Léaráid chomhaimseartha den léigear |
Ag breacadh an lae, an 11 Meán Fómhair
1714, d’ionsaigh arm Francach agus Spáinneach cathair Barcelona.
Níos mó ná 40,000 fear a bhí san arm aontaithe seo i gcomórtas
le harm beag de 10,000 Catalónach a bhí ag cosaint na cathrach.
Bhíodh buntáiste nár bheag ag an lucht cosanta i
gcogaíocht an 18ú céad, áfach, agus b’éigean do na
comhghuaillithe a ngunnaí móra a dhíriú ar Barcelona ó lár mhí
Iúil go dtí mí Mheán Fómhair sula raibh dóthain damáiste
déanta d’fhallaí na cathrach chun an t-ionsaí a dhéanamh. I
measc na saighdiúirí a réab isteach trí na bearnaí bhí ceithre
reisimint Éireannacha i seirbhís na Fraince – reisimintí
Dillon, Lee, Berwick agus Bourke. ‘Géanna fiáine’ ba ea na
saighdiúirí seo agus bhí James Sarsfield (1693-1719), Iarla
Leamhcáin agus aonmhac Phádraig Sáirséal, ar dhuine de na
hoifigigh a goineadh sa troid fhíochmhar. Tuairim is 10,000 de na hionsaitheoirí agus
6,000 de na cosantóirí a maraíodh nó a goineadh sular ghéill na
Catalónaigh timpeall a ceathair a chlog um thráthnóna.
Ba é an cath deiridh é i gCogadh
Chomharbas na Spáinne – cogadh a thosaigh sa bhliain 1701 nuair a
d’éag Carlos II, rí na Spáinne, gan oidhre. Beirt éilitheoirí
a bhí ann: Philippe duc d’Anjou, garmhac le Louis XIV na Fraince,
a d’éiligh an choróin faoin teideal Felipe V le tacaíocht na
Fraince; agus an tArd-Diúc Karl, deartháir an Impire Joseph I, a
d’éiligh an choróin faoin teideal Carlos III le tacaíocht na
hOstaire, na Breataine, na hÍsiltíre agus na Portaingéile.
Thacaigh an chuid ba mhó den Spáinn le Felipe V – rud a bhí ag
teacht leis an uacht a dhein Carlos II – ach bhí imní ar na
críocha a bhain le Coróin Aragón go leanfadh Felipe an polasaí
céanna a bhí ag na Bourbons sa bhFrainc agus go bhféachfadh sé le
stát láraithe a dhéanamh den Spáinn. Cé go raibh corónacha
Aragón agus Castilla aontaithe ón uair a phós los Reyes
Católicos – Fernando II agus Isabel I – sa 15ú céad,
choinnigh na ceithre chríoch a bhain le Coróin Aragón (.i. an
Chatalóin, Valencia, na hOileáin Bhailéaracha agus Aragón) a
gcórais rialaithe agus a ndlíthe féin tar éis aontú na
gcorónacha agus chonacthas dóibh gurbh fhearr an seans a bheadh acu
a gcuid saoirsí a chaomhnú dá mbeadh an bua ag an
éilitheoir Ostarach.
Tháinig an tuar faoin tairngreacht tar
éis bhua Felipe V nuair a d’fhógair sé an Nueva Planta
(‘beartas nua’) don Chatalóin sa bhliain 1716: cuireadh deireadh
le parlaimint na Catalóine (les Corts) agus lena coiste gnó
(la Generalitat). An Spáinnis amháin a bheadh mar theanga
oifigiúil feasta agus chaithfí leis an gCatalóin mar dhlúthchuid
de ríocht aontaithe na Spáinne – ar aon dul le Castilla nó le
hAndalucía. Ní bheadh sé iomarcach a rá go bhfuil an áit chéanna ag léigear Barcelona i stair na Catalóine agus atá ag briseadh Eachroma i stair na hÉireann, cé gur fearr an chuimhne
atá ag na Catalónaigh ar a mbriseadhsan. Go deimhin, is é an 11
Meán Fómhair diada nacional (lá náisiúnta) na
Catalóine.
Is ag tús an 20ú céad, sa bhliain
1901, a eagraíodh an chéad searmanas cuimhneacháin ar an 11 Meán
Fómhair i mBarcelona. D’fhás an ócáid sna blianta dár gcionn
ach bhí cosc iomlán ar an diada i rith dheachtóireacht
Primo de Rivera (1923-30). Ceadaíodh an lá náisiúnta arís nuair
a bhí an Spáinn ina poblacht (1931-39), tráth a raibh féinriail ag
an gCatalóin don chéad uair ó 1714 i leith. Cuireadh cosc ar an lá
náisiúnta in athuair faoi dheachtóireacht Francisco Franco
(1939-75), fear a chuir toirmeasc ar gach gné d’fhéiniúlacht na
Catalóine. Ach an rud a théann i bhfad, téann sé i bhfuaire: ó lár na 1960í amach d’éirigh le
náisiúnaithe léirsithe beaga a eagrú ar an lá
náisiúnta gach bliain. Is ag ceann de na léirsithe mídhleathacha
seo sa bhliain 1971 a chualathas an t-amhrán náisiúnta, Els
Segadors (‘lucht bainte an
fhómhair’), á chanadh ag ócáid phoiblí sa Chatalóin
don chéad uair le breis is tríocha bliain. Cheadaigh rialtas na
Spáinne searmanas cuimhneacháin na bliana 1976; an bhliain dár
gcionn, an 11 Meán Fómhair 1977, shiúil níos mó ná milliún
duine trí shráideanna Barcelona agus iad ag tacú leis an éileamh
go n-athbhunófaí an Generalitat, rialtas féin-rialaitheach
na Catalóine, rud a tharla sa bhliain 1979.
An 11 Meán Fómhair i mbliana |
Ba é léirsiú na bliana 1977 an ceann
ba mhó riamh go dtí an 11 Meán Fómhair i mbliana nuair a ghlac
tuairim is milliún go leith Catalónach páirt sa mhórshiúil. Ní
rialtas féin-rialaitheach a bhí á éileamh acu an babhta seo,
áfach, ach neamhspleáchas ón Spáinn. Bhí an mana ‘Catalunya,
nou estat d’Europa’ (‘An Chatalóin, stát nua de chuid na
hEorpa’) le léamh ar fhógraí a bhí á n-iompar ag an slua agus bhí an
estelada (bratach an neamhspleáchais atá cosúil leis an
mbratach traidisiúnta, an senyera, móide triantán gorm agus
réalta) le feiscint ar fud na cathrach. Thug an léirsiú ollmhór
seo uchtach don pháirtí náisiúnaíoch a bhí i gcumhacht sa
Generalitat, comhghuaillíocht den eite dheis darb ainm
Convergència i Unió (CiU), agus glaodh olltoghchán don mhí seo
caite – dhá bhliain roimh am.
Torthaí an toghcháin is déanaí |
Tríd is tríd, d’éirigh go maith le
náisiúnaithe sa toghchán ach níor chruthaigh CiU go maith agus chailleadar
dhá shuíochán déag den 62 shuíochán a bhí acu roimh an
toghchán. Ghnóthaigh an Chlé Phoblachtach (ERC), dream atá níos
náisiúnaí ná coimeádaigh an CiU,
aon suíochán déag sa bhreis,
áfach. (Níor mhiste a lua go bhfuil ceannaire an ERC, Oriol Junqueras, ina ollamh le stair san Universitat Autónoma de Barcelona.) Thairis sin, fuair na Glasaigh agus sóisialaithe an CUP –
dhá pháirtí eile atá ar son neamhspleáchas na Catalóine –
fuair siad sé shuíochán déag eile. An dá pháirtí atá glan i
gcoinne náisiúnachas na Catalóine, an Partido Popular
atá i gcumhacht i Maidrid agus Ciutadans
(‘saoránaigh’), níor éirigh leo ach ocht suíochán is fiche a
ghnóthú eatarthu. Thit an Páirtí Sóisialach (PSC) siar chomh maith: cé
nach bhfuil na Sóisialaithe ar son neamhspleáchais, tá siad ag iarraidh go dtabharfaí cumhachtaí breise don Generalitat. Is féidir a rá gur bhuaigh náisiúnaithe de shaghas amháin nó de shaghas eile 87 suíochán san iomlán, i gcomórtas leis an 48 suíochán a bhuaigh dreamanna eile.
Bheadh
sé éasca go leor a cheapadh go bhfuil nasc díreach idir
imeachtaí an 11 Meán Fómhair 1714 agus imeachtaí an 11 Meán
Fómhair 2012, agus gur fhás náisiúnachas an lae inniu ó shíolta
a cuireadh i dtús an 18ú céad. Ach braithim go bhfuil cúrsaí
níos casta ná sin. Mar a scríobhas thuas, bhí ceithre chríoch a
bhain le Coróin Aragón agus a thacaigh leis an éilitheoir
Ostarach i rith Chogadh Chomharbas na Spáinne. Chuir Felipe V
deireadh leis an bhféinriail i ngach ceann de na críocha sin tar
éis an chogaidh. Thairis sin, is í an Chatalóinis an teanga
dhúchais sa chuid is mó de chríoch Valencia agus ar fud na nOileán Bailéarach chomh maith.
Conas a tharla sé, mar sin, gur sa Chatalóin amháin a d’fhás an
náisiúnachas?
Críocha Choróin Aragón agus limistéar na Catalóinise |
Ello me parecía explicar en particular por qué Valencia, país agrícola exportador, las Baleares largo tiempo dormidas, y la Cataluña del Norte de los Albères, pariente próxima de Languedoc vitícola, habían participado solamente poco en el movimiento político catalán y le habrían mostrado a veces mal talante.
Pierre Vilar, El Hecho Catalán.
[Braithim go míníonn sé sin go háirithe cén fáth nár ghlac Valencia, ar críoch talmhaíochta agus onnmhairithe é, na hOileáin Bhailéaracha, a bhí marbhánta ar feadh i bhfad, nó Tuaisceart na Catalóine sna sléibhte Albères, a raibh gaol gairid idir é agus Languedoc na bhfíonghort, ach páirt bheag i ngluaiseacht pholaitiúil na Catalóine, agus cén fáth ar léirigh siad doicheall roimpi uaireanta.]
Bíonn
drogall orm glacadh leis an mbonneagar eacnamaíoch mar mhíniú ar
ghluaiseachtaí intleachtúla go hiondúil, agus bheadh fonn orm míniú a lorg i dtraidisiúin, i litríocht agus i gcultúr an
phobail. Ach níl aon dlíthe eolaíocha sa stair agus ní bhíonn
aon dá chás mar an gcéanna – sin ceann de bhuanna móra an
disciplín. Ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an ceart ar fad ag
Pierre Vilar sa chás áirithe seo.