07/09/2019

Forbairt na heaglaise

Mar a geallas an mhí seo caite, seo daoibh sliocht eile as Caibidil 2 den leabhar atá á scríobh agam faoi láthair, caibidil ina bhfuil cuntas ar an tréimhse idir 400 agus 795. Sé roinn ar fad atá i gCaibidil 2 agus baineann siad leis na hábhair seo a leanas:

  • Saol na coitiantachta
  • An córas sóisialta
  • Teacht na Críostaíochta
  • Forbairt na heaglaise
  • An cultúr luath-Chríostaí
  • Ruireacha agus cogaí

Foilsíodh ‘Teacht na Críostaíochta’ anseo cheana agus tá ‘Forbairt na heaglaise’ le leamh thíos. Is í an eaglais mar institiúid atá faoi chaibidil sa sliocht seo: tá tionchar an chreidimh nua ar an tsochaí pléite agam sa roinn dar teideal ‘An cultúr luath-Chríostaí’. 

Táim i ndóchas go mbeidh sliocht as Caibidil 3 le léamh anseo go luath san athbhliain.

Sliocht as Caibidil 2:


Tá fianaise luachmhar ar fhorbairt na heaglaise le fáil sna canónacha a d’eisigh sionad luath a raibh triúr easpag páirteach ann, más fíor: is iad na heaspaig atá luaite leis an sionad ná Pádraig, Auxilius agus Iserninus. Ní féidir dáta cruinn a chur leis na canónacha ach is léir gur cumadh iad ag am nuair a bhí eagar curtha ar struchtúr na heaglaise cé gur mhionlach fós iad na Críostaithe. Is é is dóichí gur tionóladh an sionad i dtreo dheireadh an 5ú céad i gcúige Laighean, cúige a bhí chun tosaigh maidir le fás an chreidimh nua. Aithníodh go raibh údarás ag gach easpag ar chléir a dheoise – arbh ionann í agus an tuath (is é ‘plebs’ an téarma Laidine a úsáideadh). Cuireadh toirmeasc ar chléirigh fhánacha (canóin 3) agus bhí crosadh ar chléirigh aistriú ó thuath amháin go tuath eile gan chead na n-easpag cuí (canónacha 24, 27, 33). Mar an gcéanna, bhí sé coiscthe ar mhanaigh imeacht le fán gan chead na n-abaí (canóin 34). Dá dtógfadh sagart eaglais nua, chaithfeadh easpag na tuaithe í a choisreacan sula léifí aifreann inti don chéad uair (canóin 23). Tugadh aird ar chló an tsagairt: b’éigean dó a chuid gruaige a bhearradh de réir nós na Róimhe (‘more Romano’) agus b’éigean dá bhean chéile caille a chaitheamh (canóin 6), rud a chinntigh go mbeidís so-aitheanta do Chríostaithe agus do ghintlithe ar aon. Tá sé le tuiscint ó chanónacha an tsionaid go raibh ré na misinéireachta thart agus gurbh institiúid í an eaglais cheana féin. Os a choinne sin, choisc an sionad ar Chríostaithe cásanna cúirte a thabhairt os comhair breithimh mura mbeadh cead na heaglaise faighte roimh ré (canóin 1) agus chuir sé iallach ar Chríostaithe achrainn eatarthu féin a réiteach laistigh den eaglais seachas in airecht tuaithe (canóin 21). Tugann na forálacha seo le fios go raibh an eaglais fós ag feidhmiú laistigh de shochaí a bhí págánach. Struchtúr easpagóideach a bhí ag an eaglais luath, ach bhí manaigh agus abaí ann chomh maith. Cé gur tugadh tús áite don ghnáthchléir i gcanónacha an tsionaid, ní gá go mbeadh an coibhneas céanna idir iad agus an chléir rialta ar fud na hÉireann: is de réir a chéile a scaip an creideamh agus bhí an chléir rialta lárnach sa phróiseas in áiteanna. Ní nach ionadh, bhí éagsúlacht le brath ar rialú na heaglaise. Má bhí baill den ghnáthchléir ina n-easpaig i gceantair áirithe, bhí abaí – nó manaigh nárbh abaí iad – ina n-easpaig i gceantair eile. Ar a shon sin, is cinnte gur fhás líon na mainistreacha go mór ó lár an 6ú céad amach.
Mainistreacha a bhí tábhachtach sa 6ú céad agus sa 7ú céad
     Bunaíodh roinnt de na mainistreacha ba thábhachtaí roimh lár an 6ú céad. Ar na mainistreacha luatha seo bhí Naondroim, Árainn, Tuaim agus Inis Cathaigh – tithe a bhunaigh Caolán (Mochaoi), Éanna, Iarfhlaith agus Seanán faoi seach. Is díol suntais é go raibh mná chun tosaigh sa ghluaiseacht in ainneoin na laincisí dlí a bhí orthu: mar shampla, bhunaigh Bríghid agus Dairerca (Moninne) abthithe ag Cill Dara agus ag Cill Shléibhe faoi seach. D’éag sciar nár bheag de mhuintir na hÉireann i ráig den phlá bhúbónach a bhí forleathan sna blianta 544-9 agus níor thaise don chléir rialta é: ar na héarlaimh a fuair bás lena linn bhí Bearchán (Mobhí) Ghlas Naíon, Ciarán Chluain Mhic Nóis, Tighearnach Chluain Eois, Colum Thír Dhá Ghlas, agus Colum Inis Cealtra. Ach in ainneoin na tubaiste seo, tháinig fás rábach faoin manachas sa tréimhse idir plá seo an Impire Iustinianus agus an chéad ráig eile den ghalar a thosaigh sa bhliain 664. Níl sé as an áireamh go raibh nasc idir an aicíd agus fás na mainistreacha. Thit an daonra de bharr na plá, rud a chuirfeadh lagmhisneach ar an bpobal i gcoitinne, ach b’fhéidir gur lú an éifeacht a bhí aici ar chomhluadair na mainistreacha: bhí foirne móra iontu, rud a chinntigh nár fágadh folamh iad nuair a tréigeadh mórán feirmeacha a bhain le teaghlaigh aonaracha. Lena chois sin, níor chúis iontais é dá n-iompódh daoine áirithe ar an gcreideamh tar éis dóibh teacht slán as an bplá. Ar na héarlaimh ba mhó le rá a bhunaigh mainistreacha sa tréimhse idir an dá phlá bhí: Breandán Chluain Fearta, Comhghall Bheannchair, Breandán Bhiorra, Ciarán Shaighre, Fionnán Mhaigh Bhile, Fionntán Chluain Eidhneach, Colmán mac Léníne Chluain Uamha, Fionnbharr Chorcaí agus Caoimhghin Ghleann Dá Loch. Thar aon duine eile, áfach, is é Colum Cille is mó a d’fhág a lorg ar an saol manachúil in Éirinn – agus in Albain.

     Timpeall na bliana 521 a rugadh Colum Cille, nó ‘Criomhthann’ mar a bhí air i dtús a shaoil. Garmhac le Conall Gulban ba ea a athair, rud a chiallaigh gur bhall é de theaghlach ríoga Chinéal gConaill. Tamall gairid roimh an gcéad phlá a chuir Colum Cille mainistir ar bun i nDoire, de réir dealraimh, agus bhunaigh sé mainistir eile ag Darú thart ar an mbliain 556. Thug sé aghaidh ar Albain sa bhliain 563, áfach, agus is ann a chaith sé formhór a shaoil gur éag sé sa bhliain 597. Níl aon amhras ach gurbh í an mhainistir a bhunaigh sé ar oileán Í, inis bheag ar chósta thiar oileán Mhuile, an mhainistir ba thábhachtaí dá fhairche. Tugadh ‘fairche’, téarma a tháinig ó ‘paruchia’ na Laidine, ar mhainistreacha a raibh an t-éarlamh céanna acu. Níorbh é Colum Cille an t-aon Éireannach a bhunaigh mainistir in Albain sa 6ú céad: bhí mainistir ar Eileach an Naoimh, inis bheag idir Muile agus Diùra, a bhunaigh Breandán Chluain Fearta, agus bhí mainistir eile ar oileán Thiriodh a bhunaigh Comhghall Bheannchair. Bhíodh daoine ag síoraistriú anonn is anall trasna Shruth na Maoile i rith na réamhstaire, ach i dtreo dheireadh an 5ú céad d’éirigh le Fearghus Mór mac Earca († 503), rí Dhál Riada, na Gaeil a bhí lonnaithe ar chósta Earraghaidheal a thabhairt faoina smacht. Bheadh fearann ag Dál Riada ar an dá bhruach de Shruth na Maoile feasta. Go deimhin, ba threise an leathríocht in Albain ná an leathríocht in Éirinn faoi lár an 6ú céad. Bhí Conall mac Comhghaill, mac garmhic le Fearghus Mór, ina rí ar Dhál Riada nuair a chuaigh Colum Cille go hAlbain agus ba é a bhronn oileán Í air. Nuair a d’éag Conall sa bhliain 574, ba é Colum Cille a d’oirnigh col ceathrair leis, Aodhán mac Gabhráin, ina rí. Cuireadh snaidhm idir comharbaí Choluim Chille agus comharbaí Aodháin: má chuir an tacaíocht eaglasta le gradam ríthe Dhál Riada, chinntigh tacaíocht na ríthe go mbeadh páirt lárnach ag mainistir Í sa mhisean chun an soiscéal a theagasc do na Cruithnigh a mhair lastoir de Dhroim Alban. Ba as an síol seo a d’fhásfadh ríocht na hAlban le himeacht aimsire.

     Ní dhearna Colum Cille neamhshuim den eaglais ina thír dhúchais nuair a chuir sé faoi in Albain agus d’fhás mogall mainistreacha in Éirinn a bhí i gcomhfhairche agus a raibh Í Choluim Cille mar annóid (‘máthair-theach’) acu. Níor tháinig deireadh le fás na fairche nuair a d’éag a héarlamh sa bhliain 597: is cosúil gur luigh plá mhór na mblianta 664-668 go trom ar na heaglaisí nár mhainistreacha iad agus gur thapaigh mainistir Í – agus annóidí eile freisin – an deis chun na fairchí a bhí acu a mhéadú. Bhí Cluain Mhic Nóis, Cill Dara agus Beannchar ar na hannóidí a chuir lena dtionchar. Is cosúil go raibh eaglaisí na gnáthchléire faoi mhíbhuntáiste le hais na mainistreacha toisc go raibh a dtioncharsan srianta d’aon tuath amháin. Os a choinne sin, ní raibh teorainn le fairchí na mainistreacha ach leithead na dtailte a bronnadh orthu agus d’iompaigh roinnt eaglaisí a bunaíodh mar chathaoireacha d’easpaig ina mainistreacha i gcaitheamh an 7ú céad. D’áitigh an chléir i gceann amháin díobh seo, Ard Mhacha, gur bhain gach cathaoir easpaig agus gach ‘domhnach’ lena bhfairche féin toisc gurbh é ardeaspag Ard Mhacha comharba Phádraig agus gurbh é Pádraig éarlamh na hÉireann uile. Chuir annóidí eile i gcoinne éileamh Ard Mhacha, ach d’fhás fairche Phádraig de réir a chéile: chuaigh líon na n-eaglaisí dalta i méid agus, faoi thús an 8ú céad, ba í eaglais Ard Mhacha an láthair eaglasta ba chumhachtaí agus ba mhó gradam in Éirinn. D’éiligh sí údarás spioradálta ar gach eaglais eile agus ba é an pápa sa Róimh an t-aon údarás seachtrach a d’aithin sí.
Cailís Ardach (ar chlé) agus cailís Dhoire na bhFlann (ar dheis)
     Ba í an eaglais an t-aon institiúid in Éirinn na linne. D’éag gach rí, chuaigh ríshleachta i léig, nascadh agus roinneadh tuatha, ach bhí bonn buan faoin eaglais. Na gabháltais a bronnadh ar an eaglais, níor scaoil sí leo arís. Is ag dul i méid a bhí a cuid maoine ó ghlúin go glúin agus níorbh fhada go raibh tailte fairsinge i seilbh na mainistreacha. Ba láithreacha eaglasta agus léinn iad, ach ba láithreacha talmhaíochta, ceardaíochta agus sóisialta iad chomh maith. Bhíodar chun tosaigh in úsáid an mhuilinn uisce; thugadar fostaíocht d’oibrithe feirme agus pátrunacht do cheardaithe; agus bhí trácht ag an bpobal orthu le haghaidh seirbhísí, idir spioradálta agus shaolta. Is samplaí iad cailís Ardach agus cailís Dhoire na bhFlann den ardchaighdeán miotalóireachta a bhí ag ceardaithe na hÉireann faoi dheireadh an 8ú céad. Lárionad don dúiche mháguaird ba ea an mhainistir agus bhain roinnt de na feidhmeanna léi in Éirinn a bhain leis an mbaile sna tíortha iar-Rómhánacha. Foirgnimh déanta as adhmad is mó a bhí sna mainistreacha luatha – b’ainm coitianta ar shéipéal é ‘dairtheach’ – ach tógadh clocháin nuair a bhí adhmad in easnamh. Léiríonn fianaise na seandálaíochta gur tosaíodh ar chlaíocha a bhí déanta as fóid nó as clocha a chur timpeall na mainistreacha ó lár an 6ú céad amach. I gcásanna áirithe, tógadh dhá chlaí nó trí chlaí a bhí comhlárnach. Níorbh fhálta cosanta iad na claíocha seo, ach teorainneacha siombalacha idir ceartlár na mainistreach, a bhí tiomnaithe do dheasghnátha an chreidimh, agus na stráicí imeallacha ar lú a naofacht. Ba ghnáth cealla na manach agus proinnteach (comhfhocal de ‘prandium’ na Laidine agus ‘teach’ na Gaeilge) an chomhluadair a thógáil lastall d’fhaiche a bhí suite os comhair na heaglaise. Níos faide amuigh fós bhí ceardlanna agus tithe na n-oibrithe, agus ar chiumhais an ‘civitas’ nó na ‘cathrach’ bhí stráice talún ar oscailt don saol mór. Bhí cosc ar fhoréigean laistigh de chlaí críche nó ‘terminus’ na mainistreach, agus is ón bhfocal Laidine sin a tháinig ‘tearmann’ na Gaeilge. Mar an gcéanna, tháinig ‘reilig’ ó ‘reliquiae’, focal a thagair do thaisí éarlamh na mainistreach ar dtús, ach ón 7ú céad amach ba nós coitianta é baill den uasaicme a adhlacadh i dtalamh coisricthe agus in aon reilig leis an éarlamh.
Mainistir Naondroma, Contae an Dúin
     Má bhí tábhacht shóisialta na mainistreacha ag méadú i rith an ama, bhí díograis na gcomhluadar iontu ag fuarú. Faoin 7ú céad, ar a dhéanaí, ba chuid mhór de ‘mhuintir’ gach mainistreach iad manaigh phósta nach raibh móid chrábhaidh tugtha acu; úsáideadh na téarmaí ‘fíormhanaigh’ agus ‘tuathmhanaigh’ uaireanta chun an dá shaghas a dhealú. Lena chois sin, bhí abaí nár shagairt iad coitianta faoin 8ú céad. Ní nach ionadh, tharraing acmhainní agus daonra na mainistreacha aird na bhflatha úd a bhí ag iarraidh cur lena gcumhacht. Is iomaí rí uaillmhianach a chuir fear gaoil suas mar ab nó mar ‘airchinneach’ – ba mhaor é an t-airchinneach a stiúir obair na mainistreach cé nár ghá dó bheith ina chléireach. Ba straitéiseach an beart é seo a chinntigh go mbeadh tacaíocht le fáil ag an bhflaith ó mhuintir na mainistreach feasta. Bhí mainistreacha sáite i gcogaí na linne roimh dheireadh an 8ú céad. Tá an iontráil seo a leanas le léamh in Annála Uladh faoin mbliain 764:
Bellum Arggamain inter familiam Cluana Moccu Nois & Dermaighi ubi ceciderunt Diarmait Dub m. Domnaill & Dighlach m. Duib Liss & .cc. viri de familia Dermaige. Bresal m. Murchada victor exstetit cum familia Cluana.

(Cath Argamain idir muintir Chluain Mhic Nóis agus muintir Dharú, inar thit Diarmaid Dubh mac Domhnaill agus Díoghlach mac Duibh Lis, agus dhá chéad fear de mhuintir Dharú. Ba é Breasal mac Murchadha a tháinig as mar bhuaiteoir in éineacht le muintir Chluana.)
Nuair a d’éag Domhnall mac Murchadha, rí Chlann Cholmáin agus na Mí, sa bhliain 763 chuaigh mac leis, Diarmaid Dubh, agus deartháir leis, Breasal mac Murchadha, in iomaíocht don chomharbas. D’éirigh leo beirt tacaíocht a fháil ó mhainistir thábhachtach: thacaigh Darú, a bhí suite gar do theorainn na Mí le cúige Laighean, le Diarmaid Dubh, agus thacaigh Cluain Mhic Nóis, a bhí suite ar an teorainn idir an Mhí agus cúige Chonnacht, le Breasal. Níor leor an cuidiú eaglasta do cheachtar den bheirt éilitheoirí: cé go bhfuair Breasal an lámh in uachtar ar Dhiarmaid in 764, maraíodh é roimh dheireadh na bliana agus ba é Donnchadh mac Domhnaill, deartháir le Diarmaid Dubh, a tháinig i gcomharbas ar a athair sa deireadh. Aithníodh é mar rí na Teamhrach cúpla bliain dár gcionn.

     Le himeacht aimsire, d’éirigh baill den chléir míshásta le heaspa dúthrachta na mainistreacha sean-bhunaithe. Tháinig Céilí Dé chun cinn sa dara leath den 8ú céad; manaigh ba ea iad seo a chuir béim ar leith ar chúram tréadach a sholáthar don phobal agus ar staidéar na diagachta. Ina theannta sin, bhí riail níos déine acu ná mar a bhí ag manaigh eile. Céile Dé ba ea Maolruain († 792), an té a bhunaigh mainistir Thamhlachta i gcontae Átha Cliath sa bhliain 774, agus thug sé freagra giorraisc ar Chéile Dé eile a shíl nár mhiste cead a thabhairt do chomhluadar na mainistreach beoir a ól um Cháisc, um Nollaig agus um Chincís:
Dolluid iarum duiblitir dochum maolrúoin do urail fair combed tuaslucud do muindtir ar na tri soldomnaib. cenibed iarum na riam. Is sed asbert maolrúoin. ‘cene conmesarsa’ olseseom ‘⁊ céne connoither mo thimnasa insin purtsa, níconibthar lind dermait dé and.’

(Ansin tháinig Duibhlitir chuig Maolruain is d’fhoráil air go mbeadh tuaslagadh dá mhuintir ar na trí shollúin, cé nach mbeadh iar sin ná roimhe. Is é adúirt Maolruain: ‘céin ordaímse’ ar seisean ‘agus céin coinnítear mo thiomnasa sa phort seo, ní ibhfear leann dearmaid Dé ann’.)
Mar aon le Tamhlacht, tháinig na mainistreacha ag Fionnghlas, ag Doire na bhFlann agus ag Tír Dhá Ghlas go mór faoi anáil na gluaiseachta. Léiríonn an comhrá thuas idir Maolruain, ab Thamhlachta, agus Duibhlitir († 796), ab Fhionnghlaise, go raibh tuairimí éagsúla i measc na gCéilí Dé, ach ba mhó fós an éagsúlacht i measc na cléire i gcoitinne.

     Bhain ceann de na conspóidí ab íogaire le dáta na Cásca. Bhí modhanna éagsúla in úsáid san eaglais luath chun dáta na féile a shocrú; ba chnámh spairne é seo faoin 7ú céad toisc nárbh ionann an modh a chleacht na Gaeil agus an modh a bhí in úsáid ar mhór-thír na hEorpa. Nuair a bhailigh ceannairí eaglasta an deiscirt le chéile timpeall na bliana 630 chun an t-ábhar a phlé, chinn an sionad go gcuirfí toscaireacht chun na Róimhe. Trí bliana dár gcionn, agus breith na Róimhe ar an gceist tugtha, sheol Cuimín Fada, ab Chluain Fearta agus comharba Bhréanainn, sheol sé litir chuig ab Í Choluim Chille inar impigh sé air nós na Róimhe a leanúint feasta. Bhí drogall ar an gcléir i dtuaisceart na hÉireann agus in Albain glacadh le treoir na Róimhe, áfach, agus cháin an Pápa Eoin IV iad i litir a scríobh sé sa bhliain 640. Seoladh an litir chuig abaí Ard Mhacha, Chluain Ioraird, Naondroma, Choinnire agus Chluain Mhic Nóis – abaí arbh easpaig iad – agus chuig abaí Mhaigh Bhile, Bheannchair, Dhaimhinse agus Í Choluim Chille – abaí ar shagairt iad. Is údar suntais é gur tugadh tús áite do chomharba Phádraig i litir an Phápa: tá sé le tuiscint go raibh Ard Mhacha aitheanta ag an Róimh mar phríomheaglais na hÉireann faoin taca seo. Go deimhin, bhí Cuimín Fada sásta ‘papa noster’ (‘ár bpápa’) a thabhairt ar Phádraig mac Calprainn ina litir féin, cé gur Mhuimhneach é ó dhúchas. Dá mba é Pádraig pápa na hÉireann, ar ndóigh, luífeadh sé le réasún gurbh é Ard Mhacha Róimh na hÉireann. Ba mhall an próiseas é, ach bhí an Cháisc á coimeád go forleathan de réir nós na Róimhe roimh dheireadh an 7ú céad, cé nár ghlac mainistir Í agus roinnt mainistreacha eile i bhfairche Choluim Chille leis an nós Rómhánach go dtí tús an 8ú céad. Chothaigh an chonspóid faoin gCáisc easaontas i measc cléir na hÉireann ach níor scoilt an eaglais. Is é a mhalairt a tharla: de réir mar a glacadh le Pádraig mar éarlamh na hÉireann uile, de réir mar a aithníodh Ard Mhacha mar phríomheaglais an oileáin, is amhlaidh gur snaidhmeadh na heaglaisí áitiúla le chéile. Mar shampla, d’éirigh le hab Fhionnghlaise, mainistir a bhí suite gar don teorainn idir Uí Néill an Deiscirt agus cúige Laighean, d’éirigh leis cléir ón dá thaobh den teorainn a thabhairt le chéile i gcomhdháil a tionóladh faoi choimirce rí na Teamhrach, Donnchadh mac Domhnaill. Tá an nóta seo a leanas le léamh in Annála Uladh faoin mbliain 780:
Congressio senodorum Nepotum Neill Laginentiumque in oppido Temro ubi fuerunt ancorite ⁊ scribe multi, quibus dux erat Dublitter.

(Comhdháil de shionaid Ua Néill agus Laighean i mBaile na Teamhrach, mar a raibh mórán ancairí is scríobhaithe, agus ba é Duibhlitir a gceannaire.)
Ní dócha go raibh lonnaíocht bhuan i dTeamhair ag an am, ach ba shiombail den fhlaitheas é an cnoc. Thairis sin, bhí cosúlacht nár bheag idir an tosaíocht a d’éiligh rí na Teamhrach i measc ríthe na hÉireann, agus an tosaíocht a bhain comharba Phádraig amach i measc abaí agus easpaig na hÉireann. Is go mall a chuaigh an ‘ghintleacht’ – téarma comhaimseartha ar an bpágántacht – i léig, ach bhí an creideamh nua i réim ar fud na hÉireann faoi dheireadh an 8ú céad. Uair éigin timpeall na bliana 800, chum Aonghus, Céile Dé agus manach i mainistir Thamhlachta, chum sé dán inar mhór sé bua na Críostaíochta. Bhí seanchathracha na págántachta ar fad (luaigh sé Teamhair, Ráth Cruachain, Dún Ailinne agus Eamhain Mhacha) folamh tréigthe, ach bhí cathracha nua na Críostaíochta (luaigh sé Ard Mhacha, Cluain Mhic Nóis, Cill Dara agus Gleann Dá Loch) faoi bhláth agus na mílte ag tarraingt orthu:
Ro milled in gentlecht
cíarbo lígdae lethan,
ro lín flaith Dé Athar
nem, talam la trethan.

(Do milleadh an ghintleacht,
cé gur líoga leathan í,
do líon flaitheas an Athar
neamh, talamh is treathan.)
Bhí an cath bainte ag an eaglais in Éirinn; níorbh fhada go mbeadh sí á buaireamh ag gintlithe ón iasacht.