19/12/2021

Athspléachadh ar ‘dhíchoilíniú’ na staire


Bhí ceist an ‘díchoilínithe’ faoi chaibidil san aiste dheireanach liom a foilsíodh anseo. Má tá an aiste sin léite agat tuigfidh tú gur ar éigean a luadh an Ghaeilge ag comhlabhairt dar theideal ‘Decolonising Irish History’ a eagraíodh faoi scáth Ollscoil Oxford i mí na Samhna anuraidh. Is díol suime é mar sin gur eagraíodh seisiún ar leith faoin teanga ag comhlabhairt eile dar theideal ‘The Coloniality of the Archive in Irish History’ a eagraíodh faoi scáth Choláiste na hOllsoile, Corcaigh, an 15 Nollaig i mbliana. Níl an téarma ‘coloniality’ luaite i mo chóipeanna féin d’fhoclóirí Chambers, Collins ná Webster, ach glacaim leis gurb í ‘gné choilíneach’ na cartlainne a bhí i gceist. Nuair a tugadh cuireadh dom páirt a ghlacadh sa seisiún ar ‘Languages and Coloniality in the Archive’, mhíníos don Dr Dónal Hassett, a d’eagraigh an chomhlabhairt, nach raibh mórán le rá agam i dtaobh na gcartlann – sílim go bhfuil siad le moladh ar an mórgóir – ach go bhféadfainn labhairt ar easpa suime na staraithe sna foinsí Gaeilge. Bhí sé sásta leis an moladh sin agus ghlacas lena chuireadh. 

     Labhair gach duine den cheathrar a bhí páirteach sa phainéal ar feadh cúig nóiméad ag tús an tseisiúin agus ansin phléamar na ceisteanna a chuir an cathaoirleach, an Dr Caoimhe Nic Dháibhéid, nó daoine eile sa lucht éisteachta, orainn. Is féidir éisteacht leis an seisiún ina iomláine ag an nasc seo thíos:

Languages and coloniality in the archive

Tosnaíonn an ráiteas oscailte a dheineas féin ag 17:15 agus is féidir téacs an ráitis a léamh anseo. Thugas freagraí ar cheisteanna ón gcathaoirleach nó ón lucht éisteachta ag na pointí ama seo a leanas: 1:13:00, 1:24:30, 1:44:20 agus 1:51:10.

     Ós rud é go bhfuil na foinsí príomha i nGaeilge faoi chaibidil agam, níor mhiste tagairt a dhéanamh d’ócáid eile a bhí ar siúl le déanaí. D’eagraigh an ‘Rare Books Group’ de Chumann Leabharlann na hÉireann seimineár ar-líne dar theideal ‘Scríbhinní i nGaeilge i mBailiúcháin Speisialta in Éirinn’ ar an 14 Nollaig. Tugadh cainteanna ar na lámhscríbhinní Gaeilge atá ar caomhnú i gColáiste na hOllscoile, BÁC; i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann; in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh; i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh; in Acadamh Ríoga na hÉireann; agus in Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad. Taifeadadh na cainteanna go léir agus is féidir éisteacht leo anseo



01/11/2021

Díchoilíniú nó athchoilíniú na staire?

Saothair ealaíne a ghoid na Francaigh ón Afraic


Le bliain nó dhó anuas tá ‘decolonisation’ go mór faoi chaibidil sna meáin chumarsáide agus san acadamh ar aon. Dá gcloisfinn an téarma dhá bhliain ó shin, táim cinnte go smaoineoinn ar an bpróiseas a chuir deireadh leis na himpireachtaí Eorpacha sa ghlúin tar éis an Dara Cogadh Domhanda. Próiseas ba ea é a dhein ‘Guyana’ de ‘British Guiana’, ‘Mali’ de ‘Soudan français’, ‘Indonesia’ de ‘Nederlands-Indië’, etc. B’shin díchoilíniú na gcoilíneachtaí ach le tamall anuas táthar ag trácht ar ‘decolonisation’ na staire mar ábhar léinn. Samhlaítear go bhfuil tionchar iomarcach ag bunadh na gcumhachtaí impiriúla ar an disciplín agus go bhfuil neamart déanta ag staraithe sna pobail dhúchasacha. Is deacair gan aontú leis an tuairim sin. Luífeadh sé le réasún dá mbeadh áit lárnach ag an gcoilíneachas i staireagrafaíocht na dtíortha a bhí ina gcumhachtaí impiriúla tráth agus a bhunaigh coilíneachtaí ar fud na cruinne, agus i staireagrafaíocht na stát eile úd a bhfuil sliocht na n-inimirceach ón Eoraip sa mhóramh iontu anois. Baineann cumhachtaí móra na hEorpa — an Bhreatain, an Fhrainc agus an Spáinn ina measc — leis an gcéad aicme. Ní nach ionadh, b’fhearr le mórán daoine sna tíortha sin go ligfí an chogaíocht, an dúshaothrú agus an leithcheal a bhain leis an impiriúlachas i ndearmad. Murar féidir é sin a dhéanamh, b’fhearr leo go gcuirfí níos mó béime ar ghnéithe ‘dearfacha’ an choilíneachas: ar aistriú na teicneolaíochta, ar chomhtháthú eacnamaíoch na cruinne, agus ar bhunú na stát a tháinig i gcomharbas ar na himpireachtaí in am agus i dtráth. Mar a bheifí ag súil leis, is leasc le mórán daoine sna tíortha a d’eascair ó choilíneachtaí Eorpacha — leithéidí na Stát Aontaithe, Cheanada agus na hAstráile — ceann a thógáil do dhíshealbhú na bpobal dúchasach nó don díothú a deineadh ar a gcultúr.

Scriosadh deilbhe i mBriostó


     Tá an chóir le lucht an ‘decolonisation’ le tamall: chinn Assemblée nationale na Fraince go dtabharfaí saothair ealaíne a gabhadh sa ré choilíneach ar ais don tSeineagáil agus do Bheinin; scrios léirsitheoirí dealbh de thrádálaí sclábhaithe i mBriostó Shasana; tá dealbha de ghinearáil éagsúla a throid ar son an Confederacy á mbaint anuas ar fud dheisceart na Stát Aontaithe; agus tá scannal i gCeanada i dtaobh na híde a tugadh do pháistí bundúchasacha i scoileanna cónaithe na tíre. Ní cúis iontais é go bhfuil aird ar leith á tabhairt ar an sclábhaíocht san Anglasféar ós rud é gur sheol an Bhreatain níos mó ná trí mhilliún sclábhaí trasna an Atlantaigh — líon atá níos airde ná aon tír eile seachas an Phortaingéil. Thairis sin, bhí dlúthbhaint ag an sclábhaíocht leis an gCogadh Cathartha sna Stáit Aontaithe, cogadh inar maraíodh níos mó ná leathmhilliún duine, agus tá duine as ochtar sa tír sin anois a bhfuil sclábhaithe mar shinsir acu. Ach, mar chruthúnas ar an tríú dlí de chuid Newton (‘gineann gach gníomh frithghníomh ar cóimhéid agus sa treo contrártha’), bhunaigh baicle staraithe anglafónacha atá imníoch faoin treo a bhfuil cúrsaí ag dul suíomh idirlín dar teideal History Reclaimed le déanaí. Seo mar a mhíníodar fáth a mbuartha:

The abuse of history for political purposes is as old as history itself. In recent years, we have seen campaigns to rewrite the history of several democratic nations in a way that undermines their solidarity as communities, their sense of achievement, even their very legitimacy.

These ‘culture wars’, pursued in the media, in public spaces, in museums, universities, schools, civil services, local government, business corporations and even churches, are particularly virulent in North America, Australasia and the United Kingdom. Activists assert that ‘facing up’ to a past presented as overwhelmingly and permanently shameful and guilt-laden is the way to a better and fairer future. We see no evidence that this is true.    

Tá staraithe maithe luaite leis an tionscnamh. Ós rud é gur dixhuitièmiste mé, thugas suntas do bheirt atá páirteach ann: mar atá, Tim Blanning agus Jonathan Clark. Táim sásta a rá gurb é The Pursuit of Glory le Blanning an leabhar is fearr ar stair na hEorpa san 18ú céad dá bhfuil léite agam, cé go gcaithfear a admháil nach bhfuil ach tagairtí fánacha ann don saol lasmuigh den Eoraip. Má tá blas na háibhéile ar théis Jonathan Clark in English Society 1688-1832, ní féidir a shéanadh go raibh tionchar dearfach ag an saothar sin ar staireagrafaíocht Shasana. Ní cheileann Clark gur Tóraí go smior é ach má tá tuairimí polaitiúla ag Blanning nílid le brath ar a chuid scríbhinní. Dá mbeadh lucht History Reclaimed sásta tacú leis an stair eimpíreach — le stair atá bunaithe ar scrúdú réimse iomlán na bhfoinsí príomha agus ní ar cibé leagan den teoiric chriticiúil atá faiseanta san acadamh i láthair na huaire — ba mhaith ann iad. Ach nuair a chuirim san áireamh gurb iad Ruth Dudley-Edwards agus Liam Kennedy an bheirt Éireannach atá páirteach sa bhfiontar, tagann néal amhrais orm; buaileann an smaoineamh mé go mb’fhéidir nach ag iarraidh an idé-eolaíocht a dhíbirt as an staireagrafaíocht atáid in aon chor, ach ag iarraidh na sean-impireachtaí (go háirithe impireacht na Breataine) a chosaint ó lucht a gcáinte.    

Oiriúnach go leor, ba é ‘Traveller’ ainm an chapaill a bhí ag an nGinearál Robert E. Lee


     Caithfear an cheist a chur: an bhfuil aon  impleachtaí ag an ‘decolonisation’ atá á mholadh anois do staireagrafáiocht na hÉireann? Tar éis an tsaoil, níor chumhacht impiriúil í Éire riamh. Bheadh orainn dul siar go dtí an 11ú céad nuair a tháinig Oileán Mhanann faoi riail ríthe Átha Cliath ar feadh tamaill chun teacht ar choilíneacht de chuid na hÉireann. Thairis sin, cé gur dhein Sasanaigh coilíniú ar Éirinn ón 12ú céad amach, ba mhionlach iad na coilínithe sa tír seo i gcónaí. Ní comórtas cás na hÉireann le cás na gcumhachtaí impiriúla ar láimh amháin, ná le cás na stát nua a d’eascair ó na coilíneachtaí Eorpacha ar an láimh eile. Is tír bheag Eorpach í Éire a chaith na céadta bliain faoi smacht impireachta eachtrannaí. Tá sí inchurtha le tíortha beaga Eorpacha eile a raibh an dán céanna acu: leithéidí na hÍoslainne a bhí faoi riail na Danmhairge; na Fionlainne a bhí faoi riail na Sualainne agus na Rúise; na Liotuáine a bhí faoi riail na Polainne agus na Rúise; na Seice a bhí faoi riail na hOstaire; na Cipire a bhí faoi riail na Veinéise, na Tuirce agus na Breataine. D’fhéadfaí cur leis an liosta seo. Dá ainneoin sin, tá staraithe áirithe ag áiteamh le bliain nó dhó anuas gur gá ‘decolonisation’ a dhéanamh ar stair na hÉireann. Níor mhiste cúpla sampla dá gcuid argóintí a thabhairt ag an bpointe seo.

Comhlabhairt faoi scáth Ollscoil Oxford


     I mí na Samhna anuraidh eagraiodh comhlabhairt dar theideal ‘Decolonising Irish History?’ faoi scáth Ollscoil Oxford: is féidir éisteacht leis na cainteanna go léir anseo. Tá an nóta mínithe seo a leanas le léamh ar leathanach gréasáin a dheasaigh an lucht eagair:

Ireland has frequently been called ‘Britain’s 1st colony’, and Irish people and Irish society were highly racialised by the British state. This has had lingering and serious consequences to this day - not least in attitudes towards the Irish language and Gaelic culture, and for the position of Northern Ireland within the United Kingdom. On the other hand, some parts of Irish society were heavily implicated in the expansion of the British Empire in the 17th and 18th centuries, with its attendant brutality and in some cases were involved in slave-trading.

Ba thuar dóchais é gur luadh an Ghaeilge ar an leathanach gréasáin, ach ba thuar é nár tháinig faoin tairngreacht. Ba é Ian McBride an t-aon duine amháin den seachtar cainteoirí a thagair don teanga ina chaint (16:10). Nuair a d’fhiafraigh duine den lucht éisteachta an raibh staraithe inniúil ar na foinsí Gaeilge a úsáid, mhol Jane Ohlmeyer, ollamh le stair i gColáiste na Tríonóide, go mbainfí úsáid as aistriúcháin Bhéarla (1:9:35). Bheadh an moladh sin neamhscolártha ag am ar bith, ach is suntasach an ní é go raibh sí sásta a leithéid de mholadh a dhéanamh ag comhlabhairt a raibh ‘Decolonising Irish History’ mar théama aici. Cibé ciall atá le ‘decolonised history’ i gcomhthéacs na hÉireann, níl sé i gceist go mbeidh lucht a scríofa in ann na foinsí dúchasacha a scagadh. An mhí dár gcionn, Nollaig 2020, bhí alt leis an Ollamh Ohlmeyer dar theideal Ireland has yet to come to terms with its imperial past le léamh ar an Irish Times. Seo giota beag as: 

Until recently few fully appreciated the significance of Ireland’s imperial past but this is changing and there is a growing awareness of the importance of discussion and debate. The fact that the great Irish philosopher George Berkeley owned slaves on his plantation in Rhode Island in the 1720s made national headlines over the summer, as did the revelation that John Mitchel, a revered 19th-century Irish patriot, supported slavery. Our imperial legacy is complex.

Bhí Niamh Gallagher, léachtóir staire in Ollscoil Cambridge, ar an téad chéanna in alt léi dar theidealWe need to recognise Irish participation in the British colonial story a d’fhoilsigh an Irish Times i mí an Mhárta i mbliana. Leag sí béim ar leith ar an eisimirce:

The legacy of emigration and settlement is the elephant in the room when thinking about the Irish and the Empire. Between 1801-1921, 8 million people left Ireland, often for British dominions and territories, while a further 1.5 million went to Britain between the mid-1930s and 2000. While we can empathise with the “exile” of perhaps two million Irish poor during the 1840s Great Famine, the reality is that most Irish people willingly left Ireland.

An mhí chéanna, d’fhoilsigh nuachtán Sasanach, an Observer, tuairisc dar theideal Trinity College reckons with slavery links as Ireland confronts collusion with empire. Cuireadh na tuairimí seo a leanas i leith Ciarán O’Neill, ollamh comhlach le stair sa choláiste:

“There is a reluctance in Ireland to see ourselves as imperial aggressors, it’s not part of our national narrative,” said O’Neill. “Our national narrative is that we were victims of colonial oppression. That’s true, but it’s also true that we were perpetrators of colonial aggression elsewhere.”

Is díol suime é an friotal sleamhain milleánach a úsáideadh na sleachta thuas, friotal a chuir in iúl go raibh muintir na hÉireann sáite go domhain san impiriúlachas: féach leithéidí ‘heavily implicated’, ‘Ireland’s imperial past’, ‘Irish participation’, ‘collusion with empire’ agus úsáid an chéad phearsa iolra i leaganacha mar ‘our imperial legacy’, ‘ourselves as imperial aggressors’, ‘we were perpetrators’

Dhá leabhar ó mo leabharlann
     Ní féidir seasamh le cuid mhaith dá bhfuil ráite sna sleachta thuas. Tugadh ‘Irish philosopher’ ar George Berkeley. Is fíor gur rugadh é sa tír seo agus tá dán Gaeilge ann a mhol é as an gcabhair a thug sé do bhochtáin a dheoise le linn ‘bhliain an áir’(1740-41). Ach seo mar a thagair sé don choilíneacht Shasanach in Éirinn in The Querist, aiste leis a foilsíodh don chéad uair sa bhliain 1735:

91. Whether the upper part of this people are not truly English, by blood, language, religion, manners, inclination, and interest?
92. Whether we are not as much Englishmen as the children of old Romans, born in Britain, were still Romans?

Ceisteanna reitriciúla ba ea iad seo, dar le Berkeley; ní móide go mbeadh sé buíoch den té a dhéanfadh Éireannach iarbháis de. Ach bíonn an-drogall ar staraithe a admháil gur deineadh coilíniú ar Éirinn agus is annamh a aithníonn siad an choilíneacht Shasanach mar choilíneacht. Maidir leis an ‘revelation’ gur thacaigh John Mitchel leis an sclábhaíocht sna Stát Aontaithe, níorbh aon nuacht é don té a raibh cur amach aige ar stair na hÉireann sa 19ú céad. Tá cóip de mhórshaothar Mitchel, Jail Journal, agam a foilsíodh sa bhliain 1982 agus tá téacs an réamhrá a scríobh Arthur Griffith le haghaidh eagrán na bliana 1913 i gcló inti. Seo giota beag as an réamhrá sin:

Later, when Mitchel avowed his approval of slave-holding and the Northern States, which had but a few months before banquetted, bouquetted and brass-banded him to weariness, shrieked threat and insult, he was genuinely astonished to find that in a ‘land of liberty’ a man was supposed to conceal unpopular opinions.

Abair ‘revelation’! Agus ní raibh leisce ar Éireannaigh riamh labhairt faoin líon mór daoine a d’fhág an tír le dhá chéad bliain anuas — roinnt acu dá ndeoin féin agus mórán acu dá n-ainneoin féin. Is maith a thuigim go bhfuil gaolta liom ar thaobh m’athar sna Stáit Aontaithe agus i gCeanada, agus ar thaobh mo mháthar san Astráil. Níorbh aon ‘eilifint sa pharlús’ iad na gaolta sin agus mé ag fás aníos ach daoine muinteartha a sheoladh cártaí Nollag chuig mo thuismitheoirí agus a thagadh go hÉirinn ar saoire ó am go chéile. Is amhlaidh go ngluaiseann daoine ó chríocha atá bocht go dtí críocha eile atá níos saibhre mura gcuirtear constaicí ina mbealach; níorbh eisceacht í Éire sa mhéid sin. Féach muintir na hIndia mar shampla: tá tuairim is 65 % de mhuintir Oileán Mhuirís, 40 % de mhuintir na Guáine, 40% de mhuintir Fhidsí, 35 % de mhuintir Oileán na Tríonóide agus Tobága, 10 % de mhuintir Shingeapór, agus 7 % de mhuintir na Malaeisia a shíolraigh ó oibrithe Indiacha a chuaigh chun na gcoilíneachtaí sin i ré na himpireachta. Tá pobail líonmhara eile de bhunadh na hIndia san Afraic Theas, i gCeanada, agus sa Bhreatain. Maidir le ról na nÉireannach mar ‘imperial aggressors’, tá a fhios ag an saol go raibh na himpireachtaí go léir sásta saighdiúirí a earcú sna coilíneachtaí nuair a bhí airm ag teastáil uathu. Throid milliún Indiach ar son impireacht na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda agus throid dhá mhilliún go leith Indiach ar a son sa Dara Cogadh Domhanda. Mar an gcéanna, throid Spahis ón Afraic thuaidh agus Tirailleurs sénégalais ó iarthar na hAfraice don Fhrainc sa dá chogadh dhomhanda. Níl aon rún ná mistéir ag baint leis seo i gcás na hÉireann ná i gcás aon tíre eile a tháinig faoi scáil an impiriúlachais.

Ba iad dealbha an Shelbourne céad íobartaigh an ‘decolonisation’ in Éirinn — cé gur cuireadh a gciontú ar neamhní ar ball


     Dá gcreidfeá na staraithe a bhfuil buabhall an ‘decolonisation’ á shéideadh acu anois, cheapfá gur deineadh neamart sa ghné seo de stair na hÉireann agus nár tuigeadh an tábhacht a bhain le himpireacht na Breataine go dtí le deireanas. Is é an leigheas a mholann siad ar ghalar seo na díchuimhne impiriúla ná staidéar a dhéanamh orthusan a raibh baint acu le hÉirinn agus a chuidigh le fás agus le coilíniú na himpireachta. Chiallódh a leithéid de chur chuige go gcuirfí béim níos mó feasta ar an gcoilíneacht Shasanach in Éirinn, ar an uasaicme, agus ar an dream a chuaigh ar imirce, óir is iad is mó a bhí gafa leis an impireacht. Lena chur go hachomair, ní hé díchoilíniú na staire atá á mholadh ach earra eile ar fad: mar atá, athchoilíniú na staire. Ar ndóigh, más mian le hiarchéimithe áirithe tráchtais a scríobh ar infheisteoirí in Éirinn a cheannaigh scaireanna sa South Sea Company, ar Éireannaigh a liostáil in arm an East India Company, nó ar Éireannaigh a chuir fúthu san Afraic Theas, níl aon chúis nach ndéanfaidís amhlaidh. Is ábhair bhailí thaighde iad na hábhair sin go léir, ach ba bhréag a rá go bhfuil siad lárnach do stair na hÉireann. Is follas d’aon duine a léann an staireagrafaíocht gurb iad an choitiantacht an dream is mó a bhfuil neamart déanta ag staraithe iontu go dtí seo — an chosmhuintir, an móramh mór den phobal a d’fhan in Éirinn, a chuaigh i ngleic leis an gcóras impiriúil, agus a d’athraigh cúrsa na staire. Dá dtabharfaí éisteacht agus cead cainte dóibhsean sna startha bheadh díchoilíniú ar siúl i ndáiríre. Ach an mbeadh staraithe na hÉireann in inmhe chuige? Ní bheadh múnlaí ná eiseamláirí réamhdhéanta le fáil acu ó Shasana ná ó na Stáit Aontaithe. Bheadh orthu iomairí dá gcuid féin a threabhadh, machnamh neamhspleách a dhéanamh, modhanna nua taighde a fhorbairt, agus scileanna breise a fhoghlaim. Bheadh pleanáil, dúthracht agus diongbháilteacht ag teastáil. Tá seans maith go mbeadh ar scoláirí anglafónacha teanga na mbundúchasach (treibh fhiáin a thugadh ‘Gaeil’ orthu féin) a fhoghlaim. Lena chois sin, d’fhéadfadh sé nach mbeadh toradh caoithiúil ar an taighde — nach mbeadh an fhianaise a thabharfaí chun solais ag luí go maith le teoiricí lucht critice, le hinsintí atá fréamhaithe sa staireagrafaíocht, ná le tuairimíocht an tráchtlathais ...

     Nuair a chuirtear na cúinsí go léir san áireamh, is fusa agus is sábháilte go mór fanúint laistigh de chuibhreann an Bhéarla, aithris neamhchriticiúil a dhéanamh ar a bhfuil ar siúl ag an aos acadúil i Sasana agus sna Stáit Aontaithe, agus ‘decolonisation’ a ghlaoch air.


02/10/2021

‘Blue people’ agus ‘daoine de dhath’

‘Is fánach an áit a bhfaighfeá gliomach’. Mar chruthúnas ar fhírinne an tseanfhocail sin, d’fhoilsigh nuachtán Sasanach, The Guardian, alt ar théarmaíocht na Gaeilge i mí Iúil i mbliana. Tá téacs an ailt le fáil ar shuíomh an nuachtáin anseo. Níl sé de nós agam The Guardian a léamh, ach chonaic mé tagairt don alt ar Twitter agus chaitheas súil air le teann fiosrachta. Ar an drochuair, níl an t-alt thar moladh beirte. Is é téis an údair, Rory Carroll, go bhfuil na téarmaí Gaeilge a bhaineann leosan nach daoine geala iad (‘people who are not white’ mar a scríobh sé) lochtach agus easnamhach. Seo daoibh tús an ailt:


Mhínigh an tuairisceoir go bhfuil an leagan ‘duine dubh’ débhríoch, rud atá fíor: níl aon chúis le ceapadh nach raibh Aodh Dubh Ó Néill (c.1605-c.1660) agus Eibhlín Dubh Ní Chonaill (c.1743-c.1800) chomh geal le formhór na nÉireannach lena linn. Ach mhaígh sé ansin gur ‘odd alternative’ é ‘duine gorm’ agus gur ‘blue person’ is ciall leis. Níl aon bhunús leis na ráitis sin. Tarlaíonn sé go minic i ngach teanga go mbíonn níos mó ná ciall amháin le focal. Is leor sracfhéachaint a thabhairt ar fhoclóir chun an méid sin a thuiscint. Dá ndéarfainn ‘the tiger is a cat’, ní dóigh liom go gcuirfeadh aon duine i mo choinne. Ach dá ndéarfainn ‘I have a cat at home’, cé mhéad duine a shílfeadh go raibh tíogar agam sa bhaile? Tagraíonn an focal céanna d’ainmhí mór dainséarach sa chéad abairt agus d’ainmhí beag neamhurchóideach sa dara abairt. An gciallaíonn sé sin go bhfuil lucht labhartha an Bhéarla ‘wrestling with the description of felines’? Ní chiallaíonn, ar ndóigh. Ní chuireann cialla éagsúla an fhocail ‘cat’ mearbhall ar aon duine toisc go dtuigeann an té is dúire go mbraitheann an chiall ar an gcomhthéacs. Is amhlaidh atá sa Ghaeilge i gcás an fhocail ‘gorm’. Ach dá scríobhfadh Rory Carroll an fhírinne, dá scríobhfadh sé go bhfuil focal sa Ghaeilge a bhfuil níos mó ná ciall amháin leis agus go n-athraíonn a chiall de réir an chomhthéacs, ní bheadh ábhar ailt aige agus ní bheadh deis ag léitheoirí sofaisticiúla an Guardian magadh a dhéanamh faoin teanga phrimitíbheach seo ina bhfuilim ag scríobh.

     Tá ‘dorcha gan a bheith dubh’ ar cheann de na cialla a bhaineann leis an bhfocal ‘gorm’ agus tá an chiall sin ann, ní le ‘generations’ anuas mar a scríobh Rory Carroll, ach le míle bliain. Tá samplaí d’úsáid an fhocail sa chiall sin, agus capaill faoi chaibidil, le fáil i Lebor na Cert, saothar próis a cumadh i dreo dheireadh an 11ú céad nó i dtosach an 12ú céad:

‘caeca each ndubgorm’ (= ‘caoga each dubhghorm’)

‘sé eich glasa, gabal-guirm’ (= ‘sé each ghlasa ghabhal-ghorma’)

Mar an gcéanna, tá tagairt ag Seán Ó Neachtain (c.1640-1729) do ‘each gorm’ sa scéal leis dar teideal Stair Éamuinn Uí Chléire, scéal a cumadh ag tús an 18ú céad:

Gléastar annso dhá each faoi shriantuibh óir agus fó dhialluidibh airgid dhúinn .i. an t-each ruadh dhó-san agus an t-each gorm (do chí tú thall úd) dhamh-sa. 

Timpeall an ama chéanna, chum Diarmaid mac Sheáin Bhuí Mac Cárthaigh (c.1632–1705) dán cáiliúil dar tús ‘Caoinidh mise m’Fhalartha’ inar chaoin sé capall leis darbh ainm an Fhalartha Ghorm. Agus tá an sainmhíniú seo a leanas le fáil i bhfoclóir Uí Dhuinnín faoin gceannfhocal ‘gorm’:

each (capall) gorm, a dark grey horse, al. A black or chocolate horse

Is díol suime é go raibh an chiall seo le fáil in Albain freisin. Tá an sainmhíniú seo a leanas le léamh i bhfoclóir Dwelly faoin gceannfhocal ‘gorm’:

each gorm, a dark grey horse

Is iomaí dath a d’fheicfeá ar chapall ach táim réasúnta cinnte nach raibh ‘blue horse’ ann riamh. Tá sotal an Bhéarlóra le brath ar an tuairim go bhfuil leagan cainte atá againn sa Ghaeilge ‘odd’ toisc go bhfuil sé éagsúil le téarmaíocht an Bhéarla.

     Fuair an t-alt in The Guardian locht ar théarma Gaeilge eile: mar atá, ‘duine daite’, téarma atá ‘associated with apartheid South Africa’, más féidir an t-alt a chreidiúint. Ní raibh an Ghaeilge ina teanga oibre ag rialtas na hAfraice Theas riamh, ach níorbh é an focal ‘daite’ a bhí i gceist ag iriseoir The Guardian i ndáiríre ach focal eile i dteanga eile: mar atá, an focal ‘coloured’. Bhíos i mo bhall de choiste an Irish Anti-Apartheid Movement ar feadh cúpla bliain i dtús na 1980í. Is iomaí oíche a chaitheas i bparlús Kader agus Louise Asmal i gCarraig an tSionnaigh ag cur nuachtlitreacha i gclúdaigh litreach agus d’fhoghlaimíos cuid mhaith faoin Afraic Theas ó bheith ag éisteacht agus ag comhrá leis na daoine ón tír sin a bhí páirteach sa ghluaiseacht ag an am. Is fíor go raibh an téarma ‘coloured’ in úsáid nuair a bhí apartheid i réim, ach bhí sé in úsáid i bhfad roimh an ré sin agus tá sé fós in úsáid sa lá atá inniu ann. Tuairim is cúig mhilliún coloureds atá san Afraic Theas. Daoine is ea iad a bhfuil sinsearacht chasta acu: shíolraíodar ó choilínigh a tháinig ón Ísiltír ag tús ré an choilínithe, ó na Khoisan (na bundúchasaigh i gcúige na Rinne), agus ó Afracaigh eile. Sciobas an tábla thíos as an achoimre oifigiúil ar dhaonáireamh na bliana 2011 (an ceann is déanaí). Is féidir an cháipéis sin a léamh ar líne anseo

Mar is léir ón tábla thuas, is í an Afracáinis príomhtheanga na ndaoine daite. Tá an t-ainm ‘bruin mense’ (‘daoine donna’) in úsáid sa teanga sin ach ní heol dom go bhfuil aon ainm eile orthu i mBéarla seachas ‘coloureds’ (nó ‘Cape coloureds’ uaireanta). Má tá an téarma ‘coloured’ in úsáid ag rialtas daonlathach ilchiníoch na hAfraice Theas, téann sé díom a thuiscint cén fáth a gceaptar go bhfuil baint aige le ré an apartheid. Agus fiú dá mbeadh baint ar leith ag an bhfocal ‘coloured’ le sean-réimeas an chine ghil, is focal eile i dteanga eile é 'daite'.

     Cé go bhfuair tuairisceoir The Guardian lochtanna móra ar théarmaíocht na Gaeilge, bhí dea-scéala aige dúinn chomh maith. Bhí na ‘guardians of the Irish language’ tar éis téarma snasta nua-aoiseach a bhronnadh orainn sa deireadh: mar atá, ‘duine de dhath’. Ar an drochuair, ní Gaeilge é ‘duine de dhath’ ach Béarla faoi bhréagriocht. Is é sin le rá, is focail Ghaeilge iad ‘duine’, ‘de’ agus ‘dath’, ach is struchtúr gramadaí Béarla é ‘duine de dhath’. D’fhéadfaí é a chur i gcomórtas le ‘Fianna Fáil ardfheis clár’ mar shampla den Bhéarla faoi bhréagriocht. Is fíor, ar ndóigh, go bhfreagraíonn ‘de’ na Gaeilge do ‘of’ an Bhéarla i gcásanna áirithe. Is féidir 'de' a úsáid nuair is cainníocht (‘pionta den bheoir úd’) nó páirt den iomlán (‘ball de pháirtí’) atá i gceist. Úsáidtear ‘de’ freisin nuair is uirlis atá sa dara ainmfhocal (‘buille de dhorn’) agus nuair a thagraíonn an dá ainmfhocal don ní nó don duine céanna (‘amadán de Spáinneach’). Ní bhaineann ‘person of colour’ le ceann ar bith de na cásanna sin. Sampla is ea é den rud ar a dtugtar an ‘descriptive genitive’. Thógas an léaráid thíos as Laurel J. Brinton, The Structure of Modern English: A Linguistic Introduction.



Bíonn an dara ainmfhocal ag feidhmiú mar aidiacht sa descriptive genitive; cáilíocht is ea é a bhaineann leis an gcéad ainmfhocal. Is minic a cháintear na haistriúcháin Ghaeilge a chuireann Google Translate ar fáil, ach braithim go bhfuil feabhas mór tagtha ar an tseirbhís sin le blianta beaga anuas. Thugas cúpla sampla den descriptive genitive dó le déanaí agus seo iad na torthaí a fuaireas:



Dá mbeinn ag obair in Google, bheinn breá sásta leis na moltaí sin. Úsáideadh an tuiseal ginideach i dtrí chás, aidiacht in dhá chás, agus leagan timchainteach i gcás amháin. B’fhearr liom ‘ábhar práinneach’ agus ‘saothar cumasach’ mar aistriúcháin ar ‘a matter of urgency’ agus ‘a work of talent’, agus sílim go mbeadh 'ceist thábhachtach' chomh maith leis an leagan a moladh, ach níl aon rud cearr leis na moltaí a thug Google Translate dom. Is é an rud is suntasaí nár úsáideadh an focal ‘de’ i gcás ar bith: níl ‘bean de chiall’, ‘ceist de thábhacht’, ‘ábhar de phráinn’ ná ‘duine de dhath’ i measc na dtorthaí. Tuigeann an t-algartam atá laistiar de Google Translate nach n-úsáidtear ‘de’ sa chás seo agus go bhfuil bealaí dá cuid féin ag an nGaeilge chun ciall an descriptive genitive a chur in iúl. 

     Nuair a bhí an t-alt sa Guardian léite agam, sheolas an teachtaireacht seo a leanas ar Twitter. Níorbh fhéidir liom an t-alt a scagadh in Tweet, ar ndóigh, ach theastaigh uaim dhá phointe a dhéanamh ar an toirt: 

"Gorm" doesn't mean "blue" when applied to people: it means "dark". 

The structure "a noun 1 of noun 2", where noun 2 is an attribute of noun 1, doesn't exist in Irish. "Duine de dhath" is pure Béarlachas - it's as bad as "tá mé fear".

Bhronn cúpla céad duine croí beag ar an teachtaireacht sin, agus bhí roinnt daoine a bhíonn ag plé leis an nGaeilge ar bhonn gairmiúil ina measc. Ach ansin tháinig rabharta teachtaireachtaí cáinteacha sa mhullach orm. Sílim gurbh iad na teachtaireachtaí anseo thíos na cinn a chuir tús leis:



Níl aithne agam ar an mbean a scríobh an méid thuas agus níor dheineas tagairt do lí a cnis riamh. Ach síleann sise gur chóir dom fanacht i mo thost toisc gur duine geal mé! Níl aon ghlacadh agam leis sin. Tá sé de cheart agam mo chuid tuairimí a nochtadh ar cheist ar bith gan nihil obstat a fháil uaithi ná ó aon phraeitseálaí ceartpholaitiúil eile. Mura dtaitníonn mo chuid argóintí léi, tá an ceart céanna aici iad a bhréagnú - más féidir léi. Ach caithfear a rá go bhfuil an mhian chun cinsireachta coitianta go leor i measc an phobail anois, más aon teist iad na teachtaireachtaí a seoladh ar Twitter. Seo daoibh blaiseadh beag den saghas stuif a scríobhadh:


     Cad as a dtagann an tuairim gur téarma odd é ‘duine gorm’ cé go bhfuil sé sa teanga leis na cianta cairbreacha? Nó conas is féidir le haon duine a cheapadh go bhfuil téarma chomh lochtach le ‘duine de dhath’ níos fearr ná téarma a thagann le comhréir nádúrtha na Gaeilge? Ní fheiceann an ‘ghosty dude’ seo ach freagra amháin ar na ceisteanna seo: is é an Béarla slat tomhais na normáltachta do dhaoine áirithe anois – na ‘guardians of the Irish language’ san áireamh. Má tá leagan cainte sa Ghaeilge atá éagsúil leis an leagan Béarla, déarfar go bhfuil sé aduain, smolchaite agus réidh le caitheamh ar charn dramhaíle na foclóireachta. 

     Meabhraíodh dom an méid a scríobh T. F. O’Rahilly sa leabhar leis dar teideal Irish Dialects Past and Present, saothar a foilsíodh sa bhliain 1932:

When a language surrenders itself to foreign idiom, and when all its speakers become bilingual, the penalty is death.

 

Aguisín - 4 Deireadh Fómhair 2021

Tar éis dom an aiste thuas a scríobh, cuireadh ar mo shúile dom gur pléadh ábhar na haiste ar Raidió na Gaeltachta. Is féidir éisteacht leis an gclár anseo. Nuair a fiafraíodh (ag 5:00) de bhall den Choiste Téarmaíochta an Béarlachas é ‘duine de dhath’, dúirt sí go bhfuil an struchtúr sin le fáil sna hamhráin agus luaigh sí ‘bean de mhuintir Néill’ mar shampla. Ach is daoine iad muintir Néill, agus is sampla den tabharthach rannaíoch (a fhreagraíonn do partitive genitive an Bhéarla) é ‘bean de mhuintir Néill’. Tá sé ar aon dul le ‘ball de pháirtí’. Ní féidir a rá gur sampla den tabharthach rannaíoch é ‘duine de dhath’ mar ní thagraíonn an focal ‘dath’ do dhaoine.

Ar iarratas ó Mhanannach, tá an sliocht athfhriotail as leabhar T. F. O'Rahilly ciorraithe agam chun tagairt don Mhanannais a fhágáil ar lár.

10/07/2021

An daonra san 11ú céad agus sa 12ú céad

Tá sliocht eile as Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos. 

Seisreach dhamh sa Mheánaois

Cuireadh dlús le forbairt na sochaí ar fud iarthar na hEorpa san 11ú céad agus sa 12ú céad. Bhí trealamh agus modhanna oibre nua in úsáid ag feirmeoirí a chuir le táirgiúlacht na talmhaíochta. D’fhás an daonra agus tháinig borradh ar an trádáil nuair a mhéadaigh an farasbarr bia, rud a thug spreagadh d’fhorbairt na mbailte. Cothaíodh an léann i dtimpeallacht úr uirbeach, thaithigh scoláirí comhluadar a chéile, agus bunaíodh na chéad ollscoileanna in Bologna (1088), i bPáras (c. 1150) agus in Oxford (1167). Tháinig an feodachas chun cinn ar mhórthír na hEorpa de réir mar a thit stát láraithe na bhFranc as a chéile sa 10ú céad agus san 11ú céad. Córas sóisialta agus rialaithe ba ea an feodachas inar bhronn tiarna gabháltas talún ('rath', nó ‘feodum’ sa Laidin) ar fhear taca (‘óglach’ nó ‘vasáilleach’) ar choinníoll go dtabharfadh sé cúnamh míleata don tiarna. Cuireadh córas feodach i bhfeidhm ar Shasana nuair a bhunaigh uaisle ón Normainn aicme cheannais nua ansin tar éis choncas na bliana 1066. Ghlac Maol Coluim III († 1093) na hAlban le hardcheannas William I, rí Shasana, in 1072 agus ghabh tiarnaí de bhunadh na Normainne mórán feod i nGalltacht na hAlban le linn Mhaoil Choluim agus a chlannmhac, dream a bhí i réim go dtí an bhliain 1153. Ní raibh Éire scoite amach ó thíortha eile na hEorpa agus bhí tionchar ag imeachtaí sna tíortha máguaird ar chúrsaí abhus, ach bhí fréamhacha doimhne ag roinnt de na hathruithe ba thábhachtaí in ithir na hÉireann. Bhí an churadóireacht ag leathnú agus an bhearna idir na haicmí sóisialta ag méadú le fada; níor stad na próisis seo ag deireadh an chéad mhíle bliain.

Éifeacht an rinderpest san 18ú céad

     Is eol dúinn go raibh aeráid na hÉireann seasta go leor i rith an 11ú céad agus an 12ú céad. Ní raibh deireadh fós le téamh na meánaoise agus bhí an mheánteocht mórán mar an gcéanna ó thús deireadh na tréimhse. Is beag trácht atá ar an aimsir sna hannála, ach tá tagairtí iontu don líon mór daoine a d’éag de bharr fuachta in 1046-7 agus arís in 1115-6:

1047: Snechta mor isin bliadain-si o Fheil Muire Geimhridh co Feil Patraicc dona-frith samail, coro la ar n daine ⁊ innile ⁊ fiad-mil in mhara ⁊ en.

(Sneachta mór sa bhliain seo ó Lá ’le Muire an gheimhridh [8 Nollaig] go Lá ’le Pádraig nach bhfuil a shamhail le fáil, go ndearna sé ár ar dhaoine, ar bheithígh, ar mhíolta mara agus ar éin.)

1116: Gorta mor isin errach go recad an fer a mac ⁊ a ingin ar biadh ⁊ go n-ithdís na daoine cidh a chéle ann ⁊ na coin. Fasughadh Laigen uile acht beg ⁊ a sgaoiledh fo Eirinn ar gorta.

(Gorta mór san earrach go reiceadh an fear a mhac is a iníon ar bia, agus go n-itheadh na daoine a chéile fiú amháin, agus na cúnna. Laighin uile tréigthe nach mór, agus iad scaoilte ar fud Éireann de bharr gorta.)

Ach ba bhlianta eisceachtúla iad seo agus is líonmhaire iad na tagairtí do bháisteach gan stad agus d’easpa báistí, dhá shaghas aimsire a d’fhéadfadh an t-arbhar a mhilleadh. Bhí fliuchras as an ngnáth ann sna blianta 1107 is 1109, agus bhí triomach scriosta ann in 1023 agus in 1129. Cé nár fhill an phlá bhúbónach, tá ráigeanna marfacha eile luaite sna hannála. Mharaigh an bholgach mórán daoine i gcúige Laighean sa bhliain 1061. Leath aicíd ar fud an oileáin in 1084-5 a mharaigh idir dhaoine agus bheithígh; thiocfadh dó gurbh é an víreas sinseartha ónar shíolraigh na víris is cúis leis an mbruitíneach agus le plá na mbó (rinderpest) faoi deara an eipidéim seo. Mhair eipidéim eile idir fómhar na bliana 1095 agus earrach na bliana 1096; bhí Gofraidh Méaránach, iar-rí Átha Cliath, agus Donnghus, easpag an bhaile, ar na mairbh. Is cosúil gur ghalar fiabhrais a bhí i gceist – fliú b’fhéidir – mar tugadh ‘bliadain na tesca’ (‘bliain an teasaigh’) ar an eipidéim i bhfoinse amháin. Tá galair mharfacha luaite in éineacht le gorta sna hannála don bhliain 1099, nuair a bhí bia gann ar fud na hÉireann ar chúis nach bhfuil soiléir, agus don bhliain 1116, nuair a buaileadh Leath Mhogha go dona i ndiaidh drochgheimhridh. Níl aon chuntas ar chomharthaí sóirt na ngalar seo sna hannála, ach tagann an fiabhras ballach sna sála ar ghorta go minic. Tharla eipidéim amháin eile in 1137 nuair a bhí ‘teidhm treaghuid mhór i n-Erinn go coitchend’. Tá sé le tuiscint ón bhfocal ‘treighid’ gur bhain an galar do na putóga agus b’fhéidir gurbh é an calar a bhí ann.

Seisreach chapall sa Mheánaois

     Ní foláir nó go raibh eipidéimí níos coitianta fós i gceartlár na mór-roinne ná in oileán ar imeallbhord an Atlantaigh. Dá ainneoin sin, áirítear go raibh ráta fáis an daonra san Eoraip thart ar 0.25 faoin gcéad in aghaidh na bliana i rith na dtrí chéad bliain idir 1000 agus 1300, ach bhí an ráta fáis níos airde san iarthar ná san oirthear. Bhí an fás seo ag brath ar bhorradh sa táirgiúlacht a tharla de bharr dul chun cinn na talmhaíochta: tugadh uainíocht na mbarr chun foirfeachta; cuireadh clár sceithe leis an gcéachta chun an fód gearrtha a iompú, rud a chuir le torthúlacht na talún; bhíothas in ann capaill seachas daimh a úsáid i seisreacha ón uair a tugadh an coiléar capaill isteach; agus tháinig méadú mór ar an talamh a bhí faoi arbhar – próiseas a dtugtar ‘Vergetreidung’ (leathadh an arbhair) air sa staireagrafaíocht. Míníodh i gCaibidil 3 thuas gur thit líon na ráthanna a raibh cónaí iontu tar éis na bliana 800, ach tharla laghdú suntasach eile timpeall na bliana 1000. Is leid é seo go raibh an churaíocht ag leathnú in Éirinn, go háirithe in oirthear na tíre. Níor tréigeadh an tréadaíocht in áit ar bith, áfach, mar is léir ó thuairisc ar ráig tinnis a rinne sléacht ar bheithígh ar fud an oileáin sna blianta 1133-4:

In bódhíbhadh cedna bhóss ag inredh na h-Erenn, conidh lan airgnigh sochaide in gach aird i n‑Erinn.

(An díobhadh bó céanna fós ag ionradh na hÉireann, gur arg sé go hiomlán an tsochaí i ngach aird in Éirinn.)

Ar an drochuair, ní fios cén uair a tháinig na modhanna nua talmhaíochta go hÉirinn. Caithfidh go raibh siad in úsáid faoi lár an 12ú céad ar a dhéanaí, tráth a bhí mainistreacha nua á mbunú ag oird chráifeacha ón iasacht – agus is díol suime é gur iasacht ón bhFraincis é ‘coiléar’. Lena chois sin, tá fianaise sna hannála go raibh capaill ag dul i líonmhaireacht sa 12ú céad: bhris marcshlua rí Ailigh cath ar mharcshlua rí Bhréifne in 1128, mar shampla, agus bhris marcshlua na Mumhan cath ar mharcshlua Chonnacht in 1131. Is é is dóichí gur glacadh leis na bealaí nua oibre de réir a chéile ach gur phróiseas sách mall é agus go raibh an táirgiúlacht níos ísle in Éirinn ná sna tíortha máguaird i rith na tréimhse. Ní móide go raibh fás an daonra chomh tapa agus a bhí san Eoraip trí chéile, mar sin, ach ba leor ráta fáis bliantúil de 0.20 faoin gcéad le cinntiú go mbeadh isteach agus amach le milliún Éireannach ann in 1171 má bhí trí cheathrú milliún acu ann ag deireadh an 10ú céad.

30/06/2021

Trí mhapa eile

Na mapaí a ghabhann le Caibidil 3


Mar is eol do léitheoirí an tsuímh seo, tá leabhar faoi stair na hÉireann á scríobh agam. Foilsíodh na mapaí a ghabhann le caibidlí 1-3 den saothar anseo ar Chúrsaí Staire i mí na Nollag 2019, ach seo daoibh na naisc in athuair: 

Caibidil 1 (roimh AD 400) 

Caibidil 2 (400-795) 

Caibidil 3 (795-1002) 

Ós rud é go bhfuil an obair ar Chaibidil 4 ag druidim chun deiridh, tá trí mhapa eile a ghabhann leis an gcaibidil sin á bhfoilsiú anois. Seo daoibh iad: 

Caibidil 4 (1002-1171) 

05/03/2021

Cath Chluain Tarbh

Tá sliocht eile as Caibidil 4 (1002-1171) den leabhar atá á scríobh agam le léamh anseo thíos. 

Sliocht as Caibidil 4

Mar a shamhlaigh Hugh Frazer an cath in 1826




Ní féidir an t-athrú tobann a tháinig ar iompar na Lochlannach in 1013 a thuiscint gan an comhthéacs Eorpach a chur san áireamh. Ceithre bliana ní ba luaithe tháinig arm mór ón nDanmhairg i dtír i Sasana. Theip ar na Danair Londain a ghabháil ach chuireadar Oxford trí thine in 1010 agus mharaíodar ardeaspag Canterbury in 1011. Chuaigh Sveinn Haraldsson ‘Tjúguskegg’ (‘na féasóige gabhlaí’), rí na Danmhairge agus fear a raibh ardtiarnas aige ar an Iorua, chuaigh sé i gceannas ar arm na nDanar i samhradh na bliana 1013. D’aithin Northumbria é mar rí ar an toirt agus ghéill Londain dó roimh dheireadh na bliana. Theith Æðelræd, rí Shasana, chun na Normainne agus ghabh Sveinn flaitheas na ríochta. Ba lena linn seo, nuair a bhí rí na Danmhairge ar feacht i Sasana, a d’éirigh Sigtryggr Óláfsson, rí Átha Cliath, amach i gcoinne Bhriain Bhóramha.

     Dhealródh sé go raibh Sasana curtha faoi smacht ag Sveinn nuair a thriail Sigtryggr thar lear chun cabhair a iarraidh ar Sigurðr Hlǫðvisson, iarla Inse Orc, agus ar thaoiseach Lochlannach darbh ainm Bróðir a raibh loingeas cogaidh aige in Oileán Mhanann. Is díol suntais é gur thug annálaí amháin ‘taoisioch na n-Danur’ ar Bróðir: dhealródh sé gurbh as an Danmhairg dó. Más fíor don chuntas in Njáls Saga, scéal eachtraíochta a cumadh san Íoslainn i dtreo dheireadh an 13ú céad, thoiligh Sigurðr agus Bróðir cúnamh míleata a thabhairt do Sigtryggr toisc gur gheall sé go mbeadh ríochtaí acu in Éirinn dá bhféadfaí Brian a bhaint dá bhoinn. Cé gur téacs déanach é, míníonn Njáls Saga cén fáth a raibh an bheirt taoiseach sásta tacú le rí Átha Cliath. Fuair Sveinn Haraldsson bás i bhFeabhra na bliana 1014 agus d’fhill Æðelræd ar Shasana an mhí dár gcionn nó i mí Aibreáin chun dúshlán a chur faoi Knútr, mac agus comharba Sveinn. Bhí an choimhlint ar son ríghe Shasana fós idir dhá cheann na meá nuair a troideadh ceann de na cathanna is iomráití i stair na hÉireann, ar Aoine Chéasta, an 23 Aibreán 1014.

1. Brian   2. Maol Seachlainn, rí na Midhe   3. Maol Mórdha, rí Laighean   4. Donnchadh mac Briain


     Scríobh annálaí sa Mhumhain gur thug Brian Bóramha ‘morthinol fer n-Erend’ (‘mórthionól fhir na hÉireann’) leis go hÁth Cliath. Ach is cruinne an cuntas a bhreac Connachtach anaithnid in Annála Loch Cé: de réir na foinse seo, ní raibh in arm an ardrí ach ‘mór-thionól fher Muman ⁊ Midhe, ⁊ deiscert Connacht’. Nuair a tháinig Brian chomh fada lena cheann cúrsa bhí Laighin ann roimhe; thapaigh an t-ardrí an deis chun mac leis, Donnchadh, a chur ar ruaig chreiche tríd an gcúige. Ní móide go roinnfeadh Brian a chuid fear dá dtuigfeadh sé go raibh cath ar tí tosú; is é is dóichí go raibh sé ag iarraidh slua Laighean a mhealladh ó dheas le go bhféadfadh sé léigear a dhéanamh ar Áth Cliath. Más amhlaidh a bhí, chlis an beart air nuair a sheol cabhlach an cuan isteach. 

5, 6. Teacht i dtír na n-allúrach   7. Mórshlua Sigtryggr   8. Sigtryggr in Áth Cliath   9. Arm Bhriain


     D’fhág na Lochlannaigh an loingeas a bhí acu ag Cluain Tarbh agus ghabh buíonta cogaidh Sigurðr is Bróðir i dtreo Átha Cliath; míle fear faoi lúireacha a bhí faoina gceannas de réir an chuntais in Annála Uladh. Dhlúthaigh Duibhlinnigh, Laighin agus Lochlannaigh na n-oileán le chéile i mórshlua amháin, cé gur fhan Sigtryggr agus roinnt dá lucht leanúna in Áth Cliath chun an baile a chosaint. Má tá bunús leis an insint in Cogadh Gaedhel re Gallaibh, líon na ‘Danairib diberchaib allmardaib’ (‘Danair dhíbheirgeacha allúracha’) an chéad rang den slua; bhí na Duibhlinnigh go díreach laistiar díobh agus fágadh na Laighin sa líne chúil. Bhí campa Bhriain suite níos faide siar ‘ar fachi Atha Cliath’ (‘ar fhaiche Átha Cliath’), is é sin, ar an gcoimín leathan lastuaidh den Life nach bhfuil fágtha de anois ach Margadh na Feirme. Trí rang a bhí in arm Bhriain: slógadh Dhál gCais a bhí chun tosaigh; Muimhnigh eile agus díormaí Ua Maine agus Ua bhFiachrach Aidhne a bhí sa dara rang; agus fir na Midhe a bhí sa tríú rang. Níl aon fhianaise chomhaimseartha ann a thacódh leis an tuairim gur loic Maol Seachlainn an troid. 

10. Tús an chatha


     Ba é Murchadh mac Briain, comharba roghnaithe an ardrí, ceannasaí míleata na Muimhneach agus thosaigh an cath nuair a thug a chuid fear ruathar ar líne thosaigh na namhad. Tá sé le tuiscint ón gcuntas in Cogadh Gaedhel re Gallaibh go raibh an blár catha suite le hais na Life mar bhí rí Átha Cliath in ann súil a choinneáil ar an troid ó mhúrtha an bhaile ar an mbruach theas. Fearadh an cath ‘o Tulcaind go Ath Cliath’ (‘ón Tulcha go hÁth Cliath’) agus bhí troid dhian ann ar feadh scaithimh. Maidhmeadh ar arm Sigtryggr sa deireadh, áfach, agus theith buíonta beaga i ngach treo. Tháinig díorma acu ar champa Bhriain de thaisme agus maraíodh an t-ardrí as láimh. De réir tuairisce amháin, lean Maol Seachlainn agus fir na Midhe an namhaid, idir Dhuibhlinnigh agus Laighin, trasna na Life go hÁth Cliath. Theith formhór na n-allúrach i dtreo Chluain Tarbh agus fir na Mumhan sna sála orthu, ach choisc an lán mara orthu dul chomh fada leis an loingeas a bhí ar ancaire sa chuan. Sáinn bháis dóibh ba ea í: bádh mórán acu agus iad ag iarraidh snámh chuig na longa agus rinneadh sléacht orthusan a sheas an fód. 

11. Slua na Midhe   12, 13, 14. Slua na Mumhan


     Ba chinniúnach an cath é. Bhí Sigurðr, Bróðir agus Maol Mórdha, rí Laighean, i measc na marbh. Ar na Duibhlinnigh a thit bhí Dubhghall Óláfsson, ar dheartháir é le rí Átha Cliath, agus Giolla Ciaráin, ar mhac é le Járnkné Óláfsson, rí an bhaile a d’éag sa bhliain 989. Choinnigh Sigtryggr an greim a bhí aige ar Áth Cliath tar éis an chatha, ach níor fhéach sé le réimeas na nGall a leathnú. Ba ghearr gur ghabh Knútr Sveinnsson flaitheas Shasana agus na Danmhairge ach, cé go ndeachaigh sé ar feacht san Iorua agus in Albain, níor bhain sé le hÉirinn riamh. Ní cúis iontais é gur chuimhnigh na Gaill ar an gcath mar bhriseadh tubaisteach dóibh féin: i bhfocail an Orkneyinga Saga a cumadh san Íoslainn ag tús an 13ú céad, ‘Brjánn konungr fell með sigri ok gagni’ (‘thit Rí Brian le bua agus le glóir’). Thairis sin, d’athraigh an cath cóimheá na cumhachta i Laighnibh: bhí ríshleachta thuaisceart Laighean in ísle brí tar éis an chatha agus ghabh ríshleachta ón deisceart ríghe an chúige laistigh de ghlúin. Ach d’íoc Dál gCais go daor as a mbua: Ní amháin gur maraíodh an t-ardrí, ach thit Murchadh mac Briain, ‘rídhamhna Éireann’, agus a mhacsan, Toirdhealbhach. 

     Tháinig Maol Muire mac Eochaidh, comharba Phádraig, chomh fada le Sord Coluim Cille chun taisí Bhriain agus Mhurchadha a thionlacan go dtí Ard Mhacha mar ar adhlacadh iad. Ba chomhartha cuí ómóis é don imperator Scotorum a d’aithin príomhacht eaglais Mhaoil Mhuire. D’éag imperium Bhriain i dteannta an impire, ach maireann a cháil i gcónaí. 

02/02/2021

‘English print or Irish verse?’

 B’fhéidir go mbeadh suim ag léitheoirí dílse Chúrsaí Staire san ócáid seo: beidh mé ag labhairt  ag seimineár de chuid Institiúid Mhichíl Uí Chléirigh, Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, ar an Aoine, an 19 Feabhra 2021, ag 4.00 p.m. Is féidir le duine ar bith freastal ar an ócáid trí Zoom, ach ní foláir dóibh clárú roimh ré ag an seoladh seo a leanas:

https://www.eventbrite.ie/e/micheal-o-cleirigh-seminars-february-april-2021-tickets-137769455149 

Is i mBéarla a bheidh an seimineár, ach tá dlúthbhaint ag ábhar na cainte le saothrú na Gaeilge san 18ú céad. Gheofar eolas ar sheimineáir eile na sraithe anseo thíos.