15/04/2020

‘What’s in a name?’

Is annamh a fhoilsítear leabhar staire i nGaeilge. B’fhéidir nár mhiste dhá abairt a bhí le léamh anseo cúig bliana ó shin a chur os bhur gcomhair arís:
Is amhlaidh nár foilsíodh oiread is suirbhé téagartha amháin ar stair na hÉireann i nGaeilge ó thús deireadh an 20ú céad. Cuireadh Gaeilge ar chorr-stair a scríobhadh i mBéarla, gan amhras, ach ní hionann an saghas staire a scríobhtar le haghaidh lucht léite an Bhéarla (bíodh Gaeilge ag an údar nó ná bíodh) agus an saghas staire a scríobhfaí i mbunsaothar Gaeilge.
Bíonn an fhírinne searbh go minic ach is cóir í a admháil i gcónaí. Tá tuairim agam go bhfuil leabhair staire i nGaeilge chomh tearc sin, agus gur mhair an ganntanas chomh fada sin, go nglactar leis mar fheiniméan nádúrtha anois. An té ar mian leis eolas a chur ar an réalteolaíocht nó ar an dlí, ar an micribhitheolaíocht nó ar an gcuntasaíocht, ar an ríomhchlárú nó ar an bhfealsúnacht, caithfidh sé tiontú ar an mBéarla nó ar theanga éigin eile. Ní dóigh liom go séanfadh aon duine é sin. Ní taise don stair é, ach tá difríocht shuntasach ann i gcás na staire: is é sin, go mbíonn drogall ar dhaoine an fhírinne a admháil. B’fhearr leo púicíní a chaitheamh agus ligean orthu féin gur nós coitianta é an stair a scríobh trí mheán na Gaeilge.

Portráidí d'údair Ghaeilge


     An bhfuilim ag dul thar fóir? Ba mhaith liom a cheapadh go bhfuil ach is deacair dom aon tátal eile a bhaint as an líon mór údar atá áirithe mar staraithe ar shuíomh gréasáin ‘Portráidí’. Seo iad:
Angela Bourke, Diarmuid Breathnach, Liam Mac Amhlaigh, Séamas Mac Annaidh, Séamus Mac Gabhann, Breandán Mac Gearailt, Tomás Mac Síomóin, Liam Mac Uistín, Ríona Nic Congáil, Máire Ní Mhurchú, Pádraig Ó Baoighill, Dónall Ó Baoill, Leon Ó Broin, Mícheál Ó Conghaile, Ruairí Ó hUiginn, Pádraig B. Ó Laighin, Séamas Ó Maitiú, Nollaig Ó Muraíle, Alan Titley, Vivian Uíbh Eachach, Regina Uí Chollatáin.
Is cinnte go bhfuil idir scríbhneoirí maithe agus scoláirí maithe ar an liosta sin. Ach an staraithe iad? Tuigim, ar ndóigh, go bhfuil dhá chiall leis an bhfocal ‘staraí’: mar atá, ‘scéalaí’ agus ‘údar staire’ (sa chiall ‘history’ seachas sa chiall ‘story’). Bheinn sásta ‘story-teller’ a thabhairt ar chuid mhaith de na húdair atá luaite ar an liosta thuas. Ar an láimh eile, níl ach duine amháin ina measc a dtabharfainn ‘historian’ air: is é sin Leon Ó Broin, fear atá ar shlí na fírinne le tríocha bliain anuas. Glacaim leis go bhfuil leabhair fhiúntacha ar ghnéithe éagsúla den am atá caite scríofa ag údair eile ar an liosta, ach ní leor é sin chun iad a iompú ina staraithe. An teangeolaí a scríobhann faoi stair teanga, an scoláire litríochta a scríobhann faoi stair na litríochta, an béaloideasaí a scríobhann faoi stair an bhéaloidis, an saineolaí ceoil a scríobhann faoi stair an cheoil, is ag saothrú laistigh dá gcuibhreann féin a bhíonn siad. Is iomaí staraí a scríobh beathaisnéis, ach ní leor beathaisnéis a scríobh le bheith i do historian mar tá saol an duine aonair ró-chúng mar ábhar. Is féidir an rud céanna a rá faoin scoláire a chuireann téacs stairiúil in eagar: is obair thábhachtach é seo, gan aon agó, ach ní hionann staidéar a dhéanamh ar théacs – dá thábhachtaí é – agus staidéar a dhéanamh ar an stair. Mar an gcéanna, an t-údar a scríobhann cuntas ar eachtra nó ar thréimhse éigin atá bunaithe ar fhoinsí tánaisteacha, ní historian é. Bíonn réimse suime an staraí scóipiúil leathan; ní bhíonn sé teoranta do ghné amháin den am atá imithe ná do shaol pearsan ar leith. Bíonn sochaí ina iomláine faoi chaibidil ag an staraí, cé gur minic a leagfaidh sé béim ar ghnéithe áirithe seachas ar ghnéithe eile den tsochaí. Thairis sin, bíonn an staraí ag taighde, ag plé le foinsí príomha agus ag cur lenár dtuiscint ar an am atá imithe. Tá an fhairsinge agus an fhionnachtain de dhlúth agus d’inneach na staire.

     Tá líon beag údar ag scríobh sa Ghaeilge faoi láthair ar staraithe iad sa chiall chruinn den téarma: beirt a ritheann liom ar an toirt ná Aindrias Ó Cathasaigh agus Cormac Ó Comhraí. Ach is í an nua-stair – stair an 20ú céad go háirithe – a bhíonn faoi chaibidil acu. Go bhfios dom, níl aon duine ag plé le stair na meánaoiseanna ná leis an luathstair trí mheán na Gaeilge faoi láthair. Dá mbeadh an stair á cleachtadh mar ba chóir sa Ghaeilge, bheadh cleachtais staireagrafaíochta bunaithe faoin am seo a chuideodh leis an staraí a bheadh ag teacht chuig na tréimhsí sin don chéad uair. D’fhéadfadh an staraí nach mbeadh taithí aige ar na tréimhsí leas a bhaint as na nósanna a bheadh ann roimhe, aithris a dhéanamh orthu, nó iad a leasú beagáinín dá mba ghá. Ní bheadh air tosú as an nua, ag cumadh rialacha dá chuid féin.

Dhá leabhar ina bpléitear ceist na n-ainmneacha

     Ach b’shin an cás ina raibh mé nuair a thosaíos ag scríobh caibidil a dó (faoin tréimhse A.D. 400–795) agus caibidil a trí (faoin tréimhse A.D. 795–1002) den leabhar atá ar na bacáin agam faoi láthair. Bhí fadhb agam maidir le foirmeacha na n-ainmneacha dílse agus b’éigean dom polasaí a leagan amach a d’fheilfeadh do shaothar a bheidh dírithe ar léitheoirí Gaeilge an lae inniu. Dá mbeinn ag scríobh i mBéarla, bheadh polasaí réamhdhéanta le fáil. Seo mar a míníodh an polasaí sin sa New History of Ireland:
For Irish proper names, an Old Irish standard has been adopted up to A.D. 900, no attempt being made to restore older or proto-Irish forms, and a Middle Irish standard for 901-1333. The year 1333 has been selected as a demarcation point, on the ground that the death of the Brown Earl of Ulster in this year can be seen as marking the start of the Gaelic resurgence; Modern Irish orthography does not commonly occur in manuscripts until the end of the fourteenth century. Classical Modern Irish forms are used for 1334-1534, after which English forms are used except for individuals who are best known under the Irish form of their name.
T. W. Moody, F. X. Martin agus F. J. Byrne (eag.) A New History of Ireland, VIII (Oxford 1982), 4.
Ní féidir a rá go raibh gach staraí go hiomlán sásta leis an gcur chuige seo. Mar shampla, shíl A. B. Scott go seachnódh sé ‘the twin charges of pedantry and nationalistic chauvinism’ dá bhféadfadh sé leaganacha Galldaithe d’ainmneacha Gaelacha a úsáid (tuigimid uile gur saoithíní agus náisiúnaithe buile iad an dream a úsáideann an Ghaeilge). Ach ghéill an tOllamh Scott don pholasaí oifigiúil sa deireadh, más go drogallach féin é. Seo mar a mhínigh sé an cruachás ina raibh sé:
But if the familiar Anglicized versions of Irish names are retained, what is to be done with the many personal names which have no easily recognized English equivalent, like Machelanus Ophelan [Maoilseachlainn Ó Faoláin] or Gillemeholmoch [Mac Giolla Mocholmóg]?  ... I have kept the traditional form of Norman names, e.g. ‘De Courcy’ rather than ‘De Curci’. Fortunately there are as yet no Norman nationalists to insist that I toe this particular line.
A. B. Scott (eag.), Expugnatio Hibermica: The Conquest of Ireland (Baile Átha Cliath, 1978), ix-x.
Is i Somerset Shasana a rugadh John de Courcy (†1219), dála an scéil, ach ní féidir a shéanadh go bhfuil náisiúnaithe na Normainne ciúin go leor faoi láthair. Is cinnte gur ciallmhar an beart é ainmneacha Gaelacha a thabhairt ar phearsana stairiúla ar tugadh ainmneacha Gaelacha orthu nuair a baisteadh iad. Tréaslaím a stuaim leis an Ollamh Scott agus geallaim dó nach gcuirfidh mé saoithíneacht ná náisiúnachas buile ina leith.

     An polasaí a oireann do staraithe an Bhéarla, ní oireann sé don údar Gaeilge. Ní bheadh sé caoithiúil litriú na n-ainmneacha a athrú chomh minic is atá molta sa pholasaí thuas: bheadh an t-innéacs ina chíor thuathail dá bharr. Thairis sin, ní bheadh sé inghlactha in aon chor ainmneacha Gaelacha a thiontú go Béarla ón 16ú céad amach. Seo daoibh roinnt de na leaganacha achrannacha atá i gcló in imleabhar VIII den New History of Ireland:

  • Ruaidrí Ua Conchobair (1136); Ruaidrí Ó Conchobair (1239); Ruaidhrí Ó Conchobhair (1494).
  • Toirrdelbach Ua Briain (1184); Toirrdelbach Ó Briain (1277); Toirdhealbhach Ó Briain (1496).
  • Domnall Ua Domnaill (1207); Domnall Ó Domnaill (1232); Domhnall Ó Domhnaill (1452).

Ní léir dom go bhfuil aon ghá leis an meascán seo agus tá cinneadh déanta agam go n-úsáidfidh mé litriú na Nua-Ghaeilge Moiche (Ruaidhrí Ó Conchobhair, Toirdhealbhach Ó Briain, Domhnall Ó Domhnaill, etc.) ón 5ú céad anuas go dtí an bhliain 1691. Ní chuirfidh an litriú traidisiúnta seo mearbhall ar ghnáth-léitheoirí agus beidh scoláirí in ann foirmeacha na Sean-Ghaeilge agus na Meán-Ghaeilge a athchruthú gan stró más mian leo. Ar ndóigh, is é litriú an lae inniu (Ruairí Ó Conchúir, Toirealach Ó Briain, Dónall Ó Dónaill, etc.) a bheidh agam ón mbliain 1691 amach. Scríobhfaidh mé ‘ua’ nuair is garmhac atá i gceist agus ‘Ó’ nuair is sloinne atá i gceist.

Ainmneacha dílse ar mhapai
     Braithim gur réiteach sásúil é sin ar litriú na n-ainmneacha pearsanta, ach tá ainmneacha dílse eile ann atá níos cigiltí fós. Ina measc seo tá logainmneacha agus ainmneacha a bhaineann le ciníocha. Seo é an polasaí a leagadh síos sa New History of Ireland:
Place names have been given in their current English form (as used by the Ordnance Survey), except where obscure or unidentifiable. Welsh proper names are normaly given in the Modern Welsh form (e.g. Rhigyfarch rather than Ricemarch).
T. W. Moody, F. X. Martin agus F. J. Byrne (eag.) A New History of Ireland, VIII (Oxford 1982), 4.
Is suimiúil an ní é gur tugadh níos mó aitheantais don Bhreatnais ná don Ghaeilge, ach fágaimis siúd mar atá sé. Maidir le logainmneacha atá fós in úsáid, glacfaidh mé leis na leaganacha atá molta ag an mBrainse Logainmneacha ar shuíomh logainm.ie. Mar shampla, scríobhfaidh mé ‘Darú’ seachas ‘Darmhagh’, ‘Glas Naíon’ seachas ‘Glas Naoidhean’, agus ‘Inis Muirígh’ seachas ‘Inis Muireadhaigh’. Tá an chuid sin den obair simplí go leor. Ach cad is cóir a dhéanamh le logainmneacha nuair is cuid d’ainmneacha pearsanta iad? Conas is cóir ainm rí na Teamhrach a fuair bás sa bhliain 797 a litriú: mar ‘Donnchadh Midhe mac Domhnaill’ nó mar ‘Donnchadh Mí mac Domhnaill’? Nó cén litriú is fearr ar ainm an rí a d’éag sa bhliain 956: ‘Conghalach Cnoghbha mac Maoilmhithidh’ nó ‘Conghalach Cnóbha mac Maoilmhithidh’? Sílim gurb é an rud is loighciúla litriú na Nua-Ghaeilge Moiche a úsáid tríd síos i gcásanna den sórt. Bheadh codarsnacht inmheánach sna hainmneacha dá ndéanfainn a mhalairt. Mar an gcéanna, nuair a thagraíonn ainm do chine, do thuath nó do ríocht, is é an litriú stairiúil a úsáidfidh mé: scríobhfaidh mé ‘Osraighe’ seachas ‘Osraí’, ‘Breagha’ seachas ‘Breá’, ‘Oirghialla’ seachas ‘Oirialla’. Ciallóidh sé seo go mbeidh dhá leagan den ainm céanna in úsáid taobh le taobh i gcásanna áirithe: leagan seanda (‘Ciarraighe’, ‘an Mhidhe’, ‘Uí Fhailghe’, etc.) nuair is tagairt stairiúil atá i gceist, agus leagan comhaimseartha (‘Ciarraí’, ‘an Mhí’, ‘Uíbh Fhailí’, etc.) nuair is logainm atá i gceist. Spreag an cinneadh seo ceist eile: ar chóir ainmneacha dílse atá litrithe de réir rialacha na Nua-Ghaeilge Moiche a infhilleadh de réir na rialacha céanna? Cé acu is fearr: ‘ar Uí Fhailghe’ nó ‘ar Uíbh Failghe’, ‘in Ulaidh’ nó ‘in Ultaibh’, ‘do Bhreagha’ nó ‘do Bhreaghaibh’? Bhraitheas sa deireadh gur loighciúla an beart é an t-infhilleadh stairiúil agus an litriú stairiúil a chleachtadh i dteannta a chéile.

     Nílim go hiomlán sásta leis an gcur chuige seo. Comhréiteach is ea é agus tá sé casta dá réir. B’fhearr liom dá mbeadh córas níos simplí agam. B’fhearr liom dá mbeadh polasaí éigin leagtha amach ag staraithe eile romham. Ach tá sé déanach sa ló agus is mithid tús a chur leis an obair. Mura dtaitníonn an polasaí atá agam leis an gcéad staraí eile a ghabhann an tslí, déanadh sé nó sí polasaí níos fearr a chumadh ...