21/12/2016

Ag scríobh liom

An leabhar is déanaí liom agus dhá leabhar ghaolmhara

Ní réitíonn an scríobh liom. Is é an rud a tharlaíonn go mbíonn rud éigin le rá agam—scéal éigin le hinsint nó tuairim éigin le nochtadh—agus téim i mbun pinn chun mo chuid smaointe a chur i láthair an tsaoil mhóir. Bíonn iallach orm é a dhéanamh. Tugann sé faoiseamh is sásamh dom nuair a bhíonn an téacs le léamh ar pháipéar nó ar scáileán; braithim ansin gurbh fhiú an tairbhe an trioblóid. Is dócha go mbeidh mé ag scríobh a fhad is a bheidh mo chiall is mo shláinte agam, ach ní thaitníonn an próiseas liom. Is crácamas ceart é ullmhú an chéad dréachta i gcónaí, cé go n‑éiríonn an obair níos éasca nuair a bhíonn an dúshraith leagtha. Ní rabhas sásta an chéad dréacht de théacs a ligint i gcló riamh: bíonn orm dul siar air arís agus arís eile chun ord níos loighciúla a chur ar an ábhar, chun abairtí doiléire a shoiléiriú, chun botúin a cheartú, chun tuilleadh fianaise a sholáthar, nó chun snas a chur ar an bprós. Bíonn an t-ádh orm má bhíonn an cúigiú dréacht i riocht a fhoilsithe. Níl ach céim amháin den phróiseas a thaitníonn liom i ndáiríre: is é sin, nuair a chuireann an foilsitheoir na profaí chugam le ceartú agus nuair a leagaim súil ar an saothar clóchurtha don chéad uair. Ach más leabhar é an téacs, bíonn an chealg is nimhní ar fad in eireaball na hoibre: mar atá, an t-innéacsú. Is obair riachtanach é seo ach is obair fíor-leadránach é chomh maith. Agus sin é an saghas oibre a bheidh idir lámha agam i rith shaoire na Nollag i mbliana: beidh mé ag ullmhú an innéacs don saothar is déanaí liom, The Popular Mind in Eighteenth-Century Ireland, leabhar a fhoilseofar i mí Feabhra—má éiríonn liom an t-innéacs a chríochnú in am.

Buntéacs agus aistriúchán ón leabhar

     Bhí sé beartaithe agam Hidden Ireland Revisited a thabhairt ar The Popular Mind i dtús báire ach shíl beirt de na léitheoirí a chaith súil ar an gclóscríbhinn gur chóir dom an teideal sin a athrú. Ghlacas lena gcomhairle agus táim sásta anois gur dheineas amhlaidh: cé go bhfuil an leabhar bunaithe ar fhoinsí liteartha, ní saothar léirmheastóireachta é ach saothar staire agus cuireann an teideal nua an méid sin in iúl go soiléir. Ocht gcaibidil atá sa leabhar: ‘Kingdom’, ina bhfuil scrúdú ar dhearcadh polaitiúil na coitiantachta ag tús an 18ú céad; ‘Faith’, ina bhfuil cúrsaí creidimh faoi chaibidil; ‘Memory’, ina bhfuil achoimre ar an leabhar liom dar teideal Ó Chéitinn go Raiftearaí; ‘War’, inar scrúdaíos tuairimí an phobail ar chogaí na hEorpa agus ar na hÉireannaigh a ghlac páirt iontu; ‘Patriots’, ina bhfuil scagadh déanta ar na hathruithe a tháinig ar mheon na coitiantachta le linn réabhlóid Mheiriceá; ‘Land’, ar leor a teideal chun ábhar na caibidle a mhíniú; ‘Rebellion’, ina bhfuil cuntas ar na blianta corraithe a lean réabhlóid na Fraince; agus ‘Union?’, an chaibidil dheireanach ina bhfuil spléachadh ar an tréimhse tar éis Acht an Aontais. Tá dán nó amhrán le léamh ina iomláine ag tús gach caibidle—leagan amach a d'úsáideas cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí. Seo mar a mhíníos an cur chuige sin i réamhrá an leabhair:
Throughout this book, I have sought to give as much space as possible to voices from the ‘long eighteenth century’ and to minimise both my own commentary and references to secondary works. The primary sources are the only means we have of distinguishing past reality from historical speculation. In recognition of this fact, each chapter is preceded by an unabridged text that was chosen to illustrate, in context, some of the themes discussed in the following chapter. As far as I am aware, only one of the eight texts has been translated previously.
Vincent Morley, The Popular Mind in Eighteenth-century Ireland (Corcaigh, 2017), 12.
Seo iad na haistí atá i gceist agus na caibidlí lena mbaineann siad:

     1. Ríocht
‘Tuireamh Shomhairle Mhic Dhónaill’ (1691). Is caoineadh é seo a chum Séamas Dall Mac Cuarta ar oifigeach in arm Shéamais II a maraíodh i gcath Eachroma. Foilsíodh an aiste seo cúpla uair: féach, mar shampla, Seán Ó Gallchóir (eag.), Séamas Dall Mac Cuarta: Dánta (BÁC, 1971). Go bhfios dom, níor cuireadh Béarla ar an dréacht seo cheana.

     2. Creideamh
‘Staid nua na hÉireann, 1697’ le Seán Ó Gadhra. Chuir an tAthair Mac Domhnaill an dán seo in eagar in Dánta is Amhráin Sheáin Uí Ghadhra (BÁC, 1955). Go bhfios dom, níor aistríodh é cheana.

     3. Cuimhne
‘A Bhanba is feasach dom do scéala’ a chum Aodh Buí Mac Cruitín timpeall na bliana 1715. Chuireas féin an dán seo i gcló don chéad uair in Ó Céitinn go Raiftearaí (BÁC, 2011). Níor foilsíodh aistriúchán Béarla de cheana.

     4. Cogadh
‘Cá raibh tú le bliain’ le Peadar Ó Doirnín (1747). Chuir Seán de Rís an dán seo in eagar in Peadar Ó Doirnín (BÁC, 1969). Go bhfios dom, níor foilsíodh leagan Béarla den dán cheana.

     5. ‘Patriots’
‘Tráth dom ag smaoineamh ar chríochaibh an tsaoil seo’, amhrán a cumadh sa bhliain 1775. Seán Mac Cathail ab ainm don údar, de réir dealraimh, agus foilsíodh an t-amhrán don chéad uair sa leabhar liom dar teideal Washington i gCeannas a Ríochta (BÁC, 2005).

     6. Talamh
‘Do shagartaibh agus do mhinistirí’, amhrán nach fios cé a chum ach baineann sé leis na Buachaillí Bána a d’éirigh amach ar fud na Mumhan sa bhliain 1785. Mise a chuir an téacs seo in eagar don chéad uair in Eighteenth-century Ireland: Iris an Dá Chultúr, 19 (2004), agus tá sé aistrithe agam anois.

     7. Éirí amach
‘Táid maithe na Breataine in anbhroid péine’, amhrán poblachtach a chum Fínín Ó Scannail sa bhliain 1795. D’fhoilsíos téacs iomlán an amhráin don chéad uair in Eighteenth-century Ireland: Iris an Dá Chultúr, 28 (2013) agus tá sé aistrithe agam anois don chéad uair.

     8. Aontas?
Election na Gaillimhe’, amhrán a chum Antaine Raiftearaí sa bhliain 1830. Foilsíodh é cúpla uair cheana: féach, mar shampla, Ciarán Ó Coigligh (eag.) Raiftearaí: Amhráin agus Dánta (BÁC, 1987). Chuir Dubhghlas de hÍde Béarla air sa bhliain 1903 ach tá aistriúchán nua déanta agam atá níos dílse don bhunleagan.

Beidh téacsanna iomlána na n-aistí seo le léamh acusan a bhfuil Gaeilge acu. Maidir leis na léitheoirí eile, tá súil agam go dtabharfaidh na haistriúcháin tuiscint níos fearr dóibh ar dhearcadh na coitiantachta le linn an 18ú céad.

Roinnt de na leabhair ar an réamhstair atá léite agam le déanaí

     Nuair a bhíos ag scríobh anseo anuraidh, thugas le fios go raibh sé i gceist agam tabhairt faoi stair na hÉireann a scríobh ó thús aimsire go dtí ár linn féin, agus go dtógfadh sé tuairim is cúig bliana orm an obair sin a chur i gcrích. Ach go luath ina dhiaidh sin, chinneas gurbh fhearr dá gcuirfinn leabhar gairid eile díom i dtús báire. Tuairim is seachtó nó ochtó faoin gcéad den téacs sin atá scríofa agam anois agus is cosúil go mbeidh an chlóscríbhinn réidh le cur i lámha foilsitheora um Cháisc. Is i nGaeilge atá an leabhar sin, dála an scéil, agus táim i ndóchas go mbeidh sé sna siopaí roimh dheireadh na bliana seo chugainn. Bíodh sin mar atá, cuirfidh mé tús le scríobh an magnum opus a luaithe is a bheidh an saothar eile curtha chun siúil. Tá cuid mhaith léitheoireachta déanta agam faoin ré réamhstairiúil—ábhar na chéad chaibidle; ní féidir liom a áiteamh gur saineolaí mé ar an tréimhse go fóill, ach táim ag foghlaim de réir a chéile. Insint na fírinne, táim ag éirí mífhoighneach le tosnú ar an scríobh faoin am seo.

     Ar an drochuair, is léir dom nach mbeidh sé ar chumas an ghobadáin seo an dá thrá a fhreastal feasta: is é sin le rá, ní bheidh sé ar mo chumas an stair a chríochnú laistigh de chúig bliana má leanaim ar aghaidh ag scríobh aiste anseo gach mí. Níl sé i gceist agam deireadh a chur le ‘Cúrsaí Staire’, ach táim chun gearradh siar ar an soláthar agus ní bheidh na haistí ag teacht chomh minic céanna as seo amach. Déanfaidh mé iarracht aiste amháin a scríobh gach ráithe, agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh sleachta as an magnum opus le léamh anseo ó am go chéile.

     Mar is gnách ag an tráth seo, beidh cead ag léitheoirí teachtaireachtaí a bhreacadh ag bun na haiste seo go ceann seachtaine nó dhó. Níl le déanamh agam anois ach an clabhsúr traidisiúnta a chur ar obair na bliana agus beannachtaí na féile a ghuí ar léitheoirí uile an tsuímh seo ...


7 commentaires:

  1. Pleisiúr agus dúshlán dom d'ailt a léamh riamh. Tá mé buíoch as cibé bruar gaoise a roinneann tú linn.

    Fearn

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. Go raibh maith agat a Fhearn! Is cúis sásaimh dom go bhfuil léitheoir dílis amháin agam a thaithíonn an suíomh seo.

      Supprimer
    2. I nDomhnach, ní cloch ar mo chroí do léamh, ach biseach mheabhrach.

      Dála an scéil, bhí cathair ghríobháin romham chlárú chun tráchta anseo. Seans go chuir sé daoine eile ó dhoras. Níor scrígh tú alt anseo riamh nach gcuirfeadh na daoine aird ann. Maith an fear.

      Fearn

      Supprimer
  2. An ceart age Fearn, ni Fort Knox go dti e!
    An-suiomh do shuiomh a Vincent, Dia leat. Mile buiochas agus adh mor i 2017, Ken

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. Táim buíoch díot gur chuir tú an stró ort féin teachtaireacht a fhagaint in ainneoin na ngaistí go léir. Ar ndóigh, chinntigh siad gur dhaoine géarchúiseacha amháin a bheadh ag scríobh anseo!

      Supprimer
  3. Bhí mé as baile don Nollaig. Ní gá dom a rá go bhfuil mé ag súil leis an leabhar nua. Chonaic mé tagairt dó ar leathanach na leabhar san Irish Times inné agus dúirt siad go mbeidh sé amuigh i mí Eanáir. Seans ar bith?
    Ádh mór,
    TOC

    RépondreSupprimer
    Réponses
    1. Ah, now, tá tú ró-mheabhrach chun gach a léann tú ar an 'Irish Times' a chreidiúint! Nuair a bheidh na sonraí faoin seoladh agam, foilseofar iad ar Chúrsaí Staire.

      Ós rud é go bhfuil saoire na Nollag caite agus go mbeidh mé ag filleadh ar an bpost lae amárach, dúnfaidh mé leabhar na dteachtaireachtaí go ceann bliana eile.

      Go mbeirimid go léir beo ar an am seo arís!

      Supprimer