22/08/2022

Rí John agus Éire

Tá an dara sliocht as Caibidil 5 den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

Ríthe Shasana agus na Fraince i mbun troda


Thosaigh coimhlint inmheánach eile i ríshliocht Plantagenêt nuair a d’éag Richard I de bharr gortaithe a bhain dó agus é ag iarraidh reibiliún in Aquitaine a chloí sa bhliain 1199. Cé gur ghlac maithe Shasana agus Aquitaine le John mar chomharba ar a dheartháir (ó ba é an t-aon mhac dlisteanach le Henry II é a mhair) thug barúin sa Bhriotáin, sa Normainn agus in Anjou tacaíocht d’Arthur, diúc na Briotáine – ógánach ar mhac é le Geoffroy, deartháir mór John a maraíodh i mbabhta giústála. Fuair an diúc tacaíocht mhíleata ó Philippe II na Fraince ach rinneadh príosúnach cogaidh de in 1202 agus chuaigh sé as amharc go gairid ina dhiaidh sin. Tuigeadh sula i bhfad go raibh an diúc marbh. Scaip ráfla gur mharaigh John a nia féin, agus is áirithe go raibh lámh aige san obair. Ní dhearna an fhionaíl seo ach naimhde an rí a ghríosú ina aghaidh. Shéan sciar maith d’uaisle Aquitaine a ndílseacht dó agus ghabh Philippe II seilbh ar an Normainn gan mórán stró. Ní raibh fágtha de na críocha fairsinge a bhíodh ag ríthe Shasana ar mhórthír na hEorpa faoi shamhradh na bliana 1204 ach cúige Gascogne i ndeisceart Aquitaine. Bhain na himeachtaí seo ó ghradam na corónach agus níorbh fhada gur fhágadar a lorg ar Éirinn. Theastaigh fear ionaid ó John a bheadh dílis dó agus diongbháilte go leor le seasamh i gcoinne na mbarún ba threise: cheap sé Meiler fitz Henry († 1220) ina ghiúistís timpeall na bliana 1198 agus choinnigh fitz Henry an cúram sin nuair a tháinig John i gcoróin. Col seisir leis an rí ba ea é agus bhí sé ar dhuine den chéad díorma ridirí a tháinig go hÉirinn i dteannta Robert fitz Stephen sa bhliain 1169. Cé gur ghlac sé páirt ghníomhach sa chogaíocht a lean an t-ionradh, ní raibh ach feoid bheaga aige i dtiarnais na Midhe agus Laighean nuair a rinneadh giúistís de. Ba ghearr gur bronnadh feoid bhreise air sa Mhumhain ach bhí a chuid mainéar scaipthe thall is abhus, rud a chuir srian lena chumhacht agus a chinntigh go mbeadh sé ag brath ar fhabhar an rí.

     Cruthaíodh fadhb íogair don ghiúistís in 1200 nuair a chinn William de Burgh, custos Luimnigh, gurbh acmhainn dó ceannas a ghabháil ar chúige Chonnacht as a stuaim féin. Ba iad Gaill na Mumhan eithne an airm a shlóg sé, ní nach ionadh, ach d’fhreagair na Brianaigh – idir lucht leanúna Chonchobhair Ruaidh agus lucht leanúna Mhuircheartaigh Fhinn – a ghairm slógaidh freisin. Theastaigh ón mBúrcach Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair a bhriseadh agus ríghe an chúige a thabhairt do Chathal Carrach, fear a bheadh ina rí soip faoina stiúir féin. Bhí gach cosúlacht air gur éirigh lena bheartas agus tá an tuairisc seo a leanas le léamh in Annála Inis Faithlinn:

Gaill do gabail rígi Connacht ⁊ Cathal Crobderc do innarba, ⁊ Cathal Carrach, do Sudiugud doib ann.

[Gaill ag gabháil ríghe Chonnacht agus Cathal Croibhdhearg á ionnarbadh, agus Cathal Carrach á shuí acu inti.]

Theith Cathal Croibhdhearg i dtreo an tuaiscirt ar thóir cabhrach. Cé gur tháinig Aodh Méith Ó Néill agus ríthe eile ón bhFochla aduaidh in éineacht leis, thiontaigh siad ar a sála nuair a tuigeadh dóibh go mbeadh orthu troid i gcoinne slua Gall. Ach bhí John de Courcy agus scata ridirí ó Ultaibh agus ón Midhe sásta troid ar son Chathail Chroibhdheirg le haghaidh tuarastail, rud a chinntigh go mbeadh Gaill ag troid ar an dá thaobh. Ach nuair a fearadh cath idir an mbeirt éilitheoirí ag Cill Mhic Dhuach, Contae na Gaillimhe, bhí an lá le Cathal Carrach: gortaíodh John de Courcy sa choimheascar agus chúlaigh slua Chathail Chroibhdheirg trasna na Sionainne. Ghabh Gaill na Midhe Cathal Croibhdhearg agus seoladh go Baile Átha Cliath é mar ar thug sé a ghialla do Meiler fitz Henry. Tá sé le tuiscint go raibh Ó Conchobhair sásta glacadh le hardtiarnas rí Shasana ar Chonnachtaibh mar scaoileadh saor é gan mhoill agus thug sé aghaidh ar Thuadhmumhain le beannacht an ghiúistís. Tháinig Cathal Croibhdhearg i láthair William de Burgh agus chuir ina luí air droim láimhe a thabhairt le Cathal Carrach. Bhí toil an ghiúistís soiléir do ghobharnóir Luimnigh agus gheall Cathal Croibhdhearg luach a shaothair dó. Rinne an Búrcach ionradh eile ar chúige Chonnacht in 1202 chun Cathal Croibhdhearg a chur ar ais sa ríghe, agus an uair seo bhí idir Bhrianaigh agus Charrthaigh páirteach sa slógadh. Maraíodh Cathal Carrach i mbruíon fhánach láimh le Mainistir na Búille, ach d’éirigh idir de Burgh agus Cathal Croibhdhearg nuair a thosaigh maithe an chúige ag ionsaí oifigigh an Bhúrcaigh nuair a d’éiligh siad an íocaíocht a gealladh dó. Rinne de Burgh iarracht díoltas a bhaint amach an bhliain dár gcionn nuair a chreach sé mainistreacha Chluain Fearta agus Chluain Mhic Nóis, ach ba léir faoin taca seo go raibh gobharnóir Luimnigh ag tochras ar a cheirtlín féin agus níor ghlac Brianaigh ná Carrthaigh páirt sa slógadh. Níor theastaigh ón gcoróin go mbeadh iarthar na hÉireann faoi smacht an Bhúrcaigh agus ghníomhaigh Meiler fitz Henry chun srian a chur air: chuaigh an giúistís agus Walter de Lacy ar feacht sa Mhumhain agus ghabhadar Luimneach gan troid nuair a bhí de Burgh as láthair. Bhrostaigh Cathal Croibhdhearg agus Muircheartach Fionn Ó Briain (a mharaigh Conchobhar Ruadh Ó Briain tamall gairid roimhe seo) chun cuidiú leis an ngiúistís agus b’éigean do William de Burgh stríocadh. Ceapadh William de Braose († 1211), duine de na barúin ba chumhachtaí sa Bhreatain Bheag agus fear a chaill a chuid tailte sa Normainn de bharr a dhílseacht do rí Shasana, ina custos ar Luimneach in ionad an Bhúrcaigh. Ní mó na sásta a bhí de Burgh leis an ísliú céime ach bhí a shláinte ag teip agus d’éag sé in 1205. ‘Milltigheoir Erenn uile’ (‘millteoir Éireann uile’) ba ea é de réir na tuairisce ar a bhás in Annála Loch Cé.

Pingin, leath-phingin agus feoirling a d’eisigh John in Éirinn
     Níor thúisce barún easurramach amháin ar lár sa Mhumhain gur nocht ceann eile ó thuaidh. Ní fios go cinnte cad ba chúis leis an gcol tobann a ghlac John Rí le John de Courcy, ach tá sé sa seanchas gur chuir de Courcy feallmharú Arthur, diúc na Briotáine, ina leith. Ba leor a leithéid de líomhain chun an rí a chur le cuthach agus níor dheacair dó díoltas a imirt ar thiarna Uladh: ghríosaigh sé Hugh de Lacy, deartháir óg Walter de Lacy, le fogha a thabhairt ó thuaidh ‘co n-Galloib na Midhe’ (‘le Gaill na Midhe’). Ghabh de Lacy Dún Pádraig agus thug de Courcy Oileán Mhanann air féin chun cúnamh a lorg ar Raghnall mac Gofraidh, deartháir a chéile agus rí an oileáin. D’fhill de Courcy ar Ultaibh an bhliain dár gcionn le cabhlach ó Inse Gall ach tháinig Walter de Lacy aneas chun tacú lena dheartháir agus cuireadh an ruaig ar an gCúrsach arís. Chuir rí Shasana a shéala ar choncas na Léiseach trí thiarnas Uladh agus gairm iarla a thabhairt do Hugh de Lacy i mí na Bealtaine 1205. Ag deireadh na bliana céanna, rinne John conradh le Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair: ghéill rí Chonnacht dhá thríocha céad i gceantar Átha Luain do rí Shasana, ghlac sé leis an tríú cuid den chúige mar fheod uaidh, agus thoiligh sé cíos a íoc leis ar fhuíoll an chúige. D’fhág sé seo go raibh cos ag Sasanaigh ar bhruach thiar na Sionainne. Os a choinne sin, shíl Ó Conchobhair go bhféadfadh sé brath ar thacaíocht an ghiúistís feasta agus – mar bharún a raibh feod aige ó láimh an rí – bhí súil aige go rachadh an tríú cuid dá ríocht ar aghaidh chuig an mac ba shine leis. Má bhí rí Chonnacht – ‘bradán dearg’ an fhile – sásta géillsine a thabhairt do ‘dominus Hibernie’, níor bhagairt dá réimeas iad ríthe na gcúigí eile ach oiread. I dTuadhmhumhain, bhí Donnchadh Cairbreach Ó Briain i ngleic lena dheartháir, Muircheartach Fionn Ó Briain, i dtaobh na ríghe. Mar an gcéanna, nuair a d’éag Domhnall Mac Carrthaigh, rí Dheasmhumhan, sa bhliain 1206 thosaigh deartháir agus mac an mhairbh – Fínghin († 1209) agus Diarmuid († 1229) faoi seach – ag spairn faoin gcomharbas, rud a thug deis do Ghaill an choilíneacht a leathnú in iarthar na Mumhan. Bhí Gaeil in adharca a chéile ó thuaidh freisin. Maraíodh Éigneachán Ó Domhnaill, rí Thír Chonaill, nuair a thug sé ruaig chreiche ar Fhear Manach in 1207; an bhliain dár gcionn, fearadh cath fuilteach nach raibh toradh soiléir air idir Domhnall Mór Ó Domhnaill († 1241), comharba Éigneacháin, agus Aodh Méith Ó Néill in Inis Eoghain – leithinis a bhí ag teacht faoi smacht Chinéal gConaill de réir a chéile. Níorbh iad na ríthe dúchasacha a thug dúshlán John, ach barúin Ghallda a d’éirigh bréan d’éilimh an ghiúistís.

     Tharla go bhfuair triúr tiarnaí a raibh gabháltais fhairsinge acu bás laistigh d’achar gairid agus sula raibh a n-oidhrí lánaosta: mar atá, Gerald fitz Maurice a raibh cuid d’Uíbh Failghe mar thiarnas aige; William de Burgh a raibh mainéir aige ar fud Thuadhmhumhan; agus Theobald Walter a raibh mainéir aige i dTuadhmhumhain, i Laighnibh agus sa Mhidhe. Chuir Meiler fitz Henry na hoidhrí óga faoi choimircíocht an rí agus chinn sé go mbeadh riar a gcuid tailte ag an gcoróin go dtiocfaidís in aois. Chuir an polasaí seo as do thriúr de na tiarnaí ba chumhachtaí: do William de Braose i dTuadhmhumhain; do Walter de Lacy sa Mhidhe; agus do William Marshal, iarla Pembroke, i gcúige Laighean. D’áitigh na tiarnaí seo gur chóir go mbeadh riar (agus brabús) na bhfeod a bhain lena dtiarnais ina lámha féin i rith óige na n-oidhrí. Bhí Marshal ina thiarna ar Laighnibh ó 1186 nuair a phós sé Isabel, iníon Richard de Clare agus Aoife, cé nár chaith sé mórán ama in Éirinn roimh 1207. Thosaigh cogadh idir na barúin agus Meiler fitz Henry i dtosach na bliana céanna nuair a ghabh an giúistís baile Luimnigh le láimh láidir. D’fhan William de Braose sa Bhreatain Bheag i rith an chogaidh ach chuir duine dá vasáilligh, Geoffrey de Marisco, go tréan i gcoinne an ghiúistís. Leathnaigh an troid go dtí Laighin is an Mhidhe agus tháinig iarla Uladh aduaidh chun cuidiú lena dheartháir:

Coccadh mor eittir Ghallaibh Laighean fein .i. eittir Maoilir ⁊ Seffraigh Mares, ⁊ Uilliam Marusccal gur milleadh Laighin, ⁊ fir Mumhan etorra. Coccadh mór fós eittir Hugo De Lati ⁊ Maoilir, go ro milleadh uile muintir Mhaoilir. 

(Cogadh mór idir Gaill Laighean féin – is é sin idir Meilir, Geoffrey de Marisco agus William Marshal – gur milleadh Laighin agus fir na Mumhan eatarthu. Cogadh mór freisin idir Hugh de Lacy agus Meiler gur milleadh lucht leanúna Meiler uile.)

Lean an cogadh ar aghaidh san athbhliain ach bhris Geoffrey de Marisco cath ar Meiler fitz Henry ag Durlas agus fuair John scéala san earrach go raibh a ghiúistís tar éis géilleadh do na barúin. Ní raibh an dara rogha ag rí Shasana ach teacht chun réitigh leo: d’aontaigh sé go bhfágfaí riar gach feoid faoin tiarna a bhronn é, fiú sa chás ina mbeadh an t-oidhre faoina choimircíocht féin. Thug sé le fios go raibh athrú polasaí curtha i bhfeidhm trí riarthóir gairmiúil – John de Grey, easpag Norwich agus iar-rúnaí an rí – a cheapadh ina ghiúistís in ionad fitz Henry. Ba chosúil go raibh an ghéarchéim thart, ach theastaigh ón rí a chinntiú nach dtarlódh a leithéid d’éirí amach arís.

Caisleán Charraig Fhearghais: daingean deireanach iarla Uladh


     Cé go raibh Walter de Lacy agus William Marshal toilteanach umhlóid a dhéanamh do John agus iad féin a iompar mar vasáilligh dhílse feasta, dhiúltaigh William de Braose a mhac a thabhairt dó mar ghiall. De réir an tseanchais, dúirt Maud de Saint-Valéry, bean de Braose, le teachtaí an rí nach dtabharfadh sí a mac suas d’fhear a dhúnmharaigh a nia féin. Ní fhéadfadh John a leithéid d’easurraim phoiblí a scaoileadh thairis agus choigistigh sé tailte de Braose. I dtosach na bliana 1209 theith an barún, a bhean agus an mac ba shine leo go hÉirinn mar ar thug Walter de Lacy, ar chliamhain é le William de Braose, tearmann do na teifigh. Tuigeadh don rí go mbeadh air athchuairt a thabhairt ar an gcoilíneacht dá mba mhian leis na barúin ba chumhachtaí inti a smachtú. Tá an iontráil seo a leanas le léamh in Annála Uladh don bhliain 1210:

Ri Saxan do thaidhecht i n-Erinn co longais diairmidhe, idon, secht cét long. 

(Rí Shasana ag teacht go hÉirinn le loingeas dí-áirmhithe, eadhon, seacht gcéad long.)

De réir na foinse céanna, bhí dhá chéad daichead long i dteannta Henry II nuair a tháinig sé go hÉirinn in 1171 agus ní raibh ach seasca long i gcabhlach John nuair a thug sé cuairt ar an tír in 1185. Thairis sin, bhí saighdiúirí tuarastail ó Fhlóndras i sluaíocht na bliana 1210 in éineacht le mórshlua feodach Shasana. Cé nach féidir brath ar chruinneas an áirimh sna hannála, níl aon amhras ach go raibh an t-arm ba chumhachtaí a chonacthas in Éirinn go nuige sin i dteannta John nuair a tháinig sé i dtír ag an gCrúc, láimh le Port Láirge, an 20 Meitheamh 1210. Thiocfadh dó go raibh deich míle fear faoina cheannas. Bhí William Marshal páirteach sa slógadh ríoga ón tús agus tháinig Donnchadh Cairbreach Ó Briain, a raibh an lámh in uachtar faighte aige ar a dheartháir, i láthair an rí gan mhoill. Rinneadh ridire den Bhrianach agus bhronn John Carraig Ó gCoinneall, dúiche ar bhruach theas inbhear na Sionainne, air mar fheod ar chíos £40 in aghaidh na bliana. D’fhág an socrú seo go raibh Ó Briain agus Ó Conchobhair ar aon ina vasáilligh fheodacha ag rí Shasana. Thriall John ar Bhaile Átha Cliath mar ar thug toscaireacht ó Walter de Lacy le fios go raibh tiarna na Midhe sásta géilleadh dó. Ach bhí an tairiscint seo rómhall: coigistíodh tiarnas de Lacy agus d’éalaigh sé chun na Fraince. Bhí John ag déanamh a shlí tríd an Midhe, ag glacadh seilbhe ar chaisleáin a ghéill dó gan troid, nuair a tháinig Cathal Croibhdhearg Ó Conchobhair chuige le slógadh an iarthair mar léiriú dílseachta. Bhronn rí Shasana each cogaidh ar rí Chonnacht agus b’ábhar iontais don chomhluadar é gur bhain Ó Conchobhair an diallait den chapall sula ndeachaigh sé de léim ar a mhuin. Lean John leis ó thuaidh i dtreo iarlacht Hugh de Lacy. Bhí an t-arm ríoga róláidir le cur ina choinne agus chúlaigh an t-iarla roimhe. Ghéill an daingean deireanach a bhí ag iarla Uladh, caisleán Charraig Fhearghais, ag deireadh mhí Iúil tar éis léigir ghairid. Thóg Aodh Méith Ó Néill slógadh Chinéal nEoghain go Carraig Fhearghais nuair a bhí an léigear ar siúl agus thairg sé cúnamh míleata do John. Bhí cruinniú cairdiúil ag an mbeirt le chéile ach bhí freagra Uí Néill giorraisc go leor nuair a iarradh air gialla Thír Eoghain a thabhairt do rí Shasana:

Techt dosom d'íaraid brágdi dá thig, ⁊ adubairt-sium: ‘Imtigidsi, a Gullu,’ ar se, ‘⁊ ni tibeórsa brágdi achurs dúbsi idir, a Gullu,’ ar se. Ra imtigedar na Gaill, ⁊ ní tucsum brágdi dun ríg. 

(Teachtairí chuige ag iarraidh bránna, chuig a thigh, agus dúirt seisean: ‘imígíse, a Ghalla’, ar sé, ‘agus ní thabharfaidh mise brá ar bith daoibhse don chor seo, a Ghalla’, ar sé. D’imigh na Gaill is níor thug sé bránna don rí.)

Bhí Ó Néill toilteanach ardcheannas John a aithint agus cuidiú leis na barúin a smachtú, ach ní raibh sé sásta gialla a thabhairt dó. D’éirigh idir Ó Conchobhair agus John ar an gcúis chéanna: nuair a d’iarr John ar rí Chonnacht mac leis a thabhairt dó mar ghiall, ba é an t-eiteach a fuair sé. Tá gach uile sheans go raibh oidhe dhiúc na Briotáine ar intinn Uí Néill agus Uí Chonchobhair. Níorbh fhada gur thug John samplaí níos measa fós dá dhéine. Cé gur éalaigh Hugh de Lacy agus William de Braose chun na Fraince, gabhadh bean de Braose is an mac ba shine leis i nGall-Ghàidhealaibh na hAlban agus thug tiarna an cheantair iad ar láimh do rí Shasana; cuireadh Maud de Saint-Valéry agus a mac i gcarcair agus ligeadh dóibh bás a fháil den ocras ar ordú an rí. Dhá bhliain ní ba dhéanaí, d’ordaigh sé go gcrochfaí ocht ngiall Bhreatnacha is fiche – páiste seacht mbliana d’aois ina measc – de bharr éirí amach sa Bhreatain Bhig. Faoin am a d’fhill John ar Shasana ag deireadh mhí Lúnasa 1210, bhí cumhacht na mbarún in Éirinn briste aige: bhí tiarnais Luimnigh, na Midhe agus Uladh go léir faoi riail dhíreach na corónach, amhail contaetha. Agus má bhí tiarnas Laighean fós i seilbh William Marshal, bhí an chuma air go mbeadh sé dílis don rí feasta. Os a choinne sin, chuir iompar Uí Chonchobhair agus Uí Néill olc ar John ach bhí sé sásta ligean don ghiúistís, John de Grey, fios a mbéas a mhúineadh do na Gaeil cheanndána.

     Bhí cúige Chonnacht faoi ionsaí ó dhá threo roimh dheireadh 1210: tháinig slua amháin aneas ó Thuadhmhumhain faoi cheannas Geoffrey de Marisco agus Dhonnchadha Chairbrigh Uí Bhriain, agus tháinig sluaite feodacha Laighean is na Midhe anoir faoi cheannas an ghiúistís féin. Thóg de Grey droichead agus caisleán cloiche ag Áth Luain chun loingeas ar an tSionainn agus trácht trasna na habhann a rialú. B’éigean do Chathal Croibhdhearg stríocadh agus thug sé gialla Chonnacht – duine dá chlannmhac ina measc – don ghiúistís. D’iompaigh de Grey ó thuaidh sna blianta idir 1211 agus 1213 ach theip air Ó Néill a chloí. Bhí na teidil ‘rí Conaill ⁊ Eogain ⁊ Airghiall’ (‘rí Thír Chonaill, Thír Eoghain agus Oirghiall’) agus ‘rí Oiligh’ (‘rí Ailigh’) á lua le hAodh Meith sna hannála agus is fíor gur éirigh leis ríthe an Fhochla a aontú i gcoinne na nGall. Scriosadh caisleáin a thóg an giúistís ag Caol Uisce ar an Éirne is ag Cluain Eois. Nuair a thug slua Gall ruathar faoi Thír Eoghain in 1212 bhris Ó Néill cath orthu; an bhliain dár gcionn thug sé féin fogha ó dheas chun slad a dhéanamh ar Chairlinn, Contae Lú. Faoin am sin, bhí cogadh cathartha á thuar i Sasana agus thóg de Grey agus William Marshal cúig chéad ridirí sall leo chun tacú leis an rí.

     Bhí sciar nár bheag de bharúin Shasana den tuairim gur imigh an rí thar cailc nuair a chuir sé bean agus oidhre William de Braose chun báis, gan triail ar bith, trí bhia a shéanadh orthu; dá bhféadfaí a leithéid de dhrochíde a thabhairt do bhaill de theaghlach oirirc, is ar éigean má bhí aon duine sa ríocht sábháilte. Cuireadh leis an míshuaimhneas i measc na mbarún ag deireadh 1212 nuair a d’fhógair an Pápa Innocentius III go raibh John briste aige mar rí de bharr easaontais faoi thoghadh ardeaspag Canterbury. Ba throm an buille é seo don rí, ach réitíodh an t-aighneas leis an bpápa an bhliain dár gcionn nuair a thoiligh John glacadh le Sasana agus le hÉirinn mar fheoid ón bPápa:

Iohannes, tunc Angliae rex, tuc se Saxana ⁊ Ere don Papa, idon, Innocentius tertius, ⁊ tuc an Papa do fein aris iad ⁊ mile marg dosan ⁊ posteris gacha bliadhain: idon, secht ced ex Anglia ⁊ tri ced ex Hibernia

(John, rí Shasana ag an am, thug sé Sasana is Éire don phápa, eadhon Innocentius III, agus thug an pápa dó féin arís iad ar mhíle marg dósan is dá chomharbaí gach bliain: is é sin, seacht gcéad ó Shasana agus trí chéad ó Éirinn.)

Ba mhillteanach an chéim síos é seo do John, agus baineadh tuilleadh dá ghradam nuair a rug Philippe II na Fraince bua ar arm Sasanach ag Bouvines i bhFlóndras, an 27 Iúil 1214. Chuir an briseadh seo deireadh le hiarrachtaí John chun an Normainn a athghabháil. Thairis sin, thug sé uchtach do na barúin sa bhaile a bhí buartha faoina iompar: thosaigh éirí amach i dtuaisceart Shasana in Aibreán 1215 agus ghabh na ceannaircigh Londain i mí na Bealtaine. Chuathas i mbun idirbheartaíochta agus chuir John a shéala le ‘cairt mhór’, an Magna Carta, an 15 Meitheamh 1215. D’fhéach an chairt le teorainn a chur le cumhachtaí an rí agus le cumhachtaí na ríthe a thiocfadh ina dhiaidh. I measc mórán forálacha eile, d’éiligh an chairt go scaoilfí saor na gialla a bhí á gcoinneáil ag an rí, nach ngearrfaí pionós ar shaor ar bith feasta ach amháin de réir an dlí, agus nach ngearrfaí cánacha áirithe gan chead na mbarún is na cléire a fháil. Ní raibh sé i gceist ag John cloí le téarmaí na cairte ach bhí am de dhíth air chun eagar a chur ar a lucht leanúna. Idir an dá linn, rinne sé iarracht athmhuintearas a dhéanamh le roinnt dá naimhde: i mí Iúil, mar shampla, d’ordaigh sé go dtabharfaí tiarnas na Midhe (lúide Droichead Átha) ar ais do Walter de Lacy. Ba ghearr go raibh sé ina chogadh dearg idir an rí agus an freasúra agus bhí John ar feacht, ag ceann an airm ríoga, nuair a tháinig dinnireacht air i mí Dheireadh Fómhair na bliana 1216; d’éag sé den ghalar in aois a naoi mbliana is daichead. Cé go raibh cogadh cathartha ar siúl i Sasana, agus an Normainn go daingean i lámha rí na Fraince, bhí sé de shólás ag John ar leaba a bháis gur fhág sé coilíneacht in Éirinn a bhí níos fairsinge agus níos treise ná riamh.

An choilíneacht Shasanach ar bhás John