13/01/2013

Foclóir na staire

Beidh Tomás de Bhaldraithe ag dul amach ar pinsean ag deireadh na míosa seo nuair a fhoilseofar mór-fhoclóir Béarla-Gaeilge atá á ullmhú ag Foras na Gaeilge le cúpla bliain anuas. Ní nach ionadh, tá easnaimh áirithe le brath ar fhoclóir de Bhaldraithe tar éis caoga bliain. Cé go bhfuil cuid mhaith foclóirí beaga curtha amach le déanaí, agus cé go bhfuil gluaiseanna téarmaíochta curtha ar fáil i bhfoirm chlóbhuailte nó ar an ngréasán domhanda, baineann deacrachtaí i gcónaí le scríobh na staire sa Ghaeilge de bharr easpa soiléireachta maidir le ciall na bhfocal, de bharr easpa téarmaí, nó de bharr téarmaí lochtacha a cheap coiste nár chuir cúinsí stairiúla san áireamh mar ba chóir nuair a bhí na téarmaí faoi chaibidil acu. Tabharfaidh mé cúpla sampla a ritheann liom anseo thíos.

Foclóirí Béarla-Gaeilge ón 18ú céad agus ón 19ú céad

century


Is focal coitianta é seo sa Bhéarla, focal nach bhféadfadh a bheith níos soiléire ó thaobh na céille de. Tá téarmaí i dteangacha eile nach féidir míthuiscint a bhaint astu: tuigfidh gach Béarlóir Jahrhundert na Gearmáinise ar an toirt. Tá siècle na Fraincíse agus siglo na Spáinnise beagnach chomh soiléir céanna, cé go n-úsáidtear iad ar bhealach meafarach chun ‘tréimhse fhada’ a chur in iúl uaireanta: le siècle de Louis XV abraimis. Caithfear a admháil go bhfuil cúrsaí sa Rúisis an-chosúil le cúrsaí sa Ghaeilge mar úsáidtear dhá théarma go coitianta le haghaidh century sa teanga sin: век (vek) agus столетие (stoletie). Is ionann век agus ‘aois’ na Gaeilge ach tá ciall i bhfad níos cruinne le столетие: сто (sto) = ‘céad’, лето (leto) = ‘bliain’.

      Is é an téarma is mó a úsáidtear sa Ghaeilge ná ‘aois’ – focal nach bhfuil cruinneas dá laghad ag baint leis. Ar ndóigh, tuigfidh gach duine tagairt don ‘17ú haois’, ach cad is brí le ‘aois an Reifirméisin’ (téarma eile a phléifear thíos), ‘an aois Bharócach’, ‘aois na hEagnaíochta’, nó ‘aois na réabhlóide tionsclaíche’? An tréimhsí scaoilte nó tréimhsí de chéad bliain atá i gceist leis na habairtí seo? Ní féidir a rá. Ach tá bealach éasca ann chun an débhrí agus an doiléire a sheachaint: ba chóir ‘céad’ a scríobh nuair is century atá i gceist agus ba chóir ‘ré’ a scríobh nuair is tréimhse éiginnte atá i gceist.

commons, house of


Shílfeá go mbeadh sé éasca go leor Gaeilge a chur ar an téarma seo. Tar éis an tsaoil, bhí parlaimint in Éirinn a raibh a leithéid de theach inti anuas go dtí an bhliain 1800, agus ina dhiaidh sin bhí feisirí ón tír seo ina gcomhaltaí den House of Commons thall. Dhá leagan a mhol de Bhaldraithe (1959): ‘Dáil Shasana’ agus ‘Teach na dTeachtaí’. Níl aon dealramh leis an gcéad mholadh (a bhí ag McCionnaith chomh maith): bheadh orainn ‘Dáil Shasana na hÉireann’ a thabhairt ar an seantigh i bhFaiche an Choláiste! Is baolach nach féidir an dara téarma a úsáid ach an oiread. An tuairim sin gur ‘teachtaí’ iad na baill den House of Commons, is tuairim í a d’eascair san 18ú céad ach ní raibh aon ghlacadh ag lucht na parlaiminte léi ar feadh i bhfad. Tuairim ba ea í a bhain le radacaigh a bhí ag iarraidh an pharlaimint a leasú ó bhun go barr – ‘root and branch reform’ mar a tugadh air ag an am. Caithfear idirdhealú caolchúiseach a dhéanamh idir dhá choincheap: coincheap an ionadaí (representative) agus coincheap an teachta (deputy nó delegate). Na baill de ghiúiré i gcás cúirte, is ionadaithe seachas teachtaí iad. Ní bhíonn dualgas orthu toil an phobail a dhéanamh ach a mhalairt ar fad: ní foláir dóibh éisteacht chothrom a thabhairt don fhianaise, neamhshuim a dhéanamh den saol lasmuigh de theach na cúirte, agus breith neamhspleách a thabhairt ag deireadh na trialach. B’shin an tuiscint a bhíodh ann ar dhualgas an fheisire leis na céadta blian. Thairis sin, baineann ciall thábhachtach leis an bhfocal commons nár chóir a chailliúint san aistriúchán: b’ionann na commons agus an móramh mór sin den phobal nach raibh teideal uaisleachta acu. Ní féidir ‘an choitiantacht’ a thabhairt orthu ach an oiread toisc gur dhream gustalach iad na feisirí go léir roimh thús an 20ú céad. Ba thábhachtach an t-idirdhealú é mar sin féin: an dream a raibh teidil uaisleachta acu, ba bhaill de Theach na dTiarnaí iad agus bhí ‘áit eile’ ann don dream eile ...

      Cad é an leagan Gaeilge is fearr ar an teach íochtarach más ea? ‘Teagh na honóra’ agus ‘teagh na nuasal’ a bhí ag Conchúr Ó Beaglaoich (1732) ar house of lords agus ar house of commons faoi seach – ach is cinnte go mbainfí míchiall as ‘Teach na nUasal’ anois. Mhol O’Neill-Lane (1915) ‘Tuathchomhairle’, leagan nach bhfacas riamh lasmuigh den fhoclóir, ach caithfidh mé a admháil nach mbeadh ‘Teach na dTuataí’ go dona in aon chor. Go deimhin, ní dhá theach ach trí theach a bhíodh i bparlaimint na hÉireann anuas go dtí aimsir an Reifirméisin ach cuireadh deireadh le Teach na Cléire (House of Proctors) nuair a dhiúltaigh sé glacadh leis an socrú nua eaglasta – níorbh fhear é Anraí VIII a ligfeadh do theach suarach parlaiminte srian a chur lena mhianta. Bhaineas féin úsáid as ‘Teach na gComóntach’ cúpla uair. Ní mise a chum an leagan sin ach ní dóigh liom go bhfuil sé le fáil in aon fhoclóir ná ar aon liosta téarmaí. Tá sé le fáil sa reachtaíocht, áfach, tá sé sothuigthe, agus tá sé an-chosúil leis an téarma a úsáidtear sa Ghàidhlig: mar atá, Taigh nan Cumantan. Is leor an méid sin domsa.

historiography


Tá dhá chiall leis an bhfocal history: na rudaí a tharla san am atá imithe (‘history 1’) agus na saothair a scríobhann staraithe (‘history 2’). Mar an gcéanna, tá dhá chiall leis an bhfocal historiography: an obair a dhéanann staraithe (‘historiography 1’) agus an staidéar a dhéantar ar obair na staraithe (‘historiography 2’). Is léir go bhfuil dlúthbhaint idir history 2 agus historiography 1. Go deimhin, d’fhéadfaí a rá go dtagraíonn an dá théarma don rud céanna ach gur ainmfhocal é history 2 agus gur ainm briathartha é historiography 1 níos minice ná a mhalairt. Tá an téarma ‘historiography’ luaite ar an liosta de théarmaí staire a d’eisigh an Coiste Téarmaíochta agus seo iad na moltaí a dheineadar:
historiography s (= corpus of history) stair f2
historiography s (= study of methods of history) staireolaíocht f3
historiography s (= writing of history) scríobh m3 na staire
historiography s (study of methods) staireolaíocht f3
historiography s (Lit.) (corpus) stair f2
historiography s (Lit.) (writing of history) scríobh m na staire
Tá sé sin sách casta, ach is féidir moltaí an Choiste a chur i láthair ar bhealach níos soiléire:
history 1: stair
history 2: stair
historiography 1: stair, scríobh na staire
historiography 2: staireolaíocht
Braithim go mbaineann deacrachtaí nach beag leis an leagan amach sin.

      An chéad fhadhb, ar ndóigh, nach féidir history 1 agus history 2 a dhealú óna chéile. Is fíor go bhfuil an fhadhb seo sa Bhéarla agus i mórán teangacha eile chomh maith, ach is fadhb í mar sin féin. Thairis sin, bíonn an abairt ‘scríobh na staire’ thar a bheith amscaí i gcásanna áirithe. Glacaim leis gur aistriúchán sásúil ar ‘the historiography of 18th-century Ireland has grown greatly in recent years’ an leagan seo: ‘tá fás mór tagtha ar scríobh stair na hÉireann san 18ú céad le blianta beaga anuas’. Ach conas is féidir an múnla céanna a úsáid sa chás seo a leanas: ‘major gaps are evident in the historiography of 18th-century Ireland’? Ní bheinn sásta leis an aistriúchán seo a leanas: ‘tá bearnaí móra le brath ar scríobh stair na hÉireann san 18ú céad’. Sílim go mbeadh an t-aistriúchán sin lochtach toisc gur ainm briathartha é ‘scríobh’; má tá ‘bearnaí’ le tabhairt faoi deara, caithfear ainmfhocal a úsáid nó déanfar praiseach den mheafar. Dá nglacfaí le moltaí an Choiste, d’fhéadfaí ‘tá bearnaí móra le brath ar stair Éire an 18ú céad’ a scríobh; ach cad is brí le ‘stair Éire an 18ú céad’? Sílim go gceapfadh mórán léitheoirí gur history 1 a bheadh i gceist agus go nglacfaidís leis an abairt mar thagairt d’easpa forbartha na tíre san 18ú céad.

      Seo é an moladh atá agamsa:
history 1: stair
history 2: staireagrafaíocht
historiography 1: staireagrafaíocht, scríobh na staire
historiography 2: staireolaíocht
Is moladh é sin a fhuasclaíonn dhá fhadhb ag an am céanna: déanann sé dealú soiléir idir history 1 is history 2 ar láimh amháin, agus idir historiography 1 is historiography 2 ar an láimh eile. An bhfuil aon duine ann nach dtuigfeadh an abairt seo a leanas ar an toirt: ‘tá bearnaí móra le brath ar staireagrafaíocht Éire an 18ú céad’? Cé nach bhfuil an téarma ‘staireagrafaíocht’ le fáil i bhfoclóir ar bith go dtí seo, tá an téarma beo beathach sna dea-leabhair staire.  

Foclóirí Béarla-Gaeilge ón 20ú céad








nine years’ war


Tá dhá chiall ar leith leis an téarma seo. I ngach tír eile seachas Éire, is é is brí leis an Nine Years’ War an cogadh mór Eorpach a mhair idir 1688 agus 1697 – cogadh a raibh Cogadh an Dá Rí seo againne ina chuid imeallach de. Cé gurb é an Nine Years’ War an t-ainm is coitianta ar an gcogadh sa Bhéarla, tugtar an Guerre de la Ligue d’Augsbourg air sa bhFraincis agus is é an Pfälzische Erbfolgekrieg (Cogadh Chomharbas na Palaitíneachta) an t-ainm is coitianta sa Ghearmáinis. In Éirinn, áfach, tugtar an Nine Years’ War ar an gcogadh a thosaigh i gCúige Uladh sa bhliain 1593 agus a leathnaigh ar fud an oileáin sna blianta dár gcionn. Chríochnaigh an cogadh sa bhliain 1603 nuair a síníodh conradh síochána idir Ó Néill agus fear ionaid na banríona (nó fear ionaid an rí, ós rud é gur éag an bhanríon seachtain roimhe sin) sa Mhainistir Mhór. Is léir go bhfuil úsáid seo an téarma ‘Cogadh na Naoi mBliana’ débhríoch. Thairis sin, tá sé míchruinn toisc gur mhair an cogadh ar feadh deich mbliana (1593-1603).

      Sílim gurb é an réiteach is fearr an téarma a sheachaint ar fad. Tugaim ‘Cogadh Chonradh Augsburg’ ar an gcogadh Eorpach agus ‘Cogadh an Dá Aodh’ ar an gcogadh Éireannach. Is dóigh liom go mbeidh ciall an dá leagan sin soiléir do chách.

reformation


Tá an leagan ‘Leasú Creidimh’ léite agam i leabhair agus in aistí áirithe ach tá deacracht fhollasach ag baint leis: tá ciall dhearfach leis an bhfocal ‘leasú’ agus ní gá bheith i do bhall dílis d’eaglais na Róimhe le tuiscint gur chóir don staraí téarma neodrach a úsáid nach léiríonn báidh le reiligiún ar leith. Mhol O’Neill-Lane ‘malartughadh creidimh’ sa bhfoclóir leis a foilsíodh sa bhliain 1915 agus mhol McCionnaith (ar bhall de Chumann Íosa é) ‘Athrú Creidimh’ sa bhliain 1935. Ní féidir a rá go bhfuil ciall dhiúltach leis na téarmaí ‘malartú’ agus ‘athrú’ - is minic a bhíonn malartú nó athrú chun feabhais ann - ach tá Protastúnaigh ann nach mbeadh sásta a rá gurbh iad a d’athraigh agus adéarfadh gur ag filleadh ar bhunfhoinsí an chreidimh a bhíothas.

      B’fhearr go mór don staraí na hargóintí diagachta seo a fhágáil faoi na diagairí agus glacadh leis an téarma a mhol de Bhaldraithe (1959), mar atá ‘Reifirméisean’. Is fíor go bhféadfadh an Caitliceach goilliúnach a rá gur leagan é seo de Reformation an Bhéarla agus go bhfuil blas dearfach ar an téarma reform - gurb ionann reform a dhéanamh ar na saolta seo agus feabhas a chur ar rud. Níorbh amhlaidh a bhíodh i gcónaí, áfach, agus is é ‘athdhéanamh’ an bhunchiall atá leis an bhfocal.

      Táim ag súil go mór le spléachadh a fháil ar an bhfoclóir nua ag deireadh na míosa agus cuirfidh mé aguisín leis an aiste seo nuair a bheidh an saothar sin scagtha agam.

AGUISÍN - 23 Eanáir 2013


An foclóir nua Béarla-Gaeilge



Tá teacht ar an bhfoclóir nua Béarla-Gaeilge anois. Níl ach an tríú cuid den ábhar curtha ar fáil, áfach, rud a fhágann nach mbeifear in ann breith chóir a thabhairt ar an saothar go ceann tamaill eile. Go deimhin, is cosúil nach mbeidh an leagan clóbhuailte le fáil go dtí an bhliain 2015.

      Ceann amháin de na téarmaí a pléadh thuas atá istigh faoi láthair: tá idir ‘aois’ agus ‘céad’ luaite mar aistriúcháin ar century agus ní féidir a rá go bhfuil tús áite tugtha do cheann amháin thar an gceann eile. Níl aon trácht ar commons, ar historiography ná ar Reformation go fóill, agus ní bheinn ag súil go mbeadh tagairt don Nine Years’ War i bhfoclóir ginearálta mar seo.