06/08/2012

Na scannáin staire is fearr

Nuair a chonac an liosta nua den 50 scannán is fearr riamh a d’eisigh an British Film Institute an lá cheana bhí a fhios agam láithreach cén t-ábhar a bheadh faoi chaibidil agam an mhí seo: liosta de na scannáin staire is fearr dá bhfuil feicthe agam. Thairis sin, ós rud é go bhfuil ‘biaiste na baoise’ nó ‘séasúr na seafóide’ nó pé rud a thabharfá air buailte linn, is oiriúnach an t-am é chun aiste éadrom a scríobh nach gcuirfidh dua intinne orm féin ná ar lucht léite an tsuímh seo.

Ach caithfidh mé cúpla rud a rá faoi liosta úd an BFI i dtús báire. De na deich scannán is fearr ar an liosta, tá ceithre cinn acu nach bhfuil feicthe agam (‘A Song of Two Humans’, ‘Man with a Movie Camera’, ‘The Passion of Joan of Arc’ agus ‘8½’); tá tuairim agam go bhfacas ceann eile acu (‘The Searchers’) ach ní cuimhin liom mórán faoi; ceann eile fós (‘2001: A Space Odyssey’), bhraitheas go raibh sé chomh leadránach sin nach bhféadfainn breathnú air an dara uair; agus tá trí cinn eile a ndéarfainn fúthu go bhfuil siad go maith gan a bheith go hiontach (‘Citizen Kane’, ‘Tokyo Story’, ‘La Règle du Jour’). Níl ach ceann amháin de na deich scannán is fearr (dar leis an BFI) a bheadh ar mo rogha phearsanta de na deich scannán is fearr – mar atá, ‘Vertigo’ – agus an ceann sin féin bheadh sé suite ag bun mo liosta, ag uimhir 9 nó 10. An scannán is ansa liom, ‘The Third Man’, is amhlaidh nár luaigh na hamadáin Fhilistíneacha a bhí i mbun liosta an BFI é, go fiú i measc an 50 scannán is fearr! Caithfimid glacadh leis nach lia duine ná tuairim nuair a bhíonn rangú scannán i gceist.

Níl aon amhras ach go bhfuil an ráiteas sin chomh fíor céanna nuair is scannáin staire atá faoi chaibidil. Is liosta suibiachtúil é an liosta seo a leanas, mar sin, agus b’fhéidir gur fearr an léargas a thugann sé ar mo mheonsa ná ar aon rud eile. Ach fillfidh mé ar an gceist sin nuair a bheidh an liosta curtha i láthair agam.

Ní foláir na règles du jour a mhíniú i dtús báire. An chéad riail, nár cuireadh scannáin faisnéise san áireamh: dá fheabhas iad leithéidí ‘Mise Éire’ nó ‘Le Chagrin et la Pitié’ (dhá scannán a thaitníonn go mór liom) níl siad luaite ar an liosta. Níl i gceist anseo ach drámaí a bhfuil aisteoirí páirteach iontu. An dara riail, nár cuireadh scéalta ficsin atá suite i gcomhthéacs stairiúil san áireamh – leithéidí ‘Il Gattopardo’ nó ‘La Battaglia di Algeri’ chun dhá shampla den scoth a lua. An tríú riail, nár cuireadh scannáin faoi eachtraí a thit amach le mo linn féin san áireamh – leithéidí ‘The Killing Fields’ nó ‘Hotel Rwanda’ abraimis – toisc nach bhfuilim sásta a admháil go mbaineann eachtra leis an stair má tá cuimhne phearsanta agam uirthi. An ceathrú riail, go gcaithfidh an scannán cloí go réasúnta dlúth leis na fíricí (chuireas ‘Michael Collins’ agus ‘Amazing Grace’ as an áireamh de bharr na rialach seo), cé go nglacaim leis go mbíonn gá le simpliú áirithe a dhéanamh ar scéalta casta uaireanta. Ar an láimh eile, bhraitheas nár mhiste scannáin a deineadh don teilifís a chur san áireamh in éineacht leis na cinn a taispeánadh i bpictiúrlanna i dtús báire.

Seo daoibh mo liosta de na deich scannán staire is fearr más ea. Mar is gnách nuair a bhíonn liostaí mar seo i gceist, tosóidh mé ag bun an dréimire.

Uimhir 10


Ainm: ‘Броненосец Потёмкин’ (‘An Long Chogaidh Potëmkin’)
Stiúrthóir: Сергей Эйзенштeйн (Sergej Eisenstein)
Bliain: 1925
Teanga: Gan fhuaim
Scannán réabhlóideach ba ea é seo ó thaobh téama agus ó thaobh foirme de. Deineadh é sa bhliain 1925 nuair a bhí réabhlóid na bliana 1905 á ceiliúradh ag an stát nua Sóivéadach agus bhí an scannánaíocht chomh tionscantach sin ag an am gur aithníodh ar an toirt é mar chlochmhíle i stair an chineama. Ghnóthaigh ‘Potëmkin’ áit uimhir 11 ar liosta úr an BFI.

Uimhir 9


Ainm: ‘Адмиралъ’ (‘An tAimiréal’)
Stiúrthóir: Андрей Кравчук (Andrej Kravčuk)
Bliain: 2008
Teanga: Rúisis
D’fhéadfaí a rá gur freagra mall é ‘An tAimiréal’ ar scannán Sergej Eisenstein ach níor tharraing sé mórán airde go dtí seo. Is é an fear atá i gceist sa teideal an tAimiréal Kolčak (Колчак) a bhí ina cheannasaí ar cheann de na hAirm Bhána a throid i gcoinne an Airm Dheirg sa chogadh cathartha a lean réabhlóid na Rúise. Bhain an scannán áit amach ar an liosta seo toisc go dtugann sé léargas dúinn ar ghné den Rúis a bhí faoi cheilt ar feadh i bhfad ach atá ina steillbheatha arís: Rúis chianaosta na heaglaise Ceartchreidmhí.

Uimhir 8


Ainm: ‘Reds
Stiúrthóir: Warren Beatty
Bliain: 1981
Teanga: Béarla
Scannán eile fós a bhaineann le réabhlóid na Rúise ach is scannán Meiriceánach é an ceann seo. Is é atá ann beathaisnéis an tsóisialaí John Reed, údar Ten Days that Shook the World – cuntas bríomhar ar réabhlóid mhí Dheireadh Fómhair na bliana 1917. Is é locht an scannáin seo a fhad, ach cuireann na ‘headarlúidí’ (maith dom an Cadhnachas) ina labhraíonn seanóirí a raibh aithne acu ar Reed le beocht is le barántúlacht na hinsinte. Bhain Reds trí dhuais Oscar, an ceann don stiúrthóir is fearr ina measc, sa bhliain 1981.

Uimhir 7


Stiúrthóir: Fred Zinnemann
Bliain: 1966
Teanga: Béarla
Cé go bhfuil an scannán seo bunaithe ar dhráma stáitse, níl cuma na hamharclainne air agus tá sé cruinn go leor ó thaobh na staire de. Is é Thomas More, seansailéir Anraí VIII agus fear ar baineadh an cloigeann de toisc nach raibh sé sásta athphósadh an rí a aithint, an ‘fear don uile thráth’ atá luaite sa teideal. Bhuaigh an scannán sé dhuais Oscar, an ceann don scannán is fearr san áireamh, sa bhliain 1966.

Uimhir 6


Ainm: ‘The Last Emperor
Stiúrthóir: Bernardo Bertolucci
Bliain: 1987
Teanga: Béarla
Dá mba charachtar in úrscéal é, ba dheacair scéal Puyi a chreidiúint. Impire deiridh na Síne, chaith sé na blianta faoi ghlas sa ‘chathair thoirmiscthe’ in Beijing. Nuair a caitheadh amach as an bpálás é sa deireadh bhí sé ina bhuachaill báire gur thug rialtas na Seapáine cuireadh dó bheith ina impire maide ar Manchukuo, stát bréagach a  bhí bunaithe acu in oirthuaisceart na Síne. Chaith sé seal i mbraighdeanas nuair a buadh ar an tSeapáin agus chríochnaigh sé a laethanta mar gharraíodóir in Beijing.

Uimhir 5


Ainm: ‘Sophie Scholl – Die letzten Tage’ (Sophie Scholl – Na Laethanta Deireanacha’)
Stiúrthóir: Marc Rothemund
Bliain: 2005
Teanga: Gearmáinis
Is cuntas é seo ar laethanta deireanacha Sophie Scholl (1921-43), mac léinn ollscoile a cuireadh chun báis toisc go raibh ábhar bolscaireachta i gcoinne réimeas Adolf Hitler á scaipeadh aici in München. Ní bhraitheann éifeacht an scannáin seo ar an léiriú lom neamhchas, ach ar fhocail na hógmhná a tógadh as an taifead oifigiúil a dhein an Gestapo nuair a bhí sí á ceistiú. 

Uimhir 4


Ainm: ‘John Adams
Stiúrthóir: Tom Hooper
Bliain: 2008
Teanga: Béarla
An rud is annamh is iontach: seo sraith teilifíse faoin stair atá casta, dea-dhéanta agus dílis go leor do na fíricí. Ní cheiltear laigí pearsanta na príomhphearsan, John Adams, dara uachtarán na Stát Aontaithe; is daonna agus is inchreidte an carachtar é dá bharr. Saol Adams is ábhar don tsraith seo i ndáiríre ach tugtar léargas dúinn chomh maith ar an réabhlóid a raibh páirt lárnach aige inti agus ar chúrsaí polaitíochta i laethanta tosaigh na poblachta nua.

Uimhir 3


Ainm: ‘La Révolution Française’ (‘Réabhlóid na Fraince)
Stiúrthóirí: Robert Enrico (cuid 1) agus Richard T. Heffron (cuid 2)
Bliain: 1989
Teanga: Fraincis
Is scannán (nó dhá scannán‘Les Années lumière’ faoin tréimhse 1788-92 agus ‘Les Années terribles’ faoin tréimhse 1792-94) é seo a craoladh ar theilifís na Fraince mar chuid den chuimhneachán oifigiúil a deineadh ar an réabhlóid sa bhliain 1989. Ní nach ionadh, tá blas an chomórtha air – an bhéim ar Valmy seachas ar an Vendée – ach ní fhéadfaí an léiriú a shárú. Is ionann breathnú ar an scannán seo agus bheith i láthair ag na heachtraí a léirítear ann.

Uimhir 2


Ainm: ‘Der Untergang’ (‘An Treascairt’)
Stiúrthóir: Oliver Hirschbiegel
Bliain: 2004
Teanga: Gearmáinis
Cuntas ar laethanta deiridh Adolf Hitler agus an stáit a bhunaigh sé – stát a mhairfeadh míle bliain dar leis féin agus nár mhair ach dhá bhliain déag. Tá an script agus an dearadh ar fheabhas, agus cuireann na míreanna ag tús agus deireadh an scannáin ina labhraíonn Traudl Junge, rúnaí pearsanta Hitler, lena éifeacht, ach sílim gurb í aisteoireacht Bruno Ganz i bpáirt an Führer príomhbhua an scannáin seo.

Uimhir 1


Ainm: ‘Danton
Stiúrthóir: Andrzej Wajda
Bliain: 1983
Teanga: Fraincis
Bhí sé d’ádh orm an scannán seo a fheiscint ar scáileán mór nuair a eisíodh é agus bhíos chomh sáite sin i saol an 18ú céad faoin am a chríochnaigh sé gur bhain na gluaisteáin agus na soilse leictreacha ar an tsráid lasmuigh den phictiúrlann stangadh asam. Léiriú foirfe is ea é ar an gcoimhlint shíoraí idir an pragmatachas agus an t-idéalachas – sa chás seo, idir Danton is na indulgents ar thaobh amháin, agus Robespierre is an Comité de salut public ar an taobh eile. Ach bhí níos mó ná stair na Fraince ar intinn ag an stiúrthóir: tabhair faoi deara gur aisteoirí ón bhFrainc a bhí i bpáirt Danton agus a lucht tacaíochta, gur aisteoirí ón bPolainn a bhí i bpáirt Robespierre agus a chuid comhghuaillithe, agus gur sa bhliain 1983 a deineadh an scannán. Is leor nod don eolach.

Nuair a scrúdaím na scannáin ar an liosta thuas, tugaim faoi deara go mbaineann a bhformhór le réabhlóid amháin nó eile – ocht gcinn acu má áirítear Reifirméisean Shasana mar réabhlóid eaglasta. Thairis sin, tá an suaitheadh intleachtúil a bhíonn chun tosaigh le linn tréimhsí réabhlóideacha mar théama lárnach i gcuid mhór acu: an choimhlint idir tuairimí úra agus seandílseachtaí, idir coinsias an duine agus údarás an stáit.  Mar a scríobhas thuas, is mó an t-eolas a thugann an liosta seo ormsa ná ar aon rud eile. Ach d’fhéadfadh go mbeadh liosta eile ar fad agam i gceann seachtaine eile ...