23/04/2014

Cath Chluain Tarbh

Cothrom an lae seo míle bliain ó shin, an 23 Aibreán 1014, a troideadh Cath Chluain Tarbh, más fíor.

      Bhaineas sásamh as an abairt thuas a scríobh: theastaigh uaim na focail ‘cothrom an lae seo míle bliain ó shin’ a úsáid uair amháin i mo shaol agus ní móide go mbeidh an dara seans agam! Tá na hócáidí cuimhneacháin faoi lánseol i láthair na huaire: gheofar liosta de na himeachtaí éagsúla ar an suíomh gréasáin ‘oifigiúil’ anseo. D’fhreastalaíos féin ar dhá sheisiún den chomhdháil acadúil a tionóladh i gColáiste na Tríonóide, Dé hAoine agus Dé Sathairn an 11-12 Aibreán, agus ba chúis díomá dom é nárbh fhéidir liom bheith i láthair ag gach seisiún.

Ní hea, ach sliocht as Annála Inis Faithleann Bhaile Átha Cliath!

      Chraol TG4 dhá chlár ar an gcath, an 16 Aibreán agus an 19 Aibreán, agus is fiú breathnú orthu. Bhí caighdeán an dearaidh sásúil, bhí níos mó aisteoirí páirteach iontu ná mar a bhí sa tsraith a dhein an BBC ar stair na hAlban, agus bhí an tráchtaireacht stuama tuisceanach ó thús deireadh. Labhair roinnt de na scoláirí is aitheanta ar an tréimhse: ina measc bhí Dáibhí Ó Cróinín, Donnchadh Ó Corráin, Colmán Etchingham agus Máire Ní Mhaonaigh. Ní raibh an tsraith gan locht mar sin féin: cé gur labhair an ceathrar atá luaite agam as Gaeilge (agus ba dheacair cainteoir níos blasta ná Máire Ní Mhaonaigh a shamhlú), labhair staraithe eile as Béarla. Tuigim go mbíonn sé deacair do chomhlachtaí teilifíse teacht ar shaineolaithe a bhfuil Gaeilge acu go minic, ach ní hamhlaidh atá sa chás seo. Go deimhin, bheadh léamh na Gaeilge riachtanach d’aon duine ar mhaith leis staidéar a dhéanamh ar Éirinn an 11ú céad – cé nach ngabhann cumas tuisceana agus cumas urlabhra le chéile i gcónaí. Is é an rud is mó a chuir alltacht orm, áfach, gur aistríodh sleachta as litríocht na Gaeilge go Béarla arís agus arís eile. Caithfear an cur chuige seo a cháineadh: cuireann sé in iúl do lucht féachana TG4 gur chanúint fhánach gan tábhacht í an Ghaeilge riamh anall agus ceileann sé an fhíric gur teanga ardchultúir í a bhfuil litríocht fhairsing le fáil inti. Is fíor gur ghá teanga na bhfoinsí bunaidh a leasú lena cur in oiriúint do lucht féachana an lae inniu, ach ní bhainfeadh mórán dua leis an obair sin. Anseo thíos, mar shampla, tá an t-aitheasc a thug Brian dá lucht leanúna ag Cath Chluain Tarbh de réir an chuntais in Annála Inis Faithleann Bhaile Átha Cliath, agus faoina bhun tá leagan úr a dheineas féin. Theastaigh uaim a bheith sothuigthe agus stíl an bhunleagain a thabhairt liom ag an am céanna:
An bunleagan agus leagan nua-aimseartha den aitheasc a thug Brian


      Tá ré Bhriain Bhóramha beagáinín lasmuigh den tréimhse is mó a bhfuil suim agam inti agus níl sé i gceist agam tuairim a nochtadh anseo i dtaobh thábhacht an chatha san 11ú céad. Ach bhí áit lárnach ag Brian Bóramha agus ag Cath Chluain Tarbh sa leagan canónach de stair na hÉireann a cumadh sa 17ú céad, a shaothraigh aos liteartha na Gaeilge san 18ú céad, agus a bhuanaigh bolscairí náisiúnaíocha sa 19ú céad. Tá an t-ábhar seo pléite agam cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí, ach b’fhéidir gurbh fhiú cuid den fhianaise a chur i láthair anseo thíos ar mhaithe leis an líon beag daoine nár léigh an leabhar fuaimintiúil sin go fóill.

Mar a samhlaíodh Brian Bóramha le trí chéad bliain anuas

      Níl sé deacair an t‑ionad lárnach a bhain Brian mac Cinnéide amach sa seanchas a thuiscint: bhí páirt shuntasach ag Brian in Foras Feasa ar Éirinn, stair a scríobh Seathrún Céitinn (c.1580–c.1644) timpeall na bliana 1634. Thairis sin, is é an phríomhphearsa é in Cath Cluana Tarbh agus sa Leabhar Oiris, saothair staire a bhfuil mórán cóipeanna díobh ar fáil i lámhscríbhinní na Mumhan ón 18ú agus ón 19ú céad. D’áirigh Meidhbhín Ní Úrdail, scoláire a dhein staidéar ar an dá théacs seo, go bhfuil ar a laghad naoi gcóip is ochtó den chéad cheann agus dhá chóip fichead den dara ceann tagtha anuas chugainn. Ach dá thábhachtaí iad na saothair phróis seo – agus ní shéanaim a dtábhacht – caithfidh gur mhó fós an tionchar a bhí ag dánta agus ag amhráin ar mheon an phobail i gcoitinne. Más féidir brath ar fhianaise na lámhscríbhinní, is é an saothar staire is tábhachtaí ar fad an dán fada dar teideal ‘Tuireamh na hÉireann’ a chum Seán Ó Conaill, Ciarraíoch, timpeall na bliana 1657. Tá cóipeanna den dán seo níos coitianta sna lámhscríbhinní Gaeilge ná téacs ar bith eile – breis agus 250 cóip atá ar fáil. Seo giota beag as dán an Chonallaigh:
Do shaor Brian Bóramha Banba ó dhaorbhroid
i gcath Chluana Tarbh, Aoine an Chéasta;
is ann do mharbh, cé cailleadh é féin leis,
laochra Lochlann is clann Turgéisius.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 76
Bhí an insint chéanna ar an íobairt a dhein Brian ar son an chreidimh agus na tíre ag mórán filí a tháinig i ndiaidh an Chonallaigh. Má dhein ríthe eile a gcion chun ceannas na Lochlannach a shrianadh – Ceallachán Chaisil, mar shampla, nó Maoilsheachlainn mac Maolruanaidh a chuir Turgéisius chun báis – is é Brian a fuair an chreidiúint as cumhacht na nDanar a chloí sa deireadh thiar thall. Ba mhó de laoch é toisc gur thit sé féin agus Murchadh, mac leis agus rídhamhna na hÉireann, ar láthair a mbua. I lár an 17ú céad, nuair a bhí Éire in ísle brí tar éis choncas Cromwell, smaoinigh ‘Ciarraíoch cráite áirithe éigin’ ar na laethanta glórmhara nuair a bhí Brian i mbarr a réime agus an tír saor ó ansmacht Gall [‘ní bhfuil’ = ‘níl’, ‘laoi’ = ‘lá’, ‘an Tálfhuil’ = ‘na Brianaigh’]:
D’imigh Brian na dtriath ón Bhóirmhe
do bhí tréimhse ag Éirinn pósta;
ní bhfuil Murchadh cumasach cróga,
i gcath Chluain Tarbh ba taca re comhlann.
An tráth ba láidir na treóin sin,
Clann Chárthaigh ’s an Tálfhuil treórach,
níor shaoileadar Gaill dá bhfógra
tar toinn nó gach laoi thar teórainn.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 173
Músclaíodh dóchas na nGael arís nuair a tháinig Séamas II i gcoróin sa bhliain 1685, agus go háirithe nuair a ceapadh Richard Talbot, Éireannach agus Caitliceach, ina cheannasaí ar arm na hÉireann an bhliain dár gcionn. Chum Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh (c.1632–1705) dán comórtha inar chuir sé an Talbóideach i gcomórtas leis na laochra míleata ba thábhachtaí i stair na tíre. Dhéanfadh an Talbóideach Éire a shábháil ó dhaorbhroid mar a dhein Tuathal Teachtmhar (rí miotaseolaíoch a chuir éirí amach na ndaorchlann, faoi chois), Ceallachán Chaisil agus Brian Bóramha anallód:
Fóirfidh Éire féach ó dheacairbhroid
mar do rinn Tuathal Teachtmhar ceannasach
mar do rinn Ceallachán leanbh breá Chaisil Choirc
is mar do rinn Brian i ngliaidh Chluain Tarbh thoir.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 173
Ach ba ghearr gur athraigh gaoth na staire in athuair agus chum Dáibhí Ó Bruadair (1625–1698) dán i rith Chogadh an Dá Rí inar mhol sé diongbháilteacht Bhriain mar eiseamláir do lucht stiúrtha na tíre [‘d’fhiannaibh einge Fhéilim’ = ‘do shaighdiuirí na hÉireann’, ‘nach fiadaid’ = ‘nach bhféadaid’]:
Ós anfa i mbliana d’fhiannaibh einge Fhéilim
is bagar na scian gach dia ar a muinéalaibh
is mairg nach fiadaid triatha chlainne Éibhir
aithris ar riaghail Bhriain mhic Cinnéide.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 174
Ba théamaí coitianta iad gaisce Bhriain agus an bua éachtach a fuair sé ar na Danair ag filí an 18ú céad agus deineadh tagairt dóibh i réimse leathan aistí. Seo, mar shampla, véarsa as dán inar mhol an tAthair Conchúr Ó Briain (1650-1720) duine uasal de Bhrianach i mblianta tosaigh an chéid [‘cian’ = ‘fadó’]:
Scaoil an ghasra bheannacht so ar ghlan-chlainn Bhriain
síolrach sleachta na n-athrach do ghabh ríocht cian,
do dhíbir Danair ó sheasamh na machaí gcriadh
i mbruín Maighe Tarbh ’nar marbhadh mac rí is Brian.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 174
Agus seo mar a scríobh Aodh Buí Mac Cruitín (c.1680-1755) i ndán fada a chum sé ar stair na hÉireann uair éigin i dtosach an 18ú céad [‘tíocht’ = ‘teacht’, ‘léannaigh’ = ‘lucht léinn’]:
Tíocht Danar ag argain Éireann
do chuir daoirse cíosa ar Ghaelaibh—
an capall, an bhó is an tsrón fá éiric,
an losad, an bhró is go sórt na méise,
gur scaoil Brian an ciach is an t-éigean—
do rinne íobairt Aoine an Chéasta
ag Cluain Tarbh mar dhearbhaid léannaigh,
do mharbh a maoir ’s a dtaoisigh thréana;
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 141
Timpeall lár an chéid, chum Seán Ó Tuama (1707/8-1775) amhrán ar an bhfonn Seacaibíteach ‘An Cnota Bán’ ina raibh an tagairt seo a leanas do Bhrian agus don ruaig a chuir sé ar Ghaill a linne [‘a hiathaibh Eoghain’ = ‘as Éirinn’]:
An caithbhile Brian den fhian-fhuil mhóir
ba dathamhail diaga a mhian ’s a chló,
le fearta ó Dhia tug riaghla is nós
chuir Danair fá chiach a hiathaibh Eoghain.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 174
An rud a tharla uair amháin cheana, d’fhéadfadh sé tarlú arís!

‘The Brian Boru’, ceann de na tábhairní is gaire do mo thigh

      Ba théama coitianta i litríocht an 19ú céad é an íomhá seo de Bhrian mar laoch náisiúnta a chart meirligh choimhthíocha as Éirinn. Is cosúil gur i mblianta tosaigh an chéid a chum Diarmuid na Bolgaí Ó Sé (c.1755-1846) an t‑amhrán ceannairceach ar an bhfonn ‘Síle Ní Ghadhra’ ar tógadh na línte seo a leanas as:
Cabhraigí le chéile mar dhein treibh Éibhir le Brian
do dhíbir Turgéisius is a thréada chun fiaigh,
deineadh orthu éirleach is níor fágadh a dtrian
ag scoth na bhfear gcalma leanadar a léadar
ag síor-choimheascar na nDanar gur glanadh ó Éire iad.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 175
Nuair a d’iompaigh an bád ina raibh leabhair Thomáis Rua Uí Shúilleabháin (1785-1848) á n-iompar béal faoi, bhí cóipeanna de stair an Chéitinnigh agus de Cath Cluana Tarbh ar na lámhscríbhinní a chaill an file:
Bhí Comerford is Ó hAllúráin,
is Céitinn, leabhar an tseanchais,
is Saltair mhilis Chaisil
      ar a dtráchtadh sé.
Bhí sceimhle Chath Chluain Tarbh ann
inar dhíbir Brian na Danair uainn,
is an tslí gur bhuaigh Maoilsheachlainn
      ar an námhaid i bplé.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 175
Mar is léir ó na samplaí thuas, níor phearsa stairiúil amháin é Brian Bóramha ach pearsa litríochta chomh maith. Fágfaidh mé an focal scoir ag Watty Cox (c.1770-1837), iarbhall de na hÉireannaigh Aontaithe agus eagarthóir an Irish Magazine, an tréimhseachán ba mhó díol in Éirinn i dtosach an 19ú céad. Foilsíodh an tuairisc seo a leanas in eagrán mhí Aibreáin na bliana 1814 – ocht gcéad bliain go díreach tar éis Chath Chluain Tarbh:
I set out on foot, and passed through Clontarf. This ancient village so renowned in our History, for the defeat and expulsion of the Danes, and the death of the illustrious Brian Boirhome, who distinguished himself on that remarkable event, excited the most lively sentiments in my bosom, of gratitude and affection for the heroes, who taught us to detest the government of a stranger, and whose impatience at the weight of his yoke, gave existence to an event which forms one of the greatest features in Irish History, for the valour which the Irish displayed and the glorious and decisive victory which crowned it ... I repeated the word victory! victory! and was about stripping a superb helmet from the head of a stern Dane, who lay amongst the fallen multitude, when the thunder of a piece of cannon, fired from one of the English batteries on the opposite shore, dissipated the Chimeras of glory, victory and independence.
Ó Chéitinn go Raiftearaí, 248-9
Ní gá a rá gur ag iarraidh léitheoirí na hirise a ghríosadh – agus ní in aghaidh na nDanar! – a bhí an Coxach.

      Más leis an stair amháin a bhaineann Brian Bóramha agus Cath Chluain Tarbh anois, níorbh amhlaidh a bhí i gcónaí. Cúis bhróid agus tuar dóchais do na Gaeil ba ea iad ar feadh i bhfad.