29/01/2014

Céad taismeach an chogaidh

An 11 Eanáir i mbliana d’fhoilsigh an Irish Times tuairisc ar chartlann nua idirlín a seoladh an lá roimhe sin. Is é atá sa chartlann liosta de na hÉireannaigh a maraíodh agus iad ag troid ar son Impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. I measc na maithe is na mór-uaisle a bhí i láthair nuair a seoladh an chartlann ag ceanncheathrú Google i mBaile Átha Cliath bhí an tánaiste, Éamon Gilmore; céad-aire Thuaisceart Éireann, Peter Robinson; agus an leas-chéad-aire, Martin McGuinness. Ní fhéadfainn gan suntas a thabhairt don abairt seo a leanas san óráid a thug Robinson (is liomsa an bhéim):
‘This work will allow the stories of the fallen to be recorded for the benefit of future generations and will allow us to express our thanks and acknowledge the sacrifice of men who died helping to preserve our freedom.’
Chuireas suim ar leith sa ráiteas seo toisc go raibh leabhar ar thionscnamh an Chéad Chogaidh Dhomhanda á léamh agam ag an am. Thairis sin, rith sé liom go mbeidh ráitis den saghas céanna le cloisteáil go minic agus go rialta idir seo agus deireadh na bliana 2018. Is mithid an cheist a chur más ea: an bhfuil aon bhunús le tuairim seo an chéad-aire? An fíor é go raibh Impireacht na Breataine ag troid chun ár saoirse a chosaint sa ‘chogadh mór’ (mar a ghlaoití air sular thosaigh cogadh eile a bhí níos mó fós)? Nó an amhlaidh nach bhfuil sa tuairim sin ach bolscaireacht smolchaite a chum polaiteoirí Briotanacha chun fir óga a sheoladh i dtreo na dtrinsí agus an bháis céad bliain ó shin?

Christopher Clark agus dhá leabhar ar an gCéad Chogadh Domhanda

      Is é an leabhar a bhí á léamh agam The Sleepwalkers: How Europe Went to War in 1914 le Christopher Clark. Is Astrálach é an t-údar atá ina ollamh le stair in ollscoil Cambridge. Níor mhiste a lua go bhfuil sé pósta le Gearmánach, óir ní féidir cúlra pearsanta an údair a fhágaint as an áireamh nuair a bhíonn leabhar staire le meas. Go deimhin, is saineolaí é Clark ar stair na Gearmáine. Tá beathaisnéis ar an Impire Wilhelm II agus leabhar ar fhás is ar thitim na Prúise scríofa aige cheana; moladh an dá shaothar sin go mór ach níl ceachtar acu léite agam go fóill. Maidir le The Sleepwalkers, is eiseamláir é de cheird an staraí: na buanna go léir a shamhlaím le stair den scoth – máistreacht ar na foinsí, anailís ghrinn, eagar loighciúil, breithiúnais mheáite, prós soléite – tá gach ceann díobh léirithe ag Clark.

      Is amhlaidh gur léire dom feabhas The Sleepwalkers toisc gur léas stair acadúil eile ar an ábhar céanna cúpla bliain ó shin, stair nár shásaigh mé in aon chor. Is iad Richard F. Hamilton agus Holger H. Herwig, staraithe Meiriceánacha, a scríobh Decisions for War, 1914-1917, leabhar a d’fhoilsigh Cambridge University Press sa bhliain 2004. Is leithne scóip an leabhair sin ná scóip The Sleepwalkers mar scrúdaigh Hamilton agus Herwig na bealaí inar tháinig na tíortha éagsúla isteach sa chogadh – na cinn a bhí neodrach ag tús an chogaidh san áireamh. Tá caibidlí leo ar na tíortha seo a leanas: an Ostair-Ungáir; an Ghearmáin; an Rúis; an Fhrainc; an Bhreatain; an tSeapáin; an Tuirc; an Bhulgáir, an Rómáin is an Ghréig; an Iodáil; agus na Stáit Aontaithe. Ach thugas easnamh aisteach faoi deara ar an toirt: níl aon chaibidil sa stair ar an tSeirbia! Tá an leabhar breac le tagairtí don tír úd, ar ndóigh, ach is amhlaidh nár thuig Hamilton agus Herwig – nó nach rabhadar sásta a admháil – gur dhein lucht ceannais na Seirbia cinneadh comhfhiosach dul chun cogaidh nuair a dhiúltaíodar glacadh le foláireamh deiridh na hOstair-Ungáire. Is áirithe gur chinneadh é sin óir bhí an dara rogha ag na Seirbiaigh: d’fhéadfaidís glacadh le héilimh na nOstarach. In ainneoin sin, leag Hamilton agus Herwig an chuid is mó ar fad de mhilleán an chogaidh ar na hOstra-Ungáraigh. Seo mar a scríobhadar:
Many commentators have focused on the murders of the archduke and his wife, declaring them, in a familiar image, to have been “the spark” that set off “the conflagration”. But unlike the spark in the tinderbox, the killings, by themselves, caused nothing. It was the use made of this event, initially by Austria-Hungary, that brought the nations to war. The key event, one recognised by the decision-makers of all the major powers, was the delivery of the Austro-Hungarian note to Serbia on 23 July. It was this note with its formidable demands that brought the involvement of the other powers.
Richard F. Hamilton agus Holger H. Herwig, Decisions for War, 1914-1917
(Cambridge University Press, 2004), 46.
An t-ionsaí marfach in Sarajevo, 28 Meitheamh 1914

      Gavrilo Princip, an fear a mharaigh an tArd-Diúc Franz Ferdinand, oidhre na hOstaire, ba Sheirbiach é a rugadh i mBoisnia – cúige a bhí faoi riail na hOstaire ag an am – ach ba bhall é den ‘Црна рука’ (‘Crna ruka’ nó ‘Lámh Dhubh’), rúnchumann armáilte a bhunaigh seirbhís rúnda na Seirbia. Is é an cuspóir a bhí ag baill an rúnchumainn na críocha go léir inar mhair Slavaigh an deiscirt (Seirbiaigh, Crótaigh, Slóivéanaigh, Boisniaigh, Montainéagróigh agus Macadónaigh) a aontú in aon stát amháin faoi cheannas na Seirbia. Dáileadh gunnaí is ábhar pléascach ó stórais mhíleata na Seirbia orthu agus pleanáladh an t-ionsaí ar an ard-diúc i mBéalgrád. Ní féidir a rá gur eisigh rialtas na Seirbia ordú chun oidhre na hOstaire a mharú, ach thuig baill an rialtais go maith cén saghas oibre a bhí ar siúl ag an Crna ruka agus níor dheineadar aon iarracht bac a chur leo. Go deimhin, áitíonn Christopher Clark go bhfuil sé ‘virtually certain’ go raibh príomh-aire na Seirbia, Nikola Pašić, ar an eolas i dtaobh na comhcheilge chun Franz Ferdinand a mharú (Sleepwalkers, 56). Thuig údaráis na hOstaire go luath tar éis mharú Franz Ferdinand go raibh dlúthbhaint ag Princip le seirbhís rúnda na Seirbia. Sa nóta a luadh thuas, d’éiligh na hOstaraigh go ligfí a gcuid póilíní féin isteach sa tSeirbia chun cúlra na comhcheilge a fhiosrú; ní nach ionadh, ní raibh aon mhuinín ag na hOstaraigh as córas dlí na Seirbia. Seo an cur síos a dhein Hamilton agus Herwig ar fhreagra na Seirbiach:
By any measure, the Serbian government’s response was remarkably conciliatory. Pashich [.i. Pašić] agreed to most of the demands, albeit with the proviso, pending production of appropriate evidence. But Pashich refused the demand for Austro-Hungarian investigators empowered to act within Serbia, a point that, if accepted, would amount to a humiliating sacrifice of national sovereignty, one that would risk a backlash from the Serbian military and unpredictable actions from the Black Hand.
Hamilton agus Herwig, Decisions for War, 45.
Is fiú an bhreith sin a chur i gcomórtas leis an léamh atá ag Clark ar an bhfreagra céanna:
This was a document fashioned for Serbia’s friends, not for its enemy. It offered the Austrians amazingly little. Above all, it placed the onus on Vienna to drive ahead the process of opening up the investigation into the Serbian background of the conspiracy, without, on the other hand, conceding the kind of collaboration that would have enabled an effective pursuit of the relevant leads ... In reality, then, this was a highly perfumed rejection on most points.
Clark, The Sleepwalkers: How Europe Went to War in 1914 (Penguin Books, 2013), 465-6
Is deacair a chreidiúint go raibh Clark agus an bheirt staraithe eile ag trácht ar an gcáipéis chéanna sna sleachta thuas, ach táim sásta go bhfuil an ceart ag Clark. Bhí éileamh na nOstarach go ligfí dá gcuid póilíní fiosruithe a dhéanamh ar láthair na comhcheilge thar a bheith réasúnta. Ní dóigh liom go nglacfadh ceann ar bith de chumhachtaí móra na hEorpa le heiteach dá mbeidís sa chás céanna ag an am. Ach dá ligfí póilíní na hOstaire isteach sa tSeirbia, bheadh baol nár bheag ann go dtiocfaidís ar fhianaise a chruthódh go raibh údaráis na Seirbia agus comrádaithe Gavrilo Princip ag obair as lámh dhubh a chéile. Bheadh an lasair sa bharrach i gceart ansin. Níorbh fhéidir le Pašić dul sa seans: thuig sé gurbh fhearr an cogadh a throid nuair a bheadh an rud úd a dtugann na Meiriceánaigh ‘plausible deniability’ air ag na Seirbiaigh.

Fógairt cogaidh na hOstair-Ungáire ar an tSeirbia, 28 Iúil 1914

      Ach más míniú iomlán é sin ar an gcogadh a thosaigh idir an Ostair-Ungáir agus an tSeirbia, an 28 Iúil 1914, ní mhíníonn sé conas a leathnaigh cogadh logánta sna Balcáin amach nó go raibh cumhachtaí uile na hEorpa páirteach ann. Ní féidir an tubaiste sin a thuiscint gan na conarthaí foirmiúla agus na comhthuiscintí neamhoifigiúla idir cumhachtaí móra na hEorpa a chur san áireamh. Tógadh an chéim ba thábhachtaí i dtreo an chogaidh mhóir nuair a thosaigh an Rúis ag slógadh a cuid fórsaí lá amháin tar éis don Ostair-Ungáir cogadh a fhógairt ar an tSeirbia. Bhí an slógadh sin teoranta do réigiúin áirithe i dtús báire ach d’fhógair na Rúisigh slógadh ginearálta dhá lá ina dhiaidh sin. De bharr achar ollmhór na tíre, droch-chaoi na mbóithre inti agus laghad a cuid iarnród, thógfadh sé roinnt seachtainí sula mbeadh an t-arm go léir réidh chun troda, ach ba léir do chách go raibh sé beartaithe ag na Rúisigh tacaíocht mhíleata a thabhairt dá gcomhbhráithre Slavacha Ceartchreidmheacha.

Slógadh na Rúise, 29 Iúil 1914

      Má bhí na Rúisigh meáite ar chabhair mhíleata a thabhairt don tSeirbia – cé nach raibh aon chomhaontas idir an dá thír – chinn na Gearmánaigh nár chóir dóibh loiceadh ar an Ostair-Ungáir, an t-aon chomhghuaillí amháin a bhí acu a d’fhéadfaí brath air. A luaithe agus a tuigeadh i mBeirlín go raibh slógadh ginearálta ar siúl ag na Rúisigh, d’fhógair an tImpire Wilhelm go raibh ‘Kriegsgefahrzustand’ (‘staid bagartha cogaidh’) ann. B’shin an chéim dheireanach roimh chogadh: de réir chóras na Gearmáine, ba phróiseas comhtháite amháin iad slógadh an airm agus dul chun cogaidh. Bhí an chuma ar chúrsaí anois go mbeadh sé ina chogadh idir ceithre stát ar a laghad: an Ostair-Ungáir agus an Ghearmáin ar thaobh amháin i gcoinne na Seirbia agus na Rúise ar an taobh eile.

‘Staid bagartha cogaidh’ na Gearmáine, 31 Iúil 1914

      Bheadh sé sin tubaisteach go leor, ach bhí comhaontas míleata ann idir an Fhrainc agus an Rúis ón mbliain 1894 i leith. De réir théarmaí rúnda an chomhaontais sin, bheadh dualgas ar an dá thír a gcuid fórsaí a shlógadh ar an toirt dá slógfaí arm na Gearmáine. Sheas na Francaigh leis an gceangal sin agus thosaigh siad ag slógadh an 1 Lúnasa ag a ceathair a chlog um thráthnóna – uair a chloig sular fhógair an Ghearmáin cogadh ar an Rúis toisc nach raibh an tImpire Nikolaj toilteanach slógadh a chuid fórsaí a chur ar ceal.

Slógadh na Fraince agus cogadh san oirthear, 1 Lúnasa 1914

      Dhá cheist a bhí fágtha faoin tráth seo: an mbeadh sé ina chogadh idir an Ghearmáin agus an Fhrainc, agus cad a dhéanfadh an Bhreatain dá dtosódh cogadh in iarthar na hEorpa? Chreid ceannairí míleata na Gearmáine nach bhféadfaidís cogadh a bhuachan dá mbeadh orthu troid san iarthar agus san oirthear ag an am céanna. Ach shíleadar go bhféadfaí éalú as an ngaiste straitéiseach sin trí ionsaí tobann a dhéanamh ar an bhFrainc: thabharfadh ruathar mar sin seans dóibh an Fhrainc a chloí sula mbeadh arm na Rúise cruinnithe le chéile. Faoin am a mbeadh na Rúisigh réidh chun troda san oirthear, bheadh an cogadh san iarthar buaite ag an Deutsches Heer.

Ionradh na Gearmáine ar an mBeilg agus fógairt cogaidh na Breataine, 4 Lúnasa 1914

      Ní raibh comhaontas míleata sínithe ag an mBreatain le stát ar bith eile, rud a d’fhág go raibh níos mó saoirse aici sna seachtainí roimh an gcogadh ná ag ceann ar bith eile de na cumhachtaí móra – le heisceacht na Rúise b’fhéidir. Ach in ainneoin sin, tháinig an Bhreatain ar chomhthuiscint straitéiseach (an ‘entente cordiale’) leis an bhFrainc sna blianta tar éis 1904. Faoin mbliain 1914, mar shampla, bhí cabhlach na Fraince aistrithe ó Mhuir nIocht go dtí an Mheánmhuir toisc gur ghlac na Francaigh leis go ndéanfadh an Royal Navy cósta thuaidh na Fraince a chosaint. Bhí roinnt de na hairí i rialtas Liobrálach an phríomh-aire Herbert Asquith i gcoinne páirt a ghlacadh sa chogadh a bhí ag bagairt, ach chreid feidhmeannaigh an Foreign Office nárbh acmhainn don Bhreatain bheith neodrach dá mba mhian léi a stádas sa chóras idirnáisiúnta a choinneáil. Seo mar a scríobh duine acu, Sir Eyre Crowe, i meamram dar dháta an 25 Iúil 1914:
Should the war come, and England [sic] stand aside, one of two things must happen. (a) Either Germany and Austria win, crush France, and humiliate Russia. What will be the position of a friendless England? (b) Or France and Russia win. What would be their attitude towards England? What about India and the Mediterranean?
Clark, The Sleepwalkers, 547.
Is é sin le rá, bheadh an lámh in uachtar ag an Rúis san Áis agus ag an bhFrainc sa Mheánmhuir dá mbuafaidís an cogadh. Mar an gcéanna, chuir na Tóraithe brú ar Asquith seasamh leis an bhFrainc. An 2 Lúnasa 1914, thug ceannaire an fhreasúra, Andrew Bonar Law, thug sé litir don phríomh-aire á rá go mbeadh sé fatal to the honour and security of the United Kingdom to hesitate in supporting France and Russia at this juncture; and we offer our unconditional support to the Government in any measures they may consider necessary to this object’. Nuair a fuarthas scéala i Londain go raibh neodracht na Beilge sáraithe ag an nGearmáin, chinntigh sé sin go mbeadh móramh mór sa chomhaireacht ar son an chogaidh. Murach sin – dá bhfanfadh na Gearmánaigh amach as an mBeilg – is dóichí ná a mhalairt go dtitfeadh an rialtas Liobrálach as a chéile agus go mbunófaí comhrialtas idir eite impiriúil na Liobrálach (leithéidí Asquith, Haldane, Churchill, Grey) agus na Tóraithe chun an cogadh a throid. Ach is cinnte go rachadh an Bhreatain isteach sa chogadh, bealach amháin nó bealach eile.

      Níl ach na céimeanna ba thábhachtaí ar an gconair i dtreo na tubaiste luaite agam sa chuntas thuas, cheal spáis, ach mholfainn d’aon duine a bhfuil tuilleadh eolais ar an ábhar ag teastáil uaidh spléachadh a thabhairt ar an suíomh idirlín dar teideal Who Started WW One? Ní féidir a rá go dtugann Christopher Clark freagra soiléir ar cheist seo na ciontachta. Mar a scríobh sé i réamhrá The Sleepwalkers, tá an leabhar ‘concerned less with why the war happened than with how it came about’ . Sin é an cur chuige atá aige ó thús deireadh an tsaothair. Dar le Clark, ní féidir milleán an chogaidh a chur ar aon phearsa ná ar aon stát ar leith. Tá an bhreith thomhaiste seo a leanas le léamh i dtreo dheireadh an leabhair:
The outbreak of war in 1915 is not an Agatha Christie drama at the end of which we will discover the culprit standing over a corpse in the conservatory with a smoking pistol. There is no smoking gun in this story; or, rather, there is one in the hands of every major character. Viewed in this light, the outbreak of war was a tragedy, not a crime.
Clark, The Sleepwalkers, 561.
An n-aontaím leis sin? Aontaím ar an mórgóir. Ach dá mbeadh orm an chuid is mó den mhilleán a leagan ar thír amháin, is ar an Rúis a chuirfinn é. Ba é cinneadh na Rúiseach troid ar thaobh na Seirbia i gcoinne na hOstaire – cé nach raibh dualgas dá laghad orthu a ladar a chur isteach sa scéal – a dhein cogadh mór domhanda de chogadh beag áitiúil. Murach an cinneadh tubaisteach úd, ní móide go mbeadh mórán tráchta inniu ar chogadh na bliana 1914 idir an tSeirbia agus an Ostair-Ungáir; ní bheadh ann ach fonóta eile sa stair ar aon dul leis an gCéad Chogadh (Deireadh Fómhair 1912-Bealtaine 1913) agus an Dara Cogadh (Meitheamh-Lúnasa 1913) sna Balcáin.

      Tá súil agam go mbeidh freagra na ceiste lenar thosaíos soiléir faoin am seo. An amhlaidh go raibh Impireacht na Breataine ag troid ar son ár saoirse sa Chéad Chogadh Domhanda? Bí cinnte de nach raibh!

      Is í an fhírinne céad taismeach an chogaidh i gcónaí.

Meon impiriúil na linne