigh seandálaithe cnuasach mór déantúsán ó thús na hiarannaoise a adhlacadh i dteannta na marbh. Meastar gurbh í an Cheiltis an teanga a bhí ag muintir Hallstatt agus tá fianaise theangeolaíoch ann a thacaíonn leis an tuairim go raibh cur amach ag lucht labhartha na Ceiltise ar an iarann: ní hamháin gur tháinig ‘iarann’ na Gaeilge agus haearn na Breatnaise ó *isarno- na Ceiltise, ach tháinig an téarma Ceiltise isteach sa Ghearmándais mar iasacht, rud a thug iron an Bhéarla agus Eisen na Gearmáinise dúinn.

Iodh óir ón iarannaois
     Ba dheacair do mhiotalóirí a bhí cleachtach ar an gcré-umha iompú ar an iarann toisc go raibh na scileanna a bhain le saothrú an dá mhiotal chomh héagsúil sin. Is dóichí ná a mhalairt gur tháinig na chéad mhiotalóirí iarainn go hÉirinn ón mBreatain nó go díreach ó mhórthír na hEorpa; feicfear thíos go bhfuil fianaise ann go raibh pobail ag gluaiseacht anonn agus an anall idir na hoileáin agus an mhór-roinn san iarannaois. Tá gach cosúlacht air go raibh iarann á bhruithniú in Éirinn chomh luath leis an 7ú céad R.Ch. Go deimhin, tugann an dátú radacarbóin le tuiscint go raibh bruithniú iarainn ar siúl céad bliain roimhe sin ag an Rosán, i gcontae na Mí, agus ag Baile Daithí, i gcontae Laoise, ach meastar go dtagraíonn torthaí na dtástálacha úd, ní d’aois na bhfoirnéisí, ach d’aois na gcrann a úsáideadh chun fioghual a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, is cinnte go bhfuil samplaí den bhruithniú iarainn tearc go leor roimh an 4ú céad R.Ch. D’éirigh foirnéisí iarainn níos coitianta ina dhiaidh sin, áfach, ach thit a líon siar arís sna ceithre chéad tar éis Chríost. Is féidir go raibh sé níos áisiúla d’Éireannaigh iarann a allmhairiú ón mBreatain, nuair a bhí na Rómhánaigh i gceannas ansiúd, ná a dhéanamh sa bhaile. Níl aon fhianaise go raibh mianaigh iarainn ag feidhmiú in Éirinn i rith na hiarannaoise ach oiread: dealraíonn sé  go raibh miotalóirí na linne taobh le cac iarainn – mian a bhailíonn faoi bhun na móna i bportaigh go minic.Thángthas ar chaoga sluasaid sa phortach ag Cluain na Slí, contae Laoise, i lár an 19ú céad; bhí sraitheanna iarainn agus móna tar éis fás os cionn na sluaistí agus áiríodh gur úsáideadh iad tuairim is dhá mhíle bliain ní ba luaithe chun cac iarainn a thochailt.

     Má tá an fhianaise go raibh iarann á shaothrú i dtosach na hiarannaoise scáinte go leor, níl déantúsáin iarainn ón tréimhse flúirseach ach oiread. Cé gur aimsíodh tuairim is caoga claíomh in Éirinn a bhfuil stíl chultúr Hallstatt le brath orthu, tá a bhformhór déanta as cré-umha. Mar sin féin, ní foláir a aithint go gcreimeann an t‑iarann go tapa agus gur buaine an cré-umha in aeráid na hÉireann: tá sála sleá ón iarannaois i bhfad níos coitianta ná reanna sleá ón aois cheanna, mar shampla, toisc go raibh na sála á múnlú as cré-umha a fhad is a bhí na reanna á ngaibhniú as iarann. Ina theannta sin, caitheadh cuid mhór de na hearraí miotail a tháinig anuas chugainn ón réamhstair isteach in aibhneacha nó i locha mar thabhartais do na déithe; níl ach caolseans go dtiocfaidh earra iarainn slán i gcás den sórt. D’fhéadfadh sé gur baineadh úsáid níos fairsinge as an iarann ná mar a thugann na hiarsmaí seandálaíocha le tuiscint, ach is cinnte go raibh an dá mhiotal in úsáid taobh le taobh ar feadh i bhfad. Más é an cré-umha a roghnaíodh le haghaidh earraí maisithe (airm, úmacha capaill, fáiscíní éadaigh agus a leithéidí), aithníodh bua an iarainn i gcomhair uirlisí oibre. Tá tuanna i measc na n-earraí iarainn is luaithe dár aimsíodh in Éirinn, agus léiríonn rianta a fágadh ar adhmad gearrtha go raibh tuanna iarainn in úsáid chomh luath leis an mbliain 630 R.Ch. ag Doire Bhile i gcontae Thiobraid Árann. Nuair a tháinig stíl nua miotalóireachta chun cinn ar an mór-roinn faoi lár an 5ú céad R.Ch. rinneadh aithris uirthi in Éirinn, sa tuaisceart go háirithe. Bhain an stíl seo le cultúr La Tène, cultúr a tháinig i gcomharbas ar chultúr Hallstatt agus a ainmníodh as ionad seandálaíochta atá suite ar bhruach Loch Neuchâtel san Eilvéis. Maisíodh déantúsáin an chultúir le ciútaí cuartha casta a bhí bunaithe ar dhuilliúr nó ar chruthanna teibí; nuair a luaitear an ealaín ‘Cheilteach’ anois, is í an stíl shainiúil ar chuir cultúr La Tène tús léi a bhíonn i gceist.

Cloch an Tuair Rua, contae na Gaillimhe, a maisíodh i stíl La Tène
     Ar ndóigh, is téarma teangeolaíoch é ‘Ceilteach’ agus níor chóir é a úsáid i gcomhthéacs ar bith eile. Mar a míníodh thuas, tógadh canúint Ind-Eorpaise go hÉirinn ag tús na cré-umhaoise. Is dóichí ná a mhalairt go raibh teanga amháin, an Chomh-Cheiltis, fós á labhairt in Éirinn, sa Bhreatain agus sa Ghaill ag tús na hiarannaoise. Bhí urlabhra an phobail ag athrú i rith an ama, áfach, agus bheadh teanga ar leith ag bunadh an oileáin seo roimh dheireadh na réamhstaire. Ar an drochuair, cé go bhfuil na céimeanna is suntasaí sa phróiseas trínar scar an Ghaeilge leis an gComh-Cheiltis soiléir go leor, ní féidir dátaí cruinne a lua leis na céimeanna éagsúla. Dhealaigh an ‘chéad séimhiú’ canúintí na hÉireann agus na Breataine (an ‘Cheiltis Inseach’ mar a thugann teangeolaithe áirithe orthu) ó chanúintí Ceilteacha na mór-roinne luath go leor san iarannaois, de réir dealraimh. D’fhág an t-athrú seo gur séimhíodh na consain ‘S’, ‘B’, ‘D’, ‘G’ agus ‘M’ idir dhá ghuta, nó i ndiaidh guta ag deireadh focail. Mar shampla, athraíodh *sinda bena mara (‘an bhean mhór’ sa Chomh-Cheiltis) go dtí *inda ḃena ṁara sa Cheiltis Inseach. Ar an láimh eile, níor séimhíodh consan tosaigh na haidiachta nuair a d’athraigh *sindos wiros maros (‘an fear mór’) go dtí *indos wiros maros toisc gur chríochnaigh an t-ainmfhocal le consan. Séimhíodh ‘T’ agus ‘C’ níos faide anonn ach bhí an ‘dara séimhiú’ seo teoranta d’Éirinn amháin agus níor tharla sé sa Bhreatain. Dealaíodh teangacha an dá oileán ó chéile arís nuair a d’athraigh ‘Q’ go ‘P’ sa Bhreatain, athrú nár tharla sa Ghaeilge: *qenqe a bhí ar ‘cúig’ sa Chomh-Cheiltis, mar shampla, ach deirtear pump agus pemp sa Bhreatnais agus sa Bhriotáinis faoi seach. Mar an gcéanna, cuireadh ‘H’ in ionad ‘S’ ag deireadh focail in Éirinn: *indah wirah marah a bhí ar ‘an fear mór’ sa Ghaeilge réamhstairiúil. Fuair an Ghaeilge ceann dá saintréithe mar theanga sa tréimhse chéanna nuair a rinneadh caolú ar chonsain idir gutaí caola, nó idir guta ar bith agus ‘I’. In ainneoin na n‑athruithe go léir a tháinig ar na teangacha Ceilteacha, bhí an gaol eatarthu fós follasach i dtreo dheireadh na réamhstaire; tá seans maith go dtuigfeadh Gallach, Briotanach agus Éireannach a chéile sna céadta sular tháinig an Ghaill agus an chuid ba mhó den Bhreatain faoi smacht na Róimhe.

Cuach cré-umha ón iarannaois
     Mar a míníodh thuas, tháinig laghdú suntasach ar líon na láithreacha seandálaíochta i dtosach na hiarannaoise. Glactar leis gur thit an daonra siar agus gur tháinig cúlú ar an gcuraíocht nuair a chuaigh an aimsir i ndonacht ó lár an 8ú céad R.Ch. amach. Ach fós féin, tá na comharthaí leanúnachais líonmhar go leor. Leanadh leis an nós a bhí ann sa chré-umhaois na mairbh a chréamadh, mar shampla, rud a fhágann go bhfuil earraí uaighe gann agus taisí daonna in easnamh. Mar an gcéanna, b’ionann stíl na dtithe san iarannaois agus san aois a chuaigh roimhe, cé nach rabhadar chomh flúirseach agus a bhídís: tithe ciorclacha a tógadh, a bhí suas le deich méadar ó thaobh go taobh, agus a raibh na ballaí iontu déanta as cláir adhmaid nó as cuaillí agus cliatha. Úsáideadh an dá shaghas balla taobh le taobh i struchtúr as an ngnáth ón 3ú céad R.Ch. a aimsíodh ag Cnoc Comáin, contae Luimnigh: bhí foirnéis i lár baill agus dhealródh sé gur cheardlann miotalóireachta é a tógadh d’aon ghnó chun iarann a bhruithniú. Aimsíodh suíomh eile ón tréimhse chéanna ag an Lios Leacach, contae Mhuigh Eo, áit a raibh trí theach agus foirnéis iarainn suite laistigh de dhíog chiorclach cé nár ghnáth áitribh a imfhálú ag an am. Ar an láimh eile, is cosúil gur éirigh muintir na hÉireann as an gcriadóireacht ar fad san iarranaois. Bhí bairillí déanta as cláir adhmaid le fáil chun bia a stóráil agus ba dheacra iad a bhriseadh ná soithí criaga. Is cinnte go raibh cupáin agus miasa déanta as adhmad le fáil go forleathan, ach bheadh corcáin mhiotail ag teastáil le haghaidh cócaireachta in éagmais earraí cré. Ós rud é gur beag corcán cré-umha a tháinig anuas chugainn, tá sé le tuiscint go raibh corcáin iarainn in úsáid go coitianta.

‘Bró choirceoige’ – leagan luath den bhró rothlach
     Léiríonn an taifead pailine gur leath na coillearnaí ag tosach na hiarannaoise. Thosaigh an aeráid ag dul i bhfeabhas sa 4ú céad R.Ch., áfach, agus tháinig borradh faoin gcuraíocht in athuair. Bhí forbairtí teicniúla ag cur le táirgiúlacht na talmhaíochta i rith an ama: bhí corráin iarainn níos éifeachtaí ná cinn a bhí déanta as breochloch nó as cré-umha; bhí sé níos fusa arbhar a mheilt leis an mbró rothlach ná leis an mbró diallaite a bhí in úsáid ón nua-chlochaois i leith; agus bhíothas in ann an chré ba throime a threabhadh nuair a tháinig an céachta coltair isteach. Ina theannta sin, bhí an choirce, speiceas atá níos oiriúnaí d’aeráid na hÉireann ná saghsanna eile arbhair, á saothrú san iarannaois agus níl aon fhianaise go gcuirtí é roimhe sin. Ach thit an táirgiúlacht arís agus tháinig leathadh eile ar na coillearnaí sna trí chéad bliain tar éis Chríost, tréimhse a dtugann seandálaithe ‘sos na hiarannaoise déanaí’ uirthi. Thiocfadh dó go raibh baint ag cúrsaí aeráide leis an gcúlú mar d’éirigh an aimsir níos taise arís eile, ach tá gach cosúlacht ann gur thréimhse shuaite í ó thaobh na polaitíochta de freisin.

Teamhair
     Más fíor gur cheanncheathrúna na dtuath iad na dúnta cnoic a bhí flúirseach ar fud na hÉireann sa chré-umhaois dhéanach, d’fhéadfadh sé gur tháinig laghdú ar thábhacht na dtuath go luath san iarannaois mar bhain formhór na ndúnta cnoic leis an tréimhse idir 1400 agus 800 R.Ch. Nuair a tosaíodh ar ionaid shiombalacha a imfhálú arís sa 4ú céad R.Ch., ba mhó a scála ach ba lú go mór a líon. Cé nár tógadh ach dornán láithreacha imfhálaithe le linn na hiarannaoise, is léir ó thoirt agus ó chastacht na suíomh gur bhain tábhacht thar na bearta leo. Níl ach ceithre láthair i gceist: Teamhair, contae na Mí; Ráth Cruachan, contae Ros Comáin; Eamhain Mhacha, contae Ard Mhacha; agus Dún Ailinne, contae Chill Dara. Is leor ainmneacha na suíomh seo a lua chun finscéalaíocht na Gaeilge a thabhairt chun cuimhne. Glaoitear ‘láithreacha ríoga’ orthu go minic toisc go léirítear iad sa litríocht mar bhunáiteanna ríthe na gcúigí: tugadh ‘ard-chathir Cormaic meic Airt’ ar Theamhair sa Dindshenchas, mar shampla, agus tá Ráth Cruachan, Eamhain Mhacha agus Dún Ailinne luaite sa díolaim chéanna le Medb, banríon Chonnacht, le Conchobar mac Nessa, rí Uladh, agus le Cathair Már, rí Laighean, faoi seach. Thaispeáin an dátú radacarbóin gur sa 4ú céad R.Ch. a tógadh trí cinn de na láithreacha ríoga – Teamhair, Eamhain Mhacha agus Ráth Cruachain – ach gur timpeall na bliana 160 R.Ch. a tógadh Dún Ailinne. Cé gur tréigeadh Eamhain Mhacha timpeall na bliana A.D. 100, bhí Ráth Cruachan, Teamhair agus Dún Ailinne in úsáid go dtí an 4ú céad, an 5ú céad agus an 6ú céad faoi seach.  D’áitigh Eoin Mac Néill, scoláire a chuir bonn daingean faoi luathstair na hÉireann don chéad uair, gurb é an fhíric chinnte is sine i stair pholaitiúil na hÉireann go raibh an t-oileán roinnte i gcúig ríocht i bhfad siar. Más ea, caithfear a admháil nach féidir láthair ríoga ar aon dul leis na ceithre cinn eile a aithint i gcás na Mumhan, ach bhí an Mhumhain scartha amach ó na cúigí eile ar bhealaí éagsúla: níl déantúsáin i stíl La Tène coitianta sa deisceart, mar shampla, agus níl aon fhianaise gur bhain an ‘bhró choirceoige’ – an leagan ba luaithe den bhró rothlach – an cúige amach riamh. Maidir leis na láithreacha ríoga, tugann fianaise na seandálaíochta le fios nár úsáideadh iad mar dhúnta cosanta – bíonn díoga suite laistigh de mhúrtha na láithreacha go hiondúil, rud a chuirfeadh an lucht cosanta faoi mhíbhuntáiste i gcás ionsaithe. Níor dhaingin mhíleata iad, mar sin, ach ionaid chruinnithe a dtagadh maithe na gcúigí le chéile iontu ar ócáidí ar leith chun freastal ar shearmanais pholaitiúla nó reiligiúnacha. Thairis sin, ba léiriú éifeachtach í an láthair ríoga ar ghustal na sochaí agus ar chumhacht na n-údarás a stiúir an obair thógála. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi na créfoirt líneacha a tógadh anseo is ansiúd agus atá fós le feiceáil: Claí na Muice Duibhe a tógadh ar theorainn theas chúige Uladh, mar shampla, nó an Claí Dubh a tógadh ar an teorainn idir Iarmhumhain agus Oirmhumhain. Thar aon ní eile, tugann na créfoirt líneacha léargas as an ngnáth dúinn ar an teannas a bhain le cúrsaí polaitíochta nuair a bhí an réamhstair ag druidim chun deiridh.

19/09/2018

Saol Corrach

D'iarr Aindrais Ó Cathasaigh orm bhur n-aird a tharraingt ar ócáid shuimiúil a bheidh ar siúl ar an Domhnach, an 7 Deireadh Fómhair 2018, mar chuid d'Fhéile Staire Bhaile Átha Cliath. Tá na sonraí go léir le léamh ar an mbileog thíos.



18/08/2018

An chré-umhaois

Is iad an t-ór, an t-airgead agus an copar na miotail ba thúisce ar baineadh úsáid astu, ní nach ionadh ós rud é go bhfuil na miotail dhúchasacha le fáil sa nádúr. Lena chois sin, leánn an copar ag 1084 °C, teocht atá insroichte i dtine adhmaid, agus leánn an dá mhiotal eile ag teochtaí atá níos ísle fós. Is eol dúinn go raibh mianta copair á mbruithniú agus earraí copair á dteilgean sa Mheánoirthear faoin mbliain 5000 R.Ch. Leath ceard na miotalóireachta go dtí na Balcáin agus bhí mianadóireacht copair ar siúl chomh fada siar leis an Iodáil faoin mbliain 3300 R.Ch. Scaip an mhiotalóireacht ó thuaidh, leis, agus tháinig an teicneolaíocht nua chomh fada leis an steip – an machaire fairsing féir a shíneann ó chósta thuaidh na Mara Duibhe go Muir Chaisp. Tá an t-ór agus an t-airgead róbhog chun uirlisí fónta a dhéanamh astu. Ní hamhlaidh don chopar é, áfach, agus bhí lanna copair, mar aon le seodra óir is airgid, in úsáid ag cultúr úr a tháinig chun cinn ar an steip c. 3400 R.Ch. Bhaist seandálaithe na Rúise ‘an cultúr Yamnaya’ (Ямная культура) ar an bpobal seo toisc go gcuiridís na mairbh ina n-aonar i bpoill adhlactha: is aidiacht é ‘yamnaya’ a chiallaíonn ‘pollach’ sa Rúisis.

Dúiche an chultúir Yamnaya agus a thuras siar.
     Bhí muintir na steipe ag brath ar an tréadaíocht agus d'aistrídís go minic ó thalamh féarach go talamh féarach lena gcuid beithíoch. Bhí baill an chultúir Yamnaya in inmhe chuig an saol fáin mar bhain sóchán géiniteach dóibh a chuir ar a gcumas an lachtós i mbainne milis a dhíleá agus chinntigh sé seo go mbeadh soláthar bia acu agus iad ag taisteal. Ina theannta sin, bhí an capall ceansaithe acu mar bheithíoch marcaíochta agus bhí feithiclí rotha in úsáid acu. D’fhág na forbairtí fuaimintiúla seo – an capall agus an roth i dteannta a chéile – go raibh treibheanna iomlána in ann gluaiseacht níos faide agus ar luas níos tapúla ná riamh cheana. B’shin a tharla: scaip an cultúr Yamnaya siar agus soir, rud a d’athraigh cultúr na hEorpa agus na hIndia ó bhonn. Is ón teanga a labhair muintir na steipe cúig mhíle bliain ó shin a shíolraigh na teangacha Ind-Eorpacha atá á labhairt inniu ag níos mó ná trí mhíle milliún duine ar fud na cruinne. Cé nár theanga scríofa í an Ind-Eorpais riamh, is féidir cuid mhaith d’fhoclóir na teanga a athchruthú trí fhoclóirí na dteangacha éagsúla a shíolraigh uaithi a chur i gcomórtas le chéile. Mar shampla, áirítear gur tháinig ‘olla’ na Gaeilge, ‘lana’ na Laidine agus ‘wool’ an Bhéarla ó *wolna na hInd-Eorpaise, agus gur tháinig ‘líon’ na Gaeilge, ‘linum’ na Laidine agus ‘linen’ an Bhéarla ó *leinom. Mar an gcéanna, thug *ekwos na hInd-Eorpaise ‘each’ na Gaeilge agus ‘equus’ na Laidine dúinn;  tháinig ‘roth’ na Gaeilge agus ‘rota’ na Laidine ó *rotos na hInd-Eorpaise; agus shíolraigh ‘ais’ na Gaeilge, ‘axis’ na Laidine agus ‘axle’ an Bhéarla ón téarma Ind-Eorpach *aksis.

     Ghluais lucht labhartha na hInd-Eorpaise suas gleann na Danóibe chomh fada le machaire na hUngáire sa tréimhse idir 3100 agus 2800 R.Ch. Léiríonn líon mór na n-uaigheanna i stíl shainiúil an chultúir Yamnaya atá aimsithe ag seandálaithe go ndearna na sluaite an t-aistear ón steip siar go ceartlár na hEorpa. Mar a bheifí ag súil leis, tharla crosphórú idir na hinimircigh nua agus na pobail dhúchasacha a fuaireadar rompu. Le blianta beaga anuas, thaispeáin tástálacha géiniteacha a rinneadh ar thaisí daonna ó thús na coparaoise gur tháinig athrú tobann ar ghéanóm na nEorpach agus gurbh í an inimirce ón steip ba chúis leis. Nuair a rinneadh tástáil ar DNA an Y-chrómasóim (an crómasóm fireann a thagann anuas ó athair go mac) fuarthas amach go raibh haplaghrúpa R1b coitianta i measc fhir an chultúir Yamnaya. Ní raibh haplaghrúpa R1b le fáil i measc Eorpaigh na nua-chlochaoise in aon chor, ach ba é an haplaghrúpa ba choitianta é in iarthar na hEorpa (lasmuigh de leithinis na hIbéire) ó thús na coparaoise amach. Timpeall na bliana 2600 R.Ch., tháinig na hinimircigh ón steip chomh fada le híochtar na Réine mar ar ghlacadar le soitheach de shaghas nua: soitheach cré ba ea é a raibh an cruth céanna air agus a bheadh ar chlog a iompaíodh bun os cionn. Is ar chósta thiar na hIbéire a thosaigh an nós seo, de réir cosúlachta, ach leath na soithí clogchruthacha ar fud iarthar na hEorpa ar luas. Má tá bunús leis an teoiric gur scaipeadar in éineacht le hól na beorach, b’éasca an tóir a bhí orthu a thuiscint. Bíodh sin mar atá, thóg sliocht na steipe an mhiotalóireacht agus na soithí clogchruthacha leo nuair a bhaineadar an Bhreatain amach thart ar 2450 R.Ch. Léirigh staidéar géiniteach a rinneadh ar thaisí daonna ón gcré-umhaois a fuarthas ansiúd gur bhain níos mó ná 90 % acu le haplaghrúpa R1b. Ach má d’imigh pobail na nua-chlochaoise i léig gan mhoill sa Bhreatain, is cosúil go raibh an t-athrú a tharla in Éirinn níos réidhe.

Mianach copair Oileán an Rois.
     Is eol dúinn go raibh mianadóireacht copair faoi lánseol ag Oileán an Rois, ar bhruach Loch Léin i gCiarraí, faoin mbliain 2400 R.Ch. Is díol suime é go bhfuarthas soithí clogchruthacha i gcampa na mianadóirí agus go raibh a modhanna oibre in úsáid sa Bhriotáin cheana féin; is dóichí ná a mhalairt gur thángadar ó mhórthír na hEorpa ar thóir copair. Bruithníodh an mhian ar an láthair agus seoladh an miotal i bhfad agus i ngearr: chruthaigh tástálacha ceimiceacha gur úsáideadh copar ó Oileán an Rois chun uirlisí a dhéanamh, ní ar fud na hÉireann amháin, ach sa Bhreatain, sa Bhriotáin agus san Ísiltír chomh maith. Bhí an copar flúirseach in Éirinn agus níl sé deacair teacht air mar tá mianta an mhiotail daite agus so-aitheanta: aimsíodh fosuithe eile copair ag Cnoc Osta in iarthar Chorcaí, ag Bun Machan i gcontae Phort Láirge, agus ag Abhóca i gcontae Chill Mhantáin. Rinne an mhiotalóireacht dul chun cinn suntasach nuair a tuigeadh go bhféadfaí uirlisí níos crua agus níos marthanaí a dhéanamh ach naoi bpáirt copair a mheascadh le páirt amháin stáin: ‘cré-umha’ a thugtar ar an gcóimhiotal seo. Cé go raibh stán gann in Éirinn, níor dheacair do mhiotalóirí na linne teacht air mar bhí an fosú ba thábhachtaí san Eoraip suite i gCorn na Breataine. Faoin mbliain 2000 R.Ch. bhí uirlisí cré-umha á dteilgean ag ceardaithe na hÉireann. Ar na hearraí miotail ba choitianta sa choparaois agus i dtús na cré-umhaoise bhí tuanna a teilgeadh i múnlaí oscailte a gearradh as píosa amháin cloiche.  Bhí an t-ór le fáil mar mhiotal dúchasach in Éirinn, go háirithe i Sliabh Speirín agus i sléibhte Chill Mhantáin, agus tá réimse leathan de sheoda óir tagtha anuas chugainn ón gcré-umhaois: ina measc seo tá dioscaí maisithe, luanlaí, fáiscíní éadaigh, toirc, iodha agus dualfháinní. Cé gur bhain miotalóirí na hÉireann ardchaighdeán ceardaíochta amach go luath, bhí earraí miotail tearc go leor ar feadh i bhfad: comharthaí stádais ba ea iad, agus d’fhan an choitiantacht taobh leis na huirlisí cloiche a bhí in úsáid ag deireadh na nua-chlochaoise.

Tuama dingeach ón gcré-umhaois luath.
     Mar an gcéanna, leanadh leis an traidisiún a bhí ann na mairbh a chréamadh agus a chur i dtuamaí meigiliteacha ag tús na cré-umhaoise. Tá níos mó na cúig chéad tuamaí ann a tógadh sa tréimhse idir 2500 agus 1300 R.Ch., a bhformhór acu suite laistiar de líne ó Dhoire go Corcaigh. ‘Tuamaí dingeacha’ a thugtar ar na tuamaí seo toisc go mbíonn cruth dinge ar na seomraí adhlactha: bíonn siad ard agus leathan chun tosaigh ach íseal agus cúng sa chúl. Luíonn leaca an dín go díreach ar chlocha ingearacha na mballaí agus bíonn leac ingearach ag béal an tuama lena dhúnadh. Bíonn an tuama ar fad folaithe faoi charn cloch ar uairibh, ach is minic a bhíonn aghaidh an tuama fágtha gan chlúdach. Níl tuamaí den déanamh seo le fáil áit ar bith lasmuigh d’Éirinn agus is cosúil gur fhorbairt áitiúil iad ar thuamaí meigiliteacha na nua-chlochaoise. Ach má tá na tuamaí dingeacha líonmhar san iarthar, thosaigh nós nua adhlactha ag dul i dtreis ar fud an oileáin tar éis 2200 R.Ch.: adhlacadh na mairbh ina n-aonar, i poill mar a dhéanadh muintir na steipe, nó i mboscaí cloiche a dtugtar ‘cistí’ orthu. Tá sé le tuiscint ón éagsúlacht seo go raibh ciníocha éagsúla ag cur fúthu in Éirinn sa chré-umhaois luath. Réitíonn an tuairim seo le fianaise na géineolaíochta: nuair a rinneadh anailís ghéiniteach ar thaisí triúr fear a adhlacadh i gcistí ar Reachlainn, amach ó chósta Aontroma, ag uaireanta éagsúla idir 2000 agus 1500 R.Ch., fuarthas amach gur bhaineadar go léir le haplaghrúpa R1b. Ach in ainneoin sin, thaispeáin géanóim an triúir go raibh sinsearacht mheasctha acu: áiríodh gur bhain 39 % dá sinsir leis an gcultúr Yamnaya, 35 % le feirmeoirí na nua-chlochaoise, agus 26 % le sealgairí na meán-chlochaoise. Thairis sin, léirigh an tástáil ghéiniteach go raibh an té ba luaithe den triúr in ann bainne milis a ól. Más ón mBriotáin a tháinig sliocht an chultúir Yamnaya go hÉirinn ar dtús, níl aon amhras ach gur thángadar ón mBreatain ina dhiaidh sin. Adhlacadh an triúr as Reachlainn in éineacht le ‘soithí bia’, cineál soithigh a tháinig chun cinn in Éirinn agus a bhfuil gaol aige leis na soithí clogchruthacha a bhí coitianta ar fud na hEorpa. Ach tá soithí bia den saghas céanna le fáil in iardheisceart na hAlban chomh maith, rud a chruthaíonn go raibh caidreamh rialta idir daoine ar an dá thaobh de Shruth na Maoile i dtosach na cré-umhaoise. Tháinig stíleanna eile criadóireachta isteach ón mBreatain ar ball: bhí an ‘síothal muinceach’, soitheach cré a bhí coitianta ar fud na Breataine, in úsáid ar chósta thoir na hÉireann faoin mbliain 1900 R.Ch., mar shampla, agus tháinig an ‘síothal iomaireach’, stíl eile soithigh a bhí coitianta in Albain, go hÉirinn roimh 1700 R.Ch. agus leath sé ar fud an oileáin. Is dóichí ná a mhalairt gur thóg treibheanna nua na hearraí seo leo nuair a bhogadar go hÉirinn agus go raibh sruthanna imirceach ag teacht agus ag imeacht idir an dá oileán i rith na cré-umhaoise. Bheifí ag súil go mbeadh an chuid ba mhó den trácht i dtreo na hÉireann, áfach, ós rud é go bhfuil an Bhreatain níos mó ná Éire agus níos gaire do mhórthír na hEorpa.

     Caithfidh go raibh teanga Ind-Eorpach á labhairt in Éirinn agus sa Bhreatain ón uair a chuir inimircigh de bhunadh na steipe fúthu sna hoileáin. Canúint iartharach den Ind-Eorpais a bhí acu nuair a thángadar, ach d’fhás teanga nua ón gcanúint sin roimh dheireadh na cré-umhaoise: mar atá, an Cheiltis. Ní fios cathain a chuaigh na teangacha dúchasacha i léig, ach is dóichí ná a mhalairt gur phróiseas mall é an t-athrú teanga in Éirinn i bhfianaise an leanúnachais chultúir a luadh cheana. Ní foláir nó go raibh tionchar ag an athrú teanga ar fhorbairt na Ceiltise. Simplíodh córas fuaimnithe na hInd-Eorpaise, rud a tharlaíonn go minic nuair a bhíonn teanga nua á sealbhú ag pobal: cailleadh consain laraingeacha na hInd-Eorpaise, mar shampla, agus rinneadh gutaí nó consain de na leath-ghutaí. Tharla ceann de na hathruithe is suntasaí a dhealaíonn an Cheiltis ó theangacha Ind-Eorpacha eile déanach go leor nuair a cailleadh an consan ‘p’: freagraíonn ‘athair’ agus ‘iasc’ na Gaeilge do ‘pater’ agus ‘piscis’ na Laidine, nó do ‘father’ agus ‘fish’ an Bhéarla. Mar a míníodh thuas, tá dealramh leis an tuairim go raibh teangacha Afráiseacha á labhairt ar fud iarthuaisceart na hEorpa ó thús na nua-chlochaoise amach agus síleann teangeolaithe áirithe gur féidir lorg na dteangacha úd a aithint ar an gCeiltis. I measc na gcosúlachtaí gramadaí a luann siad tá: áit an bhriathair ag tús na habairte, an forainm réamhfhoclach, an t-ainm briathartha agus an briathar saor. Is gnéithe sainiúla de ghramadach na Ceiltise iad seo nach raibh san Ind-Eorpais riamh ach tá siad go léir le fáil sa Bheirbeiris. Níl na teangeolaithe ar aon intinn, áfach, agus tá daoine eile den tuairim nach bhfuil dóthain fianaise ar fáil chun foshraith na Ceiltise a aithint. Is fíor nach bhfuil tionchar na foshraithe le brath ar fhoclóir na Ceiltise, ach d’fhéadfaí easnamh na n-iasachtaí a thuiscint dá mbeadh líon mór teangacha a raibh líon beag cainteoirí ag gach ceann acu in iarthuaisceart na hEorpa roimh theacht na hInd-Eorpaise. Níor mhionteanga áitiúil í an Cheiltis ach mórtheanga a labhraíodh ar fud na hÉireann agus na Breataine, sa chuid ba mhó den Fhrainc, agus i réigiúin áirithe san Ibéir. Tugann fairsinge an limistéir inar labhraíodh an Cheiltis le fios go raibh pobail iomlána ag aistriú anonn is anall idir Éire agus an Bhreatain, idir na hoileáin agus an mhórthír, go ceann i bhfad. Murach an teacht agus an imeacht leanúnach seo, ní mhairfeadh aontacht na Ceiltise chomh fada agus a mhair.

Teach i stíl na cré-umhaoise (is i Sasana atá an ceann seo).
     Mar a luadh thuas, is beag fianaise atá ann go raibh tithe buana in úsáid sa mhíle bliain deireanach den nua-chlochaois. Níor tháinig mórán athraithe ar dhálaí beatha na ndaoine sa choparaois ná i dtosach na cré-umhaoise. Bhí taithí ag sliocht mhuintir na steipe ar an tréadaíocht: is cosúil  gur leanadar leis an saol fáin tar éis dóibh teacht go hÉirinn agus gur mhaireadar i mbothanna so-aistrithe nár fhág lorg ina ndiaidh a tharraingeodh aird na seandálaithe. Bhí méid áirithe curaíochta ar siúl i rith an ama – an chéad chruthúnas go raibh an líon á shaothrú in Éirinn, tá sé le feiceáil sa taifead pailine go gairid roimh 2000 R.Ch. – ach ba leor leathbhliain a chaitheamh in aon áit amháin chun barra a chur agus a bhaint. Tharla athrú a bhí sách tobann thart ar 1800 R.Ch. nuair a cuireadh tús le tógáil na dtithe adhmaid in athuair. Tithe ciorclacha ba ea iad a bhí seacht méadar ó thaobh go taobh ar an meán; bhí teallaigh ina leath acu agus bhíodar níos líonmhaire ó dheas ná ó thuaidh i dtús báire. Is annamh a bhí fál timpeall ar na láithreacha cónaithe. Thairis sin, bhí an chuma ar na tithe nár deisíodh iad mórán, rud a thacaíonn leis an tuairim nach gcaitheadh teaghlaigh ach dornán blianta in áit áirithe sula mbogaidís ar aghaidh go dtí an chéad suíomh eile. Tháinig méadú mór ar líon na bhfulachtaí fia timpeall an ama chéanna, cé gur tógadh iad ó thús na coparaoise ar aghaidh. Is é is ‘fulacht fia’ ann clais a bhfuil líneáil cloiche nó adhmaid inti agus atá suite láimh le foinse uisce. Líontaí an chlais le huisce, théití clocha i dtine, agus thumtaí na clocha dearga san uisce lena fhiuchadh. Tá an méid sin soiléir ós rud é go mbíonn carn de chlocha dóite taobh leis an bhfulacht fia i gcónaí. Níl sé cinnte cén fáth a mbíodh uisce beirithe ag teastáil, áfach, ach thug Seathrún Céitinn dhá mhíniú ina stair: gur úsáideadh na fulachtaí le haghaidh cócaireachta agus le haghaidh folctha. Níl tuairim níos fearr ag seandálaithe na linne seo agus thiocfadh dó go bhfuil bunús leis an dá mhíniú. D’éirigh tithe níos líonmhaire, níos buaine agus níos téagartha le himeacht ama. Ba nós coitianta é fál a thógáil timpeall orthu faoin mbliain 1500 R.Ch. agus d’fhás gráigeanna beaga thall is abhus nuair a tógadh cúpla teach le hais a chéile. Cuireadh dlús le tógáil na dtóchar trasna na bportach tar éis 1600 R.Ch. agus is fianaise láidir é seo go raibh an daonra ag méadú agus go raibh ceannairí i sochaí na linne a raibh sé d’údarás acu oibreacha móra a leagan amach agus a chur i gcrích. Tharla athruithe bunúsacha eile sa tréimhse chéanna. Maidir le cultúr an phobail, chuaigh adhlacadh na marbh i léig de réir a chéile tar éis 1700 R.Ch. agus is cosúil go raibh an créamadh á chleachtadh ag cách faoi mbliain 1500 R.Ch. Ó thaobh na talmhaíochta de, is léir gur éirigh an déiríocht agus an olann níos tábhachtaí sa chré-umhaois dhéanach ós rud é go mbíodh ba agus caoirigh á marú ag aois ní ba shine. Ina theannta sin, léiríonn anailísí pailine a rinneadh ar fud na hÉireann gur tháinig méadú agus leathnú ar an gcuraíocht – ar shaothrú an arbhair go háirithe – sa tréimhse idir 1300 agus 800 R.Ch., sular thit sí siar arís ar chúiseanna nach bhfuil soiléir. Ach tharla an t-athrú ba shuaithinsí thart ar 1400 R.Ch. nuair a cuireadh tús le tógáil na ndúnta cnoic. Tá na foirgnimh seo chomh tábhachtach dár dtuiscint ar shochaí na cré-umhaoise go gcaithfear suntas ar leith a thabhairt dóibh.

Dún Aonghasa.
     Is é is ‘dún cnoic’ ann imfhálú fairsing ar mhullach cnoic nó ar bhruach aille. Bhí éagsúlacht mhór i ndearadh na ndúnta agus d’fhéadfaí claíocha fód, sonnaidh adhmaid nó ballaí cloiche a úsáid sna múrtha cosanta. Aon fhál amháin maille le díog atá ar an gcuid is mó de na dúnta cnoic, ach tá dúnta a bhfuil roinnt fálta comhlárnacha timpeall orthu coitianta go leor. Ní hionann scála na ndúnta ach oiread: achar ceithre hectare ar an méan atá sna dúnta aon-fháil, i gcomórtas le seacht hectare ar an meán i gcás na ndúnta ilfhálta, ach tá suas le fiche hectare sna dúnta is mó. Áirítear go bhfuil tuairim is céad láthair in Éirinn ar féidir ‘dúnta cnoic’ a thabhairt orthu agus bhí formhór na suíomh in úsáid sa tréimhse idir 1400 agus 800 R.Ch. I measc na samplaí is aithnidiúla tá: Dún na Rátha Gile i gcontae Chill Mhantáin; Dún Uí Eochaidh le hais Eamhain Mhacha i gcontae Ard Mhacha; Dún an Mhúcháin i gcontae an Chláir; agus Dún Aonghasa atá suite go hard os cionn na farraige in Árainn. Ní fhéadfaí struchtúir ar scála na ndúnta cnoic a thógáil mura mbeadh údarás rialaithe ann chun an obair a stiúradh – agus chun iallach a chur ar oibrithe drogallacha nuair ba ghá. Go deimhin, tá múrtha na ndúnta chomh fada sin i gcásanna áirithe nárbh fhéidir iad a chosaint go héifeachtach i gcoinne ionsaithe; dhealródh sé gur tógadh iad d’aon turas chun cumhacht na rialtóirí a chur ina luí ar an gcoitiantacht. Lena chois sin, is cosúil gur lárionad treibhe é an dún cnoic agus gur úsáideadh é le haghaidh deasghnáth nó searmanas. Is áirithe go raibh treibheanna ann. Luadh roinnt téarmaí Ind-Eorpaise a bhaineann le hearraí agus le trealamh cheana, ach tugann fianaise na teangeolaíochta léargas dúinn ar eagar sóisialta na cré-umhaoise freisin. Mar shampla, tá gaol sanasaíochta idir ‘tuath’ na Gaeilge, téarma a thagair do mhuintir na treibhe, agus ‘Deutsch’ na Gearmáinise: tháinig an dá fhocal ó *teutā na hInd-Eorpaise. Mar an gcéanna, tháinig ‘rí’ agus ‘dia’ na Gaeilge (nó ‘rex’ agus ‘deus’ na Laidine) ó *regs agus *deiwos na hInd-Eorpaise faoi seach. Má ghlactar leis go raibh dún dá chuid féin ag gach rí tuaithe, chiallódh sé go raibh timpeall céad tuath in Éirinn i dtreo dheireadh na cré-umhaoise. Níl sé as an áireamh go raibh an daonra chomh mór le ceathrú milliún ag an am, rud a chiallódh go raibh suas agus anuas le dhá mhíle duine sa tuath chothrom. Chinnteodh a leithéid de dhaonra go mbeadh foireann oibre de chúpla céad fear ag an rí chun dún a thógáil nó a dheisiú, agus bheadh sé d’acmhainn aige díorma beag óglach a choinneáil.

Taisce earraí ón gcré-umhaois dhéanach.

     Is suntasach an ní é go bhfuil téarmaí sa Ghaeilge a bhaineann leis an gcogaíocht agus a bhfuil bunús Ind-Eorpach leo: meastar gur tháinig ‘cuire’ agus ‘cath’, focail a bhfuil gaol acu le ‘Heer’ agus le ‘Hader’ na Gearmáinise, ó *koryos agus *katus faoi seach. Tacaíonn fianaise na seandálaíochta leis an tuairim go raibh aicme mhíleata ar leith ann i ré na ndúnta cnoic. Cé go raibh tuanna, saigheada agus sceana le fáil sa chré-umhaois luath, ní féidir a rá cé chomh minic a úsáideadh iad mar airm seachas mar uirlisí chun crainn a leagan, chun ainmhithe a mharú, nó chun feoil a ghearradh. Ach d’éirigh airm shainiúla flúirseach tar éis 1400 R.Ch. Táirgeadh miodóga, claimhte, gathanna agus sciatha ag am nuair a bhí fás as cuimse ag teacht ar líon, ar éagsúlacht agus ar chastacht na n-earraí cré-umha trí chéile. Claimhte chun sáite a raibh lanna caola orthu a rinneadh i dtús báire, ach iompaíodh ar chlaimhte chun gearrtha a raibh lannaí níos leithne orthu thart ar 1100 R.Ch. Mar an gcéanna, d’éirigh an sleá trom a bhí le hiompar níos coitianta ná an ga éadrom a bhí le caitheamh. Bhí forbairt ag teacht ar mhodhanna troda i gcaitheamh an ama, mar sin, agus léiríonn líon mór na n-arm atá ar fáil ón gcré-umhaois dhéanach gur dhlúthchuid de shaol na linne í an chogaíocht. De réir áirimh amháin, thángthas ar 660 claíomh cré-umha in Éirinn go nuige seo; is ionann é sin agus ocht gclaíomh in aghaidh an 1000 km2, uimhir atá i measc na rátaí is airde san Eoraip.  Thairis sin, fuair seandálaithe amach gur cuireadh roinnt de na dúnta cnoic trí thine agus is ar éigin a tharlódh a leithéid de thaisme.

     Cruthaíonn torthaí an dátú radacarbóin gur thosaigh an bonneagar daonna ag meath thart ar an mbliain 1000 R.Ch. I bhfocail eile, tá láithreacha seandálaíochta de gach saghas níos teirce tar éis an dáta sin, rud a thugann le tuiscint go raibh an daonra ag titim. Bhí an cúlú mall go leor ar dtús ach ghéaraigh an luas timpeall na bliana 750 R.Ch. Níl sé soiléir cad ba chúis leis an gclaochlú sóisialta seo. De réir teoirice amháin, bhí an ithir spíonta agus chlis an churaíocht toisc nach raibh tuiscint ag feirmeoirí na linne ar leasú na talún ná ar uainíocht na mbarr. Is eol dúinn gur éirigh an aimsir níos fliche, in Éirinn agus ar fud iarthar na hEorpa, ón mbliain 750 R.Ch. amach. Caithfidh gur chuir an t-athrú aeráide leis an titim siar a bhí ag tarlú cheana, ach níorbh é ba chúis leis. De réir teoirice eile, bhí geilleagar na sochaí bunaithe ar tháirgeadh agus ar dháileadh an chré-umha agus na n-earraí a rinneadh as an miotal sin: fuarthas coirí agus coirn de dhéantús na hÉireann chomh fada ar shiúl leis an Danmhairg agus an Ibéir, mar shampla. Ach baineadh an bonn ón ngeilleagar nuair a thosaigh earraí iarainn, miotal atá níos crua ná an cré-umha, ag teacht isteach. Os a choinne sin, is eol dúinn nach raibh an mhiotalóireacht forleathan sa tsochaí. Ceird ba ea í a chleacht miotalóirí gairmiúla i líon beag láithreacha agus is deacair a shamhlú go ndéanfadh teacht an iarainn difear mór don phobal i gcoitinne. Caithfear éifeacht na cogaíochta a chur san áireamh freisin: cá bhfios nárbh iad díormaí catha na ríthe tuaithe faoi deara creachadh agus bánú na tíre? Ar ndóigh, níl na mínithe éagsúla seo ag teacht salach ar a chéile agus d’fhéadfadh sé go raibh baint acu uile leis an gclaochlú sóisialta a tharla ag deireadh na cré-umhaoise.

29/06/2018

An nua-chlochaois

An tuama ursanach ag Poll na Brón
Is í an talmhaíocht, idir churaíocht agus thréadaíocht, sainchomhartha na nua-chlochaoise. Ní san Eoraip a tionscnaíodh an córas maireachtála nua seo ach sa limistéar den Mheánoirthear atá sínte leis an teorainn idir an Tuirc, an tSiria agus an Iaráic. Is ann a thosaigh daoine ag saothrú plandaí agus ag ceansú ainmhithe thart ar 11,000 bliain ó shin. Ar na barra ba thúisce a cuireadh bhí cruithneacht, eorna, piseánaigh, piseanna agus líon (planda a saothraíodh i gcomhair ola agus snátha ar aon). Ceansaíodh muca, ba, caoirigh agus gabhair timpeall an ama chéanna. Is le haghaidh feola a coinníodh na hainmhithe seo go príomha: is iad leanaí na linne amháin a bhí in ann lachtós a dhíleá agus níor réitigh bainne milis le goilí na ndaoine fásta. Ón uair a thosaigh an talmhaíocht, bhíothas in ann farasbarr bia a chur i dtaisce; tháinig méadú as cuimse ar an daonra dá bharr agus bhí deis ag daoine ceirdeanna nua a fhoghlaim is a chleachtadh. Chuir na chéad fheirmeoirí fúthu i lonnaíochtaí buana agus bhí tithe á dtógáil i ‘gcorrán méith’ an Mheánoirthir faoin mbliain 7500 RCh. Cuireadh tús leis an gcriadóireacht i dtaca an ama chéanna agus chuidigh earraí cré le stóráil agus le bruith an bhia.

     Go tobann, thart ar an mbliain 6200 RCh, d’athraigh an aeráid ar fud an Mheánoirthir. D’éirigh an aimsir ní ba thirime, bhí ganntanas uisce ann agus b’éigean do na ‘feirmeoirí luatha’ aistriú chuig críocha a bhí níos feiliúnaí don talmhaíocht. Ghluais dream amháin ó dheas i dtreo ghleann na Níle agus leanadar cósta na Meánmhara siar chomh fada leis an Spáinn. Thógadar teanga (nó teangacha) a bhain leis an ngrúpa Afráiseach leo; is ó chanúintí na n‑imirceach seo a shíolraigh teanga na sean-Éigipte, an Choptais, agus teangacha na mBeirbeireach atá fós á labhairt san Afraic thuaidh. Ghluais dream eile siar ó thuaidh trasna na hAnatóile go dtí na Balcáin. Leanadar orthu suas gleann na Danóibe i dtreo iarthar na hEorpa. Gach áit ar chuireadar fúthu, thóg na feirmeoirí cultúr na nua-chlochaoise leo. Bhí tús curtha leis an talmhaíocht i dtuaisceart na Fraince faoin mbliain 5500 RCh. Cé nach bhfuil aon fhianaise dhíreach againn ar theangacha na chéad fheirmeoirí a shroich iarthuaisceart na hEorpa, luíodh sé le réasún dá mbeadh teangacha Afráiseacha acu, mar a bhí ag an dream a bhain an Spáinn amach.

     Ní móide go mbeadh feirmeoirí de bhunadh an Mheánoirthir cleachtach ar an loingseoireacht agus is cosúil gur chuir Muir nIocht bac orthu go ceann i bhfad. Dhéanfadh báid iascaigh na meán-chlochaoise an turas trasna caolas Dover gan stró, ach is cosúil go raibh soithí na linne róghuagach chun beostoc a iompar, rud a bheadh riachtanach sula bhféadfaí an talmhaíocht a thabhairt chomh fada leis an mBreatain, gan trácht ar Éirinn. Ach tá fianaise ann go raibh feirmeoirí na mór-roinne ag trádáil le hÉirinn sular chuireadar fúthu anseo: i measc an bhruscair ón meán-chlochaois a fuarthas ag Cuan an Chaoil bhí cnámh bhó a bhí chomh luath le 4300 RCh, más féidir brath ar an dátú radacarbóin, cé nach raibh tréad bó le fáil in Éirinn ag an am. Dhealródh sé go raibh mairteoil á hallmhairiú i dtreo dheireadh na meán-chlochaoise, tráth a bhí an talmhaíocht faoi lánseol sa Bhriotáin. Ach tháinig feabhas ar an loingeas le himeacht aimsire: bhí feirmeoirí ag cur fúthu i ndeisceart na Breataine faoin mbliain 4200 RCh agus bhíodar in Éirinn faoin mbliain 3900 RCh. De réir mar a bhog feirmeoirí isteach, chuaigh an tsealgaireacht i léig mar nós maireachtála agus ba ghearr go raibh cultúr na nua-chlochaoise i réim ar fud an dá oileán. Níor chultúr é seo a d’fhás ó phréamhacha dúchasacha: córas bunaithe ba ea é a aistríodh thar muir isteach in aon gheábh amháin.

     Bhí haplaghrúpaí U4 agus U5 chun tosaigh i measc na sealgairí a raibh cónaí orthu san Eoraip roimh an nua-chlochaois, mar a luadh thuas, ach bhain DNA miteacoindreach na bhfeirmeoirí luatha le haplaghrúpaí nua agus d’fhágadar lorg buan ar ghéanóm na nEorpach. Níor thaise d’Éirinn é: nuair a rinneadh anailís ghéiniteach ar chnámha mná a fuair bás c. 3200 RCh agus a adhlacadh i dtuama ag Baile na hÁite, baile fearainn atá suite ar imeall theas chathair Bhéal Feirste, fuarthas amach gur bhain sí le haplaghrúpa HV0 a tháinig ón Meánoirthear i dteannta na bhfeirmeoirí luatha. Os a choinne sin, d’áirigh na géineolaithe go bhfuair bean Bhaile na hÁite tuairim is 42 % dá géanóm ó ‘shealgairí an iarthair’. Is áirithe gur tharla crosphórú idir an dá chine, mar sin, cé nach fios ar meascadh iad sular shroich na feirmeoirí Éire nó uair éigin ina dhiaidh sin; is dóichí ná a mhalairt go raibh an dá rud i gceist. Bhí líon na ndaoine in Éirinn ag deireadh na meán-chlochaoise chomh beag sin gur leor cúpla míle inimirceach a bhí cleachtach ar an bhfeirmeoireacht chun comhdhéanamh an daonra a athrú ó bhonn laistigh de chúpla céad bliain. Dá dtiocfadh cúig mhíle duine go hÉirinn ag tús na nua-chlochaoise, ba leor ráta fáis de 3 faoin gcéad in aghaidh na bliana chun an líon sin a dhúbailt i nglúin amháin agus bheadh beagnach céad míle de shliocht na n-inimirceach ann tar éis céad bliain. Cé nach féidir meastachán cruinn a dhéanamh ar dhaonra na hÉireann le linn na nua-chlochaoise, is cinnte go raibh sé i bhfad níos airde ná riamh cheana. Thiocfadh dó go raibh dhá chéad míle duine in Éirinn nuair a bhí an talmhaíocht faoi bhláth agus sular athraigh an aeráid chun donais.

     B’éasca a cheapadh gur thaistil na chéad fheirmeoirí ón mór-roinn go dtí an Bhreatain agus as sin go hÉirinn, agus tá fianaise ann a thacaíonn leis an tuairim sin. Mar shampla, tá stíl na soithí cré agus na reann saighde a bhí in úsáid in Éirinn sa nua-chlochaois ar aon dul le stíl na n-earraí a bhí in úsáid sa Bhreatain agus in oirthuaisceart na Fraince sa tréimhse chéanna. Is cosúil, mar sin, gur tháinig inimircigh trasna na mara ag caolas Dover, gur lonnaíodar in oirdheisceart na Breataine ar dtús, agus gur leathadar ar fud an oileáin úd gur shroicheadar cósta thoir na hÉireann. Os a choinne sin, tá fianaise eile ann a thacaíonn leis an tuairim gur thaistil roinnt de na chéad fheirmeoirí a chuir fúthu in Éirinn go díreach ón mór-roinn. Bhí séadchomharthaí agus tuamaí meigiliteacha á dtógáil sa Bhriotáin faoin mbliain 4600 RCh; is dócha gurb iad na galláin agus na cromleaca ag Karnag an sampla is cáiliúla den chultúr sainiúil sin inniu. Tógadh séadchomharthaí agus tuamaí den saghas céanna in Éirinn agus ar chósta thiar na Breataine i bhfíorthosach na nua-chlochaoise. Mar shampla, chruthaigh an dátú radacarbóin gur i dtreo na bliana 3800 RCh a tógadh an tuama ursanach ag Poll na Brón i gcontae an Chláir. Tá gach cosúlacht ann gur tháinig feirmeoirí go hÉirinn ón dá threo timpeall an ama chéanna: gur thaistil dream amháin anoir ón mBreatain agus gur thaistil an dream eile aneas ón mBriotáin.

Achaidh Chéide
     D’athraigh tírdhreach na hÉireann go mór le teacht na talmhaíochta. Leagadh crainn agus tugadh talamh chun tíreachais. Tógadh tithe téagartha agus lonnaíochtaí buana, ardaíodh ballaí is claíocha nó cartadh díoga chun páirceanna a imfhálú. Cothaíodh ba, muca, caoirigh is gabhair, agus coinníodh madraí chun na tréada a chosaint agus a thiomáint. Thairis sin, tugadh an fia rua isteach, rud a thaispeánann go raibh an fiach fós á chleachtadh i ré na talmhaíochta. Níl aon amhras ach gurbh é an t‑eallach an speiceas ba thábhachtaí ón tús. I dtuaisceart chontae Mhuigh Eo, sa Bheithigh agus i nGleann Iolra, thángthas ar scéim fhairsing páirceanna a leagadh amach thart ar an mbliain 3700 RCh agus a bhí in úsaid ar feadh cúig chéad bliain. Caomhnaíodh na páirceanna seo – ‘achaidh Chéide’ mar a thugtar orthu go coitianta anois – toisc gur fhás portach aníos a chlúdaigh na ballaí cloiche de réir a chéile. Tuairim is míle hectare ar fad atá sa láthair agus tá sé roinnte i stráicí fada caola, cuid acu atá chomh mór le seacht hectare. Is cinnte gur thalamh innilte a bhí sa láthair go príomha, ach thaispeáin anailís phailine a rinneadh ar an suíomh go raibh cruithneacht agus eorna á saothrú ann chomh maith. Is eol dúinn ó iarsmaí a fuarthas ar earraí potaireachta na linne go raibh bánbhia coitianta go leor: bainne géar, gruth nó cáis a bhí á gcaitheamh, ní foláir, mar níorbh fhéidir le daoine fásta lachtós a dhíleá ag an am. Bhí caoirigh á gcoinneáil ó thús na nua-chlochaoise ach níl aon fhianaise go raibh sníomh na holla á chleachtadh, cé nár ghá an olann a shníomh chun feilt a dhéanamh aisti. Is mó an seans go raibh éadach garbh lín in úsáid, ach is ródhócha gur taobh le seithí a bhíothas chun éadaí a dhéanamh i rith na nua-chlochaoise. Thángthas ar láthair thábhachtach eile (c. 3500 RCh) ar bhruach Loch Goir i gcontae Luimnigh. Lonnaíocht is ea í seo ina raibh idir thithe cónaithe agus ghoirt bheaga i gcomhair arbhair. Bheifí ag súil go mbeadh tábhacht leis an gcuraíocht sa chéad chuid den nua-chlochaois toisc go raibh an mheánteocht in Éirinn tuairim is 2 °C nó 2.5 °C níos airde an uair úd ná mar atá sí anois, rud a chuidigh le saothrú an arbhair.

Teach dronuilleogach ón nua-chlochaois
     Bhí na chéad fheirmeoirí in ann torthúlacht na talún a mheas ar na crainn a bhí ag fás sa cheantar. Ba ghnáth leo gabháltais a roghnú ar bhruach aibhneacha nó lochanna, nó ar leacain cnoic ar thaobh na gréine – suímh a bheadh oiriúnach don tréadaíocht agus don churaíocht ar aon. Bhain dua le leagan crann, le cartadh rútaí, le tógáil claíocha, agus ba leasc le feirmeoir ar bith aistriú ón ngabháltas a bheadh tugtha chun tíreachais aige. Ní nach ionadh, bhí na tithe a thógadar i bhfad níos téagartha ná botháin na meán-chlochaoise. Cuaillí darach a bhí i gcreataí na dtithe go hiondúil agus bhí cláir darach sna ballaí go minic freisin, cé gur úsáideach caolach is dóib uaireanta. Leagan amach dronuilleogach a bhí ar na tithe a tógadh nuair a bhí an nua-chlochaois ina thús, ach d’éirigh tithe a raibh leagan amach ciorclach orthu níos coitianta ó c. 3600 RCh amach.  Bhí tinteáin agus baill troscáin (cófraí, leapacha agus a leithéidí) sna háitribh agus chuathas i muinín na caoladóireachta chun ciseáin agus málaí iompair a sholáthar. Uirlis riachtanach don fheirmeoir be ea an tua mar ní fhéadfadh sé crainn a leagan ná teach a thógáil ina héagmais. Níorbh fhéidir ceann tua a dhéanamh as breochloch mar scoiltfeadh an t-ábhar sin go héasca, ach bhí carraig chrua ar a dtugtar ‘poircealláinít’ le fáil in dhá áit i gcontae Aontroma: ag Taobh Builleach ar an mórthír agus ar Reachlainn. Dáileadh tuanna poircealláiníte ó na háiteanna seo, ní ar fud na hÉireann amháin, ach ar fud na Breataine chomh maith. Arís ar ais, d’aimsigh seandálaithe tuanna i láithreacha ar fud na hÉireann a tháinig ó chairéal ag Great Langdale i gCumbria Shasana. Taispeánann dáileadh forleathan na dtuanna cloiche go raibh bealaí ann chun teacht ar earraí riachtanacha nach raibh le fáil go háitiúil.

Taisce de thuanna poircealláiníte ó chontae Aontroma
     Is deacair a shamhlú go bhféadfaí córas éifeachtach trádála a bhunú mura mbeadh an tsochaí i gcoitinne sách socair. Mar an gcéanna, is ar éigean a d’fhéadfaí tionscadal chomh huaillmhianach le hachaidh Chéide a chur i gcrích mura mbeadh údarás de shaghas éigin ann chun an obair a stiúradh. Ina theannta sin, bhí lonnaíochta áirithe suite laistigh de shonnaigh nó de dhíoga fada cosanta a mbeadh sé thar cumas scata beag daoine iad a dhéanamh: tá samplaí den imfhálú le feiceáil ag Dún Ó gCorra i gcontae Aontroma, ag an Machaire Buí i gcontae Shligigh, agus ag Tulach Éide i gcontae Thiobraid Árann. B’fhéidir gur shuímh dheasghnácha iad roinnt de na láithreacha seo, ach is cinnte go raibh gá le fálta cosanta chomh maith: i measc na dtaisí a fuarthas sa tuama ag Poll na Brón bhí cnámharlach fir a raibh rinn saighde sáite ina chromán. Níl aon amhras ach gurb iad na tuamaí meigiliteacha an fhianaise is dealraithí go raibh sochaí eagraithe sa nua-chlochaois. Go deimhin, tá na tuamaí céanna chomh mór sin gur gné shuntasach de thírdhreach na hÉireann iad go dtí an lá inniu. Thairis sin, ós rud é go raibh na tuamaí á dtógáil ó thús na nua-chlochaoise amach, tá sé le tuiscint gur thug na chéad fheirmeoirí córas sóisialta a raibh seantaithí acu air go hÉirinn.

     Tá na tuamaí meigiliteacha roinnte in aicmí éagsúla ag seandálaithe. Is iad na tuamaí cúirte agus na tuamaí ursanacha na cinn is sine agus tógadh iad sa tréimhse idir tús na nua-chlochaoise agus 3400 RCh. Tá formhór na dtuamaí cúirte suite lastuaidh de líne ón gClochán go Dún Dealgan. Is é is ‘tuama cúirte’ ann carn fada cloch a bhfuil clós gan díon (an ‘chúirt’) os a chomhair; bíonn roinnt seomraí adhlactha laistigh den charn féin. Tugtar ‘cromleaca’ ar na tuamaí ursanacha uaireanta agus tá siad le fáil i ngach cearn d’Éirinn lasmuigh d’iarthar na Mumhan: bíonn leac mullaigh mar dhíon ar sheomra adhlactha agus luíonn sé ar chúpla cloch ingearach. Bíonn na clocha ar an dá thaobh den bhealach isteach (na ‘hursanacha’) níos airde ná na cinn eile de ghnáth, rud a chuireann cruth ‘crom’ ar an tuama. Is iad na tuamaí pasáiste na tuamaí is feiceálaí: dumhaí móra cré is ea iad agus caithfear dul trí phasáiste cúng chun an seomra (nó na seomraí) adhlactha a shroicheadh. Tá formhór na dtuamaí pasáiste i gcúige Uladh, i dtuaisceart Chonnacht nó i dtuaisceart Laighean – i gcontaetha na Mí agus Shligigh go háirithe. Tógadh a bhformhór sa tréimhse idir 3400 agus 3000 RCh; is i dtreo na bliana 3200 RCh a tógadh Sí an Bhrú agus Cnóbha, an dá thuama pasáiste is cáiliúla i ngleann na Bóinne. De réir meastacháin amháin, d’fhéadfadh buíon oibre a mbeadh idir fiche agus tríocha fear inti tuama cúirte a thógáil laistigh de ráithe; ar an láimh eile, mheas an t-údar céanna go dtógfadh sé suas agus anuas le sé bliana déag ar cheithre chéad oibrí Sí an Bhrú a thógáil, dá gcaithfidís dhá mhí i dtús an tsamhraidh leis an obair gach bliain. Fuarthas earraí éagsúla (reanna saighde, reanna sleá, cinn tua, uirlisí breochloiche agus earraí cré) sna tuamaí i dteannta na dtaisí daonna (a dódh i gcásanna áirithe agus a adhlacadh i gcásanna eile), rud a thugann le tuiscint gur chreid lucht tógtha na dtuamaí i saol iarbháis. Mar an gcéanna, tá fianaise ann gur láithreacha deasghnátha iad na tuamaí meigiliteacha. Fir lánfhásta is mó a chuirtí sna tuamaí, mar a dhéanfaí i sochaí phatrarcach, ach fuarthas taisí de mhná agus de pháistí iontu i gcásanna áirithe, rud a thacaíonn leis an tuairim go raibh aicme cheannais ar leith ann chomh luath leis an nua-chlochaois.

An seomra adhlactha i Sí an Bhrú
     Ach dá chasta agus dá eagraithe é an córas sóisialta a bunaíodh in Éirinn ag tús na nua-chlochaoise, tháinig claochlú ar chúrsaí timpeall na bliana 3500 RCh. Ní fios cén saghas suaite nó coimhlinte a bhí ar siúl sa tsochaí ag an am, ach is léir go raibh baint mhór ag an aimsir leis na hathruithe a tharla. Ní thuigtear i gceart cad ba chúis leis an athrú aeráide, ach thit an mheánteocht agus neartaigh an ghaoth aniar ón Atlantach. D’éirigh an aimsir in Éirinn níos fuaire agus níos taise dá bharr.  Tháinig deireadh, nó geall leis, le saothrú an arbhair. Leath na foraoiseacha in athuair agus cuireadh dlús le fás na bportach. Tréigeadh ‘achaidh Chéide’ timpeall na bliana 3200 RCh agus bhí na ballaí cloiche á bhfolú ag an móin faoin mbliain 2700 RCh. Tá sé ionann is cinnte gur thit an daonra de bharr na n-athruithe seo, ach níor bánaíodh an t-oileán: más fíor gur tháinig deireadh le tógáil na dtuamaí cúirte agus na dtuamaí ursanacha ar aon, cuireadh tús le tógáil na dtuamaí pasáiste timpeall an ama chéanna. Caithfidh go raibh daonra sách mór in Éirinn i gcónaí, ach is suntasach an ní é gur beag teach a aimsíodh go dtí seo a tógadh idir 3400 RCh agus deireadh na nua-chlochaoise.  Ach má chuir an t‑athrú aeráide deireadh le tógáil na dtithe adhmaid, tá teallaigh agus claiseanna flúirseach go leor ón nua-chlochaoise dhéanach. Is gnách go mbíonn cnámha ainmhithe, soithí agus uirlisí briste, agus dramhaíl eile caite sna claiseanna seo, rud a thaispeánann gur bhaineadar le háitribh. B’fhéidir gur tógadh tithe na linne as fóid, ábhar nach bhfágfadh rian ar bith ar an láthair tar éis na mílte bliain. Is é is dóichí, áfach, gur iompaigh daoine ar an tréadaíocht de réir a chéile nuair a chuaigh an aimsir in olcas agus gur chónaíodar i mbotháin a bhí so-aistrithe. Ní fhágfadh both cosúil leis an yurt atá fós in úsáid i lár na hÁise lorg ina dhiaidh, ach bheadh teallach agus clais fágtha ar an láthair nuair a bhogfadh na tréadaithe ar aghaidh.

     Is deacair éalú ón tuairim gur tháinig cúlú ar an talmhaíocht, ar an daonra, agus ar an gcóras sóisialta i gcoitinne roimh dheireadh na nua-chlochaoise, ach bhain rabharta nua inimirceach Éire amach timpeall na bliana 2500 RCh. Dream ba ea iad a chuirfeadh cor cinniúnach i scéal an oileáin.

07/05/2018

An mheán-chlochaois

[Ar leanúint ón mí seo caite.]

Léiríonn an anailís phailine gur athraigh fásra na hÉireann go tapa nuair a théigh an aeráid: rinneadh cluainte den tundra ar dtús agus ba ghearr gur thosaigh sceacha aitil agus saileacha ag fás ar na machairí. Scaip coillte beithe go rábach ar fud an oileáin ina dhiaidh sin, agus bhí an crann coill is an crann giúise flúirseach faoin mbliain 8500 RCh. Nuair a d’fhill daoine ar Éirinn, tuairim is deich míle bliain ó shin, bhí an t-oileán clúdaithe le coillte dlútha. Is ina dhiaidh sin arís a thosaigh an leamhán agus an dair ag leathnú aneas, ach ba iad na crainn ab fheiceálaí iad i gcoillte na hÉireann ocht míle bliain ó shin.

     De réir mar a shín na coillte ó thuaidh, ghluais an cine daonna aneas ar fud na hEorpa. Bhain na daoine seo leis an bpór céanna a bhí suas sa tsean-chlochaois: dream ar a dtugann géineolaithe ‘Sealgairí an Iarthair’. Bhain DNA miteacoindreach an chine seo leis na haplaghrúpaí U4 agus U5 don chuid is mó, rud a chiallaíonn go bhfuil gaol acu le dhá chine a bhfuil leithead iomlán na hEorpa eatarthu anois: mar atá, na Beirbeirigh san Afraic Thuaidh agus na Sámi i dtuaisceart Chríoch Lochlann. Ní thugann an fhianaise ghéiniteach seo aon leide dúinn i dtaobh theanga na sealgairí, áfach, mar ghlac na Beirbeirigh agus na Sámi teangacha nua chucu féin níos faide anonn. Más fíor gur shíolraigh muintir na hEorpa sa mheán-chlochaois ón stoc a bhí san Eoraip sa tsean-chlochaois, bhí forbairt tagtha ar a gcultúr idir an da linn: in ionad lanna simplí na sean-chlochaoise, bhain lucht na meán-chlochaoise leas as uirlisí níos casta a raibh sraitheanna de lanna beaga suite iontu. Dhealródh sé gur úsáideadh roisín beithe chun na mionlanna a ghreamú i gcleitheanna adhmaid nó i gcosa cnáimhe, cé gur annamh a fhágann na hábhair orgánacha seo iarsmaí san ithir.

Mar a shamhlaítear na botháin ag Cill Santail
     Bhí an Bhreatain nasctha le mórthír na hEorpa go ceann cúpla míle bliain i ndiaidh chúlú na n‑oighearshruthanna, agus is eol dúinn go raibh daoine ag cur fúthu in Albain arís faoin mbliain 8300 RCh: b’shin an dáta a fuarthas nuair a rinneadh dátú carbóin ar láthair ag East Barns, i Lodainn Thoir. Ós rud e go bhfuil cósta na hÉireann le feiceáil go soiléir ó Earra-Ghàidheal, ní hionadh é gur in oirthuaisceart Uladh a tháinig seandálaithe ar an lonnaíocht is sine a aimsíodh in Éirinn go dtí seo: láthair is ea í atá suite ag Cill Santail, gar do bhaile Chúil Raithin agus le hais abhainn na Banna. De réir an dátú carbóin a rinneadh, bhí an suíomh ag Cill Santail in úsáid timpeall na bliana 7700 RCh. Thaithíodh lucht na meán-chlochaoise bruacha na n-aibhneacha agus ciumhaiseanna na lochanna — ní nach ionadh ós rud é go raibh formhór na tíre faoi choillte dlútha. Thairis sin, bheadh foinse fionnuisce ag teastáil uathu agus is eol dúinn gur sciar mór dá gcothú é an t-iasc. Luíodh sé le réasún dá dtaobhódh buíonta áirithe an cósta chomh maith, ach is deacair teacht ar fhianaise a chruthódh an tuairim sin mar bhí leibhéal na mara ag ardú i rith an ama agus bádh stráicí fada de chósta na meán-chlochaoise idir an dá linn.

     Bheifí ag súil nach bhfanfadh buíon sealgairí rófhada in áit ar leith, ós rud go rabhadar ag brath go hiomlán ar an iascach, ar an bhfiach is ar an gcnuasach. Tá sé le tuiscint ón bhfianaise sheandálaíoch go raibh bunchampaí acu a bhí seasta go leor ach go raibh campaí eile ann a bhí in úsáid ag tráthanna áirithe den bhliain. Is cosúil gur bhain an campa ag Cill Santail leis an gcéad aicme agus go mbíodh daoine ag cur fúthu san áit ó cheann ceann na bliana. Bhí dearadh na mbothán ann ar aon dul leis na botháin in East Barns na hAlban, rud a thacaíonn leis an tuairim gur anall thar Shruth na Maoile a tháinig lucht na meán-chlochaoise go hÉirinn. Thógadar a gcuid bothán trí shlataí a shá sa talamh i gcruth ciorcail. Ceanglaíodh na slataí le chéile ag an mbarr agus clúdaíodh an creatlach adhmaid le seithí. Bhí na botháin tuairim is 6 m trasna agus bhí dóthain spáis iontu le haghaidh ochtair nó mar sin. Bhí teallach suite i lár baill agus is cosúil gur fágadh poll i mullach an dín chun an toit a ligean amach. Bhí poill urláir sna botháin chomh maith agus meastar gur úsáideadh iad chun bia a stóráil: d’fhéadfaí idir iasc agus fheoil a leasú le deatach. Ar na cineálacha bia a d’itheadh muintir Chill Santail bhí éisc (bradáin, bric, eascanna), toirc allta, éanlaith (coilm choille, creabhair, capaill choille) agus plandaí (cnónna coill, fia-úlla agus síolta na bual-lile).

Loch na Buaraí mar atá sé anois
     Mas fíor gur thosaigh meán-chlochaois na hÉireann sa tuaisceart, níor thóg sé i bhfad ar na háitritheoirí nua scaipeadh ar fud an oileáin: d’aimsigh seandálaithe láthair ar bhruach Loch na Buaraí i gContae Uíbh Fhailí atá ar comhaois, nach mór, leis an láthair i gContae Dhoire. Fuarthas lannaí beaga den dearadh céanna sa dá áit ach níorbh ionann an t-ábhar iontu: breochloch ar fad a bhí in úsáid ó thuaidh ach bhí lannaí déanta as seirt ní ba choitianta ó dheas. Bhí an réimse bia ó dheas an-chosúil leis an réimse bia i gCill Santail: bhí bric is eascanna tábhachtach, ba é an torc allta an fheoil ba choitianta, agus fuarthas mórán blaoscanna cnó ar an láthair.

     Cé go raibh stíl na n-uirlisí a úsáideach in Éirinn ag tús na meán-chlochaoise ar aon dul le stíl na n‑uirlisí a bhí coitianta ar fud thuaisceart na hEorpa sa tréimhse chéanna, tháinig stíl nua chun cinn uair éigin roimh 6500 RCh nuair a iompaíodh ar lanna a bhí níos faide agus níos troime a dhéanamh in ionad na mionlann a bhí coitianta i dtosach na meán-chlochaoise. Níl sé cinnte cad ba chúis leis an athrú stíle seo. Thiocfadh dó go raibh lanna fada ag teastáil chun ainmhithe móra a mharú: má bhí feoil an bhéir imeallach mar bhia i gcónaí, d’fhéadfaí éadaigh theolaí a dhéanamh as seithí na mbéar. Arís ar ais, b’fhéidir gur ghá lanna troma a cheangal go teann le feirceanna na n‑uirlisí nuair a tháinig an adhmadóireacht chun cinn: fuarthas crann snámha ar bhruach Loch nEachach, mar shampla, agus thángthas ar ghaistí iasc in inbhir na Life a rinneadh as cliatha adhmaid thart ar 6000 RCh. Cibé cúis a bhí leis, tá sé le tuiscint ón stíl shainiúil uirlisí a bhí in úsáid in Éirinn i dtreo dheireadh na meán-chlochaoise nach raibh teagmháil rialta ag bunadh an oileáin leis an gcuid eile d’iarthar na hEorpa.

Suímh a bhfuil tagairtí dóibh san aiste seo
     Faoin mbliain 6000 RCh bhí leibhéal na mara mórán mar atá sé anois, nó beagán níos airde, rud a fhágann gur fusa do sheandálaithe teacht ar láithreacha a bhí suite cois cladaigh tar éis an dáta sin. Léiríonn suíomh i gCill Fhionntain, taobh le Binn Éadair i mBaile Átha Cliath, an tairbhe a baineadh as an mbia mara: fuarthas níos mó ná fiche cineál sliog-iasc i gcarn dramhaíola ar an láthair — bairnigh, ruacain, diúilicíní, cuachmaí, muiríní, faochain agus oisirí ina measc — cé gur caitheadh cnámha an toirc allta agus an ghiorria ar an gcarn chomh maith. Cruthaíonn na hiarsmaí a fuarthas ag láthair chósta eile, láthair atá suite ag Cuan an Chaoil i leithinis Chorca Dhuibhne agus a bhí in úsáid sa tréimhse idir 5000 agus 4000 RCh, go raibh forbairt tagtha ar an iascaireacht mhara roimh dheireadh na meán-chlochaoise. Bhain na cnámha éisc a fuarthas ar an láthair seo le cúig speiceas déag: ba iad an faoitín agus an ballach breac na cinn is mó a maraíodh, ach bhí cnámha an langa, an trosc agus an roc flúirseach chomh maith. Nuair a rinneadh anailís ar chnámh dhaonna agus ar fhiacail dhaonna ón láthair chéanna, fuarthas amach go raibh muintir na háite ag brath ar an bhfarraige le haghaidh 78 % den bhia a d’itheadar. Is áirithe go raibh báid, eangacha agus foirne a bhí inniúil ar an iascach le fáil ag an am. Ní dhéanfadh crann snámha gan chíle cúis san Aigéan Atlantach agus is dóichí ná a mhalairt go raibh báid iascaigh na linne ar aon dul le curacha an lae inniu ach amháin go raibh frámaí adhmaid na mbád clúdaithe le craiceann róin.

     Ní féidir cuntas a thabhairt ar eagar na sochaí sa mheán-chlochaois agus an fhianaise chomh scáinte is atá. Mar shampla, is i gCill Santail amháin a aimsíodh áitreabh ón tréimhse. Mar an gcéanna, níor thángthas ar uaigheanna ón aois ach in aon áit amháin: láthair atá suite ar bhruach na Sionainne, gar do Chaisleán Uí Chonaill, áit ar dódh na taisí sular adhlacadh iad. Más féidir brath ar thomhas na mbothán i gCill Santail, is cosúil nach mbíodh in aontíos le chéile ann ach na tuismitheoirí agus a gclann. Bheifí ag súil go gcruinneodh líon beag teaghlach a raibh gaol fola eatarthu i mbuíon ar leith chun cuidiú agus cosaint a thabhairt dá chéile, go n‑aistreoidís ó áit go háit ag cuardach bia, ach go gcaithfidís an geimhreadh faoi fhothain i gcampa seasta. Os a choinne sin, ní féidir go raibh na buíonta neamhspleách ar fad: b’éigean dóibh teacht le chéile chun earraí a mhalartú nó chun céilí leapa a fháil. Is údar suntais é, mar shampla, go bhfuarthas roinnt uirlisí breochloiche ag Loch na Buaraí cé nach bhfuil an chloch sin le fáil áit ar bith sa réigiún, rud a dheimhníonn go mbíodh earraí á malartú. Ar fud na cruinne, is gnách go mbíonn idir tríocha agus caoga ball i mbuíonta a chleachtann an tsealgaireacht mar shlí bheatha. Dá sínfeadh fearann seilge gach buíne 10 km soir is siar ó champa lárnach, chuimseodh sé 300 km2 den dúiche máguaird agus ní bheadh dóthain spáis ach le haghaidh trí chéad buíon in Éirinn. D’fhéadfadh na fearainn a bheith níos lú i gcásanna áirithe, ar ndóigh, ach tacaíonn an meastachán garbh seo leis an tuairim go raibh daonra na hÉireann amach is isteach le deich míle duine sa mheán-chlochaois.

     Thiocfadh méadú as cuimse ar an líon beag sin le teacht na chéad fheirmeoirí.