12/12/2012

Stát nua de chuid na hEorpa?

Léaráid chomhaimseartha den léigear

Ag breacadh an lae, an 11 Meán Fómhair 1714, d’ionsaigh arm Francach agus Spáinneach cathair Barcelona. Níos mó ná 40,000 fear a bhí san arm aontaithe seo i gcomórtas le harm beag de 10,000 Catalónach a bhí ag cosaint na cathrach. Bhíodh buntáiste nár bheag ag an lucht cosanta i gcogaíocht an 18ú céad, áfach, agus b’éigean do na comhghuaillithe a ngunnaí móra a dhíriú ar Barcelona ó lár mhí Iúil go dtí mí Mheán Fómhair sula raibh dóthain damáiste déanta d’fhallaí na cathrach chun an t-ionsaí a dhéanamh. I measc na saighdiúirí a réab isteach trí na bearnaí bhí ceithre reisimint Éireannacha i seirbhís na Fraince – reisimintí Dillon, Lee, Berwick agus Bourke. ‘Géanna fiáine’ ba ea na saighdiúirí seo agus bhí James Sarsfield (1693-1719), Iarla Leamhcán agus aonmhac Phádraig Sáirséal, ar dhuine de na hoifigigh a goineadh sa troid fhíochmhar. Tuairim is 10,000 de na hionsaitheoirí agus 6,000 de na cosantóirí a maraíodh nó a goineadh sular ghéill na Catalónaigh timpeall a ceathair a chlog um thráthnóna.

      Ba é an cath deiridh é i gCogadh Chomharbas na Spáinne – cogadh a thosaigh sa bhliain 1701 nuair a d’éag Carlos II, rí na Spáinne, gan oidhre. Beirt éilitheoirí a bhí ann: Philippe duc d’Anjou, garmhac le Louis XIV na Fraince, a d’éiligh an choróin faoin teideal Felipe V le tacaíocht na Fraince; agus an tArd-Diúc Karl, deartháir an Impire Joseph I, a d’éiligh an choróin faoin teideal Carlos III le tacaíocht na hOstaire, na Breataine, na hÍsiltíre agus na Portaingéile. Thacaigh an chuid ba mhó den Spáinn le Felipe V – rud a bhí ag teacht leis an uacht a dhein Carlos II – ach bhí imní ar na críocha a bhain le Coróin Aragón go leanfadh Felipe an polasaí céanna a bhí ag na Bourbons sa bhFrainc agus go bhféachfadh sé le stát láraithe a dhéanamh den Spáinn. Cé go raibh corónacha Aragón agus Castille aontaithe ón uair a phós los Reyes Católicos – Fernando II agus Isabel I – sa 15ú céad, choinnigh na ceithre chríoch a bhain le Coróin Aragón (.i. an Chatalóin, Valencia, na hOileáin Bhailéaracha agus Aragón) a gcórais rialaithe agus a ndlíthe féin tar éis aontú na gcorónacha agus chonacthas dóibh gurbh fhearr an seans a bheadh acu a gcuid saoirsí a chaomhnú dá mbeadh an bua ag an éilitheoir Ostarach.

An troid mar a samhlaíodh í sa 19ú céad agus Nueva Planta na bliana 1716

      Tháinig an tuar faoin tairngreacht tar éis bhua Felipe V nuair a d’fhógair sé an Nueva Planta (‘beartas nua’) don Chatalóin sa bhliain 1716: cuireadh deireadh le parlaimint na Catalóine (les Corts) agus lena coiste gnó (la Generalitat), an Spáinnis amháin a bheadh mar theanga oifigiúil feasta agus chaithfí leis an gCatalóin mar dhlúthchuid de ríocht aontaithe na Spáinne – ar aon dul le Castilla nó le hAndalucía. Ní bheadh sé iomarcach a rá go bhfuil an áit chéanna ag léigear Barcelona i stair na Catalóine agus atá ag briseadh Eachroma i stair na hÉireann, cé gur fearr an chuimhne atá ag na Catalónaigh ar a mbriseadhsan. Go deimhin, is é an 11 Meán Fómhair diada nacional (lá náisiúnta) na Catalóine.

      Is ag tús an 20ú céad, sa bhliain 1901, a eagraíodh an chéad searmanas cuimhneacháin ar an 11 Meán Fómhair i mBarcelona. D’fhás an ócáid sna blianta dár gcionn ach bhí cosc iomlán ar an diada i rith dheachtóireacht Primo de Rivera (1923-30). Ceadaíodh an lá náisiúnta arís nuair a bhí an Spáinn ina poblacht (1931-39), tráth a raibh féinriail ag an gCatalóin don chéad uair ó 1714 i leith. Cuireadh cosc ar an lá náisiúnta in athuair faoi dheachtóireacht Francisco Franco (1939-75), fear a chuir toirmeasc ar gach gné d’fhéiniúlacht na Catalóine. Ach an rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire: ó lár na 1960í amach d’éirigh le náisiúnaithe léirsithe beaga a eagrú ar an lá náisiúnta gach bliain. Is ag ceann de na léirsithe mídhleathacha seo sa bhliain 1971 a chualathas an t-amhrán náisiúnta, Els Segadors (‘lucht bainte an fhómhair’), á chanadh ag ócáid phoiblí sa Chatalóin don chéad uair le breis is tríocha bliain. Cheadaigh rialtas na Spáinne searmanas cuimhneacháin na bliana 1976; an bhliain dár gcionn, an 11 Meán Fómhair 1977, shiúil níos mó ná milliún duine trí shráideanna Barcelona agus iad ag tacú leis an éileamh go n-athbhunófaí an Generalitat, rialtas féin-rialaitheach na Catalóine, rud a tharla sa bhliain 1979.

An 11 Meán Fómhair i mbliana

      Ba é léirsiú na bliana 1977 an ceann ba mhó riamh go dtí an 11 Meán Fómhair i mbliana nuair a ghlac tuairim is milliún go leith Catalónach páirt sa mhórshiúil. Ní rialtas féin-rialaitheach a bhí á éileamh acu an babhta seo, áfach, ach neamhspleáchas ón Spáinn. Bhí an mana ‘Catalunya, nou estat d’Europa’ (‘An Chatalóin, stát nua de chuid na hEorpa’) le léamh ar fhógraí a bhí á n-iompar ag an slua agus bhí an estelada (bratach an neamhspleáchais atá cosúil leis an mbratach traidisiúnta, an senyera, móide triantán gorm agus réalta) le feiscint ar fud na cathrach. Thug an léirsiú ollmhór seo uchtach don pháirtí náisiúnaíoch a bhí i gcumhacht sa Generalitat, comhghuaillíocht den eite dheis darb ainm Convergència i Unió (CiU), agus glaodh olltoghchán don mhí seo caite – dhá bhliain roimh am.

Torthaí an toghcháin is déanaí

      Tríd is tríd, d’éirigh go maith le náisiúnaithe sa toghchán ach níor chruthaigh CiU go maith agus chailleadar dhá shuíochán déag den 62 shuíochán a bhí acu roimh an toghchán. Ghnóthaigh an Chlé Phoblachtach (ERC), dream atá níos náisiúnaí ná coimeádaigh an CiU, aon suíochán déag sa bhreis, áfach. (Níor mhiste a lua go bhfuil ceannaire an ERC, Oriol Junqueras, ina ollamh le stair san Universitat Autónoma de Barcelona.) Thairis sin, fuair na Glasaigh agus sóisialaithe an CUP – dhá pháirtí eile atá ar son neamhspleáchas na Catalóine – fuair siad sé shuíochán déag eile. An dá pháirtí atá glan i gcoinne náisiúnachas na Catalóine, an Partido Popular atá i gcumhacht i Maidrid agus Ciutadans (‘saoránaigh’), níor éirigh leo ach ocht suíochán is fiche a ghnóthú eatarthu. Thit an Páirtí Sóisialach (PSC) siar chomh maith: cé nach bhfuil na Sóisialaithe ar son neamhspleáchais, tá siad ag iarraidh go dtabharfaí cumhachtaí breise don Generalitat. Is féidir a rá gur bhuaigh náisiúnaithe de shaghas amháin nó de shaghas eile 87 suíochán san iomlán, i gcomórtas leis an 48 suíochán a bhuaigh dreamanna eile.

      Bheadh sé éasca go leor a cheapadh go bhfuil nasc díreach idir imeachtaí an 11 Meán Fómhair 1714 agus imeachtaí an 11 Meán Fómhair 2012, agus gur fhás náisiúnachas an lae inniu ó shíolta a cuireadh i dtús an 18ú céad. Ach braithim go bhfuil cúrsaí níos casta ná sin. Mar a scríobhas thuas, bhí ceithre chríoch a bhain le Coróin Aragón agus a thacaigh leis an éilitheoir Ostarach i rith Chogadh Chomharbas na Spáinne. Chuir Felipe V deireadh leis an bhféinriail i ngach ceann de na críocha sin tar éis an chogaidh. Thairis sin, is í an Chatalóinis an teanga dhúchais sa chuid is mó de chríoch Valencia agus ar fud na nOileán Bailéarach chomh maith. Conas a tharla sé, mar sin, gur sa Chatalóin amháin a d’fhás an náisiúnachas?


Críocha Choróin Aragón agus limistéar na Catalóinise
      Ní saineolaí mé ar stair na Spáinne ná na Catalóine agus níor mhaith liom a mhaíomh go bhfuil freagra na ceiste sin agam, ach chuireas suim sa mhéid a scriobh Pierre Vilar (1906-2003) ar an gceist. Staraí ba ea Vilar a rugadh sa bhFrainc ach bhain sé cáil amach le leabhar dar teideal La Catalogne dans l’Espagne moderne a foilsíodh sa bhliain 1962. Eisíodh aistriúchán Catalóinise den stair dhá bhliain dár gcionn agus glactar leis go coitianta gurb é mórshaothar Vilar an leabhar is tábhachtaí a scríobhadh riamh ar stair na Catalóine. Chreid Vilar go raibh traidisiún na féinrialach agus cultúr na Catalóinise riachtanach chun gluaiseacht náisiúnaíoch a chruthú, ach chreid sé chomh maith nár leor iad. Ba é an rud a chinntigh go mbeadh gluaiseacht láidir náisiúnaíoch sa Chatalóin, dar le Vilar, ná go raibh geilleagar na críche éagsúil ar fad leis an ngeilleagar sa Spáinn – agus sna críocha eile a bhain le Coróin Aragón chomh maith. Sa bhliain 1950, mar shampla, ba oibrithe tionsclaíocha iad 47% de lucht oibre na Catalóine i gcomórtas le 22% den lucht oibre sa chuid eile den Spáinn. Seo mar a scríobh Vilar (is aistriúchán Spáinnise é seo mar níl teacht agam ar an mbunleagan Fraincise):
Ello me parecía explicar en particular por qué Valencia, país agrícola exportador, las Baleares largo tiempo dormidas, y la Cataluña del Norte de los Albères, pariente próxima de Languedoc vitícola, habían participado solamente poco en el movimiento político catalán y le habrían mostrado a veces mal talante.
Pierre Vilar, El Hecho Catalán.
[Braithim go míníonn sé sin go háirithe cén fáth nár ghlac Valencia, ar críoch talmhaíochta agus onnmhairithe é, na hOileáin Bhailéaracha, a bhí marbhánta ar feadh i bhfad, nó Tuaisceart na Catalóine sna sléibhte Albères, a raibh gaol gairid idir é agus Languedoc na bhfíonghort, ach páirt bheag i ngluaiseacht pholaitiúil na Catalóine, agus cén fáth ar léirigh siad doicheall roimpi uaireanta.]
Bíonn drogall orm glacadh leis an mbonneagar eacnamaíoch mar mhíniú ar ghluaiseachtaí intleachtúla go hiondúil, agus bheadh fonn orm míniú a lorg i dtraidisiúin, i litríocht agus i gcultúr an phobail. Ach níl aon dlíthe eolaíocha sa stair agus ní bhíonn aon dá chás mar an gcéanna – sin ceann de bhuanna móra an disciplín. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an ceart ar fad ag Pierre Vilar sa chás áirithe seo.