07/05/2012

Slí na fírinne?

‘Cad is fírinne ann?’ B’shin a d’fhiafraigh Pontius Pioláit, más fíor don chuntas a scríobh Eoin soiscéalaí – más fíor – agus ní furasta an cheist a fhreagairt.

      Cibé seans atá ann sainmhíniú sásúil a thabhairt ar an bhfírinne i ndisciplíní atá bunaithe ar an loighic (leithéidí na matamaitice is na fealsúnachta) nó ar an turgnamh (leithéidí na fisice is na ceimice), ní féidir é a dhéanamh i gcomhthéacs na staire. Disciplín eimpíreach is ea an stair, disciplín ina ndéantar fianaise na bhfoinsí príomha – foinsí a bhíonn doiléir bearnach leataobhach míchruinn go minic, agus mímhacánta nó bréagach uaireanta – a scagadh, a thomhas agus a thabhairt chun réitigh. Ach ní fhágann sé sin gur saothar in aisce é saothar an staraí. Más fíor go bhfuil gné shuibiachtúil ag baint leis an stair, agus go mbíonn deis dá réir ag an staraí na foinsí a mbainfidh sé úsáid astu a roghnú agus a chur in ord, is fíor freisin go bhfuil gné oibiachtúil na staire chomh tábhachtach céanna, mura bhfuil sí níos tábhachtaí fós. Má dheineann staraí amháin neamhshuim d’fhoinse áirithe nach n-oireann dá thuairimí féin, trí shiléig nó d’aon ghnó, is cinnte go dtarraingeoidh staraí eile aird ar an bhfoinse chéanna luath nó mall. Cé nach féidir linn sainmhíniú sásúil a thabhairt ar fhírinne na staire, ní doiligh dealú a dhéanamh idir an dea-stair agus an drochstair: bíonn réimse leathan foinsí curtha san áireamh i saothar maith staire agus ní bhíonn ach réimse cúng foinsí curtha san áireamh i ndrochshaothar staire. Mura bhfuil oiread is foinse amháin ann a thacaíonn le hinsint áirithe, ní féidir ‘stair’ a thabhairt ar an insint sin in aon chor.

      Is iad na foinsí príomha na máistrí sa deireadh thiar thall. Ní féidir éalú uathu ná dul tharstu. Bíodh an taighdeoir umhal ina láthair, mar sin, nó is dó is measa. An staraí nach mbacann le foinse mhíchaoithiúil a chaithfeadh amhras ar théis a thráchtais, d’fhéadfadh sé na cosa a thabhairt leis go ceann tamaill: d’fhéadfadh sé dochtúireacht a ghnóthú, dallamullóg a chur ar fhoilsitheoir agus ar léirmheastóirí, ardú céime a bhaint amach sa saol acadúil. Ach tiocfaidh an lá nuair a léifidh taighdeoir eile – mac léinn iarchéime a bhfuil teaspach na hóige ann b’fhéidir – an fhoinse a caitheadh i leataoibh agus foilseoidh sé alt léannta a bhainfidh an bonn de théis an scoláire mór le rá. Céim bheag eile chun tosaigh a bheidh ann ó thaobh na scoláireachta de. Mura bhfuil i gceist ach foinse nár ceadaíodh, ní dhéanfar mórán dochair do cháil an ollaimh: tuigeann gach aon duine nach féidir leis an taighdeoir is díograisí gach foinse a léamh, go mbíonn bearnaí i ngach cuntas, agus go mbíonn an stair á hathscríobh de shíor. An té nár dhein botún riamh, níor dhein sé mórán riamh. Ach is ceist eile ar fad é má tá cuma na caimiléireachta ar shaothar staire: má baineadh sliocht as comhthéacs chun éirim na foinse a chur as a riocht, má leasaíodh téacs chun an chiall a athrú, má luadh foinse le duine nuair ba léir nárbh eisean an t-údar, má úsáideadh ‘foinsí’ nach féidir le haon duine eile teacht orthu, nó má tá na ‘botúin’ chomh líonmhar sin nach leor an tsleamchúis lena míniú. I gcás mar sin, ní féidir brath ar scríbhinní an staraí a thuilleadh, bainfear a chuid saothar de liostaí léitheoireachta na n-ollscoileanna agus ní luafar iad mar fhoinsí iontaofa feasta.

David Abraham, a leabhar agus Gerald Feldman

      Is annamh a tharlaíonn a leithéid ach tarlaíonn sé ó am go chéile. Ba é an cás ba cháiliúla a tharla le mo linn ná cás David Abraham, staraí Meiriceánach agus Giúdach, a d’fhoilsigh leabhar dar teideal The Collapse of the Weimar Republic: Political Economy and Crisis (Princeton, 1981). Ba é téis an leabhair (de réir mo thuisceana ó bheith ag léamh faoin gconspóid – níor léas an leabhar féin riamh ná ní bheinn cáilithe chun breith a thabhairt air dá léifinn) gur chuidigh tionsclaithe móra na Gearmáine le teacht i gcumhacht na Naitsithe. D’fháiltigh mórán léirmheastóirí roimh an leabhar nuair a foilsíodh é ach ba ghearr gur thosaigh staraithe eile ag cáineadh easpa cruinnis an tsaothair. Bhí Gerald Feldman (1937-2007) – ar staraí Meiriceánach agus Giúdach é chomh maith – chun tosaigh i measc lucht cáinte Abraham. Foilsíodh léirmheas scriosach leis dar teideal ‘A collapse in Weimar scholarship’ ar an iris acadúil Central European History, léirmheas inar nochtaigh sé roinnt de na ‘egregious errors, tendentious misconstruals, and outright inventions’ a bhí tugtha faoi deara aige i leabhar Abraham. Mar shampla, thug Abraham sliocht as litir phríobháideach inar scríobh tionsclóir áirithe gur chríonna an beart é ‘to crystallize the bourgeois right and the Nazi Party into one’. Ach d’fhág Abraham focal beag bídeach a bhí sa bhunleagan Gearmáinise ar lár san aistriúchán Béarla – an focal ‘nicht’! Seo sliocht as cuntas a scríobh Richard Evans ar an gconspóid:
Abraham wrote in self-defence that as he carried out his research, there seemed to be ‘an exemplary fit’ between his initial hypotheses and the evidence he found. But every working historian knows how unlikely that is. The first prerequisite of the serious historical researcher must be the ability to jettison dearly-held interpretations in the face of the recalcitrance of the evidence. If a letter from an industrialist says he does not want any crystallization of the bourgeois right and the Nazis, then no amount of theorizing will alter that fact, and there is no way round it.
Richard J. Evans, In Defence of History (Granta, 1997), 120
Is ag trácht ar an gconspóid chéanna a bhí Arthur Marwick nuair a scríobh sé an méid seo a leanas:
Those who seek answers tend to anxious caution; those who think they know the answers in advance are prone to complacent carelessness.
Arthur Marwick, The New Nature of History (Palgrave, 2001), 107
Chaill Abraham an post a bhí aige in ollscoil Princeton agus theip air post a fháil mar staraí in aon ollscoil eile. Dhein sé staidéar ar an dlí agus cháiligh sé mar dhlíodóir ar deireadh thiar thall – rud a spreag an ráiteas ó Richard Evans gur disciplín é an dlí ‘which is perhaps more comfortable with the manipulation and tendentious interpretation of evidence than history’. Bhí a theanga ina leathbhéal ag Evans, gan amhras. B’fhearr liom a rá nach abhcóide é an staraí, ach breitheamh, agus go gcaithfidh sé éisteacht chothrom a thabhairt do gach finné sula dtugann sé a bhreith – breith a bheidh chomh cruinn nó chomh míchruinn leis an bhfianaise atá cloiste aige.

Peter Hart agus a leabhar

      Is é an fáth go bhfuil an t-ábhar seo faoi chaibidil agam anois ná go bhfuil aird tugtha le déanaí ar chás den saghas céanna a bhaineann le stair na hÉireann. I bpáirt David Abrahams tá Peter Hart, staraí ó Thalamh an Éisc a scríobh tráchtas dochtúireachta i gColáiste na Tríonóide ar chogadh na saoirse i gContae Chorcaí agus a d’éag sa bhliain 2010. D’fhoilsigh Oxford University Press leabhar a bhí bunaithe ar a thráchtas faoin teideal The IRA and Its Enemies, Violence and Community in Cork, 1916–1923 sa bhliain 1998. Leabhar conspóideach ba ea é ón tús mar chruthaigh Hart íomhá d’Óglaigh na hÉireann a chuir olc ar mhórán léitheoirí a raibh luí acu leis an bpoblachtachas. Seo mar a dhein duine dá lucht cáinte, Niall Meehan, achoimre ar théis an leabhair:
Hart characterised the war of independence as a ‘dirty war’, an ‘intimate war’, based on a ‘runaway tit-for-tat logic’, in which ‘the victims were unarmed and helpless when shot’. Hart asserted ‘the [IRA’s] main target group was the Protestant minority, followed by ex-soldiers, tinkers and tramps, and others seen as social deviants’. Hart’s work was controversial and provocative for another reason. It questioned the IRA’s conduct at a pivotal event in that conflict, the Kilmichael ambush of November 28, 1920 in West Cork. Hart used it as a case study to illustrate his thesis that intrinsic ethnic hatreds drove those who prosecuted the conflict against British rule.
Niall Meehan, Troubled History (Aubane Historical Society, 2008), 6
Ní bheadh anseo ach léiriú eile fós ar an dlúthbhaint a bhí riamh, atá go fóill, agus a bheidh go brách, idir scríobh na staire agus polaitíocht na linne ina scríobhtar í – murach gur chuir lucht cáinte Hart calaois ghairmiúil ina leith chomh maith.

      Ní luafad anseo ach an dá shampla is tromchúisí dar liom. Sa chuntas a thug sé ar luíochán Chill Mhichíl inar ionsaigh colún reatha bhriogáid iarthar Chorcaí d’Óglaigh na hÉireann lán dhá leoraí d’Auxiliaries, d’áitigh Hart gur maraíodh roinnt de na Auxiliaries tar éis dóibh géilleadh. Thairis sin, mhaígh sé go raibh an insint sin bunaithe ar agallaimh a cuireadh ar bheirt de na hÓglaigh a bhí i láthair ag an luíochán agus gur deineadh na hagallaimh sa bhliain 1989. Bhain deacracht nár bheag leis an scéal sin, áfach, mar ní raibh ach fear amháin a throid sa luíochán fós ina bheatha ag an am agus ní raibh sé ar chumas an fhir sin agallamh a dhéanamh. Seo mar a scríobh Niall Meehan:
a) Hart reported interviewing two Kilmichael ambush survivors, AA/EY and AF/HJ, when only one, Ned Young, was alive;
b) Hart reported interviewing one of his two Kilmichael interviewees, AF/HJ,when none were alive;
c) When one Kilmichael veteran was physically available for interview, Ned Young, he was not capable of submitting to an interview, due to his medical condition.
Niall Meehan, Troubled History (Aubane Historical Society, 2008), 22
Baineann deacracht eile leis an gcuntas a thug Hart ar eachtra chonspóideach a tharla i mí Aibreáin na bliana 1922, tráth ar maraíodh tuairim is dáréag sibhialtach i gcomharsanacht Dhroichead na Bandan le linn an tsosa cogaidh a lean síniú an chonartha. Ba Phrotastúnaigh iad na fir go léir a maraíodh agus d’áitigh Hart gur de bharr a gcreidimh a cuireadh chun báis iad. Ach fuair Brian P. Murphy locht ar an úsáid a bhain Hart as ceann dá chuid foinsí (is liomsa an bhéim):
Hart writes, citing the official British Record of the Rebellion in Ireland 1920-1921, that ‘in the south the Protestants and those who supported the Government rarely gave much information because, except by chance, they did not have it to give’. If this quotation from the Record told the whole story, then religious motives, as the thesis of Hart maintains, must have played a part in the IRA’s attacks upon Protestants for the simple reason that they had no information to give. In fact, the selective quotation from the Record of the Rebellion by Hart does not tell the whole story. The next two sentences from the Record, which Hart has omitted, report that ‘an exception to this rule was in the Bandon area where there were many Protestant farmers who gave information. Although the intelligence officer of this area was exceptionally experienced and although the troops were most active it proved almost impossible to protect these brave men, many of whom were murdered.’
Brian P. Murphy in Ruán O’Donnell, The Impact of the 1916 Rising (Irish Academic Press, 2008), 212
Ní fhágann an fhianaise seo a tógadh as foinse oifigiúil de chuid rialtas na Breataine gur bhrathadóirí iad an dream a maraíodh sa cheantar céanna in earrach na bliana 1922, ná ní fhágann sé go raibh sé dlisteanach aon duine a chur chun báis ag am nuair a bhí sos cogaidh i bhfeidhm agus na Sasanaigh ar tí bailiú leo as Contae Chorcaí de réir théarmaí an chonartha, ach is deacair éalú ón tuairim gur cheil an tOllamh Hart fianaise nach raibh ag teacht lena mhíniú féin ar an eachtra. Thacódh na habairtí a d’fhág sé ar lár le míniú eile ar fad: an míniú gur ag imirt díoltais ar bhrathadóirí – nó ar dhaoine a síleadh a bheith ina mbrathadóirí – a bhíothas.
Foilseacháin inar caitheadh amhras ar shaothar Hart

      Tríd is tríd, caithfear a rá gur éirigh leis na criticeoirí amhras mór a chur i modhanna oibre agus i macántacht intleachta Peter Hart, mar a dhein Gerald Feldman i gcás David Abraham fiche bliain níos luaithe. Ach tá difríocht shuntasach idir an dá chás: staraí acadúil ba ea Feldman, ach d’fhan na staraithe acadúla ina dtost nuair a bhí na fabhtanna i scríbhinní Hart á dtabhairt chun solais ag Niall Meehan, ag Brian Murphy agus ag daoine eile. Múineann Meehan an iriseoireacht i gcoláiste tríú leibhéal, ach ní staraí é; ní scoláire gairmiúil é Murphy, cé go bhfuil céim dhochtúireachta sa stair aige. Cuireadh cor nua sa scéal ag tús na bliana seo, áfach, nuair a foilsíodh dhá alt le John M. Regan, léachtóir le stair in ollscoil Dhùn Dèagh na hAlban, ar History Ireland, iris atá dírithe ar an bpobal i gcoitinne, agus ar an iris acadúil History. Níor mhiste dhá shliocht a thabhairt astu anseo:
The debate surrounding Hart’s work is not about whether there was a ‘false surrender’ at Kilmichael or whether or not victims of the West Cork massacre spied against the IRA, important though these issues are. It is about the substance and credibility of research produced by the Irish historical profession.
John M. Regan, ‘Dr Jekyll and Mr Hyde: the two histories’, History Ireland, Jan.-Feb. 2012, 10 
It ... asks questions about how and why Hart’s methodology went so long – in the face of much criticism – unacknowledged by the professional historical community. And beyond that, why at the beginning of a career, such an approach was ever contemplated by a gifted historian like Hart. These are now historical problems demanding the urgent attention of ‘polite, tolerant, and bored Irish academic historians’, but they carry in their wake a powerful challenge to the credibility of the historical profession.
John M. Regan, ‘The “Bandon Valley Massacre” as a historical problem’, History, 97 (2012), 98
Is maith agus is mithid go bhfuil na ceisteanna á gcur laistigh den acadamh.