02/10/2021

‘Blue people’ agus ‘daoine de dhath’

‘Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach’. Mar chruthúnas ar fhírinne an tseanfhocail sin, d’fhoilsigh nuachtán Sasanach, The Guardian, alt ar théarmaíocht na Gaeilge i mí Iúil i mbliana. Tá téacs an ailt le fáil ar shuíomh an nuachtáin anseo. Níl sé de nós agam The Guardian a léamh, ach chonaic mé tagairt don alt ar Twitter agus chaitheas súil air le teann fiosrachta. Ar an drochuair, níl an t-alt thar moladh beirte. Is é téis an údair, Rory Carroll, go bhfuil na téarmaí Gaeilge a bhaineann leosan nach daoine geala iad (‘people who are not white’ mar a scríobh sé) lochtach agus easnamhach. Seo daoibh tús an ailt:


Mhínigh an tuairisceoir go bhfuil an leagan ‘duine dubh’ débhríoch, rud atá fíor: níl aon chúis le ceapadh nach raibh Aodh Dubh Ó Néill (c.1605-c.1660) agus Eibhlín Dubh Ní Chonaill (c.1743-c.1800) chomh geal le formhór na nÉireannach lena linn. Ach mhaígh sé ansin gur ‘odd alternative’ é ‘duine gorm’ agus gur ‘blue person’ is ciall leis. Níl aon bhunús leis na ráitis sin. Tarlaíonn sé go minic i ngach teanga go mbíonn níos mó ná ciall amháin le focal. Is leor sracfhéachaint a thabhairt ar fhoclóir chun an méid sin a thuiscint. Dá ndéarfainn ‘the tiger is a cat’, ní dóigh liom go gcuirfeadh aon duine i mo choinne. Ach dá ndéarfainn ‘I have a cat at home’, cé mhéad duine a shílfeadh go raibh tíogar agam sa bhaile? Tagraíonn an focal céanna d’ainmhí mór dainséarach sa chéad abairt agus d’ainmhí beag neamhurchóideach sa dara abairt. An gciallaíonn sé sin go bhfuil lucht labhartha an Bhéarla ‘wrestling with the description of felines’? Ní chiallaíonn, ar ndóigh. Ní chuireann cialla éagsúla an fhocail ‘cat’ mearbhall ar aon duine toisc go dtuigeann an té is dúire go mbraitheann an chiall ar an gcomhthéacs. Is amhlaidh atá sa Ghaeilge i gcás an fhocail ‘gorm’. Ach dá scríobhfadh Rory Carroll an fhírinne, dá scríobhfadh sé go bhfuil focal sa Ghaeilge a bhfuil níos mó ná ciall amháin leis agus go n-athraíonn a chiall de réir an chomhthéacs, ní bheadh ábhar ailt aige agus ní bheadh deis ag léitheoirí sofaisticiúla an Guardian magadh a dhéanamh faoin teanga phrimitíbheach seo ina bhfuilim ag scríobh.

     Tá ‘dorcha gan a bheith dubh’ ar cheann de na cialla a bhaineann leis an bhfocal ‘gorm’ agus tá an chiall sin ann, ní le ‘generations’ anuas mar a scríobh Rory Carroll, ach le míle bliain. Tá samplaí d’úsáid an fhocail sa chiall sin, agus capaill faoi chaibidil, le fáil i Lebor na Cert, saothar próis a cumadh i dreo dheireadh an 11ú céad nó i dtosach an 12ú céad:

‘caeca each ndubgorm’ (= ‘caoga each dubhghorm’)

‘sé eich glasa, gabal-guirm’ (= ‘sé each ghlasa ghabhal-ghorma’)

Mar an gcéanna, tá tagairt ag Seán Ó Neachtain (c.1640-1729) do ‘each gorm’ sa scéal leis dar teideal Stair Éamuinn Uí Chléire, scéal a cumadh ag tús an 18ú céad:

Gléastar annso dhá each faoi shriantuibh óir agus fó dhialluidibh airgid dhúinn .i. an t-each ruadh dhó-san agus an t-each gorm (do chí tú thall úd) dhamh-sa. 

Timpeall an ama chéanna, chum Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh (c.1632–1705) dán cáiliúil dar tús ‘Caoinidh mise m’Fhalartha’ inar chaoin sé capall leis darbh ainm an Fhalartha Ghorm. Agus tá an sainmhíniú seo a leanas le fáil i bhfoclóir Uí Dhuinnín faoin gceannfhocal ‘gorm’:

each (capall) gorm, a dark grey horse, al. A black or chocolate horse

Is díol suime é go raibh an chiall seo le fáil in Albain freisin. Tá an sainmhíniú seo a leanas le léamh i bhfoclóir Dwelly faoin gceannfhocal ‘gorm’:

each gorm, a dark grey horse

Is iomaí dath a d’fheicfeá ar chapall ach táim réasúnta cinnte nach raibh ‘blue horse’ ann riamh. Tá sotal an Bhéarlóra le brath ar an tuairim go bhfuil leagan cainte atá againn sa Ghaeilge ‘odd’ toisc go bhfuil sé éagsúil le téarmaíocht an Bhéarla.

     Fuair an t-alt in The Guardian locht ar théarma Gaeilge eile: mar atá, ‘duine daite’, téarma atá ‘associated with apartheid South Africa’, más féidir an t-alt a chreidiúint. Ní raibh an Ghaeilge ina teanga oibre ag rialtas na hAfraice Theas riamh, ach níorbh é an focal ‘daite’ a bhí i gceist ag iriseoir The Guardian i ndáiríre ach focal eile i dteanga eile: mar atá, an focal ‘coloured’. Bhíos i mo bhall de choiste an Irish Anti-Apartheid Movement ar feadh cúpla bliain i dtús na 1980í. Is iomaí oíche a chaitheas i bparlús Kader agus Louise Asmal i gCarraig an tSionnaigh ag cur nuachtlitreacha i gclúdaigh litreach agus d’fhoghlaimíos cuid mhaith faoin Afraic Theas ó bheith ag éisteacht agus ag comhrá leis na daoine ón tír sin a bhí páirteach sa ghluaiseacht ag an am. Is fíor go raibh an téarma ‘coloured’ in úsáid nuair a bhí apartheid i réim, ach bhí sé in úsáid i bhfad roimh an ré sin agus tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann. Tuairim is cúig mhilliún coloureds atá san Afraic Theas. Daoine is ea iad a bhfuil sinsearacht chasta acu: shíolraíodar ó choilínigh a tháinig ón Ísiltír ag tús ré an choilínithe, ó na Khoisan (na bundúchasaigh i gcúige na Rinne), agus ó Afracaigh eile. Sciobas an tábla thíos as an achoimre oifigiúil ar dhaonáireamh na bliana 2011 (an ceann is déanaí). Is féidir an cháipéis sin a léamh ar líne anseo

Mar is léir ón tábla thuas, is í an Afracáinis príomhtheanga na ndaoine daite. Tá an t-ainm ‘bruin mense’ (‘daoine donna’) in úsáid sa teanga sin ach ní heol dom go bhfuil aon ainm eile orthu i mBéarla seachas ‘coloureds’ (nó ‘Cape coloureds’ uaireanta). Má tá an téarma ‘coloured’ in úsáid ag rialtas daonlathach ilchiníoch na hAfraice Theas, téann sé díom a thuiscint cén fáth a gceaptar go bhfuil baint aige le ré an apartheid. Agus fiú dá mbeadh baint ar leith ag an bhfocal ‘coloured’ le sean-réimeas an chine ghil, is focal eile i dteanga eile é 'daite'.

     Cé go bhfuair tuairisceoir The Guardian lochtanna móra ar théarmaíocht na Gaeilge, bhí dea-scéala aige dúinn chomh maith. Bhí na ‘guardians of the Irish language’ tar éis téarma snasta nua-aoiseach a bhronnadh orainn sa deireadh: mar atá, ‘duine de dhath’. Ar an drochuair, ní Gaeilge é ‘duine de dhath’ ach Béarla faoi bhréagriocht. Is é sin le rá, is focail Ghaeilge iad ‘duine’, ‘de’ agus ‘dath’, ach is struchtúr gramadaí Béarla é ‘duine de dhath’. D’fhéadfaí é a chur i gcomórtas le ‘Fianna Fáil ardfheis clár’ mar shampla den Bhéarla faoi bhréagriocht. Is fíor, ar ndóigh, go bhfreagraíonn ‘de’ na Gaeilge do ‘of’ an Bhéarla i gcásanna áirithe. Is féidir 'de' a úsáid nuair is cainníocht (‘pionta den bheoir úd’) nó páirt den iomlán (‘ball de pháirtí’) atá i gceist. Úsáidtear ‘de’ freisin nuair is uirlis atá sa dara ainmfhocal (‘buille de dhorn’) agus nuair a thagraíonn an dá ainmfhocal don ní nó don duine céanna (‘amadán de Spáinneach’). Ní bhaineann ‘person of colour’ le ceann ar bith de na cásanna sin. Sampla is ea é den rud ar a dtugtar an ‘descriptive genitive’. Thógas an léaráid thíos as Laurel J. Brinton, The Structure of Modern English: A Linguistic Introduction.



Bíonn an dara ainmfhocal ag feidhmiú mar aidiacht sa descriptive genitive; cáilíocht is ea é a bhaineann leis an gcéad ainmfhocal. Is minic a cháintear na haistriúcháin Ghaeilge a chuireann Google Translate ar fáil, ach braithim go bhfuil feabhas mór tagtha ar an tseirbhís sin le blianta beaga anuas. Thugas cúpla sampla den descriptive genitive dó le déanaí agus seo iad na torthaí a fuaireas:



Dá mbeinn ag obair in Google, bheinn breá sásta leis na moltaí sin. Úsáideadh an tuiseal ginideach i dtrí chás, aidiacht in dhá chás, agus leagan timchainteach i gcás amháin. B’fhearr liom ‘ábhar práinneach’ agus ‘saothar cumasach’ mar aistriúcháin ar ‘a matter of urgency’ agus ‘a work of talent’, agus sílim go mbeadh 'ceist thábhachtach' chomh maith leis an leagan a moladh, ach níl aon rud cearr leis na moltaí a thug Google Translate dom. Is é an rud is suntasaí nár úsáideadh an focal ‘de’ i gcás ar bith: níl ‘bean de chiall’, ‘ceist de thábhacht’, ‘ábhar de phráinn’ ná ‘duine de dhath’ i measc na dtorthaí. Tuigeann an t-algartam atá laistiar de Google Translate nach n-úsáidtear ‘de’ sa chás seo agus go bhfuil bealaí dá cuid féin ag an nGaeilge chun ciall an descriptive genitive a chur in iúl. 

     Nuair a bhí an t-alt sa Guardian léite agam, sheolas an teachtaireacht seo a leanas ar Twitter. Níorbh fhéidir liom an t-alt a scagadh in Tweet, ar ndóigh, ach theastaigh uaim dhá phointe a dhéanamh ar an toirt: 

"Gorm" doesn't mean "blue" when applied to people: it means "dark". 

The structure "a noun 1 of noun 2", where noun 2 is an attribute of noun 1, doesn't exist in Irish. "Duine de dhath" is pure Béarlachas - it's as bad as "tá mé fear".

Bhronn cúpla céad duine croí beag ar an teachtaireacht sin, agus bhí roinnt daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ar bhonn gairmiúil ina measc. Ach ansin tháinig rabharta teachtaireachtaí cáinteacha sa mhullach orm. Sílim gurbh iad na teachtaireachtaí anseo thíos na cinn a chuir tús leis:



Níl aithne agam ar an mbean a scríobh an méid thuas agus níor dheineas tagairt do lí a cnis riamh. Ach síleann sise gur chóir dom fanacht i mo thost toisc gur duine geal mé! Níl aon ghlacadh agam leis sin. Tá sé de cheart agam mo chuid tuairimí a nochtadh ar cheist ar bith gan nihil obstat a fháil uaithi ná ó aon phraeitseálaí ceartpholaitiúil eile. Mura dtaitníonn mo chuid argóintí léi, tá an ceart céanna aici iad a bhréagnú - más féidir léi. Ach caithfear a rá go bhfuil an mhian chun cinsireachta coitianta go leor i measc an phobail anois, más aon teist iad na teachtaireachtaí a seoladh ar Twitter. Seo daoibh blaiseadh beag den saghas stuif a scríobhadh:


     Cad as a dtagann an tuairim gur téarma odd é ‘duine gorm’ cé go bhfuil sé sa teanga leis na cianta cairbreacha? Nó conas is féidir le haon duine a cheapadh go bhfuil téarma chomh lochtach le ‘duine de dhath’ níos fearr ná téarma a thagann le comhréir nádúrtha na Gaeilge? Ní fheiceann an ‘ghosty dude’ seo ach freagra amháin ar na ceisteanna seo: is é an Béarla slat tomhais na normáltachta do dhaoine áirithe anois – na ‘guardians of the Irish language’ san áireamh. Má tá leagan cainte sa Ghaeilge atá éagsúil leis an leagan Béarla, déarfar go bhfuil sé aduain, smolchaite agus réidh le caitheamh ar charn dramhaíle na foclóireachta. 

     Meabhraíodh dom an méid a scríobh T. F. O’Rahilly sa leabhar leis dar teideal Irish Dialects Past and Present, saothar a foilsíodh sa bhliain 1932:

When a language surrenders itself to foreign idiom, and when all its speakers become bilingual, the penalty is death.

 

Aguisín - 4 Deireadh Fómhair 2021

Tar éis dom an aiste thuas a scríobh, cuireadh ar mo shúile dom gur pléadh ábhar na haiste ar Raidió na Gaeltachta. Is féidir éisteacht leis an gclár anseo. Nuair a fiafraíodh (ag 5:00) de bhall den Choiste Téarmaíochta an Béarlachas é ‘duine de dhath’, dúirt sí go bhfuil an struchtúr sin le fáil sna hamhráin agus luaigh sí ‘bean de mhuintir Néill’ mar shampla. Ach is daoine iad muintir Néill, agus is sampla den tabharthach rannaíoch (a fhreagraíonn do partitive genitive an Bhéarla) é ‘bean de mhuintir Néill’. Tá sé ar aon dul le ‘ball de pháirtí’. Ní féidir a rá gur sampla den tabharthach rannaíoch é ‘duine de dhath’ mar ní thagraíonn an focal ‘dath’ do dhaoine.

Ar iarratas ó Mhanannach, tá an sliocht athfhriotail as leabhar T. F. O'Rahilly ciorraithe agam chun tagairt don Mhanannais a fhágáil ar lár.