07/05/2017

Tuarisc ar an seoladh

Seoladh an leabhar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland, an 11 Aibreán, san Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath. I measc na ndaoine a d’fhreastail ar an ócáid bhí scoláirí aitheanta mar James McGuire (a stiúir mo thráchtas máistreachta fadó), Andrew Carpenter, Bernadette Cunningham, Michelle O Riordan, Éamonn Ó Ciardha, Mícheál Ó Siochrú agus Éamon Ó Ciosáin. Thug Alan Titley caint mholtach a bhí téagartha agus géarchúiseach, cé gur bhraith sé go raibh roinnt de na haistriúcháin sa leabhar ró-shéimh agus nár éirigh liom boirbe, gairge agus graostacht na mbunleaganacha a thabhairt liom i gcónaí. Tá súil agam go bhfeicfear a chaint i gcló amach anseo.

     Ag tús mo chainte, ghabhas buíochas le hAlan as an moladh a thug sé don leabhar ag an seoladh agus, go mór mór, as an moladh a thug sé dó nuair a léigh sé an chlóscríbhinn ar son na bhfoilsitheoirí bliain nó dhó ó shin. Ghabhas buíochas chomh maith le Mike Collins agus le Maria O’Donovan, na baill d’fhoireann Chló Ollscoile Chorcaí a rabhas ag plé leo, as a gcuid cúirtéise agus gairmiúlachta ó thús deireadh an phróisis. Bhí sé de gheasa orm ábhar an leabhair a mholadh, ar ndóigh, ach shíleas go raibh cead agam dhá ghné den saothar a mholadh nach raibh baint agam féin leo: mar atá, an eagarthóireacht agus an dearadh—idir mhaisiú an chlúdaigh agus chlóghrafaíocht an téacs.

     Níor theastaigh uaim moill ró-mhór a chur ar an lucht éisteachta, ach bhraitheas gur chóir dom rud éigin a rá faoi théama an leabhair a bhí á sheoladh. Thógfadh sé ró-fhada orm achoimre a dhéanamh ar théis an leabhair—agus níorbh fhiú an tairbhe an trioblóid ós rud é go raibh an dream a bhí i láthair ar tí é a cheannach. Ina ionad sin, dúras gur theastaigh uaim a n-aird a dhíriú ar roinnt impleachtaí a bhain leis an saothar. Is i mBéarla a labhair mé, ós rud é gur leabhar Béarla a bhí le seoladh, agus ní raibh téacs na cainte scríofa amach agam roimh ré. Ní raibh os mo chomhair ach cúpla pointe a bhí breactha ar chlúdach litreach. Fágann sé sin nach féidir liom téacs na cainte a thabhairt anseo focal ar fhocal, ach tá an clúdach litreach le m’ais agus an tuairisc seo á scríobh agam agus déanfaidh mé mo dhícheall leagan Gaeilge den chaint a thugas ar an oíche a athchruthú anseo thíos ...

Mise agus Alan Titley, ag labhairt i láthair Mike Collins ó Chló Ollscoile Chorcaí

Óráid an tseolta

Tá trí cinn de cheachtanna, de thátail, nó d’impleachtaí a eascraíonn ón leabhar seo ar mhaith liom bhur n-aird a dhíriú orthu.

     Is é an chéad tátal tábhacht an leanúnachais. I dtreo dheireadh an leabhair [féach leathanach 309], tá tagairt agam do ráiteas a dhein Roy Foster inar áitigh sé go bhfuil béim ar leith curtha ag staraithe na hÉireann ar an neamhleanúnachas le tamall anuas. Táim ar aon fhocal leis an Ollamh Foster faoin méid sin, ach creideann seisean gur rud maith é agus táimse ar mhalairt tuairime. Is annamh a bhíonn neamhleanúnachas le feiscint i stair tíre ar bith. Dá n-iarrfaí orm sampla den neamhleanúnachas a thabhairt i stair na hEorpa, is dócha go smaoineoinn ar na himeachtaí a tharla sa Phrúis Thoir sa bhliain 1945 nuair a aistríodh an pobal Gearmánach amach as an gcúige gur lonnaíodh pobail nua, idir Pholannaigh agus Rúisigh, ina n-áit. Ní léir dom gur tharla a leithéid d’eachtra riamh i stair na hÉireann. Cibé athruithe a tháinig ar an gcóras rialaithe nó ar úinéireacht na talún abhus, lean sciar maith den phobal dúchais orthu ag maireachtáil san áit inar mhaireadar riamh. Agus má thagann an pobal slán, tiocfaidh traidisiúin, creideamh, dílseachtaí, cultúr agus féiniúlacht an phobail sin slán. Athraíonn cultúir, ar ndóigh, ach ní thar oíche a tharlaíonn sé: éabhlóid a bhíonn i gceist agus ní bhriseann sé an leanúnachas. Is fearr liom i gcónaí bheith ag plé le samplaí ón stair ná le teoiricí teibí agus ritheann dhá shampla liom ós rud é go bhfuilimid bailithe anseo faoi dhíon an Acadaimh Ríoga. San 11ú céad, chum file darbh ainm Gilla Cáemáin dán dar tús ‘Éire ard inis na rí’ inar rianaigh sé ríthe págánacha na hÉireann ó Shláine, an chéad rí a bhí ar na Fir Bolg, go dtí Lóeguire, a bhí ina rí ar Theamhair nuair a chuir Pádraig tús lena mhisean in Éirinn. Céad éigin bliain dár gcionn, chum file darbh ainm Gilla Mo Dutu Ua Casaide dán dar tús ‘Éire ógh inis na naomh’ a rianaigh ríthe Críostúla na hÉireann ó Laoghaire go dtí Máel Sechnaill II. Is sa Mheán-Ghaeilge a cumadh na dánta seo, ar ndóigh, ach leasaigh scríobhaithe iad de réir a chéile chun an teanga a chur in oiriúint do Ghaeilge a linne féin agus leanadar orthu á gcóipeáil anuas go dtí lár an 19ú céad. Tuairim is tríocha cóip den dá dhán ón 18ú agus an 19ú céad atá ar caomhnú i gcnuasach an Acadaimh Ríoga amháín. Is eiseamláir ghlinn é seo de leanúnachas an chultúir in Éirinn. Leanúnachas is ea é a bhfuil formhór na staraithe dall air, ach caithfear é a chur san áireamh más mian linn stair na tíre seo a thuiscint.

     Is é an dara tátal ar mian liom bhur n-aird a dhíriú air tábhacht na heisceachtúlachta. Má tá an leanúnachas as faisean, ní taise don eisceachtúlacht é. Ní féidir a shéanadh go bhfuil claonadh sa staireagrafaíocht faoi láthair chun stair na hÉireann a shamhlú le cúrsa na staire i dtíortha Eorpacha eile, agus chun beag is fiú a dhéanamh de na tréithe sainiúla a dhealaíonn stair na tíre seo ón norm Eorpach. Ach ní féidir stair na hÉireann a scrúdú gan eisceachtaí suntasacha a thabhairt faoi deara inti. Sa 16ú céad, mar shampla, ba í Éire an t-aon ríocht i gCríostaíocht an iarthair nár ghlac leis an bprionsabal ‘cuius regio, eius religio’ (‘an té ar leis an réigiún, is leis an reiligiún’). Ina ionad sin, bhuail an Reifirméisean ding sa scoilt idir an pobal agus an stát. Arís, sa 17ú céad, díothaíodh na huaisle dúchasacha, idir Ghaeil agus Shean-Ghaill, agus fuair aicme cheannais nua thar cuan isteach seilbh ar thailte na hÉireann. Go bhfios dom, níl ach sampla amháin eile san Eoraip atá inchurtha le cás na hÉireann: mar atá, an Bhoihéim, ríocht inar chaill na huaisle Protastúnacha, ar Sheicigh iad a bhformhór, a n-eastáit nuair a bhris arm Caitliceach an Impire Ferdinand II orthu ag cath an tSléibhe Bháin [Bílá hora]. Cé nach raibh an t-aistriú talún chomh forleathan sa Bhoihéim is a bhí in Éirinn, b’fhéidir gur mhó an claochlú é ansiúd toisc gur tharla sé in aon gheábh amháin. Ach má tharla aistriú talún ar an scála céanna i dtír Eorpach eile sa ré nua-aoiseach, ní heol domsa é. Agus maidir leis an 18ú céad, ní fhéadfainn an leabhar atá á sheoladh anocht a scríobh in aon chor mura mbeadh cultúr eisceachtúil ag Éireannaigh na linne: is amhlaidh go raibh litríocht á saothrú i dteanga an phobail anseo a bhí neamhspleách go hiomlán ar an gclódóireacht. Go bhfios dom, ní raibh ach tír amháin eile in iarthar na hEorpa sa chás céanna: tír atá níos imeallaí fós ná Éire, mar atá, an Íoslainn. Agus tamall gearr i ndiaidh na tréimhse atá faoi chaibidil sa leabhar seo, tharla tubaiste mhillteanach an ghorta mhóir, tubaiste a chuir tús le himirce ar scála ollmhór agus a d’fhág go mbeadh titim leanúnach ar dhaonra na hÉireann go dtí an dara leath den chéad seo caite. Ní féidir a shéanadh go bhfuil eisceachtaí carntha ar eisceachtaí i stair na hÉireann. Is fíor, ar ndóigh, go bhfuil stair gach tíre eisceachtúil, sa mhéid is go bhfuil stair dhifriúil ag gach tír, ach ní féidir liom éalú ón tuairim go bhfuil stair na hÉireann níos éagsúla leis an norm Eorpach ná startha na dtíortha eile máguaird.

     Is é an tríú tátal ar mian liom labhairt faoi ná tábhacht na bhfoinsí príomha. Is é mionscrúdú na bhfoinsí bunaidh an bhunchloch a bhfuil staidéar na staire tógtha uirthi. Is éigean go mbeadh an staraí gairmiúil in ann na foinsí príomha a bhaineann leis an ábhar taighde atá idir lámha aige a thuiscint agus a scagadh. Ar an drochuair, is minic a dheintear neamhshuim den phrionsabal seo in Éirinn. In ionad iad féin a thumadh i bhfianaise chomhaimseartha na bhfoinsí bunaidh, tá luí aimhleasta ag staraithe na hÉireann le teoiricí réamhdhéanta a cruthaíodh i dtíortha eile. Is fusa go mór teacht ar thagairtí don ‘moral economy’, don ‘public sphere’ , don ‘ancien régime society’—coincheapa nach cuidiú dúinn iad chun stair na hÉireann a thuiscint—ná ar shleachta as litríocht chomhaimseartha na Gaeilge i staireagrafaíocht an 18ú céad. Is é Jonathan Clark, staraí Sasanach, a d’áitigh gur ‘ancien régime society’ é Sasana i rith an 18ú céad ‘fada’, aois nár chríochnaigh gur leasaíodh an pharlaimint sa bhliain 1832. Seo mar a mhínigh sé an téarma sin: ‘gentlemen, the Church of England, and the crown commanded an intellectual and social hegemony’. Sílim gur cur síos cruinn go leor é sin ar shochaí Shasana san 18ú céad, ach tugaim bhur ndúshlán The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland a léamh agus a rá liom ansin go raibh ceannas intleachtúil ag daoine uaisle, ag cléir na heaglaise bunaithe, nó ag ríthe Shasana in Éirinn an 18ú céad.

     Má spreagann an leabhar seo staraithe na hÉireann chun níos mó airde a thabhairt ar an leanúnachas, ar an eisceachtúlacht agus—go háirithe—ar fhianaise na bhfoinsí príomha, raghad abhaile, mo ghnó agam críochnaithe.