03/05/2022

An téarmeolaíocht agus scríobh na staire

Is é seo téacs na cainte a thugas ag siompóisiam dar theideal 'An Ghaeilge agus an Téarmeolaíocht' a bhí ar siúl in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, an 6 Aibreán 2022. Rinneadh na himeachtaí a thaifeadadh agus, má fhoilsítear na cainteanna amach anseo, beidh na sonraí le fáil anseo.



Nuair a iarradh orm caint 15 nóiméad a thabhairt ar théarmaíocht na staire, thuigeas go mbeadh orm an scóip a chúngú ar bhealach éigin chun fanúint laistigh den am atá ceadaithe. Dá bhrí sin, beidh an chaint seo inniu dírithe go huile is go hiomlán ar an leabhar atá á scríobh agam faoi láthair. 

     Stair na hÉireann ó dheireadh na hoighearaoise go dtí ár linn féin a bheidh sa leabhar. Níl ach ceithre chaibidil scríofa agam go fóill: baineann an chéad cheann leis an réamhstair agus na trí cinn eile leis an tréimse idir teacht na Críostaíochta sa 5ú céad agus an bhliain 1171 nuair a tháinig Henry II, rí Shasana, i dtír in Éirinn. 

     Ní bheidh aon tagairt sa chaint seo do théarmaí a bhaineann le tréimhsí níos déanaí ná an 12ú céad agus, cheal ama, ní luafaidh mé ach sampla beag de na téarmaí a raibh deacrachtaí agam leo. 

     Is féidir na deacrachtaí a roinnt i dtrí aicme: easpa téarmaí, drochthéarmaí agus téarmaí seanda.




1. Easpa téarmaí




Chalcolithic

‘chalcolithic’ bunaithe ar na focail Ghréigise khalkós agus lithos – focail a chiallaíonn ‘copar’ agus ‘cloch’ faoi seach. Tréimhse ba ea í ag deireadh na nua-chlochaoise, nó ag tús na cré-umhaoise (2400-2000 R.Ch.), nuair a bhí copar agus uirlisí cloiche in úsáid taobh le taobh. Chumas an téarma ‘coparaois’ le bheith ar aon dul le ‘cré-umhaois’ agus ‘iarannaois’ cé nach bhfuil ‘lithos’ aistrithe sa téarma seo. 

Paindéimí

Bhuail trí phaindéim mhóra an Eoraip sa chéad mhíle iar-Chríost: an ‘Antonine Plague’ sa dara céad (an bholgach), an ‘Cyprianic plague’ sa 3ú céad (ebola?), an ‘Justinianic plague’ sa 6ú céad (an phlá bhúbónach). Aidiachtaí Galldaithe a úsáidtear sa Bhéarla ach níor dheineas aon iarracht na hainmneacha a Ghaelú ná aidiachtaí a chumadh. Ina ionad sin, ghlacas leis na hainmneacha Laidine.

Athrú aeráide

Bhí an ‘dark-ages cold period’ agus an ‘middle-ages warm period’ ann ón 6ú céad go dtí an 9ú céad, agus ón 9ú céad go dtí an 14ú céad faoi seach. Sa chás seo, bhraitheas nár ghá an focal ‘period’ a aistriú agus gur leor na hainmneacha briathartha leo féin: ‘fuarú na ré dorcha’ agus ‘téamh na meánaoise’.

Incastellamento

Úsádtear an téarma Iodáilise sa Bhéarla toisc gur próiseas é an ‘incastellamento’ a thosaigh i dtuaisceart na hIodáile nuair a tháinig laghdú ar chumhacht na himpireachta sa 10ú céad. Leathnaigh an próiseas ar fud iarthar na hEorpa ina dhiaidh sin. D’fhéadfainn téarma cosúil le ‘caisleánú’ a chumadh, ach is fearr liom leagan timchainteach a úsáid nuair is féidir. Is é ‘tógáil na gcaisleán’ a bheidh sa leabhar.

Vergetreidung

Tagraíonn ‘Vergetreidung’ don leathnú a tháinig ar an gcuraíocht i gcoitinne, agus go háirithe ar shaothrú an arbhair, ón 11ú céad amach. Is é ‘Getreid’ an Ghearmáinis ar ‘arbhar’ ach ní thuigim i gceart cén fáth a n-úsáidtear an téarma Gearmáinise ‘Vergetreidung’ i mBéarla. Sa chás seo freisin, d’úsáid mé leagan timchainteach, ‘leathadh an arbhair’, mar rogha ar ‘for-arbharú’ nó a leithéid.

2. Drochthéarmaí



Hunter-gatherer

Tugtar ‘hunter-gatherers’ ar dhaoine a mhair roimh thús na feirmeoireachta. Tá ‘fiagaí cnuasaitheoir’ á mholadh ar tearma.ie ach ní léir dom conas is féidir dhá ainmfhocal sa tuiseal ainmneach a chur i gceann a chéile mar seo. Bheinn ag súil le ‘fiagaí cnuasaitheora’, leis an dara ainmfhocal sa tuiseal ginideach, nó le comhfhocal: ‘fiagaí-chnuasaitheoir’. Ach fiú dá gceartófaí an ghramadach, bheadh an téarma ciotach. Chun na fadhbanna seo a sheachaint, d’úsáid mé an focal ‘sealgaire’ – focal gonta sothuigthe a bhfuil na haistriúcháin ‘hunter’ agus ‘forager’ luaite leis i bhfoclóir Uí Dhónaill.

Monk

Bhain tábhacht ar leith leis na mainistreacha in Éirinn. D’fhéadfaí a rá go raibh an fheidhm shóisialta chéanna acu sa tír seo agus a bhí ag bailte i dtíortha eile. Bhí cónaí ag cléir agus ag tuath iontu. Is é ‘manach’ an téarma a mholtar le haghaidh ‘monk’ ar téarma.ie, moladh atá sásúil don ré nua-aoiseach, ach sa ré luath-Chríostaí b’ionann ‘manach’ agus duine ar bith a raibh cónaí air i mainistir. Is cinnte nach raibh móid chrábhaidh tugtha ag formhór na manach sa ré sin. Ach bhí na téarmaí ‘fíormhanach’ agus ‘tuathmhanach’ in úsáid ag an am chun dealú a dhéanamh idir cléir agus tuath sna mainistreacha agus beidh siad in úsáid agamsa freisin. 

Mother house

Bhí ceannas ag na mainistreacha ba thábhachtaí ar mhainistreacha eile. ‘Mother-house’ a thugtar ar na mainistreacha ceannasacha i mBéarla agus moltar an téarma ‘máthairtheach’ ar tearma.ie. Ach bhí téarma eile in úsáid go stairiúil: mar atá, ‘annóid’, focal a bhfuil an nod ‘Lit.’ (= ‘literary use’) curtha leis i bhfoclóir Uí Dhónaill – áit a mínítear é mar ‘foundation church’. ‘Annóid’ a bheidh in úsáid agamsa.

Over-king

Is é ‘rí tuath’ (ginideach iolra) an téarma a mholtar ar tearma.ie agus is téarma comhaimseartha é seo: bhí sé in úsáid sa ré luath-Chríostaí. Ach tá fadhb leis. Is amhlaidh go bhfuil an uimhir iolra, ‘ríthe tuath’, débhríoch mar níl sé soiléir an aon tuath amháin, nó dornán tuath (‘mórthuath’ i dtearmaíocht na linne) atá faoi smacht gach rí acu. Ar an dea-uair, tá téarma comhaimseartha eile ann, ‘ruire’ (‘ruireacha’ san uimhir iolra) nach mbaineann an fhadhb seo leis. Arís, tá an nod ‘Lit.’ curtha leis an bhfocal seo i bhfoclóir Uí Dhónaill ach beidh sé in úsáid agamsa.

Kingship

Is téarma é ‘kingship’ a thagraíonn do chúram nó d’oifig an rí. Aistrítear é mar ‘ríogacht’ ar tearma.ie. Ach mínítear ‘ríogacht’ mar ‘regality, kingliness’ i bhfoclóir Uí Dhomhnaill – míniú atá ceart dar liomsa. Ní do chúram an rí a thagraíonn an focal ‘ríogacht’ in aon chor, ach dá bhuanna pearsanta nó dá iompar. Is é an téarma ar oifig an rí a úsáidtear sna foinsí príomha ná ‘ríghe’, focal eile fós a bhfuil an nod ‘Lit.’ curtha leis i bhfoclóir Uí Dhónaill, áit a mínítear é mar ‘kingship, sovereignty’

3. Téarmaí seanda



Paruchia

Tagraíonn an téarma Laidine ‘paruchia’ do na mainistreacha go léir a bhain leis an annóid chéanna. Is é ‘fairche’ an téarma comhaimseartha ar ‘paruchia’, ach úsáidtear é sa chiall ‘deoise’ inniu. Tá sé mínithe mar ‘sphere of influence of church founder’ i bhfoclóir Uí Dhónaill agus an nod Lit. curtha leis an míniú.

Pagan/paganism 

Is é ‘págánach’ an gnáth-théarma anois ar ‘pagan’, ach ba é ‘gintlí’ an téarma a bhí in úsáid nuair a bhí págánaigh – sa bhunchiall den téarma sin – coitianta in Éirinn. Ar an drochuair, is é ‘gentile’ an t-aon mhíniú ata luaite leis i bhfoclóir Uí Dhónaill. 

Client/clientship

Níl an chiall stairiúil den téarma ‘client’ – is é sin, duine a bhí spleách, a bheag nó a mhór, ar thiarna a bhí níos cumhachtaí agus níos saibhre ná é féin – níl sé luaite sna foclóirí ná ar tearma.ie. Is é an téarma comhaimseartha ná ‘céile’, ach níl an chiall stairiúil den téarma luaite ag Ó Duinnín ná ag Ó Dónaill – cé go mínítear ‘céilsine’ mar ‘clientship, allegiance, service’ i bhfoclóir Uí Dhónaill, agus an nod ‘Lit.’ curtha leis.

Fief 

Is focal coitianta e ‘rath’ sa chall ‘rathúnas’, ach tá ciall stairiúil leis an bhfocal a mínítear mar ‘bestowal’ i bhfoclóir Uí Dhónaill agus an nod ‘Lit.’ leis. Tá míniú níos iomláine le léamh i bhfoclóir an Duinnínigh: ‘stock, bounty or wages paid by a chief or landlord to his tenant for services rendered’. Freagraíonn an chiall seo do ‘fief’ an Bhéarla cé gur stoc nó trealamh feirme seachas talamh a bhí i gceist go hiondúil. 

Vassal/vassalage 

An duine a ghlac le rath ó thiarna ba ‘óglach’ é. Téarma a mhínítear mar ‘attendant, servant, vassal’ i bhfoclóir Uí Dhónaill, agus mar ‘servant, vassal’ i bhfoclóir an Duinnínigh. Mar an gcéanna, mínítear  óglachas mar ‘service, vassalage’ (gan aon nod) i bhfoclóir Uí Dhónaill agus mar ‘service, homage, submission’ i bhfoclóir Uí Dhuinnín. Ach ní móide gurb iad seo na mínithe is túisce a rithfeadh le léitheoirí an lae inniu. Na téarmaí a mholann tearma.ie – ‘fíofa’, ‘feod’ agus ‘vasáilleach’ – bheidís oiriúnach go leor don tréimhse fheodach ar chúir ionradh na Sasanach tús léi, ach ní oireann siad don chóras sóisialta a bhí in Éirinn sna céadta roimhe sin.

Moltaí

Críochnóidh mé le roinnt moltaí d’aon duine ar mhaith leis/léi tabhairt faoin stair a scríobh i nGaeilge:






05/04/2022

Mar a chum Seán Ó Conaill stair na hÉireann

Is é seo téacs na cainte a thugas in Ionad na Dromoda, an 11 Márta 2022, mar chuid d’Éigse na Brídeoige.



Dá ndéanfaí pobalbhreith i measc scoláirí Gaeilge an lae inniu chun an t-údar ba thábhachtaí ón 17ú céad a roghnú, táim cinnte go mbeadh Seathrún Céitinn go hard ar an liosta. Ní hamháin gurbh fhile den scoth é, ach shaothraigh sé an stair agus an diagacht freisin. Tá seans maith go mbeadh Pádraigín Haicéad, Dáibhí Ó Bruadair agus Piaras Feiritéar, file ón gcontae seo, ar an ngearrliosta i dteannta Chéitinn. Níl ach caolseans go luafaí Ciarraíoch eile, file ó Uíbh Ráthach a raibh Seán Ó Conaill air, ce go bhfuil dán leis níos coitianta ná aon saothar eile i lámhscríbhinní liteartha na Gaeilge.

     Ní cúis iontais é nach bhfuil cáil ar Sheán Ó Conaill inniu. Chomh fada agus is eol dúinn, níor chum sé ach dán amháin riamh agus ní féidir a rá gur údar gaisce é ‘Tuireamh na hÉireann’. Is ar éigean má tá frása, íomhá, nó meafar amháin sa dán a mhairfidh in intinn an té a léifidh é. Is é an fhírinne nár chóir ‘Tuireamh na hÉireann’ a mheas mar aiste litríochta in aon chor, ach mar shaothar bolscaireachta. Níl aon chúis go dtabharfadh scoláirí liteartha mórán airde ar an dán anois, ach is tábhachtach an saothar é ó thaobh na staire de. Is cinnte go dtabharfadh staraithe an lae inniu suntas dó dá bhféadfaidís na foinsí Gaeilge a léamh – rud atá thar chumas a bhformhór. Ach b’fhéidir go n-athróidh sé sin anois mar tá aistriúchán Béarla den dán curtha ar fáil ag Michelle O’Riordan le cúpla mí anuas i leabhar téagartha dar teideal Poetics and Polemics: Reading Seventeenth-century Irish Political Verse.

Tá aistriúchán Béarla den dán sa leabhar ar chlé; tá leagan den dán atá bunaithe ar na lámhscríbhinní sa leabhar i lár baill; agus tá leagan den dán i litriú an lae inniu sa leabhar ar dheis


     Is é atá in ‘Tuireamh na hÉireann’, cuntas i bhfoirm véarsaíochta ar stair na hÉireann ó aimsir na Díleann anuas go dtí an 17ú céad. Ar an drochuair, níl aon eolas cinnte ar fáil i dtaobh an fhile. Tá sé le tuiscint ó fhianaise inmheánach an dáin gur timpeall na bliana 1657 a cumadh é agus gur bhain an file le leithinis Uíbh Ráthaigh ó dhúchas. Lena chois sin, tá abairtí Laidine sa dán ón ‘Pater noster’ agus ón ‘Ave Maria’ – rud a thacódh leis an tuairim go mb’fheidir gur bhall den chléir é an an file. Tá sé le tuiscint ón nGaeilge chomhaimseartha a d’úsáid sé nár bhain Seán Ó Conaill leis an aicme oidhreachtúil liteartha; fear ba ea é a raibh oideachas nua-aoiseach seachas oideachas traidisiúnta na mbardscoileanna faighte aige. Má tá deacrachtaí tuisceana sa téacs do léitheoirí an lae inniu, baineann na deacrachtaí sin le tagairtí do mhiotais na Gréige is na Róimhe, le téarmaí doiléire dlí i mBéarla, agus le tagairtí do naoimh áitiúla atá ligthe i ndearmad le fada. Níorbh fhear den choitiantacht é Seán Ó Conaill, mar sin, ach fear a raibh idir Bhéarla agus Laidin ar a thoil aige. Ní móide go raibh sé ag iarraidh aigne an phobail a mhúnlú, ach tharraing sé Gaeilge neamhchas a linne féin chuige – nó b’fhéidir nach raibh an dara rogha aige – agus ba leor an cinneadh sin chun aird an phobail a tharraingt ar an saothar.

     Dán sách fada is ea ‘Tuireamh na hÉireann’: 496 líne atá san eagrán scolártha a chuir Cecile O’Rahilly in eagar sa díolaim dar teideal Five Seventeenth-century Political Poems. Bhain Ó Conaill úsáid as meadaracht an chaointe tríd síos agus tá an caoineadh ar cheann de na meadarachtaí is simplí sa Ghaeilge. Níl ach dhá riail ann i ndáiríre: trí nó ceithre cinn de ghutaí aiceanta a bheith i ngach líne, agus an guta aiceanta céanna a bheith sa troigh dheireanach ó thús deireadh an dáin. Lena chois sin, is gnách go mbíonn amas inmheánach sna línte, ach bíonn an t-amas inmheánach ar iarraidh chomh minic lena mhalairt in ‘Tuireamh na hÉireann’:

I gcontae Chiarraí in iarthar Éireann
do ghlacadar caladh ag Inbhear Scéine;
atá ag bun Choireáin fós gan traochadh
an charraig lér cailleadh go seachmallach Éanna.
Má chuirtear na línte thuas i gcomórtas le ceithre líne as caoineadh eile ar stair na hÉireann, caoineadh a chum Aodh Buí Mac Cruitín san 18ú céad, beidh an difríocht idir easpa rialtachta Sheáin Uí Chonaill agus mionchúis an dara file soiléir go leor:
A Bhanba is feasach dom do scéala,
is aithnid dom thú tamall roimh an déirlinn,
do chealga, do mhalairtí ’s do bhéasa,
mar aithrisim san aiste seo gan bhréaga
Níorbh é gné ná stíl aiste Sheain Uí Chonaill a spreag an oiread sin scríobhaithe lena chóipeáil, ach ábhar nó substaint an dáin. Is amhlaidh go raibh cuntas le fáil ann ar stair na hÉireann a bhí gonta sothuigthe, cuntas a d’fhéadfaí a chur de ghlanmheabhair go héasca nó a bhreacadh i lámhscríbhinn gan mórán stró – agus b’shin earra a theastaigh ó mhuintir na hÉireann sna blianta tar éis choncas Cromwell.

     Is ó bhéal go béal a craobhscaoileadh ‘Tuireamh na hÉireann’ i dtús báire. Is leor fíric amhain chun an méid sin a chruthú: cé gur cumadh an dán timpeall na bliana 1657, níl ach dhá chóip ón 17ú céad ar fáil anois agus is i mBaile Átha Cliath a scríobhadh na cóipeanna sin ag deireadh an chéid – glúin iomlán tar éis chumadh an tsaothair. Agus is eol dúinn go raibh an dán de ghlanmheabhair ag daoine. Scríobhadh cuntas ar Chontae Chiarraí timpeall na bliana 1754 ina bhfuil an tagairt seo a leanas le léamh:

Mr. John Connel's composure called “Tiriv of Ireland,” ... is still repeated and kept in memory on account of the great knowledge of antiquity comprehended in it.
Cé go bhféadfaí sleachta as Foras Feasa ar Éirinn, an leabhar staire a scríobh Seathrún Céitinn, a léamh os ard do chomhluadar a bhí gan léamh, bheadh cóip lámhscríofa den stair riachtanach chuige sin, ach d’fhéadfaí dán a chur de ghlanmheabhair agus a chraobhscaoileadh de réir mar a rinneadh é a aithris.

     Nuair a dheineas iarracht na cóipeanna go léir de ‘Thuireamh a hÉireann’ atá ar caomhnú i gcartlanna ar fud an domhain a chomhaireamh roinnt blianta ó shin, d’aimsíos 257 gcóip den dán a scríobhadh roimh 1900 – agus tá cúpla cóip eile tagtha chun solais idir an dá linn. D’éirigh liom formhór na gcóipeanna (242 as 257) a rangú i dtréimhsí cúig bliana ficheadh. Dheineas anailís den saghas céanna ar na cóipeanna go léir de stair Chéitinn atá le fáil sna cartlanna. Nuair a léirítear líon na gcóipeanna atá ar caomhnú de stair Chéitinn agus d’aiste Sheáin Uí Chonaill ar an ngraf céanna, ní féidir gan aird a thabhairt ar dhifríocht mhór eatarthu:



Ní hionadh é go bhfuil cóipeanna den dán níos líonmhaire ná cóipeanna den leabhar staire mar is lú go mór an dua a bhain lena chóipeáil. Ach is suntasach an ní é gur shroich cóipeáil an Foras Feasa a buaic sa chéad cheathrú den 18ú céad agus gur tháinig fás leanúnach ar ráta cóipeála ‘Tuireamh na hÉireann’ go dtí blianta tosaigh an 19ú céad. I bhfocail eile, thráigh suim na scríobhaithe i stair Chéitinn céad bliain sular thosaigh an tsuim a bhí acu in aiste Sheáin Uí Chonaill ag trá. I bhfianaise an líon mór cóipeanna a tháinig anuas chugainn, níl aon amhras ach go raibh móréileamh ar aiste Sheáin Uí Chonaill go ceann dhá chéad bliain tar éis a chumtha. Ba é ‘Tuireamh na hÉireann’, thar aon saothar liteartha eile, a mhúin an leagan Gaelach de stair na tíre don chosmhuintir.

     Ba mhaith liom anois cuntas gearr a thabhairt ar an tuiscint a bhí ag Seán Ó Conaill ar stair na hÉireann. Is suimiúil an ní é nár bhac sé in aon chor leis na ciníocha miotaseolaíocha a chuir fúthu anseo roimh theacht na nGael de réir an tseanchais. Níl aon tagairt sa dán do mhuintir Pharthaláin, do chlann Neimhidh, ná do na Fir Bholg. Ach thug sé tuairisc ar aistear na nGael ar fud chríocha na Meánmhara agus ar an mbua a bhaineadar ar Thuatha Dé Danann nuair a shroicheadar Éire. Ní stair críche a bhí á scríobh aige, de réir dealraimh, ach stair cine: b’fhéidir gur chruinne ‘Tuireamh na nGael’ ná ‘Tuireamh na hÉireann’ mar theideal.

     Luaigh an file Fionn mac Cumhaill agus laochra na Fiannaíochta a mhair tar éis ghabháil chlanna Míle, ach d’admhaigh sé go raibh earra luachmhar amháin fós ar iarraidh in Éirinn:

Bíodh go rabhadar lán de dhaonnacht,
cosantach, cabharthach, tabharthach, tréitheach,
ní raibh soilse an chreidimh in Éirinn
ach draíocht is deamhain is falsacht déithe.
Ar an dea-uair, bhí fortacht i ndán do na Gaeil ó phápa na Róimhe:
Celestinus an pápa naofa
do chuir Pádraig chugainn ’s a chléirigh;
is é do theagasc diagacht is daonnacht
Íosa Críost i gcríochaibh Éireann
Ghlac muintir na hÉireann go fonnmhar le teagasc Phádraig agus ba ghearr go raibh teideal úr ag an tír:
An ríocht uile do tuileadh de naomhaibh,
do bhí grá is eagla Dé orthu;
an feadh do mhair teas an chreidimh gan traochadh,
‘oileán na naomh’ dob ainm ar Éirinn. 
Ar an drochuair, tháinig deireadh leis an ré órga seo nuair a thosaigh ionsaithe na Lochlannach:
Sin mar do chaitheadar sealad go séanmhar
nó gur chasadar Danair á n-éileamh,
a loingeas láidir lán de laochaibh
do bhuaigh tamall ceannas na hÉireann.
Mhair ansmacht na nDanar nó gur chloígh ardrí Éireann agus fuascailteoir na ríochta iad i gcath Chluain Tarbh:
Do shaor Brian Bóramha Banba ó dhaorbhroid
i gcath Chluana Tarbh, Aoine an Chéasta;
is ann do mharbh, cé cailleadh é féin leis,
laochra Lochlann is clann Turgéisius.
Níorbh fhada ina dhiaidh sin gur éirigh idir na Gaeil agus d’fhág an tsíorchogaíocht idir ríthe na gcúigí go raibh an tír in ísle brí ar feadh i bhfad:
D’éis na ríochta arís do shaoradh
is buannacht Lochlann do stopadh le haonchath,
tug clann na gcarad aire dá chéile
ag dó is ag creachadh na mbailte is á réabadh.
Ba é an barr donais é nuair a díbríodh Diarmaid Mac Murchadha, rí Laighean, toisc gur éignigh sé bean chéile Thighearnáin Uí Ruairc, rí Bhréifne. Ní go réidh a ghlac Mac Murchadha leis an bpionós a gearradh air:
Do chuaigh rí Laighean go huaibhreach léanmhar
i gceann rí Sacsan is d’athchuir é féin air;
d’iarr air cabhair in aghaidh a ghaolta
is do gheall dó Banba mar luach saothair.
Ach ba dhream sibhialta Críostaí iad na hionróirí nua. Níor chuireadar isteach ná amach ar aon duine a ghéill dóibh, bhunaíodar córas rialaithe, thugadar tacaíocht don eaglais fhírinneach, agus chuadar i gcleamhnas leis an bpobal dúchasach. Le himeacht aimsire, snaidhmeadh an dá chine – na Gaeil agus na Sean-Ghaill – ina chéile:
Do bhíodar caoin sibhialta tréitheach,
ba mhaith a ndlíthe, a gcreideamh ’s a mbéasa;
gach duine d’umhlaigh, do bhí a chuid féin leis,
do bhíodar ceansa mar cheann cléire.
Do shíolraigh a bhfuil trína chéile,
do bhí an Gael Gallda is an Gall Gaelach.
Ar an mórgóir, is féidir a rá go bhfuil insint Sheáin Uí Chonaill ar stair na hÉireann ag teacht le hinsint Chéitinn anuas go dtí ionradh na Sasanach. Ach tá difríocht fíor-thábhachtach idir ‘Tuireamh na hÉireann’ agus Foras Feasa ar Éirinn ón am sin amach: cé gur chuir Céitinn clabhsúr ar a stair sa 12ú céad, lean aiste Sheáin Uí Chonaill ar aghaidh go dtí a linn féin. Go deimhin, is i méid agus i ngrinneas a chuaigh an cuntas stairiúil agus é ag druidim leis an 17ú céad.
Sliocht as ceann de na cóipeanna lámhscríofa den dán


     Níor chuir an file fiacail ann agus mór-athruithe reiligiúnacha is polaitiúla an 16ú is an 17ú céad faoi chaibidil aige. Ní fhéadfadh an cáineadh a rinne sé ar an Reifirméisean a bheith mórán níos géire:

A gcreideamh ’s a ndlíthe fá dheireadh gur chlaochlaigh
Cailbhin coiteann is Liútar craosach,
dís do thréig a gcreideamh ar mhéirdrigh
is in aghaidh na heaglaise scríobhaid go héigneach.
Prionsaí Sacsan – olc dearbh an scéil sin—
an t-ochtú Hénrí is Élizabétha,
rí na Breataine is Alban Séamas,
Liútar leanaid ’s an eaglais séanaid.
Chuir Ó Conaill milleán Chogadh an Dá Aodh ar Eilís I, banríon a bhí ar a dícheall ag iarraidh cumhacht na corónach a chur i bhfeidhm ar fud na hÉireann:
Dlí beag eile do rinneadh do Ghaelaibh,
surrender ar a gceart do dhéanamh.
Do chuir sin Leath Choinn trína chéile,
glacaid a n airm cé cailleadh iad féin leis:
an t-iarla Ó Néill fuair barr féile
is an tiarna Ó Domhnaill ba mhór géilleadh
Ba é an t-aon chúis aiféala amháin a bhí ag an bhfile i dtaobh éirí amach na bliana 1641 agus an chogaidh a lean é, ná gur buadh ar Chaitlicigh na hÉireann sa deireadh thiar. Níorbh é neart a naimhde ba chúis leis an mbriseadh sin, áfach, ach an easpa aontais is dual d’Éireannaigh agus an neamhaird a thug ceannairí na Comhdhála i gCill Chainnigh ar dhea-chomhairle nuinteas an phápa, Giovanni Battista Rinuccini:
Ag so an cogadh do chríochnaigh Éire
is do chuir na mílte ag iarraidh déirce.
An uair do díbreadh an nuinteas naofa
do rith pláigh is gorta orthu in éineacht.
Tógaim finné Risteaird Béiling
nach díth daoine, bídh ná éadaigh
ná neart namhad do bhain díobh Éire
ach iad féin do chaill ar a chéile.
Bhí Éire ‘críochnaithe’ agus ba é an concas a rinne Oliver Cromwell agus ginearáil eile a airm idir 1649 agus 1653 an tubaiste ba mhó dár tharla riamh i stair na tíre:
Is iad do chríochnaigh conquest Éireann,
do ghabh a ndaingin ’s a mbailte le chéile
ó Inis Bó Finne go Binn Éadair
is ó Chloich an Stocáin go Baoi Béarra.
Ní raibh teacht aniar i muintir na hÉireann ná cabhair le fáil acu ó chumhachtaí Caitliceacha na hEorpa. Má bhí sé i ndán dóibh fortacht a fháil, is ó Dhia agus na naoimh a thiocfadh sí:
Cá ngabhfam anois nó créad do dhéanfam?
Ní díon dúinn cnoc ná coill ná caolta.
Níl ár leigheas ag liaigh in Éirinn
ach Dia do ghuí is na naoimh in éineacht.
Insint fhrith-Phrotastúnach agus fhrith-Shasanach a bhí ag Seán Ó Conaill ar stair na hÉireann. Cháin sé Luther, Calvin, Anraí VIII, Eilís I agus Cromwell, i measc daoine eile, agus chum sé achoimre ar stair an náisiúin i bhfoirm scéalaíochta a bhí paiseanta spreagúil áititheach. Aiste ba ea an dán a d’fhéadfadh gach aon duine a thuiscint, a chur de ghlanmheabhair, agus a aithris os ard. Más aon teist iad líon na gcóipeanna ata ar caomhnú, is féidir a rá go raibh ráchairt as cuimse ar ‘Thuireamh na hÉireann’ go ceann dhá chéad bliain nach mór tar éis a chumtha.

     Ní hamháin sin, ach bhí ‘Tuireamh na hÉireann’ ina eiseamláir ag filí eile a chum dánta staire sa stíl chéanna. Chuir na caointe stairiúla seo síneadh leis an insint in aiste Sheáin Uí Chonaill trí thagairtí a dhéanamh d’eachtraí a thit amach tar éis lár an 17ú céad, ach thacaigh siad le héirim an bhunsaothair. Mar shampla, chum Seán Ó Gadhra, múinteoir scoile ó Chontae Shligigh, dán sa bhliain 1697 ar féidir a rá gur saghas aguisín nó iarfhocal le ‘Tuireamh na hÉireann’ é. Léiríonn dán Uí Ghadhra an droch-chaoi ina raibh na Gaeil sna blianta tar éis bhriseadh Eachroma:

Is cosúil a gcás le pláigh na hÉigipt,
nó leis an mbroid do chuir Turgéisius
maor Lochlann, sa bhfothram dá gcéasadh,
nó an conradh do chuir Cromail is Értoin.
Ach ba mhór idir teachtaireacht Sheáin Uí Ghadhra agus an dearcadh a bhí ag Seán Ó Conaill, mar bhí dóchas ag fear Shligigh go raibh teacht aniar fós i muintir na hÉireann. B’iomaí uair cheana a d’éirigh le laochra tíoránaigh a threascairt agus an tír a shaoradh:
Minic do saoradh ó dhaoirse Éire,
Tuatha Dé Danann do scaipeadh le hÉibhear;
...
is é Pádraig theagaisc creideamh do Ghaelaibh,
is ní fada mhair smacht Oilivérus.
Dar leis an bhfile seo, ba é ceacht soiléir na staire é go raibh saoirse i ndán d’Éirinn in athuair.

     Uair éigin i dtús an 18ú céad chum Aodh Buí Mac Cruitín – arbh as Contae an Chláir dó – chum sé dán fada stairiúil dar tús ‘A Bhanba is feasach dom do scéala’. Is díol suntais é gur scríobh Aodh Buí ceann de na cóipeanna is luaithe d’aiste Sheáin Uí Chonaill atá ar marthain inniu. Tá comparáid intuigthe sa sliocht seo a leanas idir an concas a dhein Cromwell i lár an 17u céad agus an concas nua a bhí déanta ag Uilliam Oráiste:

a dtarla d’ár in áras Éibhir
le linn Cromwell ler folmhadh aoltoir,
tar taoide chuir fuílleach an éaga
ar uireaspa bídh ’s ar díth an éadaigh,
tíocht Uilliam i ndiaidh gach péine—
do fuair ár bhfearaibh ’s ár bhfearannta daoradh,
do fuair ár mbailte is ár leathan-toir aolta,
do fuair ár n-eachra is ár n-airm gan aonta.
Ní raibh traidisiún liteartha i gcúige Chonnacht san ochtú céad déag mar a bhí i gcúige Mumhan agus b’éasca a cheapadh gur lú an tionchar a bheadh ag ‘Tuireamh na hÉireann’ ar dhearcadh an phobail san iarthar. Ach chum Antaine Raiftearaí caoineadh stairiúil dar teideal ‘Seanchas na Sceiche’ timpeall na bliana 1822 ina bhfuil línte iomlána a tógadh as ‘Tuireamh na hÉireann’. Ba dhall é Raiftearaí, agus nuair a chuirtear líon beag na lámhscríbhinní i gcúige Chonnacht san áireamh, is deacair éalú ón tuairim go raibh ‘Tuireamh na hÉireann’ ina chuid de bhéaloideas na coitiantachta faoi thús an 19ú céad. An t-ionannú idir cás an Chaitliceachais agus cás na hÉireann a dhein Seán Ó Conaill, tá sé le fáil i saothar Raiftearaí freisin:
Isibéal tháinig i gcoróin ’na dhéidh sin,
nár phós fear is nar throisc gan chéile.
Chuir a cúl is a droim le cuing na cléire,
chuir ruaig ar easpaig is ar an eaglais Ghaelach.

     Sa leabhar leis dar teideal Researches in the South of Ireland a foilsíodh sa bhliain 1824 tharraing Thomas Crofton Croker pictiúr de mháistir scoile. Níor phortráid de mhúinteoir ar leith é, áfach, ach cumasc de na tréithe a bhain le múinteoirí na scoileanna scairte i gcoitinne. Seo daoibh giota beag as:

He praises the Milesians—he curses ‘the betrayer Dermod’—abuses ‘the Saxon strangers’—lauds Brian Boru—utters one sweeping invective against the Danes, Henry VIII, Elizabeth, Cromwell “the Bloody”, William “of the Boyne,” and Anne; he denies the legality of the criminal code; deprecates and disclaims the Union; dwells with enthusiasm on the memories of Curran, Grattan, “Lord Edward,” and young Emmet; insists on Catholic emancipation; attacks the Peelers, horse and foot; protests against tithes, and threatens a separation of the United Kingdoms!
Faoin am a bhí Crofton Croker ag scríobh, bhí insint náisiúnaíoch ar stair na hÉireann á craobhscaoileadh trí na scoileanna – is é téis na léachta seo gur chuidigh ‘Tuireamh na hÉireann’ go mór le craobhscaoileadh na hinsinte sin. 

     Ba é aiste Sheáin Uí Chonaill, thar aon saothar eile, a mhúnlaigh tuiscint na nGael ar stair na hÉireann agus a chuir insint cheannairceach ar stair na tíre ar fáil do phobal nach raibh leabhair chlóbhuailte, léamh, ná tuiscint ar an mBéarla acu. Caithfear an dán seo a áireamh ar cheann de na téacsaí ba thábhachtaí dár scríobhadh in Éirinn riamh.



27/02/2022

Críocha Henry II

Tá sliocht as Caibidil 5 (1171-1318) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos.

Tuamaí Henry II agus Éléonore, a bhean, in Fontevraud na Fraince

Shín na críocha a raibh flaitheas ag Henry II orthu ó thuaisceart na Breataine go sléibhte na bPiréiní. Tháinig Sasana anuas chuige óna shin-seanathair, William ‘Concaire’, diúc na Normainne a rinne concas ar an ríocht sa bhliain 1066. Ba ghariníon leis an gConcaire í a mháthair, Matilda. Tar éis bhás a céad fhir, an tImpire Heinrich IV, phós Matilda Geoffrey Plantagenet, cunta Anjou, cleamhnas a chuir cúige Anjou le hoidhreacht a mic. Fuair Henry seilbh ar dhiúcacht fhairsing Aquitaine nuair a rinneadh cleamhnas idir é agus an Bandiúc Éléonore in 1152, dhá bhliain sular tháinig sé i gcomharbas ar a chol cúigear, Stephen, mar rí Shasana. 

     Bhí an Bhreatain Bheag roinnte idir tiarnais a raibh flatha dúchasacha orthu (ba iad Gwynedd sa tuaisceart agus Deheubarth san iarthar na cinn ba thábhachtaí) agus tiarnais sa deisceart (amhail Pembroke) nó ar an teorainn le Sasana a raibh tiarnaí de bhunadh na Normainne orthu. D’aithin tiarnaí seo ‘na teorann’ ardtiarnas na corónach ach ba mhó an tsaoirse a bhí acu ná ag tiarnaí i Sasana. Bhí an lámh in uachtar ag Henry II ar ríthe na hAlban i rith a réimis. Ghlaoigh sé Maol Coluim IV go Chester agus chuir sé iallach air Cumbria a thabhairt suas dó in 1157. Dhá bhliain dár gcionn, thaistil Maol Coluim agus díorma de ridirí na hAlban chomh fada le hAquitaine chun tacú le Henry II i gcoinne chunta Toulouse. Léiríodh an forlámhas a d’éiligh rí Shasana ar fhlatha uile na Breataine go soiléir in 1163 nuair a tháinig Maol Coluim na hAlban, Rhys ap Gruffydd (flaith Deheubarth) agus Owain ap Gruffydd (flaith Gwynedd) go Woodstock in Oxfordshire chun umhlóid fhoirmeálta a dhéanamh dó. 

Críocha Henry II


     Ní raibh an caidreamh idir rí Shasana agus flatha eile an oileáin socair, áfach, agus d’éirigh na Breatnaigh amach an bhliain dár gcionn. Theip ar Henry iad a cheansú ach rinne sé díoltas ar na gialla Breatnacha a bhí gafa aige: dalladh is coilleadh na fir – beart a d’imir ríthe na hÉireann sách minic – agus baineadh an tsrón is na cluasa de na mná – danarthacht bhreise nár cleachtadh in Éirinn, chomh fada agus is eol dúinn. Mar an gcéanna, rinne Uilliam ‘an Leon’, deartháir agus comharba Mhaoil Choluim IV, ionradh ar thuaisceart Shasana in 1173 ach ghabh na Sasanaigh é an bhliain dár gcionn. B’éigean do rí na hAlban umhlóid a dhéanamh do rí Shasana, gialla na hAlban a thabhairt dó, agus glacadh le garastúin Shasanacha i nDún Éideann agus i gcaisleáin straitéiseacha eile sular scaoileadh saor é. Choinnigh Uilliam a choróin, ach ghéill sé d’ardtiarnas Henry II.

     Nuair a ghabh William I ríghe Shasana, ghlac sé seilbh ar thalamh uile na ríochta. Choinnigh sé an cúigiú cuid den tír ina sheilbh féin mar fhearann boird agus bhí mainéir ríoga suite ar fud na ríochta. Roinn sé an chuid eile den tír ar na tiarnaí ba mhó a chuidigh leis in 1066, polasaí a chruthaigh uasaicme nua de bhunadh na Normainne arbh í an Fhraincis a príomhtheanga. Lig an rí eastáit (‘feoid’ mar a tugadh orthu) le tiarnaí ar choinníoll go mbeidís réidh i gcónaí chun cúnamh míleata a thabhairt don choróin, agus bhí líon áirithe ridirí luaite le gach feod. Lean proiséas seo an infheodaithe ar aghaidh ar an dóigh chéanna, gach tiarna ag coinneáil cuid dá fheod féin mar fhearann boird agus ag bronnadh an chuid eile mar fheoid ar vasáilligh a raibh sé de dhualgas orthu fir throda a sholáthar dá dtiarnaí. Ag bun dréimire an fheodachais bhí ridirí nach raibh ach mainéar nó dhó ina ngabháltais. De réir meastacháin amháin, bhí thart ar fiche iarla, rud éigin idir céad agus dhá chéad barún, agus suas is anuas le cúig mhíle ridire i Sasana sa dara leath den 12ú céad, ach ní uimhreacha beachta iad seo mar ní raibh dealú glan idir na barúin agus na ridirí ba ghustalaí. Bhí dealú docht sa dlí idir an dream a bhí saor agus iadsan nach raibh, áfach, cé gur athraigh an téarmaíocht faoi lár an 12ú céad: ní ‘servus’ (‘daor’) a tugadh ar an tuathánach nach raibh cead a choise aige ina dhiaidh sin ach ‘villanus’ (‘villéineach’). Ní dócha gur tháinig feabhas ar chúinsí beatha na ndaor nuair a d’athraigh an téarmaíocht a bhain leo.

Oifigigh an státchiste sa 12ú céad


     Bhí Sasana roinnte i gcontaetha roimh 1066 agus coinníodh an córas sin tar éis an choncais. Cheapadh an rí sirriam i ngach contae a raibh sé de dhualgas air cúirt na síreachta a riar agus cánacha a bhailiú. Bunaíodh oifig nua, an ‘exchequer’, chun ioncam an rí a chomhaireamh agus bhí an státchiste lárnach seo suite in Westminster faoin am a tháinig Henry II i gcoróin. Bhí an choróin ag brath ar theacht isteach ón eastát ríoga, ar tháillí feodacha, ar chánacha éagsúla agus ar fhíneálacha: sa deich mbliana idir 1165 agus 1174 bhí ioncam de £18,500 in aghaidh na bliana ar an meán ag Henry II. Ach má chuir an státchiste bonn daingean airgeadais faoin ríocht, ní raibh maorlathas an rí mórán níos forbartha i Sasana ná in Éirinn. Ní raibh ach beirt scríobhaithe fostaithe i rúnaíocht an rí – an ‘tseansailéireacht’ – chomh déanach leis an mbliain 1100. Mhéadaigh líon na scríobhaithe go ceathrar faoin mbliain 1130 agus bhí cúigear scríobhaithe ag obair sa tseansailéireacht in aimsir Henry II. Fearacht Ruaidhrí Uí Chonchobhair, a thionóil rídháil ag Áth Luain in 1166, ghairmeadh ríthe Shasana dáil d’uaisle na ríochta – an ‘magnum concilium’ nó an ‘chomhairle mhór’ – ó am go chéile, cé nár ghá dóibh comhairle na huaisle a iarraidh i gcás ar bith. Mar shampla, bhí ceithre easpag déag, deichniúr iarlaí agus ocht nduine is fiche eile – barúin mhóra ina measc – i láthair ag comhairle mhór a ghair Henry II in 1164. 

     Rinneadh athruithe suntasacha ar an gcóras dlí i dtreo dheireadh an 12ú céad: ceapadh breithimh ghairmiúla a thaistil an tír ar cuaird; baineadh níos mó úsáide as giúiréithe i dtrialacha; agus bunaíodh cúirt lárnach ag Westminster, an ‘binse coiteann’, chun cásanna sibhialta nár bhain leis an gcoróin a éisteacht. Bhí na pionóis a leagadh amach i ndlí coiriúil Shasana níos déine ná a macasamhla i bhféineachas na hÉireann: luadh an bás agus stoitheadh láimhe nó coise mar phionóis le haghaidh tréasa, dúnmharaithe, coirloiscthe, robála agus éignithe i dtéacsleabhar dlí a scríobhadh in 1188. Faoi thús an 13ú céad bhí córas aontaithe dlí, an ‘dlí coiteann’, i bhfeidhm ar fud Shasana agus níorbh fhada gur aistríodh an córas sin go dtí an choilíneacht nua a bhí ag fás in Éirinn.