24/12/2013

Seo, siúd agus eile

1. Seo

In ainneoin an fhotheidil atá le léamh ag barr an leathanaigh seo, ní bhaineann aiste na míosa seo leis an stair, le staraithe, ná le scríobh na staire. Caithfidh gur thuig sibh i bhfad ó shin nár chóir mórán a léitear ar an idirlíon a chreidiúint – agus murar thuig sibh an méid sin cheana tá súil agam go bhfoghlaimeoidh sibh an ceacht uaim anois. Fillfidh mé ar an saghas stuif a bhíonn idir chamáin agam go hiondúil an mhí seo chugainn, ach ós rud é gur saolaíodh Cúrsaí Staire i mí Eanáir 2012 agus go gcuirfidh an aiste seo clabhsúr ar an dara bliain dá théarma, sílim gur mithid scrúdú beag imleacáin agus coinsiasa a dhéanamh. Caithfidh mé súil ar roinnt staitisticí i dtús báire.

Na haistí liom is mó a léadh (thuas) agus na haistí liom is lú a léadh (thíos)


      Más cruinn iad na huimhreacha a sholáthraíonn Blogger, tugadh 5,960 cuairt ar an suíomh le dhá bhliain anuas. B'fhéidir go dtuigfí ón méid sin gur tugadh tuairim is 250 cuairt ar an meán ar na ceithre aiste fichead atá le léamh anseo. Níl sé sin fíor ná baol air. Cuireann Blogger staitisticí ar fáil do gach aiste ar leith chomh maith, agus nuair a dheineas na huimhreacha sin a shuimiú cúpla nóiméad ó shin ní raibh ach 1,737 cuairt i gceist. Ní raibh dul amú ar an té a mhaígh go raibh trí shaghas bréag ann: ‘bréaga, deargbhréaga agus staitisticí’. Is cosúil go gcuireann Blogger gach cuairt san áireamh sa bhfigiúr iomlán ach go gcaithfidh cuairteoir méid áirithe ama a chaitheamh ag breathnú ar aiste amháin sula n-áireofar an chuairt leis an aiste sin – nó sin é mo thuiscintse ar an scéal. Más féidir brath ar an dara staitistic, chiallódh sé gur léadh gach aiste 72 uaire ar an meán. Bheinn breá sásta leis an bhfigiúr seo dá mbeadh sé fíor ach tá éagsúlacht mhór idir líon na gcuairteanna a tugadh ar na haistí éagsúla. Seo iad na haistí atá ag barr an liosta: ‘Slí na fírinne’ (Bealtaine 2012) a léadh 125 uaire; ‘Ceist na teanga’ (Aibreán 2013) a léadh 115 uaire; agus ‘Fear darb ainm Pearse’ (Meitheamh 2013) a léadh 114 uaire. Dá mba mhian liom an líon is mó léitheoirí a mhealladh, ba chríonna an beart dom é aiste a scríobh ar ‘úsáid na Gaeilge i rith Chogadh na Saoirse’! Agus seo iad na haistí atá ag bun an liosta: ‘Dea-stair ar an Drochshaol’ (Deireadh Fómhair 2012) a léadh 43 uaire; ‘Léirmheas agus athmheas’ (Samhain 2013) a léadh 31 uaire; agus ‘Mo ghinealach, cuid I’ (Deireadh Fómhair 2013) nár léadh ach 30 uair. Más mian liom léitheoirí a chur ó dhoras, níl le déanamh agam ach scríobh fúm féin ...

Bréaga, deargbhréaga agus staitisticí 

Mar is léir ón ngraf thuas, is ag dul i méid a bhí líon na gcuairteoirí go dtí le fíordhéanaí. Seo iad na tíortha is mó ina bhfuil lucht léite an tsuímh lonnaithe: Éire (2,560), na Stáit Aontaithe (1,181), an Rúis (629), an Ríocht Aontaithe (351), an Spáinn (126) agus an Ghearmáin (115). Tá na figiúirí le haghaidh gach tír eile faoi bhun 100. Ní cúis iontais é go bhfuil formhór na gcuairteoirí in Éirinn, agus glacaim leis gur i dTuaisceart Éireann atá cuid mhaith den dream atá luaite leis an Ríocht Aontaithe. B’fhéidir go gcuirfeadh líon ard na gcuairteanna ó Mheiriceá agus ón Rúis iontas ar dhuine, ach is cosúil gur róbait seachas daoine iad formhór na gcuairteoirí seo. Tá léitheoirí dílse agam áfach: fear anaithnid (sílim go mbeadh rudaí níos fearr le déanamh ag bean) a thugann grád dom gach mí; Aonghus Ó hAlmhain a dhéanann gach aiste liom a fhógairt ar Twitter; an fear anaithnid (arís, táim cinnte go mbeadh rudaí níos fearr le déanamh ag bean) a chuireann liosta dá bhfuil léite aige in airde ar shuíomh Politics.ie – táim buíoch díobh uile.

      Cuirtear ceisteanna orm ó am go chéile. Go deimhin, tá ceisteanna áirithe a cuireadh orm níos mó ná uair amháin agus freagróidh mé iad anseo thíos.
1. Cén fáth nach dtugaim cead do chuairteoirí teachtaireachtaí a bhreacadh ar an suíomh seo?
Dá ligfinn do chuairteoirí teachtaireachtaí a fhágaint anseo bheadh dualgas orm breathnú ar an suíomh go rialta agus déarfainn go mbeadh orm roinnt mhaith teachtaireachtaí a bhaint anuas óir is minic a éiríonn plé na staire teasaí. Ach ós rud é go mbeidh deis agam súil a choinneáil ar an suíomh gach lá i rith saoire na Nollag, táim chun eisceacht bheag a dhéanamh agus beidh cead ag cuairteoirí teachtaireachtaí a scríobh ag bun an leathanaigh seo go ceann seachtaine ar a laghad.
2. Cén fáth nach bhfuil naisc agam le suímh eile i nGaeilge?
Is suíomh staire é seo. Tarlaíonn sé gurb í an Ghaeilge teanga an tsuímh, ach ní suíomh teanga ná suíomh cúise é. Ina dhiaidh sin is uile táim tar éis géilleadh beagáinín d’éileamh na léitheoirí agus tá ‘Cúrsaí Staire’ nasctha anois leis an liosta de blogs na Gaeilge a chuir Kevin Scannell i dtoll a chéile.
3. Cén fáth nach scríobhaim i mBéarla sa chaoi go dtuigfeadh níos mó daoine mé?
Táim ar aon fhocal le V.I. Lenin i dtaobh na ceiste seo: b’fhearr liom go mbeadh níos lú léitheoirí agam ach iad a bheith níos fearr.

2. Siúd

Na trí leabhar is fearr dar le Comhar

Más fíor-Ghael thú beidh a fhios agat go bhfuil alt in Comhar na míosa seo dar teideal ‘na deich leabhar Gaeilge is fearr a foilsíodh ó chasadh na mílaoise’. Agus más fíor-Ghael grinnsúileach thú beidh a fhios agat go rabhas féin ar dhuine den dream ar iarradh orthu leabhair a ainmniú. Seo iad na leabhair is fearr, dar le Comhar (tá mo bhuíochas tuillte ag Aonghas Ó hAlmhain arís mar ghoideas an téacs thíos óna bhlog):

1. Trén bhFearann Breac le Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
2. An Cléireach le Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2007)
3. Fontenoy le Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
4. An Fuíoll Feá: Rogha Dánta le Liam Ó Muirthile (Cois Life, 2013)
5. An Fear Nach nDéanann Gáire le Micheál Ó Conghaile (Cló Iar-Chonnacht, 2003)
6. An Tionscadal le Tomás Mac Síomóin (Coiscéim, 2007)
7. An tAthair Pádraig Ó Duinnín – Bleachtaire le Biddy Jenkinson (Coiscéim, 2008)
8. Leabhar Mór na nAmhrán le Lochlainn Ó Tuairisg, Micheál Ó Conghaile, Peadar Ó Ceannabháin (eag.) (Cló Iar-Chonnacht, 2013)
9. Úlla le Seán Mac Mathúna (Cois Life, 2005)
10. Scéal Ghearóid Iarla le Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2012)

      Ar mhaithe leis an oscailteacht, leis an bhféinchosaint agus leis an gconspóid, ba mhaith liom na deich leabhar a roghnaíos féin a chur i láthair anseo thíos. Ach déarfaidh mé cúpla rud faoin liosta oifigiúil i dtús báire. Is é an chéad rud a ritheann liom gur ábhar suntais é go bhfuil trí cinn d’úrscéalta stairiúla i measc na leabhar a roghnaíodh – rud a léiríonn, cheapfá, go bhfuil suim ar leith ag údair agus ag léitheoirí na Gaeilge sa stair. Ach ina dhiaidh sin is uile, níl aon leabhar staire ar an liosta. Sílim gurbh fhiú d’aos liteartha na Gaeilge machnamh a dhéanamh ar an gcodarsnacht sin. De réir na dtreoracha a tugadh dom, bhí cead agam ‘leabhar filíochta, ficsin nó neamhfhicsin a chur ar [an] liosta, fad is go bhfuil an leabhar i nGaeilge agus gur foilsíodh é i ndiaidh an 1 Eanáir 2000’. Thuigeas ón méid sin nach nglacfaí le leabhar dátheangach – le leithéid An Fuíoll Feá cuirim i gcás. Mar an gcéanna, bhraitheas nár chóir dom díolaimí móra filíochta nach raibh iontu ach dánta a foilsíodh i mionchnuasaigh roimh an bhliain 2000 a mholadh – leithéidí Máirtín Ó Direáin: Na Dánta (Cló Iar-Chonnacht, 2010) nó Seán Ó Ríordáin: Na Dánta (Cló Iar-Chonnacht, 2011) abraimis. Níl Leabhar Mór na nAmhrán léite agam go fóill, cé go bhfuil sé i gceist agam é sin a dhéanamh sara i bhfad. Admhaím go neamhbhalbh nach gcuirim mórán suime sa ghearrscéalaíocht. Ní raibh aon leabhar filíochta ar mo liosta ach an oiread, cé go raibh cathú mór orm Péacadh le hAilbhe Ní Ghearbhuigh (Coiscéim, 2008) a mholadh. Seo é an liosta a bhí agam i ndeireadh na dála más ea:

1. Fontenoy, Liam Mac Cóil (Leabhar Breac, 2005)
2. Scéal Ghearóid Iarla, Máire Mhac an tSaoi (Leabhar Breac, 2011)
3. Canfar an Dán: Uilliam English agus a Chairde, Úna Nic Éinrí (An Sagart, 2003)
4. Trén bhFearann Breac: An Díláithriú Cultúir agus Nualitríocht na Gaeilge, Máirín Nic Eoin (Cois Life, 2005)
5. An Béaslaíoch: Beatha agus Saothar Phiarais Béaslaí (1881-1965), Pádraig Ó Siadhail (Coiscéim, 2007)
6. Bláth ’s Craobh na nÚdar: Amhráin Mháire Bhuí, Tríona Ní Shíocháin (Coiscéim, 2012)
7. Éigse Chairbre: Filíocht ó Chairbreacha i gCo. Chorcaí agus ón gCeantar Máguaird 1750-1850, Bláthnaid Uí Chatháin (An Clóchomhar, 2006)
8. An Cléireach, Darach Ó Scolaí (Leabhar Breac, 2007)
9. Fíníní Mheiriceá agus an Ghaeilge, Fionnuala Uí Fhlannagáin (Coiscéím, 2008)
10. Réabhlóid Phádraic Uí Chonaire, Aindrias Ó Cathasaigh (Coiscéim, 2007)

Is suntasach an ní é go bhfuil baint ag naoi gcinn de na leabhair seo, go díreach nó go hindíreach, le cúrsaí staire: ‘briseann an dúchas trí shúile an chait’ mar adeirtear. Dheineas cur síos ar Scéal Ghearóid Iarla in aiste dar teideal ‘Tíortha iasachta’ a foilsíodh anseo i mí Eanáir 2012, agus phléas Canfar an Dán agus Bláth ’s Craobh na nÚdar in aiste dar teideal ‘Guthanna ón stair’ a foilsíodh i mí Iúil na bliana céanna.

3. Eile

Roinnt de na leabhair a bheidh á léamh agam go luath

Tá saoire na Nollag romham agus tá carn mór leabhar le léamh agam. Tá roinnt acu léirithe sa phictiúr thuas agus tá seans maith ann go mbeidh siad faoi chaibidil agam anseo go luath san athbhliain. Ní leabhar clóbhuailte é an téacs is tábhachtaí atá le léamh agam an Nollaig seo, áfach, ach clóscríbhinn a bheidh á léamh agam ar iarratas an údair. Is é atá ann beathaisnéis ar dhuine de cheannairí na nÉireannach Aontaithe. Ní sceithfidh mé ainm an té atá i gceist – ná ainm an údair ach an oiread – ach is fiúntach an saothar é agus ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh an bheathaisnéis ar fáil sna siopaí leabhar in am do Nollaig na bliana seo chugainn. Ar an drochuair, agus ar eagla na míthuisceana, is i mBéarla atá sí.

17/11/2013

Léirmheas agus athmheas

Joe Lee agus a mhórshaothar

Nuair a bhíos ag scríobh anseo cúpla mí ó shin thugas sliocht gairid nach n-aontaím leis as an leabhar a scríobh Joe Lee ar stair na hÉireann sa 20ú céad:
That the history of mentalité made such little impression on the IHS [Irish Historical Studies] school may have owed something to its revulsion at the work of Daniel Corkery, Professor of English in UCC, and particularly at his Hidden Ireland (1927) [recte: 1924].
J.J. Lee, Ireland 1912-1985 (Cambridge, 1989), 594.
Níor thuigeas conas a d’fhéadfadh an leabhar sin le Corkery balbháin a dhéanamh de staraithe na hÉireann go ceann daichead éigin bliain. Más fíor gur chuir The Hidden Ireland olc orthu, cén fáth nár spreag an leabhar iad le tuairimí Uí Chorcora a bhréagnú? Ach ina ionad sin, is amhlaidh gur sheachain staraithe na hÉireann cultúr na coitiantachta mar ábhar taighde ar feadh i bhfad. Sílim féin go raibh (agus go bhfuil) cúiseanna eile le patuaire na staraithe: cúiseanna a bhain (agus a bhaineann) lena n-oiliúint acadúil, lena gcúlra sóisialta, le struchtúr na gairme, le faisin intleachtúla, agus leis an bhfeiniméan a dtugann na síceolaithe groupthink air.

Domhnall Ó Corcora agus eagráin éassúla de The Hidden Ireland
      San aiste seo, ba mhaith liom díriú ar fhocal amháin a d’úsáid Joe Lee sa sliocht thuas - mar atá, ‘revulsion’. An fíor a rá go bhfuil leabhar Uí Chorcora chomh dona sin go gcuirfeadh sé déistin ar an staraí leochaileach a chaithfeadh súil air? Is le déanaí a léas The Hidden Ireland don chéad uair le cúig bliana fichead anuas agus bhí an cheist sin i gcúl mo chinn i rith an ama. Caithfear a admháil i dtús báire nach féidir seasamh leis an gcur síos a dhein Ó Corcora ar chúinsí eacnamaíocha is sóisialta an 18ú céad:
And between high and low there was, all authorities agree, no middle class; and consequently a dearth of the virtues for which that class stands.
Daniel Corkery, The Hidden Ireland (BÁC, 1956), 10.
One thinks of Seán Clárach Mac Domhnaill as a sort of gentleman farmer; but then he lived in the first half of the eighteenth century … before the Gaels had become utterly destitute.
Corkery, The Hidden Ireland, 257.
Ní aon bhunús leis an ráiteas nach raibh meánaicme ar bith ann san 18ú céad (cé go raibh sí scáinte go leor in iarthar na tíre) ná leis an ráiteas go raibh an pobal dúchais go léir sáite i bportach na haimléise faoin dara leath den chéad. Cheartaigh an tOllamh Louis Cullen tuairimí den saghas seo san aiste leis dar teideal ‘The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept’, aiste a foilsíodh san iris Studia Hibernica sa bhliain 1969 agus a eisíodh i bhfoirm leabhráin sa bhliain 1988.

      Níl sa mhéid seo ach ceist imeallach, áfach: níor staraí eacnamaíoch ná staraí sóisialta é an Corcorach agus ba shaonta an mhaise é d’aon duine – ní áirím staraí gairmiúil – eolas cruinn ar dhála socheacnamaíocha na hÉireann a lorg i leathanaigh The Hidden Ireland. Staidéar ar shaol liteartha na Mumhan san 18ú céad is ea an leabhar agus is ar an mbonn sin is cóir é a mheas. Arís, is fíor gur dhein Ó Corcora botúin - cinn mhóra ina measc - nuair a bhí cúrsaí litríochta faoi chaibidil aige:
... as time went on and the strength of the Gaels declined, one change overtook another, and gradually the bardic school became a Court of Poetry.
Corkery, The Hidden Ireland, 107-8.
After the terror of 1798 the aisling poem is heard no more; though the genre may still survive, it is used now to comfort some lover’s heart, and not the heart of the nation.
Corkery, The Hidden Ireland, 144.
… everything Irish in that stricken land was decaying; the language itself was, of course, decaying, declining everywhere almost into a patois, and the learning that it enshrined was shrinking, until, in the end, a true peasant’s brain could easily comprehend it.
Corkery, The Hidden Ireland, 157-8.
Má tá fianaise ann a thacódh leis an teoiric gur eascair cúirteanna éigse an 18ú céad ó scoileanna filíochta an tseanreachta, níl sí feicthe agamsa; beidh mé sásta an fhianaise a scrúdú más ann di, ach gheibhim blas an rómánsachais anacrónaigh ar theoiric Uí Chorcora. Mar an gcéanna, níl aon amhras ach gur mhair an aisling pholaitiúil isteach sa 19ú céad – rud a thaispeánfar thíos. Agus níl aon bhunús leis an tuairim gur tháinig deireadh le léann na Gaeilge uair éigin i rith an 18ú céad: bhí scríobhaithe na lámhscríbhinní Gaeilge chomh hoilte céanna, agus i bhfad níos líonmhaire, sa céad leath den 19ú céad – rud atá léirithe agam cheana in Ó Chéitinn go Raiftearaí.

An tOllamh Louis Cullen agus trí leabhar leis

      Níl The Hidden Ireland gan locht, ach is beag locht a fuair na staraithe acadúla air agus is beag tagairt a deineadh dó sna leabhair staire go ceann i bhfad. Tuigeadh dóibh, de réir dealraimh, gur bhain saothar Uí Chorcora le léann na Gaeilge – ábhar nár bhain leosan toisc gur i mBéarla a scríobhadh páipéir stáit an 18ú céad. Agus nuair a thug staraí mór le rá faoin leabhar sa deireadh thiar, níorbh iad tuairimí eacnamaíocha, sóisialta ná liteartha Uí Chorcora ba chás leis go príomha, ach an tuiscint a nocht sé ar dhearcadh polaitiúil an phobail san 18ú céad. Sílim go bhfuil éirim na haiste a scríobh Louis Cullen le fáil san abairt seo a leanas:
The rise of the Gaelic League and later of Sinn Féin led to a heightened national consciousness. Identifying certain elements in the poetry of the eighteenth century, it quickly read into those elements its own preoccupations.
Louis Cullen, The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept (An Muileann gCearr, 1988), 7.
Dar leis an staraí, bhain Ó Corcora míthuiscint as na tuairimí polaitiúla atá le léamh i litríocht Ghaeilge an 18ú céad. San áit a bhfaca sé naimhdeas na coitiantachta le bunaíocht pholaitiúil agus shóisialta na linne, ní raibh ann i ndáiríre ach gangaid a bhain le haicme chúng a raibh stádas ard caillte aici i rith an 17ú céad:
The Munster poetry, it is argued here, reflects the outlook of a far from insubstantial though still restricted class. The sense of oppression that it has suggested to many should be attributed rightly to identification by the group with the landed class uprooted in the social and political upheavals of the seventeenth century.
Cullen, The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept, 27-8.
Scríobh Cullen ‘the aisling was a literary form; not a message for the people - ráiteas míloighciúil a ndéanfadh Breandán Ó Buachalla spior spear de ar ball. Ach ghlac staraithe eile leis an léamh úr seo. Níor chóir údar a cháineadh mar gheall ar sheafóid a bhreac an foilsitheoir ar chlúdach a leabhair ach ba dheacair postúlacht na bolscaireachta atá le léamh ar chúl leabhrán an Chuileánaigh a shárú:
In 1969 Professor Louis Cullen exposed Corkery’s uncomplicated view of the period, coloured by the early twentieth-century national revival, in this classic of revisionism (the name whereby historians interpret Ireland’s mythologies).
Cullen, The Hidden Ireland: Reassessment of a Concept, clúdach cúil
Ar ndóigh, d’oir breith an Chuileánaigh go seoigh dóibhsean a raibh drogall orthu dul i ngleic le fianaise na bhfoinsí Gaeilge. An fuath sin don stát, don eaglais bhunaithe agus don aicme cheannais a léiríodh i litríocht an 18ú céad, ba chóir neamhshuim a dhéanamh de mar ní raibh de bhunús leis i ndáiríre ach searbhas na bhfilí:
What Corkery had taken as the voice of a whole people Cullen was able to present instead as the jaundiced outlook of a particular interest group, the Gaelic poets, lamenting the overthrow of a social order in which their profession had enjoyed privileged status.
S.J. Connolly, ‘Eighteenth-century Ireland’ in Boyce agus O’Day (éag.),
Ní raibh filí an 18ú céad ag cleachtadh gairme, ar ndóigh, ach ná tagadh fíric fhánach idir sinn agus an teoiric atá caoithiúil.

      Táim sásta gur fearr an léargas a thug Ó Corcora, tráchtaire cultúir, ar litríocht an 18ú céad sa bhliain 1924 ná an léargas a thug Cullen, staraí sóisialta, ar an litríocht chéanna sa bhliain 1969. Ní shin le rá nach bhfuil anáil na ré inar scríobhadh é le brath ar The Hidden Ireland: dhein an Corcorach beag is fiú den Seacaibíteachas, mar shampla, agus sheachain sé an t-ábhar seicteach atá le fáil go flúirseach i bhfilíocht an 18ú céad. Ach is minic a bhuail sé a mhéar go cruinn ar ghné thábhachtach de chultúr na tréimhse a bhí faoi chaibidil aige:
The place that the Stuarts themselves occupy in the Scottish poems is occupied in the Irish poems by Ireland herself.
Corkery, The Hidden Ireland, 134.
Chuir an abairt thuas an méid a scríobh Wilson McLeod, scoláire Albanach, i gcuimhne dom:
In profound contrast to Ireland, Scotland (or its various parts) is never given any kind of human personality—never, for example, addressed as a living being in the manner so commonly used for Ireland.
Nó cuir an sliocht seo a leanas:
The Aisling is lyric poetry at its most lyrical … they were the popular songs of the period: they passed quickly from mouth to mouth, were hankered after, were stored in the brain, were given down from father to son.
Corkery, The Hidden Ireland, 136.
i gcomórtas leis an gcur síos seo a scríobh saineolaí ar bhéaloideas na hÉireann:
Aon áit a dtagadh daoine le chéile ann, d’fhéadfaí tuairimí a scaipeadh. Bhí genres faoi leith níos tábhachtaí ná a chéile chuige sin. Scaip aislingí an 18ú haois machnamh seacaibíteach ó bhéal go béal i bhfoirm amhráin Ghaeilge, agus i scríbhinn freisin.
Diarmuid Ó Giolláin, An Dúchas agus an Domhan (Corcaigh, 2005), 96.
Agus nuair a scríobh Ó Corcora an abairt seo thíos:
Some at least of those tutoring years had gone by before the next great Munster poet, Eoghan Ruadh Ó Súilleabháin was born: he was naturally, then, as democratic in feeling as Ó Rathaille was aristocratic.
Corkery, The Hidden Ireland, 168.
bhí sé ag cur smaoineamh in iúl a dtacódh Breandán Ó Buachalla leis ar ball:
Agus mar sin, cé gur mar reitric choimeádach ag cosaint luachanna traidisiúnta an Ancien Régime a nocht an Seacaibíteachas é féin ar dtús, is mar reitric cheannairceach a thug dúshlán an status quo a d’fheidhmigh sí in Éirinn ar deireadh.
Breandán Ó Buachalla, ‘An cúlra ideolaíoch’ in
Gearóid Ó Tuathaigh (eag.), Éirí Amach 1798 in Éirinn (Indreabhán, 1998), 34.
Beirt a bhfuil trácht orthu in aislingí a chuir Diarmaid Ó Muirithe in eagar

      An teoiric sin a bhí ag Louis Cullen – an teoiric nach raibh san aisling ach seánra liteartha agus gur ag breathnú siar i dtreo an 17ú céad a bhí lucht a cumtha, is furasta í a bhréagnú. Ní gá ach ceann a thógaint do theachtaireachtaí polaitiúla na n-aislingí a cumadh sa 19ú céad. Seo mar a labhair Donncha Ó Súilleabháin, file, leis an spéirbhean a casadh air [is ionann ‘go dtí’ sa líne dheireanach agus ‘go dtaga’]:
Dá dtiocfadh trúp go cuan an Daingin
     is súgach mar a léimfinn,
ba radharc sa dúthaigh búir á dtreascairt
     agus póirt dá lasadh in éineacht;
mar go deimhin táid siúd ar a gcúrsa ag teacht
     le cúnamh ceart an Aonmhic,
is domhain do chumha gan fonn, a bhean,
     go dtí Bonaparte lá gréine.
Diarmuid Ó Muirithe (eag.), An tAmhrán Macarónach (BÁC, 1980), 112.
Roinnt blianta ina dhiaidh sin arís, bhí ‘Dónall binn Ó Conaill caoin’ á mholadh go dátheangach ag spéirbhean in aisling nach fios cé a chum ach a cuireadh i gcló ar mhórbhileog:
Do fhreagair sí mise go tapa le meidhir,
I’m none of those damsels, O’Kelly, you mean,
ach Éire, cé fada mé ag taisteal i gcéin
but now I’ll come over to my own native isle”.

Á insint le mórtas go mbeidh Dónall faoi mheidhir,
exalted, victorious, most glorious in style,
ag rúscadh clann Luther go tapa thar faill,
agus fágaimis siúd mar atá sé.
Ó Muirithe, An tAmhrán Macarónach, 103.
Seánra liteartha ba ea an aisling gan aon agó, ach is iomaí teachtaireacht don phobal a scaipeadh trína meán.

      An léargas ar dhearcadh an phobail a tugadh i leabhar Uí Chorcora, tá sé níos cruinne ná an léargas a thug Louis Cullen breis agus daichead bliain dár gcionn. Ní féidir a shéanadh go bhfuil idir bhotúin agus bhearnaí le brath ar The Hidden Ireland, ach ní saothar é a chuir déistin ar scoláire maith riamh. Saothar ceannródaíoch ba ea é ag am a fhoilsithe agus is cloch mhíle é le fada i stair intleachtúil na hÉireann.

03/10/2013

Mo ghinealach, cuid I

Ní raibh suim agam sa ghinealas riamh. Insint na fírinne, bhí drochmheas agam air mar ábhar ar feadh i bhfad. Shamhlaíos an ginealas leis an saghas éirí-in-airde, cur-i-gcéill agus mór-is-fiú a mbíonn foilseacháin na gcomhlachtaí Debrett agus Burke ar maos leo. Agus mé i mo Sheacaibíneach óg, bhraitheas nach bhfeilfeadh sé do shaoránach de phoblacht suim a chur ina shinsearacht féin ná i sinsearacht a gcomhshaoránach. Ach bhí bunús níos pearsanta leis an drochmheas a bhí agam ar an nginealas: is iomaí uair a chloig a chaitheas ag feitheamh go mífhoighneach i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann toisc go raibh na gléasanna micreascannán go léir gafa, a bhformhór acu á n-úsáid ag scata simpleoirí a bhí ag iarraidh a bpréamhacha a thochailt aníos as puiteach na nglún a d’imigh. Is duine foighneach mé ar an mórgóir, agus bheinn breá sásta fanúint i scuaine dá mbeadh na gléasanna in úsáid ag scoláirí a raibh obair fhónta idir lámha acu, ach ghoilleadh sé orm go mbíodh an tseafóid bhoigéiseach seo ag cur moille ar thaighde acadúil.

      De réir mar a théim in aois, áfach, táim féin ag éirí níos boigéisí. Níor dheineas aon taighde ar mo ghinealach riamh – seachas an méid beag a dheineas ar shuíomh na National Archives of Ireland (maith dom úsáid an Bhéarla ach níl suíomh na ndaonáireamh le fáil i nGaeilge) agus ar shuíomh na Cartlainne Míleata. Ina theannta sin, tá roinnt cáipéisí i mo sheilbh a bhaineann le hábhar. Cáipéisí is ea iad a thug m’athair dom i rith na mblianta. Is dócha gur shíl sé go gcuirfinn suim iontu toisc gur staraí mé. Bhí dul amú air, ach níor chaitheas na cáipéisí amach mar sin féin. B’fhéidir gur thuigeas go dtiocfadh an lá nuair a chuirfinn suim iontu. Seo daoibh mar sin cuntas ar mo shinsir le breis agus céad bliain anuas.

      Ba sa Ráth Mhór i gContae Chiarraí a rugadh John Morley, mo sheanathair ar thaobh m’athar, sa bhliain 1893. Is cosúil go raibh a shinsir ag cur fúthu sa cheantar le cúpla céad bliain roimhe sin. Sloinne Sasanach is ea ‘Morley’, gan amhras, ach i gcás mo shinsear is Galldú é ar an sloinneadh ‘Ó Móra’, sloinne a shamhlaítear le Contae Laoise go hiondúil. Seo mar a míníodh an scéal in alt dar teideal ‘Morley’s Bridge’ le Pat Lehane a foilsíodh ar an Kilgarvan Observer (ní féidir liom dáta an eagráin a lua mar níl agam ach an fhótachóip a thug m’athair dom):
She [an Bhanríon Eilís I] seized the lands, possessions and estates of the Ó Mórdhas and transplanted them to the mountainy region of West Cork. Ireton, Cromwell’s general, gave them a further push westwards to Ballyvourney and Coolea. With the passage of time the name began to change somewhat as follows: Ó Mórdha, Mora, Moor, Moorley, Morley and Moreley.
Mar fhianaise air sin, an droichead úd ar an mbóthar R569 idir Cill Gharbháin agus Baile Bhuirne a nglaotar ‘Morley’s Bridge’ air as Béarla, tugtar ‘Droichead Uí Mhóra’ air as Gaeilge:
Ar mo ghabháil dom siar chun Droichead Uí Mhóra,
píce im dhóid is mé ag dul i meitheal,
cé chasfaí orm i gcumar ceo
ach pocán crón is é ar buile.
Mo sheanathair i ndaonáireamh na bliana 1901

      ‘John Morley’ a bhí ar mo shin-seanathair chomh maith. ‘Sclábhaí ginearálta’ ba ea é de réir dhaonáireamh na bliana 1901 agus bhí sé daichead bliain d’aois nuair a deineadh an t-áireamh. Níl aon chruthúnas agam cén t-ainm a bhí ar a athairsean, ach féach gur ‘Daniel’ a bhí ar an mac ba shine leis. Ba choitianta an nós é ainm an tseanathar a thabhairt ar an ngarmhac is sine, agus tá seans maith ann go raibh ‘Daniel’ ar mo shin-sin-seanathair. Baineann tábhacht leis seo i bhfianaise cáipéise eile a bhronn m’athair orm cúpla bliain ó shin. Is é atá ann cóip den chéad chaibidil de leabhar dar teideal When Youth was Mine: A Memoir of Kerry 1902-1925 a scríobh Jeremiah Murphy (1902-1990). Rugadh agus tógadh an t-údar i mBarr Dubh, sráidbhaile ata suite tuairim is cúig mhíle siar ón Ráth Mhór. Tá cur síos aige ar roinnt de na daoine a raibh aithne aige orthu ina óige agus baineann an sliocht seo a leanas le hábhar:
There was a great selection of old-timers around where I grew up. At one end of our town there lived old Dan Morley, a very old man, bent over at right angles. He must have worked very hard in his youth. His son, Johnny Morley, was a well-known ‘Moonlighter’ and he told me a story about the transfer of a few guns during those troubled times. It seems that he and Buck Healy were to meet Denny Lynch at Coolbawn, in a furze-covered field to get the guns which Denny was bringing across the hills from Clydagh. Morley and Healy were concealed in the bushes to keep their presence secret. About five minutes before the appointed time, an R.I.C. sergeant and a constable came along to this secluded spot and stopped within hearing distance of the concealed men. The policemen glanced at their watches and the sergeant remarked, “They should be here any minute.” For some reason (we found out later it was due to the heavy fog on the hills), Lynch never showed up and the police left when night fell. This will give some idea how the spies and informers operated.
Jeremiah Murphy, When Youth was Mine: A Memoir of Kerry 1902-1925 (BÁC, 1998), 46.
Más ionann an ‘Johnny Morley’ thuas agus mo shin-seanathair, bheadh sé timpeall fiche bliain d’aois sna blianta 1879-81, an tréimhse ba dhéine i gcogadh na talún. Seo mar a scríobh F.S.L. Lyons:
All the old ruthlessness of agrarian vendettas reappeared and intimidation, cattle-maiming, burnings and shootings, spread through the countryside. Usually, it must be said, these crimes were closely related to the progress of evictions ... Not unnaturally, agrarian outrages increased; of the 2,590 listed for 1880, nearly 1,700 were committed in the last three months of the year. And there was a further conclusion to be drawn from this situation – hopeful or sinister according to the point of view. As outrages mounted, so evictions diminished. During 1880 there were in all 2,110 ejectments, but only 198 occurred in the last quarter.
F. S. L. Lyons, Ireland since the Famine (Londain, 1971), 160, 162.
Ba staraí macánta é Lyons ach ní fhéadfainn an téarma claonta sin ‘outrage’ a úsáid gan é a chur i gcomharthaí athfhriotail: b’fhearr liom go mór ‘attack’ nó focal neodrach eile mar é. ‘Briseann an dúchas trí shúile an chait’ mar adeirtear.

      De réir cáipéise eile a bhronn m’athair orm, phós mo shin-seanathair Bridget Kiely sa bhliain 1886. Bhí a bhean chéile ar shlí na fírinne faoin mbliain 1901 ach bhí seanbhean darbh ainm Julia Kiely ag cur fúithi sa tigh lá an daonáirimh. Déarfainn gurbh í seo máthair Bridget. Triúr mac agus triúr iníon a bhí i gclann Johnny Morley: bádh Daniel sa bhliain 1917 agus bhí Mary fós ina páiste nuair a d’éag sí. Phós na cailíní eile, Julia agus Bridget, agus tá sliocht a sleachta ina gcónaí sa cheantar go fóill. Ach is mó an t-eolas atá agam ar an mbeirt mhac a mhair: ba iad seo John Morley, mo sheanathair, a rugadh sa bhliain 1892, agus ‘Patrick’ nó Con Morley a rugadh sa bhliain 1894. Nílim cinnte cén fáth ar tugadh ‘Patrick’ ar an tríú mac ar fhoirm an daonáirimh, ach bhí sagairt ann an tráth úd nach mbaistfeadh ainm ar bith seachas ainm naoimh ar leanbh agus thiocfadh dó go raibh baint ag an bpolasaí eaglasta sin leis an scéal. ‘Con’ a tugadh air i rith a shaoil, cibé ar bith, agus sin an t-ainm a tugadh air sna ráitis a bhailigh Biúró na Staire Míleata ó fhinnéithe a ghlac páirt i gCogadh na Saoirse. Tá Con Morley luaite i gceithre ráiteas déag ar fad sa Chartlann Mhíleata agus ní thabharfad ach sliocht amháin astu anseo. Sliocht is ea é a tógadh as an ráiteas a dhein Seán Moylan, fear a bhí i gceannas ar bhriogáid uimhir 2 d’Óglaigh na hÉireann i gContae Chorcaí - agus a bheadh ina aire rialtais faoi Éamon de Valera ar ball. Sílim go míneoidh an sliocht seo an t-aistriú soir a dhein Con óna chontae dúchais go Corcaigh:
... Con Morley, Denis Galvin, Seán Healy and Liam Moylan. I called them the “Three Musketeers”, not that they had anything in common with the characters created by Dumas other than their daring and the fact that they were four in number. Liam had been recognised as a front line soldier since the night he accompanied Paddy McCarthy to Millstreet. The others were a hard bitten trio; experienced and capable fighting men who believed that soldiering should have its due accompaniment of relaxation and that pubs should not be out of bounds, nor pockets patriotically empty. They had fallen into disfavour with officers who had taken to heart too literally the phrase, “Ireland sober is Ireland free” and had graduated with many others of their like into a sort of Foreign Legion under my command ... They had a nose for battle wherever they were, and even though it was essential to use such men in many activities other than actual fighting they always turned up on the morning of a fight, were always ready to accept the brunt of any attack, to hold the last line of defence when a column had to retreat.
Ráiteas le Seán Moylan T.D., W.S. 838, 178-9.
      Ní raibh John Morley, mo sheanathair, gníomhach sna hÓglaigh, ach ba bhall é de na póilíní poblachtacha – fórsa a ghníomhaigh thar ceann na gcúirteanna poblachtacha, nó ‘cúirteanna na Dála’ mar a tugadh orthu go coitianta. An bhfuil dhá mheon éagsúla le brath ar iompar seo na ndeartháireacha: duine acu a ghabh le harm na poblachta agus an duine eile a ghabh le póilíní na poblachta? Thiocfadh dó go bhfuil. Dhiúltaigh Con glacadh leis an gconradh Angla-Éireannach agus lean sé leis ag troid ar son na poblachta sa Chogadh Cathartha. Ach bhí an conradh maith go leor don Choileánach agus bhí sé maith go leor do mo sheanathair leis: go deimhin, bhí sé ar dhuine den chéad dream a chuaigh isteach sa Gharda Síochána – an fórsa nua póilíneachta a bhunaigh an Saorstát. Chothaigh an scoilt pholaitiúil easaontas buan idir na deartháireacha, ach nuair a d’éag Con sa bhliain 1967 d’fhreastail m’athair ar an tsochraid thar ceann mo sheanathar.

Mo sheanmháthair i ndaonáireamh na bliana 1901

      Bhí cúlra níos sócúla ag muintir mo sheanmháthar. Ba san Inbhear Mór i gContae Chill Mhantáin a rugadh í ach d’aistrigh a tuismitheoirí go baile Chill Mhantáin nuair a bhí sí ina páiste. Kathleen Tracy ab ainm di agus bhí baint ag na Treasaigh leis an loingseoireacht san Inbhear Mór i rith an 19ú céad. Thaistil a hathair, Patrick Tracy, chomh fada as baile le Cathair Pheadair na Rúise nuair a bhí sé ina mhairnéalach óg, ach cháiligh sé mar shaor loinge ina dhiaidh sin. B’fhéidir nár chríonna an beart é dul leis an gceird sin mar bhí ré na mbád seoil adhmaid ag druidim chun deiridh agus ré na mbád gaile ina tús.

Ar chlé: mo shin-seanathair, mo shin-seanmháthair agus cúigear clainne leo timpeall na bliana 1910. 
Ó chlé go deas sa phictiúr tá Lilly, William, Mary, Michael agus Patrick Tracy.
Ar dheis: mo sheanathair agus mo sheanmháthair ar lá a bpósta sa bhliain 1923.

      Tá an t-ádh orm go bhfuil pictiúr de Patrick Tracy, dá bhean chéile Mary Phillips, agus de chúigear dá gclann ar fáil. Ar an drochuair, níl mo sheanmháthair ná iníon eile, Rose, le feiscint sa phictiúr. Bhí Michael ina chaptaen ar long solais ach fuair sé bás réasúnta óg nuair a tholg sé pliúraisí. Chuaigh an bheirt mhac eile – William (‘Uncle Bill’ a thugadh m’athair air i gcónaí) agus Patrick go dtí na Stáit Aontaithe timpeall na bliana 1920. Níl a fhios agam cad a bhain do Patrick ach fuair Uncle Bill post sna hoibreacha uisce i Nua-Eabhrac. Tháinig sé go hÉirinn cúpla uair sna 1960í nuair a bhíos i mo pháiste. Thug mo thuismitheoirí, agus mise in éineacht leo, cuairt amháin air i Nua-Eabhrac i mí an Mheithimh 1972 (is féidir liom an dáta sin a dheimhniú mar tharla an briseadh isteach i bhfoirgneamh Watergate a bhain an bonn ó uachtaránacht Richard Nixon an tseachtain chéanna).

Tuairisc ar bhás mo sheanmháthar a d'fhoilsigh an Tuam Herald sa bhliain 1965

      D’fhán cailíní an teaghlaigh in Éirinn. Bhí mo sheanmháthair páirteach i gCumann na mBan i rith Chogadh na Saoirse agus tá tagairt amháin di i mBiúró na Staire Míleata. Tá sé le fáil i ráiteas a dhein Matthew Kavanagh, fear a bhí ina oifigeach ceannais ar bhriogáid oirthear Chill Mhantáin de na hÓglaigh sular gabhadh é. Seo é an sliocht a bhaineann le hábhar:
One of the Cumann na mBan girls from Wicklow, Kathleen Treacy, whilst visiting me in the jail at Wicklow a couple of days after my transfer there, informed me that there was a gentleman going around the county, wearing a Fáinne and stating that he was an officer from General Headquarters. He informed them in Wicklow town that he was sent down from G.H.Q. to reorganise the county and convene a meeting, for the purpose of appointing somebody to replace me and take reprisals for my arrest. I immediately got suspicious, as I had never notified G.H.Q. of my arrest, nor had any notice of my arrest appeared in the press, and I told her to let the lads outside know and be extra cautious.
Ráiteas le Matthew Kavanagh, W.S. 1472, 8
Nuair a síníodh an Conradh bhí mo sheanmháthair go láidir ina choinne, mar a bhí formhór na mball de Chumann na mBan, rud a chruthaigh deacracht nár bheag do mo sheanathair ag an am. Thug mo sheanmháthair tacaíocht d’Éamon de Valera i rith a saoil, ach thoiligh sí a cuid tuairimí polaitíochta a chur i leataoibh nuair a phós sí mo sheanathair i mí Mheán Fómhair na bliana 1923. Bhí mo sheanathair lonnaithe in Inis Córthaidh, Contae Loch Garman, i dtús a shaol oibre mar gharda ach aistríodh é go dtí Caisleán an Chláir, Contae an Chláir, tar éis tamaill agus is ann a rugadh m’athair, Daniel Vincent Morley, an 19 Iúil 1929. Deineadh sáirsint de mo sheanathair agus aistríodh arís é go dtí Tuaim, Contae na Gaillimhe; is ann a chaith m’athair an chuid ba mhó dá óige agus d’fhreastail sé ar Choláiste Iarlatha sa bhaile sin.

Ar chlé: m'athair sa bhliain 1932 nuair a bhí sé trí bliana d'aois
Ar dheis: m'athair in aerchór an airm sa bhliain 1949

      Bhí dúspéis ag m’athair riamh san eitleoireacht. Nílim cinnte cad a ghin an tsuim sin ann, ach ní chuirfeadh sé ionadh orm dá mbeadh baint aige le heachtra a tharla an 7 Samhain 1943 nuair a thuirling Halifax de cuid an Royal Air Force cúpla míle lasmuigh de Thuaim. Lá ceomhar ba ea é, rinneadh smionagar den eitleán agus maraíodh an seachtar a bhí ar bord; is cosúil go raibh an píolóta caillte agus gur shíl sé go raibh sé ag eitilt níos airde ná mar a bhí i ndáiríre. Bhain m’athair an láthair amach go luath tar éis na tubaiste agus d’éirigh leis cúpla mír bheag den eitleán a sciobadh leis. Tamall gairid tar éis an chogaidh, bhuail ógbhean Shasanach isteach i mbeairic na nGardaí i dTuaim. Diana Camp a bhí uirthi agus mhínigh sí don Sáirsint Morley gur maraíodh deartháir léi a bhí ar an eitleán agus gur mhaith léi cuairt a thabhairt ar láthair na timpiste. Níorbh fhéidir le mo sheanathair an bheairic a fhágaint ach dúirt sé léi go ndéanfadh m’athair í a thionlacan, rud a dhein. Faoin am sin, bhí an láthair glanta agus smionagar an eitleáin tugtha chun bealaigh ag an arm ach bhronn m’athair na píosaí beaga a bhí coinnithe aige ar an mbean. Gheibheadh m’athair cártaí Nollag agus corrlitir ó Diana Wilson (a hainm pósta) sna blianta dár gcionn ach níor casadh ar a chéile arís iad go dtí 2007 nuair a nochtadh leacht cuimhneacháin ar láthair na tragóide.

An Sáirsint Camp a maraiodh sa bhliain 1943; m'athair le deirfiúr an tsáirsint sa bhliain 2007

      Arbh shin an rud a spreag m’athair le liostáil in aerchór an airm nuair a d’fhág sé an mheánscoil? Níl a fhios agam mar níor chuireas an cheist air riamh. Fuair sé printíseacht mar mheicneoir eitleán san aerchór; nuair a bhí a théarma istigh san arm, fostaíodh é mar mheicneoir in Aer Lingus agus is ann a d’oibrigh sé go dtí gur imigh sé amach ar pinsean. Ach bhain eachtra rí-thábhachtach dó tamall gairid sular fhág sé an t-aerchór. Bhí sé lonnaithe ag aerstráice (nach bhfuil ann a thuilleadh) i mBaile Mhic Gormáin, Contae na Mí, nuair a thug sé cuairt ar champa saoire a bhí míle nó dhó ar shiúl ag Maigh Muirí (Mosney). Bhíodh sé de nós ag saighdiúirí ón aerchór sleamhnú isteach sa champa saoire trí pholl beag sa sconsa agus níl sé as an áireamh gur dhein m’athair amhlaidh an tráthnóna úd a casadh mo mháthair air don chéad uair ...

Trí phictiúr de mo thuismitheoirí: os comhair an Rockefeller Center sa bhliain 1972 (mise a thóg); ag cóisir in óstán sa bhliain 1985; ag comóradh breithlá m'athar in 2009 nuair a bhí sé 80 bliain d'aois (mise a thóg)

      Níl mo ghinealach ar thaobh mo mháthar pléite go fóill agus is baolach nach bhfuil an t-am agam chuige an mhí seo. Tá rún agam an neamart sin a chur ina cheart uair éigin san athbhliain mar níl aon amhras ach go bhfuil an chraobh mháthartha gach pioc chomh tábhachtach leis an gcraobh athartha. Is é an fáth ar thugas tús áite do shinsir m’athar anseo, agus an fáth a raibh cúrsaí ginealais ar m’intinn le mí anuas, go bhfuair m’athair bás ag deireadh mhí Lúnasa. Ritheann línte as amhrán a chanadh Joni Mitchell liom:
Don’t it always seem to go
that you don’t know what you’ve got til its gone?


Daniel Morley
19 Iúil 1929 - 24 Lúnasa 2013
Requiescat in pace


06/09/2013

An stair de réir an Chumainn Lúthchleas Gael

Curaidh nua chúige Laighean

Níl aon amhras ach gurb é an Cumann Lúthchleas Gael an t-eagras deonach is tábhachtaí in Éirinn. Is iomaí éacht stairiúil a chonacthas ar pháirceanna imeartha an chumainn ón uair a d’fhreastail ochtar ar an gcruinniú bunaidh in Hayes’s Commercial Hotel, Durlas Éile, an 1 Samhain 1884. I mbliana, mar shampla, bhuaigh iománaithe Átha Cliath ar Chill Chainnigh i gcluiche craoibhe don chéad uair le bliain is seachtó anuas, agus bhuadar craobh Chúige Laighean don chéad uair ón mbliain 1961. Ar an drochuair, ní raibh an t-ádh leis na Duibhlinnigh sa chluiche leath-cheannais i gcoinne Chorcaí ach d’imríodar go maith agus táid áirithe anois i measc na bhfoirne is fearr don chéad uair le mo chuimhne. Maidir le peileadóirí na príomhchathrach, chloíodar na Ciarraígh mhallaithe a bhris mo chroí an oiread sin uaireanta sa tréimhse fhada sheasc idir mórthubaiste na bliana 1978 (Ciarraí 5-11, BÁC 0-9) agus mórthubaiste na bliana 2009 (Ciarraí 1-24, BÁC 1-7) i gcluiche craoibhe. Ní hamháin sin, ach bhuadar orthu don dara bliain as a chéile – an chéad uair a tharla a leithéid ó ré órga na mblianta 1976-77 i leith. Thairis sin, sílim gurb é an cluiche leath-cheannais idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí i mbliana an cluiche peile is fearr dá bhfacas riamh – tuairim a bhí agam sular aimsigh Kevin beannaithe McManamon eangach Chiarraí sa naoú nóiméad is seasca den chluiche.

Mícheál Cíosóg i bPáirc an Chrócaigh agus cath Omdurman (1898)

      Ach más eagraíocht spóirt go príomha é an Cumann Lúthchleas Gael riamh anall, caithfear a rá gur bhain gné pholaitiúil leis ón tús: iarradh ar bheirt fheisirí, Charles Stuart Parnell agus Michael Davitt, bheith ina bpátrúin ar an gcumann nuabhunaithe agus bhí cuid mhaith de na baill ba luaithe gníomhach i mBráithreachas Poblachtach na hÉireann. Ba náisiúnaí daingean é Mícheál Cíosóg, fear a chuidigh le bunú Irisleabhar na Gaedhilge sa bhliain 1882 agus an té is mó atá luaite le bunú an chumainn. Seo mar a scríobh sé i litir a foilsíodh ar Fáinne an Lae, an 30 Aibreán 1898:
The sixteenth centenary of the fatal battle of Gabhra was approaching, and I took it into my head to celebrate it by establishing the Gaelic Athletic Association, with the assistance of some active members of the Gaelic Union, and of my fellow survivors of the Society of which Colonel John O’Mahony, had been Head Centre. 
Troideadh cath Gabhra idir Fianna Éireann agus ardrí na linne sa bhliain 284 AD de réir an chuntais a scríobh Michéal Ó Cléirigh in Annála Ríoghachta Éireann - cuntas a chreid an Cíosógach. Nuair a bhí taighde staire idir lámha agam roinnt blianta ó shin tháinig mé ar litir eile leis a foilsíodh ar eagrán an 24 Meán Fómhair 1898 den Worker’s Republic, nuachtán sóisialach a raibh James Connolly ina eagarthóir air. Litir is ea í a thugann an-léargas go deo ar an meon frith-impiriúlach a bhí go smior ann. Thrácht sé ar chath Omdurman, cath a troideadh an 2 Meán Fómhair 1898 idir arm na Breataine agus arm dúchasach gar do Khartoum na Súdáine: 47 fear den chéad dream a maraíodh, más fíor, i gcomórtas le deich míle fear (móide nó lúide cúpla míle) den dara dream. Ós rud é go bhfuil cumhachtaí impiriúlacha an ‘iarthair’ fós ag imirt a gcuid weapons systems sofaisticiúla ar Mhoslamaigh i dtíortha i bhfad ó bhaile, braithim gur mithid an litir a athfhoilsiú. Seo mar a scríobh bunaitheoir an CLG:
Sir, – The Sunday Chronicle, an English paper which is read by some people in Dublin, quotes the following passage from The Worker’s Republic: – “May the grave of every hired assassin who fell fighting this brave and courageous people [na Súdánaigh] be defiled by the curs of the desert.” The paragraph writer of the Sunday Chronicle gives vent to the desire of his valiant soul in the following terms – “If there be any decent Irishman who wouldn’t be glad to kick the author of this sentiment, but from the fear of soiling his boot, I would like to meet him.”
      I am a native of the parish of Carron, in the barony of Burren, in the county of Clare. I was born on the forty-fourth anniversary of the murder of Robert Emmet. I am just fifty-one years of age today. I have been working in a quiet way for Ireland ever since I entered my nineteenth year. I am the founder of the Gaelic Athletic Association. My birth, my early training, and my subsequent career, continued uninterruptedly for thirty-two and a half years years in the service of Ireland, should justify me in claiming a place in the ranks of my “decent” fellow-countrymen. I am not the writer of the paragraph. I approve of the sentiment to which the Sunday Chronicle takes exception. Conceding this insolent scribe ten years of a handicap in age, I will undertake to meet him, and if he desires to do any kicking, to strangle him in ten minutes, if he is not a professional pugilist. – Yours faithfully,
      Michael Cusack
      Dublin, Sep. 20th 1898.
Ní raibh an Cíosógach ag scríobh thar ceann an CLG agus níor chóir a cheapadh go raibh na baill ar aon intinn maidir le ceisteanna polaitiúla. Ach is féidir talamh slán a dhéanamh de go raibh báidh ag cuid mhaith de na baill le dearcadh an Chíosógaigh.

      An té ar mian leis cultúr stairiúil an CLG a mheas, níl rud is fearr a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ná ainmneacha na bhfochumann a bhfuil tagairtí stairiúla iontu a iniúchadh – rud a dheineas le déanaí. Tá fochumainn ann a bhfuil gluaiseachtaí stairiúla luaite ina n-ainm (‘Éire Óg’, ‘Fenians’), tá eachtraí ar leith luaite in ainmneacha eile (‘Fontenoy’, ‘Four Masters’) agus tá tagairtí níos scaoilte in ainmneacha eile fós (‘Rapparees’, ‘Wild Geese’). Ach formhór na n-ainmneacha stairiúla, is do phearsana a thagraíonn siad. Níor mhiste a lua go bhfuil tagairtí stairiúla níos coitianta i gcontaetha áirithe: tríd is tríd, táid fairsing i gcúige Uladh, nílid chomh líonmhar céanna in oirthear chúige Laighean ná san iarthar, agus táid tearc go leor sa deisceart agus i lár na tíre. Tá minicíocht na dtagairtí stairiúla sna contaetha éagsúla léirithe ar an mapa thíos:

Líon na bhfochumann a bhfuil tagairtí stairiúla ina n-ainm

Seo iad na torthaí le haghaidh gach contae: Ard Mhacha 47% (28/59), Tír Eoghain 41% (23/56), Fear Manach 41% (9/22), Lú 40% (19/48), Aontroim 27% (16/60), an Longfort 25% (7/28), Cill Mhantáin 17% (7/42), Áth Cliath 16% (13/89), Doire 15% (7/47), Maigh Eo 15% (9/59), Dún na nGall 15% (6/40), Gaillimh 14% (12/88), Tiobraid Árann 14% (12/88), Loch Garman 12% (6/49), Cill Chainnigh 12% (5/42), Ros Comáin 12% (4/33), Cill Dara 11% (7/66), Ceatharlach 11% (4/35), an Clár 9% (5/58), Muineachán 9% (3/33), Luimneach 7% (7/96), Ciarraí 7% (5/72), Port Láirge 7% (4/58), an Mhí 6% (4/65), an Dún 6% (3/51), Corcaigh 4% (7/189), an Iarmhí 3% (2/58), an Cabhán 2% (1/52), Uíbh Fháilí 1% (1/71), Laois 0% (0/69), Sligeach 0% (0/26), Liatroim 0% (0/28). Níor chuireas ach triúr naomh san áireamh nuair a bhí an anailís thuas á déanamh agam: mar atá, Pádraig, Lorcán Ó Tuathail agus Oliver Plunkett. Sílim gur mó an bhaint atá ag na naoimh eile leis an gcreideamh ná leis an stair – cé go rabhas idir dhá chomhairle maidir le Colum Cille.

      Cé hiad na pearsana stairiúla is mó a dtugann an Cumann Lúthchleas Gael ómós dóibh? Ní hansa.

      Tá ocht nduine fichead ann a bhfuil fochumann amháin ainmnithe astu. Seo iad de réir na dtréimhsí inar mhaireadar: Brian Bóramha (Fear Manach), Art Mac Murchadha (Fear Manach), Éibhear Mac Mathúna (Fear Manach), Réamann Ó hAnluain (Ard Mhacha), Dáibhí Ó Bruadair (Luimneach), ‘Féilim Ó Brádaigh’ (Ard Mhacha), Lord Edward Fitzgerald (Ros Comáin), Watty Graham (Doire), Gerald Griffin (Luimneach), William Smith O’Brien (an Clár), an tAthair John Kenyon (Éireannach Óg, Tiobraid Árann), Eoghan Ó Comhraí (an Clár), an tArdeaspag Seán Mac Héil (Gaillimh), John Locke (Fínín, Cill Chainnigh), J.K. Bracken (Tiobraid Árann), Roger Casement (Aontroim), Tom Clarke (Tír Eoghain), Michael O’Hanrahan (Loch Garman), Sam Maguire (Corcaigh), an tAthair Michael Griffin (Gaillimh), Austin Stack (Ciarraí), Sean Connolly (Óglach a maraíodh i gCogadh na Saoirse, Longfort), Michael Glavey (Óglach a maraíodh i gCogadh na Saoirse, Ros Comáin), Kevin Barry (Tír Eoghain), Micheál Mac Craith (Óglach a maraíodh i gCogadh na Saoirse, Port Láirge), Seán Sabhat (Ard Mhacha), Fergal O’Hanlon (Muineachán), Kevin Lynch (Doire).

      Tá deichniúr ann a bhfuil dhá fhochumann an duine ainmnithe astu agus seo iad in ord ama: Seán Ó Néill (Aontroim agus Ard Mhacha), Aodh Rua Ó Domhnaill (Dún na nGall ×2), an tAthair Nioclás Mac Síthigh (Tiobraid Árann ×2), Henry Grattan (Fear Manach agus Longfort), Henry Joy McCracken (Aontroim agus Doire), Thomas Davis (Ard Mhacha agus Áth Cliath), Seán Ó Mathúna (Lú agus an Mhí), Mícheál Cíosóg (an Clár agus Gaillimh), Tomás Mac Donncha (Tiobraid Árann ×2), Liam Mellows (Gaillimh agus Loch Garman).

      Níl ach triúr ann a bhfuil trí fhochumann ainmnithe astu: mar atá, Michael Dwyer (Aontroim, Ard Mhacha agus Cill Mhantáin), James Stephens (Cill Chainnigh agus Maigh Eo ×2) agus Seán Treacy (Ard Mhacha, Lú agus Tiobraid Árann).

      Tá triúr eile ann a bhfuil ceithre fhochumann an duine ainmnithe astu: Lorcán Ó Tuathail (Ard Mhacha, Áth Cliath agus Cill Dara ×2), Dónall Ó Conaill (Ard Mhacha, Áth Cliath, Fear Manach agus Lú) agus Charles Stuart Parnell (An Cabhán, Áth Cliath, Cill Mhantáin agus Lú).

Charles Kickham, Diarmaid Ó Donnabháin Rosa, Ó Rathaille agus Seán Mac Diarmada

      Táim ag teannadh anois leis an dream is mó a bhfuil meas ag lucht an CLG orthu, más féidir brath ar an bhfianaise seo. Tá ceathrar a bhfuil cúig fhochumann an duine ainmnithe astu: Charles Kickham (Aontroim ×2, Áth Cliath, Lú agus Tiobraid Árann), Diarmaid Ó Donnabháin Rosa (Aontroim, Ard Mhacha, Corcaigh, Doire agus Tír Eoghain), Micheál Seosamh Ó Rathaille (Ard Mhacha, Ciarraí, Fear Manach, Loch Garman agus Tír Eoghain), agus Seán Mac Diarmada (Aontroim, Ard Mhacha, Gaillimh, Lú agus Muineachán).

Michael Davitt, Eoghan Rua Ó Néill agus Oliver Plunkett

      Tá sé fhochumann an duine ainmnithe as Eoghan Rua Ó Néill (ceann amháin in Ard Mhacha, in Áth Cliath, i nDoire is sa Dún, agus dhá cheann ina chontae dúchais, Tír Eoghain) agus as Michael Davitt (ceann amháin in Aontroim, in Ard Mhacha, i gCeatharlach agus dhá cheann ina chontae dúchais, Maigh Eo). Tá beirt eile a bhfuil ocht bhfochumann ainmnithe astu: mar atá, Oliver Plunkett (Ard Mhacha, Áth Cliath, Cill Dara, Corcaigh, an Iarmhí, Lú, Port Láirge is Tír Eoghain) agus John Mitchel (Aontroim ×2, Ciarraí, an Dún, Lú, Maigh Eo ×2 is Port Láirge).

John Mitchel, Theobald Wolfe Tone agus Pádraig Sáirséal

      Ghnóthaigh Theobald Wolfe Tone an cúigiú háit sa pantheon agus tá aon fhochumann déag ainmnithe as sna contaetha seo a leanas: Ard Mhacha, an Clár, Corcaigh, Gaillimh, Longfort, Lú (×2), an Mhí (×2) agus Tír Eoghain (×2).

      Roinn an bheirt Phádraig, Sáirséal agus Mac Piarais, an bonn cré-umha. Tá cúig fhochumann déag tiomnaithe don Sáirséalach sna contaetha seo a leanas: Aontroim, Ard Mhacha, Áth Cliath, Cill Dara (×2), Corcaigh, Doire, Gaillimh, Loch Garman, Longfort, Luimneach, Maigh Eo (×2), Tiobraid Árann agus Tír Eoghain. Cúig fhochumann déag atá ainmnithe as an bPiarsach chomh maith, sna contaetha seo a leanas: Aontroim, Ard Mhacha (×2), Ciarraí, Corcaigh, Gaillimh (×3), Lú (×2), Luimneach, Ros Comáin agus Tír Eoghain (×3).

Pádraic Mac Piarais, Robert Emmet agus Pádraig Naofa

      Bhuaigh Robert Emmet, sárimreoir óg, an bonn airgid le naoi bhfochumann déag sna contaetha seo a leanas: Aontroim, Ard Mhacha (×4), Áth Cliath, Ciarraí, Cill Mhantáin, Dún na nGall, Fear Manach, Gaillimh, Longfort, Lú (×4), Luimneach agus Tír Eoghain (×2).

      Ach chríochnaigh buaiteoir an bhoinn óir i bhfad chun tosaigh ar na pearsana stairiúla eile. Cé a bheadh ann ach éarlamh agus aspal na hÉireann, Pádraig mac Calprainn, fear a bhfuil ceithre fhochumann is tríocha ainmnithe as i bhfiche contae: Aontroim, Ard Mhacha (×3), Áth Cliath (×2), Ceatharlach (×2), Cill Chainnigh, Cill Mhantáin (×2), an Dún, Dún na nGall (×2), Fear Manach (×2), Gaillimh, an Iarmhí, Loch Garman, Longfort (×2), Lú, Luimneach, Maigh Eo, an Mhí, Uíbh Fhailí, Tiobraid Árann (×2), Tír Eoghain (×6).

      Ní fhéadfainn clabhsúr a chur ar an aiste seo gan aird a tharraingt ar ghné amháin den pantheon thuas. Tá feachtas ar siúl sa bhFrainc faoi láthair chun líon na mban atá curtha sa Panthéon i bPáras a mhéadú: beirt bhan atá adhlactha ann faoi láthair – Marie Curie, eolaí, agus bean eile nach cuimhin liom a hainm. Ach dá dhonacht é cás na Fraince, is mó an neamart atá déanta i mná stairiúla na hÉireann. Cé adéarfadh nach bhfuil oiread is fochumann amháin tuillte ag Anne Devlin ná ag Constance Markievicz?

AGUISÍN 1 - 22 Meán Fómhair 2013

Cluichí ar ar fhreastail mé i mbliana agus buaicphointe na bliana

An í seo an bhliain is fearr riamh i stair an CLG? Deinim comhbhrón ó chroí le muintir Mhaigh Eo agus guím gach rath ar fhoireann an chontae úd an chéad uair eile a bheidh siad ag imirt i gcoinne Chiarraí! Is ag magadh atáim ar ndóigh. Tuigim go maith gur daoine lácha cneasta iad na Ciarraígh. Go deimhin, bhronn col ceathrair liom ón gcontae sin ticéad don chluiche leath-cheannais idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí orm. Caithfidh mé an gar a chúiteamh leis ar bhealach éigin - b’fhéidir gur mhaith leis DVD de chraobh na bliana seo a fháil mar bhronntanas Nollag ...

03/08/2013

Na leabhair staire is fearr

Tá an chéad lá den fhómhar buailte linn arís agus caithfidh mé géilleadh d’fhoráil atá le léamh i gceann de na Irish Grammatical Tracts  nó i gceann de na Bardic Syntactical Tracts b’fhéidir níl an fhoinse le m’ais faoi láthair:
Do chuir Colum Cille cáidh
de gheis ar gach aon tseanchaidh,
      léigheamh lán-luath a liosta
      le léigheann fá Lughnasa.
Liosta de na leabhair staire is fearr a bheidh agam i mbliana ach ní dhéanfaidh mé iad a ghrádú ó uimhir a deich go dtí uimhir a haon mar a dheineas i gcás na scannán anuraidh. Sílim nach mbeadh an cur chuige sin oiriúnach de bharr éagsúlacht na leabhar. Conas is féidir cnuasach aistí le húdair éagsúla a chur i gcomórtas le leabhar a scríobh staraí aonair? Nó conas is féidir stair mór-roinne a chur i gcomórtas le beathaisnéis? Níl freagraí na gceisteanna sin agam. Dá bhrí sin, tá sé beartaithe agam na leabhair a rangú i gcúig rannóg: mar atá, monagraif, suirbhéanna, cnuasaigh ilúdar, beathaisnéisí agus leabhair staireolaíochta. Roghnóidh mé dhá leabhar le haghaidh gach ceann de na haicmí sin – ceann amháin a bhainfidh le hÉirinn agus ceann eile a bhainfidh leis an gcuid eile den domhan. Sílim go sásóidh an chomhroinn chothrom sin gach aon duine. Sa deireadh thiar thall, ainmneoidh mé an leabhar staire is fearr ar fad, dar liom.

Monagraif


Bunsaothar taighde is ea monagraf. Bíonn sé bunaithe ar fhoinsí comhaimseartha don chuid is mó agus bíonn a théama réasúnta cúng go hiondúil. Ní léitear a bhformhór lasmuigh den acadamh, ach tugann an pobal léitheoireachta suntas do roinnt de na monagraif is fearr.

Na monagraif is fearr


      Is annamh a léim leabhar faoi dhó agus níor chromas ar leabhar a athléamh a bhí díreach léite agam ach uair amháin i mo shaol. Is é an leabhar atá i gceist The Last European War: September 1939-December 1941 (1976) le John Lukacs. Tá ábhar an mhonagraif seo mínithe sa teideal ach tháinig dhá ghné de shaothar Lukacs aniar aduaidh orm. An chéad cheann, go raibh peirspictíocht an údair chomh leathan is a bhí: mar a bheifí ag súil leis, tá trácht aige ar chumhachtaí móra na hEorpa, ach tá trácht aige ar na tíortha beaga chomh maith: ar ullmhúcháin mhíleata na hEilvéise, ar dhearcadh an phobail sa Phortaingéil, ar chúrsaí eaglasta sa Rómáin, ar an ráta pósta in Éirinn. Níos tábhachtaí fós, d’éirigh leis an údar mo chuid iarthuisceana a chur ar ceal agus an leabhar á léamh agam. Is ionann an leabhar seo a léamh agus tú féin a thumadh i meon na nEorpach a bhí beo ag an am. Seo sliocht as:
It is not the business of the historian to speculate (not much, at any rate) about what may have happened when it did not happen. Yet his business is the mental reconstruction of the past. He must remember and record what people thought and knew at a certain time, even if they were to be proven wrong. He must understand that actuality and potentiality cannot always be separated, no more in the present than in the past.
      Níl aon amhras orm ach gurb é Aisling Ghéar: Na Stíobhartaigh agus an tAos Léinn (1996) le Breandán Ó Buachalla, iar-oide liom nach maireann, an monagraf is fearr ar stair na hÉireann. Ní leasc liom a rá gur mó go mór an tionchar a bhí ag Breandán orm ná ag aon údar eile dár léas riamh. Saothar bunúsach taighde is ea Aisling Ghéar atá níos scóipiúla ná mórán suirbhéanna: ní féidir cultúr polaitiúil na hÉireann sa 17ú nó san 18ú céad a thuiscint gan é a léamh. Thairis sin, is leabhar é atá beagnach do-aistrithe. D’fhéadfaí tráchtaireacht an údair a aistriú, ar ndóigh, ach tá sleachta comhaimseartha liteartha fite fuaite sa téacs agus ní fhéadfaí iadsan a aistriú gan chuid mhaith den chiall agus cuid mhór den bhrí iontu a chailliúint. Seo sliocht as an leabhar:
Níl sna tuairiscí sin den chuid is mó ach ráflaí, gan amhras, ach is eilimint bhailí sa staireagrafaíocht ráflaí freisin; is minic gur mó an éifeacht a bhíonn acusan ná ag na ‘fíricí’. Ar na ‘fíricí’ sin – má tá a leithéid ann – a bhíonn an staireagrafaíocht bunaithe, is é a cheapann daoine a tharla is mó a mhúnlaíonn an stair féin.

Suirbhéanna


Bíonn ábhar an tsuirbhé níos leithne ná ábhar an mhonagraif agus is minic a bhíonn siad dírithe ar an gcuid sin den phobal léitheoireachta a bhfuil suim acu sa stair. Má bhíonn an monagraf staire bunaithe ar fhoinsí príomha, bíonn údair na suirbhéanna ag brath cuid mhaith ar aistí agus ar mhonagraif a scríobh staraithe eile.

Na suirbhéanna is fearr


      Is eiseamláir den suirbhé é The Pursuit of Glory: Europe 1648-1815 (2007) le Tim Blanning. Sintéis chuimsitheach is ea é ina scrúdaítear gach gné nach mór de stair na hEorpa i rith an ‘18ú céad fada’. Gheofar cur síos críochnúil anseo ar an mbonn ábhartha (an t-iompar, an déantúsaíocht, an talmhaíocht), ar an bhfor-struchtúr intleactúil (an creideamh, na healaíona, an smaointeachas) agus ar imeachtaí polaitiúla (córais rialaithe, cogaí idir stáit, réabhlóidí) araon. Thairis sin, cé gur nocht Blanning a chuid tuairimí pearsanta go minic sa leabhar, bhí sé i gcónaí sásta fianaise nach raibh ag teacht lena léamh féin a chur i láthair. Seo sliocht as:
For the mass of the population before the last decade of the eighteenth century, the ecclesiastical authorities came under fire not because they were too conservative but because their enlightened reforms were thought to be ungodly. As we have seen, from Brabant to Tuscany, from Moscow to the Tyrol, trouble only arose when attempts were made to interfere with traditional forms of religious practice. That could cause short-term problems for governments, but in the long term proved to be a great source of strength.
      Níl aon ghanntanas suirbhéanna ann ar thréimhsí éagsúla i stair na hÉireann agus tá roinnt acu ar fheabhas – tapóidh mé an deis seo chun moladh eile a thabhairt don suirbhé a scríobh Ian McBride ar Éirinn san 18ú céad. Braithim, áfach, go bhfuil Ireland 1912-1985 (1989) le Joe Lee i bhfad chun tosaigh ar gach suirbhé eile de bharr úire a mhachnaimh agus fuinneamh a insinte. Thairis sin, tá níos mó foinsí príomha luaite ann ná mar a bhíonn i suirbhéanna go hiondúil: d’fhéadfaí a rá gur leabhar é a bhfuil gnéithe den suirbhé agus den mhonagraf ag baint leis. An bhfuilim claonta toisc go réitíonn insint an údair le mo dhearcadh féin? Táim, gan amhras. Ach más líonmhar iad na tuairimí a nocht Lee sa leabhar seo, is líonmhaire fós iad na fíricí a chuir sé i láthair chun tacú leo. Seo sliocht as:
The most rapidly-growing markets in the postwar world were located in different cultures, requiring command of different languages, familiarity with different consumption habits, different traditions of style and design, different mentalities. If Ireland failed to adjust to changing market opportunities, it was not because she clung to an obscure, petty, peasant patois. Ironically, her world language exerted a peripheralising influence on her perspectives.

Cnuasaigh ilúdar


Is in irisí léannta a fhoilsítear aistí staire don chuid is mó, ach uaireanta tiomsaítear aistí le húdair éagsúla i bhfoirm leabhair; baineann bua ar leith leis an gcnuasach ilúdar nuair a dhéantar scrúdú idirdhisciplíneach ar mhór-théama a bheadh thar acmhainn aon údair amháin.

Na cnuasaigh ilúdar is fearr

      Ós rud é go raibh sé faoi chaibidil agam anseo le déanaí, ní gá dom mórán a scríobh faoin saothar eachtrannach atá roghnaithe agam in aicme na gcnuasach ilúdar. Is é atá ann Les Lieux de Mémoire (1984-92), sraith imleabhar a chuir Pierre Nora in eagar. Ní déarfaidh mé anois ach gur éirigh le heagarthóir na n-aistí seo teacht ar bhealach nua chun tionchar na staire ar chultúr ár linne a thuiscint agus a léiriú. Seo sliocht as an gcéad imleabhar den tsraith, sliocht a tógadh as aiste le Pierre Nora dar teideal ‘Entre mémoire et histoire’ (‘idir cuimhne agus stair’):
Quand la mémoire n’est plus partout, elle ne serait nulle part si ne décidait de la reprendre en charge d’une décision solitaire, une conscience individuelle. Moins la mémoire est vécue collectivement, plus elle a besoin d’hommes particuliers qui se font eux-mêmes des hommes-mémoire. C’est comme une voix intérieure qui dirait aux Corses: «Tu dois être Corse», et aux Bretons: «Il faut être Breton!»
(Nuair nach mbíonn an chuimhne ar fáil go forleathan níos mó, ní bhíonn sí ann in aon chor mura ndeintear cinneadh aonair, in intinn duine, cúram a dhéanamh di. De réir mar a theipeann ar chomhchuimhne an phobail bíonn gá níos mó le daoine aonair a dhéanfaidh lucht cuimhnimh díobh féin. Tá sé amhail is dá ndéarfadh guth inmheánach leis na Corsacaigh ‘Ba chóir duit bheith i do Chorsacach’ agus leis na Briotánaigh ‘Ní foláir a bheith Briotánach!’)
      Fearacht Les Lieux de Mémoire, ní gá dom cur síos a dhéanamh ar an Atlas of the Great Irish Famine (2012) a chuir John Crowley, William J. Smyth agus Mike Murphy in eagar, toisc gur phléas anseo é i mí Dheireadh Fómhair seo caite, go gairid tar éis a fhoilsithe. Is leor aird a tharraingt anois ar chur chuige idirdhisciplíneach na n-eagarthóirí – rud nach bhfeictear minic go leor i leabhair staire na hÉireann: i measc na n-údar a bhfuil aistí leo sa chnuasach seo tá staraithe, tíreolaithe, scoláirí Gaeilge, bitheolaí, seandálaí, eacnamaí, scoláire Fraincise, béaloideasóir agus scoláire Béarla. Seo sliocht as aiste dar teideal ‘The longue durée – imperial Britain and colonial Ireland’ le William J. Smyth:
Joel Mokyr’s conclusion seems entirely valid: ‘most serious of all, when the chips were down in the frightful summer of 1847, the British simply abandoned the Irish and let them perish’. One could never imagine an Irish Government of whatever hue – whether the Confederation Government at Kilkenny in the mid-seventeenth century, or Grattan’s late-eighteenth-century Parliament, or Dáil Éireann and the Northern Ireland Assembly today – turning their backs and ignoring ‘the cry of want’.

Beathaisnéisí


Is fo-aicme den mhonagraf staire í an bheathaisnéis staire ó thaobh na loighce de, ach braithim gur fiú rannóg ar leith a dhéanamh don bheathaisnéis anseo mar ní foláir don bheathaisnéisí scileanna ar leith a bheith aige agus cur chuige ar leith a chleachtadh. Dá chomhartha sin, is mó an t-éileamh a bhíonn ag an léitheoir cothrom ar bheathaisnéisí ná ar mhonagraif staire d’aon saghas eile.

Na beathaisnéisí is fearr

      Dá n-iarrfaí orm an phearsa is suimiúla i stair an domhain a ainmniú, rithfeadh ainm amháin liom ar an toirt: Tom Paine. An bhfuilim claonta? An amhlaidh gur suim liom Citizen Paine toisc go bhfuil báidh agam lena chuid tuairimí? An Caitliceach é an pápa? Ar ndóigh, d’fhéadfaí drochbheathaisnéis a scríobh ar an té is suimiúla amuigh, ach is beathaisnéis den scoth é Tom Paine: A Political Life (1995) le John Keane. Ní cuntas lom ar imeachtaí shaol Tom Paine é seo ach léiriú beoga ar phearsantacht an fhir agus anailís ghéarchúiseach ar an tionchar polaitiúil a bhí aige i Meiriceá, sa bhFrainc, agus i dtíortha eile nach iad. Seo sliocht as:
The idea of hereditary legislators,” wrote Paine scathingly, is as “inconsistent as that of hereditary judges, or hereditary juries; and as absurd as an hereditary mathematician, or an hereditary wise man; as absurd as an hereditary poet laureate.”
      Ní féidir a rá go raibh iomaíocht ghéar ann don ainmniúchán Éireannach sa rannóg seo. Is fíor go bhfuil beathaisnéisí maithe ann ar mhionphearsana staire – is sampla breá é An Béaslaíoch (2007) le Pádraig Ó Siadhail – ach tá formhór na mbeathaisnéisí a scríobhadh ar phearsana móra ár staire lochtach ar bhealach amháin nó ar bhealach eile. Bhraitheas nach raibh ach dhá iomaitheoir ann i ndáiríre: Wolfe Tone: Prophet of Irish Independence (1989) le Marianne Elliott agus Charles Stewart Parnell (1977) le F.S.L. Lyons. Ba dheacair dom rogha a dhéanamh eatarthu, ach thugas an chraobh do leabhar Lyons sa deireadh. Tá sé sean-fhaiseanta, dírithe ar an ard-pholaitíocht, ach is cumasach an saothar é mar sin féin agus níl focal as alt sa téacs. Seo sliocht as:
But if it was Parnell’s initial obstructionism in the House of Commons which laid the foundation of his reputation and made him the obvious leader for a mass movement at home, then it was his leadership of that movement, combined with his majestic disdain for English political men and English political institutions, that elevated him to the position of commanding power he held between 1880 and 1882.

Leabhair staireolaíochta


Is é atá i gceist agam le leabhar staireolaíochta ná leabhar ar ghné éigin d’obair an staraí; ina measc seo tá treoirleabhair d’fhoinsí príomha, leabhair ar an staireagrafaíocht, leabhair ar mhodhanna taighde, leabhair ar fhealsúnacht na staire, etc. Is beag suim a chuirtear i leabhair staireolaíochta lasmuigh den acadamh – seachas, b’fhéidir, nuair a bhíonn conspóid nó scannal acadúil éigin faoi chaibidil iontu.

Na leabhair staireolaíochta is fearr

      Cé gur scríobh Marc Bloch Apologie pour l’histoire, ou Metier d’historien idir 1941 agus 1943, níor foilsíodh é go dtí an bhliain 1949. Bhí Bloch ina eagarthóir ar nuachtán rúnda, Franc-Tireur, nuair a bhí an leabhar idir lámha aige. Ghabh an Gestapo é i mí an Mhárta 1944, céasadh é agus cuireadh chun báis é i mí Iúil 1944. Is geall le míorúilt é gur éirigh le Bloch an cuntas glinn seo ar chuspóirí agus ar mhodhanna oibre an staraí a scríobh sna cúinsí inar scríobhadh é. Réitigh cara leis, Lucien Febvre, an chéad eagrán don chló agus ba ghearr gur aithníodh é mar shaothar clasaiceach. Seo sliocht as:
Un travailleur que j’ai quelque raison de bien connaître m’a raconté qu’à Dunkerque, comme il attendait, sans marquer trop d’impatience, sur la côte bombardée, un incertain embarquement, un de ses camarades lui dit, avec une mine d’étonnement: «C’est singulier! Vous n’avez pas l’air de détester l’aventure.» Mon ami aurait pu répondre qu’en dépit du préjugé courant l’habitude de la recherche n’est nullement défavorable, en effet, à une acceptation assez aisée du pari avec la destinée. 
(Bhí scoláire ann a raibh aithne mhaith agam air ar chúis áirithe a d’inis dom go raibh sé in Dunkirk, ag feitheamh le tarrtháil nach raibh cinnte ar chladach a bhí á bhuamáil, gan mórán mífhoighne a léiriú, nuair a labhair duine dá chomrádaithe leis agus cuma an iontais air: ‘Tá sé dochreidte! Is cosúil nach bhfuil an eachtra seo ag cur as duit.’ D’fhéadfadh mo chara a fhreagairt, in ainneoin thuairim na coitiantachta, gurb amhlaidh go gcuidíonn taithí ar an taighde linn glacadh go réidh le crannchur na cinniúna.)
      Ní raibh mórán iomaíochta don ainmniúchán Éireannach san aicme seo ach oiread. Ba shaothar den scoth é Early Christian Ireland: Introduction to the Sources (1972) le Kathleen Hughes ag am a scríofa, ach tá cuid mhaith dul chun cinn déanta i luathstair na hÉireann idir an dá linn. Táim chun an t-ainmniúchán don leabhar staireolaíochta is fearr a thabhairt do dhíolaim aistí a thiomsaigh Ciaran Brady: Interpreting Irish History: The Debate on Historical Revisionism (1994). Is foinse úsáideach é seo ina bhfuil aistí le húdair éagsúla a scríobhadh idir na 1930í agus na 1990í. Seo sliocht as an aiste is fearr díobh, dar liom, ‘Irish historical “revisionism”: state of the art or ideological project’ le Gearóid Ó Tuathaigh:
Firstly, we need to apply ourselves more systematically to the study of popular historical consciousness in Ireland over the longue durée, with a view to establishing what constituted this ‘consciousness’ at different times; what factors shaped it, how did it manifest itself at different times, in different forms, to different purposes down through the centuries; what the evidence is for continuities and discontinuities, and what implications will follow from this enquiry for our assessment of the dynamics of popular politics in Ireland in the modern period.

An leabhar is fearr – 11 Lúnasa 2013


Gheallas go mbeadh ainm an leabhair staire is fearr le léamh anseo. Dá fheabhas iad an deich leabhar a luas an tseachtain seo caite, tá lochtanna ar naoi gcinn acu. I gcás na leabhar a scríobh Lukacs agus Lee, tá claonadh chun suibiachtúlachta iontu a chuireann le beocht na hinsinte ach a bhaineann de bharántúlacht na gconclúidí uaireanta. Is cuid de mhodh oibre Uí Bhuachalla é míreanna fianaise a charnadh ar a chéile go dtí go ngéillfidh an té is amhrasaí amuigh dó – rud a chuireann le luach an tsaothair mar fhoinse tagartha ach is baolach go gcuireann sé léitheoirí mífhoighneacha ó dhoras chomh maith. Tá locht ar leabhar Blanning a bhíonn ar leabhair le húdair Shasanacha go minic: tá sé le tuiscint uaidh go raibh stair Shasana níos eisceachtúla ná mar a bhí i ndáiríre. Tá na cnuasaigh ilúdar go léir míchothrom: is é sin le rá go bhfuil aistí laga le fáil i measc na n-aistí atá ar fheabhas. Is saothar gleoite é leabhar Bloch ach d’fhéadfaí a áiteamh gur seod iarsmalainne é faoin am seo. Caithfear a rá gur fearr an tuiscint a léirigh Lyons ar shaol polaitiúil na Breataine ná ar shaol na coitiantachta in Éirinn.

Údar The Rights of Man agus The Age of Reason


      Ní fhágann sé sin ach leabhar John Keane. Admhaím go raibh drogall orm an teideal a bronnadh air mar tá claonadh ionam a rá nach mbíonn beathaisnéisí chomh tábhachtach le leabhair staire eile toisc nach mbíonn ach duine amháin faoi chaibidil iontu. Is fusa iad a scríobh dá réir, agus is lú an t-eolas ar an stair a bheireann siad chugainn. Ach níl aon dul as agam. Ní foláir dom aontú leis an mbreith a thug léirmheastóir an THE:
It is based on real admiration and affection for its subject, and it sometimes echoes him. The narrative is stimulating, indeed stirring; the style is vigorous, even vulgar. But it is a work of true scholarship, involving long and deep research in a vast range of original sources, including many previously unused writings by Paine.

      Bígí liom arís i mí Lúnasa na bliana 2014 nuair a bheidh na leabhair staire is measa á liostáil agam ...